{"id":1538,"date":"2021-06-11T07:33:55","date_gmt":"2021-06-11T07:33:55","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1538"},"modified":"2021-06-11T07:33:57","modified_gmt":"2021-06-11T07:33:57","slug":"13-meitheamh-2021-b-an-taonu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1538","title":{"rendered":"13 Meitheamh 2021 (B) An tAon\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n
Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/strong>
leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/strong>
A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong>
B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: B\u00edg\u00ed l\u00e1n de mhisneach. T\u00e1 r\u00edocht D\u00e9 ag teacht, b\u00edodh go mall f\u00e9in sin.<\/strong><\/p>\n\n\n\n
A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n
C\u00e9ad L\u00e9acht (Ez\u00edc\u00e9al 17:22-24). T\u00f3gaim an crann \u00edseal.<\/strong> Bh\u00ed an f\u00e1idh Ez\u00edc\u00e9al gn\u00edomhach mar fh\u00e1idh i laethanta deiridh Iar\u00fasail\u00e9im roimh an deora\u00edocht go Baibeal\u00f3in sna blianta 597 agus 585 roimh Chr\u00edost agus sa Bhaibeal\u00f3in ina dhiaidh sin. Rinne s\u00e9 f\u00e1idhead\u00f3ireacht i gcoinne r\u00edthe agus prionsa\u00ed in Iar\u00fasail\u00e9im agus thairngir s\u00e9 go nd\u00e9anfa\u00ed iad a dh\u00edbirt chun na Baibeal\u00f3ine. Caibideal seo 17, as a t\u00f3gtar l\u00e9acht an lae inniu, tosa\u00edonn s\u00e9 le allag\u00f3ire faoi theacht r\u00ed na Baibeal\u00f3ine go dti \u201can Liob\u00e1in\u201d, ainm f\u00e1thchiallach do Iar\u00fasail\u00e9im, agus deir s\u00e9 gur rug an ri sin ar bharr an ch\u00e9adrais agus gur bhris s\u00e9 an beang\u00e1n \u00far ar bharr agus gur thug s\u00e9 leis \u00e9 go t\u00edr thr\u00e1cht\u00e1la, briathra a chialla\u00edonn deora\u00edocht do r\u00ed Dh\u00e1iv\u00ed go dt\u00ed an Bhaibeal\u00f3in. Cuireann Ez\u00edc\u00e9al s\u00edos ar threascairt Iar\u00fasail\u00e9im. Rinneadh an slad seo ag gn\u00edomhaithe daonna, den saol seo, ach cuirfeadh Dia malairt sc\u00e9ala air. Bh\u00ed s\u00e9 le maoth\u00e1n, buinne\u00e1n maoth, a bhaint \u00f3n gh\u00e9ag is airde den ch\u00e9adras (sa bhf\u00e1thchiall seo r\u00edtheaghlach Dh\u00e1ivi) agus \u00e9 a chur ar shliabh ard beannach (Iar\u00fasail\u00e9im), r\u00ed le teacht ar theaghlach Dh\u00e1iv\u00ed tar \u00e9is filleadh \u00f3n deoraiocht. Ionada\u00ed a bheadh ann don Iosrael nua a bh\u00ed an Tiarna f\u00e9in le bun\u00fa ar a fh\u00f3d d\u00fachais. Bheadh borradh air amhail an c\u00e9adras. Taispeanfaidh seo cumhacht De, a \u00edsl\u00edonn a bhfuil uasal agus a arda\u00edonn a bhfuil \u00edseal. Na h\u00e9in a ch\u00f3na\u00edonn faoin gc\u00e9adras seo, samhail iad, b\u2019fh\u00e9idir, de na n\u00e1isi\u00fain thart timpeall ar Iosrael. Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo, ar nd\u00f3igh, le dul leis na parabail sa Soisc\u00e9al.<\/p>\n\n\n\n
Salm le Freagra (Salm 91[92]). Is maith an rud \u00e9 th\u00fa a cheili\u00faradh, a Thiarna.<\/strong><\/p>\n\n\n\n
Dara L\u00e9acht (2 Corantaigh 5:6-10). B\u00edmis i gc\u00f3na\u00ed leis an Tiarna n\u00f3 ar deora\u00edocht uaidh, n\u00edl d\u2019aidhm againn ach \u00e9 a sh\u00e1samh.<\/strong> An tsraith de l\u00e9achta\u00ed \u00f3 Dhara litir Ph\u00f3il chuig na Corantaigh a thosaigh ar an Seacht\u00fa Domhnach saor leanann s\u00ed ar aghaidh inniu. Pas beag n\u00edos t\u00faisce sa litir seo faoina eisp\u00e9aras nuair a tionta\u00edodh \u00e9 don Tiarna ar an mb\u00f3thar chun na Damaisce nuair a lonraigh an Dia a d\u00fairt, \u201cB\u00edodh solas ag lonradh as an dorchadas\u201d, labhair P\u00f3l faoi mar a chuir an Dia sin solas ag lonradh ina chro\u00ed d\u2019fhonn eolas na gl\u00f3ire diaga ar chuntan\u00f3s Chr\u00edost a chur ar a sh\u00faile d\u00f3. Ba chuid l\u00e1rnach de mhinistreacht Ph\u00f3il \u00e9 seo, ag tabhairt air machnamh a dh\u00e9anamh ar a laige dhaonna f\u00e9in. Ba i bpr\u00f3ca\u00ed cr\u00e9 a bh\u00ed an tseoid seo i gcoime\u00e1d aige, d\u2019fhonn a chruth\u00fa gur le Dia an chumhacht as cuimse agus n\u00e1rbh uaidh f\u00e9in \u00e9. Agus b\u2019amhlaidh do gach creidmheach. D\u2019fh\u00f3gair P\u00f3l an soisc\u00e9al go d\u00e1na de bhr\u00ed gur chreid s\u00e9 i gcumhacht bh\u00e1s agus aiseir\u00ed \u00cdosa. Rinne machnamh ar laige a choirp treise a chur lena chreideamh, lena dh\u00f3chas agus lena chiocras bheith in \u00e9inacht le Cr\u00edost tar eis a bh\u00e1is. Ba urra den aontacht seo le Cr\u00edost bronntanas an Spioraid Naoimh istigh ann, urra den chlaochl\u00fa seo gur chuid de an bheatha Chr\u00edosta\u00ed ar talamh. Sin iad na smaointe as bhi ag P\u00f3l sa litir seo d\u00edreach roimh l\u00e9acht an lae inniu. Leanann s\u00e9 ar aghaidh leo sa l\u00e9acht seo. L\u00edonann bronntanas an Spioraid, mar urra, l\u00e1n de mhisneach \u00e9 faoin ghl\u00f3ir sh\u00edora\u00ed at\u00e1 i nd\u00e1n do lucht lean\u00fana Chr\u00edost tar \u00e9is an corp saolta seo a chur d\u00edobh. Ach, mar Chr\u00edosta\u00ed agus mar aspal, tuigeann P\u00f3l go maith gurb \u00e9 an r\u00fad is t\u00e1bhachta\u00ed n\u00e1 toil D\u00e9 a dh\u00e9anamh abhus. Beidh ar ch\u00e1ch freagra a thabhairt ar Dhia sa deireadh thiar.<\/p>\n\n\n\n
An Soisc\u00e9al (Marcas 4:26-34). T\u00e1 s\u00e9 ar an ngr\u00e1in\u00edn s\u00edl is l\u00fa ar bith de na s\u00edolta, ach f\u00e1sann s\u00e9 suas agus b\u00edonn ar an gceann is m\u00f3 de na glasrai go l\u00e9ir.<\/strong> Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 dh\u00e1 pharabal faoi fh\u00e1s suntasach r\u00edocht D\u00e9 \u00f3 th\u00fas lag. Sa dh\u00e1 pharabal cuirtear an t\u00fas sin i gcompar\u00e1id le s\u00edol a chuirtear san ithir. Is \u00e9 an s\u00edolad\u00f3ir, ar nd\u00f3igh, n\u00e1 Cr\u00edost. Sa ch\u00e9ad pharabal cuirtear s\u00edos ar an r\u00edocht ag f\u00e1s uaithi f\u00e9in, go huathoibritheach mar a dh\u00e9arf\u00e1, gan cabhair dhaonna. T\u00e1 an tuiscint sin faoin r\u00edocht le sonr\u00fa faoina deirtear faoi bhriathar D\u00e9 ag P\u00f3l (1 Teasal\u00f3naigh 2:13), briathar nach glactar leis mar bhriathar (theachtaireacht) daonna, ach mar an briathar diaga at\u00e1 ann i bhf\u00edrinne, agus at\u00e1 ag oibri\u00fa sna creidmhigh.
D\u00e9anann an dara parabal compar\u00e1id idir r\u00edocht D\u00e9 agus gr\u00e1inne de sh\u00edol mustaird beag b\u00eddeach, a chuirtear i l\u00e1thair d\u00fainn mar an gr\u00e1inn\u00edn s\u00edl is l\u00fa ar bith, ach a fh\u00e1sann le bheith ar an gceann is m\u00f3 de na glasra\u00ed go l\u00e9ir agus a chuireann amach craobhacha le d\u00eddean a thabhairt do \u00e9anlaithe an aeir. Seans go nd\u00e9anann an parabal tagairt do th\u00e9acs Ez\u00edc\u00e9il (faoi r\u00edocht Dh\u00e1iv\u00ed le teacht) a bh\u00ed againn sa ch\u00e9ad l\u00e9acht. Labhra\u00edonn an parabal faoi r\u00edocht D\u00e9, a fh\u00e1sann \u00f3 th\u00fas lag le m\u00e9ad\u00fa ar fud an domhain.<\/p>\n\n\n\n
B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: B\u00edg\u00ed l\u00e1n de mhisneach. T\u00e1 r\u00edocht D\u00e9 ag teacht, b\u00edodh go mall f\u00e9in sin.<\/strong><\/p>\n\n\n\n
Athra\u00edonn c\u00farsa\u00ed an tsaoil go pras sna saolta seo, agus b\u00edonn al\u00e1n daoine m\u00edfhoighneach nach dtagann athruithe luath go leor \u2013 agus go minic sin i gc\u00farsa\u00ed eaglasta agus i gc\u00farsa\u00ed creidimh. \u00d3 thaobh an Bh\u00edobla de is r\u00ed-mhall go minic a th\u00e1inig na hathruithe agus an r\u00e9 nua a gealladh sna f\u00e1istin\u00ed, rud as ar eascair g\u00e9arch\u00e9im chreidimh sa luatheaglais. Inniu is mian le roinnt \u00e1irithe daoine athruithe a theacht isteach de r\u00e9ir mar is rogha leo f\u00e9in.
D\u2019f\u00e9adfadh l\u00e9achta\u00ed an lae inniu ceacht n\u00f3 a thuilleadh d\u00edobh a thabhairt d\u00fainn maidir le seo. Ceann d\u00edobh n\u00e1 nach bhfuil ionainn i gc\u00farsa\u00ed a bhaineann le r\u00edocht D\u00e9 ach comhoibrithe le Dia. T\u00e1 Dia f\u00e9in ag obair ann go ci\u00fain, tostach. D\u2019fh\u00e9adfadh an s\u00edol a cuireadh le creideamh bheith ag obair leis go ci\u00fain.
Ceacht eile a fh\u00e9adfadh cabhair a thabhairt d\u00fainn, agus a bh\u00ed l\u00e1rnach ag P\u00f3l ina chuid misin\u00e9ireachta agus \u00e9 c\u00edocrach an domhan m\u00f3r a thabhairt chun chreidimh i gCr\u00edost. Is \u00e9 an ceacht seo n\u00e1 is cuma c\u00e9n c\u00fainse ina bhfuilimid, ba ch\u00f3ir bheith r\u00e9idh \u201can Tiarna a sh\u00e1samh\u201d, ag obair taobh istigh den eaglais agus leis an eaglais.
Ceacht eile n\u00e1 gur ch\u00f3ir d\u00fainn bheith l\u00e1n de mhisneach i gc\u00f3na\u00ed, misneach a bhfuil de bhun\u00fas aige bronntanas an Spioraid Naoimh i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an agus taobh istigh den eaglais, agus at\u00e1 mar bhunchloch don eaglais f\u00e9in.
Agus ceacht deiridh, agus n\u00ed h\u00e9 an ceacht is l\u00fa \u00e9: \u00e1it l\u00e1rnach bhriathar D\u00e9 sa creideamh agus sa chleachtadh Cr\u00edosta\u00ed a aithint. Go minic tugtar briathar D\u00e9 ar an Scriopt\u00far, agus iarrtar orainn eolas n\u00edos fearr a chur ar an Scriopt\u00far, ar an mB\u00edobla. N\u00ed gn\u00e1th-leabhar at\u00e1 anseo. Mar a deir naomh P\u00f3l, n\u00ed briathar daonna at\u00e1 ann, ach briathar D\u00e9 f\u00e9in at\u00e1 gn\u00edomhach i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an, \u00e1 spreagadh beart d\u00e1 r\u00e9ir a dh\u00e9anamh.
Go dtaga do r\u00edocht. Go nd\u00e9antar do thoil ar an talamh. Saothr\u00fa le teacht r\u00edocht D\u00e9. Is gn\u00e9 amh\u00e1in de r\u00edocht D\u00e9 an m\u00e9id at\u00e1 curtha in\u00e1r l\u00e1thair sna parabail \u00e9ags\u00fala faoi r\u00edocht D\u00e9 sna soisc\u00e9il, agus is amhlaidh do na parabail faoin ts\u00edol ag f\u00e1s uaidh f\u00e9in in bparabail an lae inniu. N\u00ed h\u00e9 nach bhfuil g\u00e1 le saothar daonna ar theacht na r\u00edochta. Gu\u00edmid go laeth\u00fail go dtiocfaidh r\u00edocht D\u00e9, rud is ionann sa Ghi\u00fadachas agus sa Chr\u00edosta\u00edocht agus go nd\u00e9anfar toil D\u00e9 anseo ar an talamh. Shaothraigh \u00cdosa f\u00e9in go tr\u00e9an do theacht na r\u00edochta lena chuid teagaisc agus m\u00edor\u00failti. B\u2019amhlaidh sin chomh maith do Ph\u00f3l. Leagadh de dhualgas air an soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt, agus ba mhar sin don Eaglais tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos. N\u00ed m\u00f3r don Eaglais f\u00e9in, agus do na creidmhigh, sin a dh\u00e9anamh in aois ar bith, \u00e1r laethanta f\u00e9in san \u00e1ireamh. N\u00ed fol\u00e1ir d\u2019\u00fadar\u00e1is na hEaglaise bheith i gcaidreamh lena baill le freagra a thabhairt do na ceisteanna agus do aon imn\u00ed at\u00e1 acu faoi ch\u00farsa\u00ed creidimh, teagaisc, n\u00f3 cleachtadh creidimh agus deimhin a dh\u00e9anamh de go bhfuiltear \u00e1 gcloisint ina n-imn\u00ed, fi\u00fa nuair nach bhfuil sin ag teacht le teagasc n\u00f3 le seasamh an hEaglaise. Ach sin r\u00e1ite, n\u00ed m\u00f3r don Eaglais an Soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt ina ioml\u00e1ine agus dul i ngleic le cult\u00far saolta nach aonta\u00edonn leis i gc\u00farsa\u00ed ar bith, maidir le gn\u00e9as, p\u00f3sadh n\u00f3 le aon cheist eile. Agus san \u00e1bhar seo is treise guth na dtuata\u00ed n\u00e1 na cl\u00e9ire, b\u00edodh nach gean le m\u00f3ran tuata\u00ed seasamh mar sin a th\u00f3gaint. Ach is mar sin do r\u00edocht D\u00e9, s\u00edol ag f\u00e1s go ci\u00fain uaidh f\u00e9in, ach r\u00edocht a \u00e9ileann f\u00f3gairt, forbairt agus cosaint.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"
Freagra don Chreideamh leis an mBioblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSCA. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: B\u00edg\u00ed l\u00e1n … <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1538","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1538","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1538"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1538\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1539,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1538\/revisions\/1539"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1538"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1538"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1538"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}