{"id":150,"date":"2013-12-11T14:51:54","date_gmt":"2013-12-11T14:51:54","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=150"},"modified":"2013-12-11T14:51:54","modified_gmt":"2013-12-11T14:51:54","slug":"15-nollaig-2013-a-triu-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=150","title":{"rendered":"15 Nollaig 2013 (A) Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">15 Nollaig 2013 (A) Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Aidbhint<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A.&nbsp;&nbsp; &nbsp;B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. Cr\u00edost c\u00fais \u00e1r n-\u00e1thais<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Ch\u00e9ad L\u00e9acht (\u00cdse\u00e1ia 35:1-6, 10).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Is \u00e9 Dia fein at\u00e1 ag teacht do bhur sl\u00e1n\u00fa. Leabhar toirti\u00fail \u00e9 leabhar an fh\u00e1idh \u00cdse\u00e1ia le s\u00e9 chaibidil is seasca. De ghn\u00e1th anois meastar go bhfuil tr\u00ed roinn ann, cumtha n\u00f3 curtha le ch\u00e9ile i dtr\u00e1thanna \u00e9ags\u00fala, mar seo: 1-39; 40-55; 56-66. Is sa ch\u00e9ad roinn, 1-39, a bheadh p\u00e9 eolas at\u00e1 le f\u00e1il faoin bhf\u00e1idh f\u00e9in,a bh\u00ed gn\u00edomhach 740-700 roimh Chr\u00edost. \u201cLeabhar an tS\u00f3l\u00e1is\u201d, n\u00f3 an Dara \u00cdse\u00e1ia, a thugtar ar chaibidil 40-55, ina bhfuil f\u00e1idh agus file ag tabhairt uchta agus s\u00f3l\u00e1is do na deoraithe sa Bheabal\u00f3in, ag tuar filleadh ar a dt\u00edr dhuchais agus r\u00e9 nua ghl\u00f3rmhar d\u00f3ibh agus don d\u00falra f\u00e9in chomh maith. Ach t\u00e1thar d\u2019aon tuairim anois gur cuireadh an leabhar ioml\u00e1n seo i dtoll a ch\u00e9ile thar achar fada, agus go bhfuil codanna de roinn a haon n\u00edos \u00f3ige n\u00e1 r\u00e9 an fh\u00e1idh f\u00e9in. Is f\u00edor \u00e9 seo ach go h\u00e1irithe faoi chaibideal 35, as a bhfuiil l\u00e9acht an lae inniu t\u00f3gtha. Baineann an c\u00falra agus na h-\u00edomh\u00e1nna le r\u00e9 an Dara \u00cdse\u00e1ia agus filleadh na ndeoraithe go Iar\u00fasail\u00e9im agus I\u00fada. Ach cuid de na tairgngreachta\u00ed a bh\u00ed d\u00edrithe ar na deoraithe de ch\u00e9aduair d\u2019fh\u00e9adfadh an tuar teacht futhu n\u00edos d\u00e9ana\u00ed.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Le filleadh anois ar an dt\u00e9acs f\u00e9in: i dtosach b\u00e1ire tugtar cuireadh d\u2019\u00e1iteanna neamhthorth\u00fala (d\u00edtreabh, f\u00e1sach, gaini\u00falach) rim\u00e9ad a bheith orthu, mar go bhfuilid le bheith faoi bhl\u00e1th, maise le bheith acu mar reigi\u00fain go raibh ainm na h-\u00e1ileachta in airde acu (Lioban\u00f3n, Carmel, S\u00e1r\u00f3n). Ansin tugtar moladh uchtach a thabhairt do dhaoine faonlaga (na deoraithe ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos). T\u00e1 a nDia ag teacht le hiad a shaoradh, a shl\u00e1n\u00fa. T\u00e1 s\u00e9 ag teacht lena naimhde a chlo\u00edgh. Baintear \u00fas\u00e1id anseo as na t\u00e9arma\u00ed \u201cd\u00edoltas\u201d agus \u201cc\u00faiteamh\u201d , ach anseo n\u00ed cos ar bolg at\u00e1 i gceist. Ionann na t\u00e9arma\u00ed sin anseo agus \u201csl\u00e1n\u00fa\u201d do phobal I\u00fada sa deora\u00edocht.<br \/>&nbsp;&nbsp; <br \/>Ina dhiaidh sin leanann na mior\u00failt\u00ed a bheidh le teacht i r\u00e9 nua seo an tsl\u00e1naithe: do na daoina dalla, bodhra, bacacha, balbha.D\u2019fh\u00e9adfadh siad san do ch\u00e9ad l\u00e9itheoir\u00ed an t\u00e9acs seasamh mar fhigi\u00fair do na deoraithe sa Bheabal\u00f3in, a bheadh ag filleadh ar Shi\u00f3n, Iar\u00fasail\u00e9im, faoi \u00e1thas, l\u00fach\u00e1ir, agus gairdeas.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Ach tiocfadh f\u00edor\u00fa ceart na tairngreachta seo sa r\u00e9 nua le h\u00cdosa Cr\u00edost, a dh\u00e9anann tagairt neamhdh\u00edreach don t\u00e9acs seo, i soisc\u00e9al an lae inniu, do na toscair\u00ed \u00f3 Eoin Baiste.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 145[146]). Tar, a Thiarna, d\u00e1r slan\u00fa.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (S\u00e9amas 5:7-10).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">N\u00e1 b\u00edodh drochmhisneach oraibh; is gearr go dtaga an Tiarna. T\u00e1 \u00e9ags\u00falacht mh\u00f3r \u00e1bhair i litir Sh\u00e9amais, le teagasc agus comharla\u00ed \u00e9ags\u00fala.Tugann s\u00e9 l\u00e9asadh teanga d\u00f3ibh si\u00fad a fh\u00e1gann a gcuid oibrithe gan tuarastal. Bh\u00ed na daoine a scr\u00edobhann s\u00e9 chucu faoi bhr\u00fanna \u00e9ags\u00fala. Ag teacht go deireadh na litreach sa l\u00e9acht seo tugann s\u00e9 comhairle a oirfeadh do bheagnach tr\u00e1th n\u00f3 ch\u00fainse ar bith de shaol an Chr\u00edosta\u00ed: bheith foighneach, buanseasmhach. Labhra\u00edonn s\u00e9 faoi theacht an Tiarna, ach n\u00edl s\u00e9 soil\u00e9ir amach is amach an \u00e9 Dia n\u00f3 ateacht, T\u00e9arnamh, Chr\u00edost at\u00e1 i gceist. Is d\u00f3cha go bhfuil na creidmhigh a scr\u00edobhann s\u00e9 chucu ag feithamh le ateacht Chr\u00edost. Tugann s\u00e9 sampla a bheadh le f\u00e1il sna soisc\u00e9il faoi fheirmeoir. Comhairle eile a thugann s\u00e9 n\u00e1 gan bheth ag casaoid, ag troma\u00edocht, ara ch\u00e9ile, ag tabhairt breith ar a ch\u00e9ile \u2013 teagasc a bh\u00ed ag \u00cdosa sna soisc\u00e9il chomh maith. Tugann s\u00e9 sampla na bhf\u00e1ithe d\u00f3ibh faoi bheith foighneach, ach n\u00ed deireann s\u00e9 go beacht cad t\u00e1 i gceist aige. De r\u00e9ir traidisi\u00fan na nGi\u00edudach d\u2019fhulaing na f\u00e1ithe go l\u00e9ir g\u00e9arlean\u00faint, ach seans gur foighne de shaghas eile at\u00e1 in a aigne aige.Bh\u00ed f\u00e1ithe ag s\u00fail le f\u00edoradh a dtairngreachta\u00ed, rud n\u00e1r tharla ina saol f\u00e9in. Bh\u00ed orthu foighne, creideamh, buanseasmhacht a bheith acu, tr\u00e9ith Chr\u00edosta\u00ed ar a leagann an litir chuig na hEabhraigh b\u00e9im.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (Matha 11:2-11).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">An t\u00fa an t\u00e9 at\u00e1 le teacht n\u00f3 an ceart d\u00fainn bheith ag s\u00fail le duine eile? T\u00e9ann an l\u00e9acht seo go h\u00e1lainn mar chodarsnacht do shoisc\u00e9al an Domhnaigh se caite. Sa sliocht sin den soisc\u00e9al t\u00e1 Eoin, r\u00e9amhtheachtaire an T\u00e9 a bh\u00ed le teacht, ag f\u00f3gairt go mbeadh d\u00edoltas ar pheacaigh \u00e1 imirt le teacht an T\u00e9 sin. A mhalairt ar fad maidir le h\u00cdosa de, cara d\u00f3ibh si\u00fad a bh\u00ed san imeall agus ar fh\u00e9achadh orthu mar pheacaigh. Toisc gur ch\u00e1in Eoin Hear\u00f3d Antipas, teatrarc na Gail\u00edle, cuireadh i bprios\u00fan \u00e9\u00b8 ach bh\u00ed deisceabail f\u00f3s aige. Ar chlos do ghn\u00edomhartha \u00cdosa d\u00f3 th\u00e1inig amhras ar Eoin faoi \u00cdosa, agus ba shin f\u00e1th na toscaireachta. Mar fhreagra thug \u00cdosa sampla\u00ed d\u00e1 ghn\u00edomhartha, ceann i ndiaidh a ch\u00e9ile, ar chomhl\u00edonadh iad ar thairngreachta\u00ed, go m\u00f3r m\u00f3r iad sin an \u00cdse\u00e1ia 35, a l\u00e9adh mar ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu, mar aon le h\u00e1iteana eile i leabhar \u00cdse\u00e1ia chomh maith (26:19, na mairbh; 29:18, bodhr\u00e1in; 61:1, dea-sc\u00e9al do bhochta). Mhol \u00cdosa Eoin Baiste go hard na sp\u00e9ire, f\u00e1idh a bh\u00ed tuartha i leabhar Malac\u00ed f\u00e1idh 3:1, ach d\u00e9anann s\u00e9 idirdheal\u00fa glan idir an Seantiomna agus an Tiomna Nua, an r\u00e9 nua. Sheas Eoin ag tairseach na r\u00e9 nua, an Tiomna Nua. T\u00e1 briseadh bun\u00fasach idir r\u00e9 Eoin agus an r\u00e9 nua a thagann le h\u00cdosa.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B.&nbsp;&nbsp; &nbsp;An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Cr\u00edost c\u00fais \u00e1r n-\u00e1thais<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Go traidisi\u00fanta tugadh Domhnach na l\u00fach\u00e1ire\u201d, Domhnach Gaudete, ar an tr\u00ed\u00fa Domhnach seo den Aidbhint toisc briathra tosaigh na Loinneoige don Iontr\u00f3id: \u201cB\u00edg\u00ed l\u00fach\u00e1ireach i gc\u00f3na\u00ed;&nbsp; b\u00edodh l\u00fachair oraibh mar n\u00ed fada uainn an Tiarna\u201d (\u201cat\u00e1 an Tighearna i gcomhgar\u201d; De Si\u00fanta), Bun\u00fas don l\u00fach\u00e1ir, don \u00e1thas, i sli is ea c\u00f3ngaracht, gaireacht, an Tiarna. Measann daoine \u00e1irithe gur c\u00f3ngaracht ateachta, T\u00e9arnaimh, Chr\u00edost sa parousia at\u00e1 i gceist ag P\u00f3l anseo, c\u00e9 nach gcreidim gurb\u2019ea. Ar aon chuma n\u00ed ar ateacht, filleadh, Chr\u00edost at\u00e1 an l\u00fach\u00e1ir, an t-\u00e1thas, Chr\u00edosta\u00ed bunaithe. Is brontannas \u00f3 Chr\u00edost \u00ed, maraon leis an ts\u00edoch\u00e1in. Brontannas an l\u00fach\u00e1ir, an t-\u00e1thas seo nach f\u00e9idir le haoinne t\u00f3gaint \u00f3 Chr\u00edosta\u00edthe (Eoin 16:22). Ba thoil le Cr\u00edost go mbeadh a l\u00fach\u00e1ir f\u00e9in go hioml\u00e1n iontu (Eoin 17:13). Mhol Cr\u00edost l\u00fachair a bheith ar a lucht lean\u00fana in am g\u00e9arlean\u00fana ar a shon, agus b\u2019amhlaidh a bh\u00ed ag P\u00f3l agus Cr\u00edosta\u00edthe eile.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">D\u2019fh\u00e9adfadh sin bheith r\u00f3-theoirici\u00fail agus gan baint le c\u00farsa\u00ed an lae inniu, ach n\u00ed mar sin at\u00e1. M\u00e1s brontannas \u00f3 Dhia an l\u00fach\u00e1ir agus an t-\u00e1thas sin, beidh siad ag feidhmi\u00fa i ghn\u00e1th-shaol an chreidmhigh. T\u00e1 scannail agus laig\u00ed san eaglais, ach leigheasfar iad tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9. An t\u00e9 nach bhfuil l\u00fach\u00e1ireach agus \u00e1thasach, sona, t\u00e1 s\u00e9 n\u00f3 s\u00ed gruama. B\u00edonn daoine l\u00fach\u00e1ireach ag tabhairt taca\u00edochta da bhf\u00f3ireann i gcluich\u00ed, agus m\u00e1 cailleann an fhoireann n\u00ed bh\u00edonn siad naimhdeach don fhreas\u00fara,&nbsp; le tusicint nach bhfuil ann ach cluiche. Sin bua na l\u00fach\u00e1ire agus na s\u00edoch\u00e1na. B\u00edonn l\u00fach\u00e1ir, sonas, ann i craic agus ceol. Agus fi\u00fa in am na hainnise agus triobl\u00f3ide b\u00edonn d\u00f3chas i nDia, mar gur gaire cabhair D\u00e9 n\u00e1 an doras. Sin ceacht an Domhnaigh seo: B\u00edodh l\u00fach\u00e1ir oraibh, mar n\u00ed fada uainn an Tiarna.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>15 Nollaig 2013 (A) Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed A.&nbsp;&nbsp; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-150","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/150","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=150"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/150\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=150"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=150"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=150"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}