{"id":154,"date":"2013-12-19T14:18:40","date_gmt":"2013-12-19T14:18:40","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=154"},"modified":"2013-12-19T14:18:40","modified_gmt":"2013-12-19T14:18:40","slug":"22-nollaig-2013-a-ceathru-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=154","title":{"rendered":"22 Nollaig 2013 (A) Ceathr\u00fa Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">22 Nollaig 2013 (A) Ceathr\u00fa Domhnach den Aidbhint<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<br \/>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br \/>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. Emmanu\u00e9l: T\u00e1 Dia (agus Cr\u00edost) linn de sh\u00edor.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Ch\u00e9ad L\u00e9acht (\u00cdse\u00e1ia 7:10-14).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">T\u00e1 an \u00f3gbhean ag iompar. T\u00e1 an sliocht seo tofa le dul le soisc\u00e9al an Domhnaigh seo faoi bhreith \u00cdosa \u00f3n Mhaighdean Mhuire, \u00e1it ina bhfuil an fh\u00e1istine luaite. T\u00e1 c\u00falra an tsleachta, agus na f\u00e1istine t\u00e1bhachta\u00ed seo tugtha i leabhar an fh\u00e1idh \u00cdse\u00e1ia f\u00e9in agus is fi\u00fa \u00e9 a mheabhr\u00fa. T\u00e1imid in Iar\u00fasail\u00e9im, i r\u00edocht I\u00fada, thart ar an mbliain 735 roimh Chr\u00edost. T\u00e1 impireacht na hAsa\u00edre (le l\u00e1rionad in Ninive, l\u00e1imh le Mosul an lae inniu) ag br\u00fa siar le mion-st\u00e1it na Pailist\u00edne agus an cheantair m\u00e1guaird a chur den fh\u00f3d agus a shlogadh isteach san impireacht mh\u00f3r. Ceann de na st\u00e1it sin St\u00e1t Iosrael an Tuaiscirt. Bh\u00ed comhghuaill\u00edocht bunaithe idir Iosrael, an Damaisc agus st\u00e1it eile le seasamh in gcoinne na hAsa\u00edre agus bh\u00ed iarracht \u00e1 d\u00e9anamh acu R\u00edocht Dh\u00e1ibh\u00ed (I\u00fada) a thabhairt isteach leo, d\u00e1 mba g\u00e1 leis an r\u00ed reatha Achaz a chuir d\u00e1 r\u00edchathaoir agus r\u00ed soip a chur ina ionad. Is ansin a d\u00fairt Dia leis an bhf\u00e1idh \u00cdse\u00e1ia dul chuig Achaz lena r\u00e1 leis fan\u00faint glan amach \u00f3n gcomhghuaill\u00edocht. Bh\u00ed conradh faoi leith idir teaghlach Dh\u00e1ibh\u00ed agus Dia. Tabharfadh Dia comhartha d\u00e1 rogha do Achaz lena dheimhni\u00fa d\u00f3 go raibh coimirce D\u00e9 aige. Thug Achaz, an R\u00ed D\u00e1iv\u00edoch, an t-eiteachas do thairiscint an fh\u00e1idh, agus mar fhreagra ar sin rinne \u00cdse\u00e1ia an fh\u00e1istine seo. In ionad an chomhartha d\u00e1r dhi\u00faltaigh comharba Dh\u00e1ibhi Achaz tabharfaidh Dia f\u00e9in comhartha. T\u00e1 \u00f3gbhean \u00e9igin torrach, ag iompar clainne, agus saol\u00f3far mac di agus tabharfaidh s\u00ed Emmanu\u00e9l, is \u00e9 sin le r\u00e1 (as Eabhrais) \u201cT\u00e1 Dia linn\u201d mar ainm air. Beidh an leanbh seo ina chomhartha go bhfuil, agus go mbeadh, sliocht agus comharbacht Dh\u00e1ibh\u00ed sl\u00e1n. Comhartha do Achaz sa ch\u00e9ad dul s\u00edos an m\u00e9id sin, agus dealra\u00edonn s\u00e9 gurb bhean ch\u00e9ile le Achaz r\u00ed an \u00f3gbhean. Ach f\u00e1istine shol\u00fanta faoi theaghlach Dh\u00e1ibh\u00ed agus a thodhcha\u00ed a bh\u00ed ann, nach raibh teoranta do n\u00f3im\u00e9ad sin na staire, agus amhail na tairngreachta\u00ed eile a bhain le teaghlach Dh\u00e1ibh\u00ed d\u00e9anfa\u00ed an ceann seo a chomhl\u00edonadh ag Dia ina am tr\u00e1th f\u00e9in. D\u2019aistrigh an t\u00e9acs Gr\u00e9igise an focal Eabhraise ar \u201c\u00f3gbhean\u201d mar \u201cmaighdean\u201d, \u201cogh\u201d, agus comhl\u00edonadh an fh\u00e1istine nuair a gineadh \u00cdosa i mbroin Mhuire Maighdean, mar a d\u00e9arfar i soisceal an lae inniu.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 23[24]). Tagadh an Tiarna isteach! Is \u00e9 R\u00ed na gl\u00f3ire \u00e9.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (R\u00f3mh\u00e1naigh 1:1-7).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">\u00cdosa Cr\u00edost, de shliocht Dh\u00e1ibh\u00ed, Mac D\u00e9. Is \u00ed an litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh an ceann is d\u00e9ana\u00ed de litreacha Phoil at\u00e1 againn. Litreacha eile Ph\u00f3il is chuig eaglais\u00ed a bhunaigh s\u00e9 f\u00e9in iad. N\u00ed raibh aon bhaint ag P\u00f3l le bun\u00fa na hEaglaise sa Roimh, a thosaigh go luath, is d\u00f3cha, ag Cr\u00edostaithe agus misin\u00e9ir\u00ed a th\u00e1inig \u00f3n Phailistin agus \u00f3 Ant\u00edoc. Le teacht chun deiridh a shaothair san Oirthear chinn P\u00f3l a aghaidh a thabhairt ar an R\u00f3imh agus an Iarthar, agus biodh go mbeadh aithne air cheana tr\u00ed chlostr\u00e1cht cuireann s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in in aithne d\u00f3ibh anois ag t\u00fas na litreach seo. R\u00e9amhr\u00e1 sol\u00fanta at\u00e1 ann ina bhfuil roinnt luath-chr\u00e9anna creidimh. Cuireann P\u00f3l \u00e9 f\u00e9in in aithne mar aspal glaoite go speisialta ag Dia leis an Dea-sc\u00e9al a fhogairt do ch\u00e1ch. Agus in Eaglais na R\u00f3imhe bh\u00ed idir Gi\u00fadaigh agus neamh-Ghi\u00fadaigh. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar an Dea-Sc\u00e9al seo, tuartha roimh r\u00e9 ag na f\u00e1ithe. Is faoi Mhac D\u00e9, an Tiarna \u00cdosa Cr\u00edost, and Dea-Sc\u00e9al sin. Bh\u00ed \u00cdosa ina Mhac D\u00e9 le linn a bheatha dhaonna, de shliocht Dh\u00e1ibh\u00ed, agus ina Mhac D\u00e9 le cumhacht ag a ais\u00e9ir\u00ed, agus le spiorad na naofachta. Is \u00f3n \u00cdosa gl\u00f3rmhar sin a fuair P\u00f3l gr\u00e1sta an aspail le \u201cg\u00e9illsine an chreidimh\u201d a leathadh i measc na n\u00e1isi\u00fan uile, is \u00e9 sin le r\u00e1 tabhairt ar chreidmhigh a mbeatha go l\u00e9ir a thiomn\u00fa do Dhia agus maireacht\u00e1il de r\u00e9ir thoil D\u00e9 mar a leir\u00edotar sa Dea-Sc\u00e9al, sa Soisc\u00e9al. Ionann an gh\u00e9illsine seo agus bheith i bpairt le h\u00cdosa Cr\u00edost.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (Matha 1:18-25).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Rugadh \u00cdosa \u00f3 Mhuire a bh\u00ed luaite le Iosaef, mac Dh\u00e1ibh\u00ed. Is \u00ed is aidhm don l\u00e9acht seo i shoisc\u00e9al Mhatha n\u00e1 a l\u00e9iri\u00fa go raibh gini\u00faint mhaighdean\u00fail ag \u00cdosa. N\u00edorbh \u00e9 I\u00f3saef a athair; n\u00ed raibh aon athair saolta aige. Sa l\u00e9acht seo tugtar i dtosach b\u00e1ire an c\u00falra do l\u00e9iri\u00fa na r\u00fandiamhaire. Bh\u00ed Muire geallta, luaite i gcleamhnas, le I\u00f3saef. B\u2019ionann sin agus an p\u00f3sadh fein nach bhfeadfa\u00ed a scaoileadh ach le colscaradh foirme\u00e1lta. B\u2019ionann gabh\u00e1il gine ann n\u00e1rbh \u00f3n fhear ch\u00e9ile agus adhaltrannas, leis an pion\u00f3s a ghabh leis sin. Mar sin tuigtear c\u00e1s I\u00f3saef. Mar dhuine c\u00f3ir, ionraic, f\u00edreanta n\u00ed fh\u00e9adfadh s\u00e9 glacadh le leanbh narbh uaidh \u00e9. Ach thabharfadh colscaradh poibl\u00ed m\u00edchl\u00fa ar Mhuire. Is ansin a th\u00e1inig an teachtaireacht \u00f3 neamh isteach sa sc\u00e9al. Labhra\u00edonn an t-aingeal le Iosaef mar \u201cMhac Dhaibhi\u201d. Mac Dh\u00e1ibh\u00ed a bheidh i mac Mhuire chomh maith, le \u201c\u2019Iosa\u201d mar ainm air. Ionann an t-ainm sin agus \u201cSl\u00e1naitheoir\u201d. Bh\u00ed Gi\u00fadaigh eile ag feitheamh le mac Dh\u00e1ibh\u00ed mar shl\u00e1naitheoir m\u00edleata n\u00f3 mar mh\u00fainteoir ar Dhl\u00ed Mhaois. Ach sl\u00e1naitheoir \u00f3 pheaca\u00ed an phobail a bheadh in \u00cdosa, agus ag f\u00edor\u00fa na f\u00e1istine go mbeadh Emmanu\u00e9l mar ainm air, sin le r\u00e1 \u201cT\u00e1-Dia-linn\u201d. Ag a ghini\u00faint agus \u00e9 ag f\u00e1gaint sl\u00e1n ag a chuid deisceabal f\u00f3gra\u00edtear \u00cdosa mar Emmanu\u00e9l: \u201cAgus f\u00e9ach, t\u00e1im in e\u00edneacht libh i gc\u00f3na\u00ed go deireadh an tsaoil\u201d . Thug I\u00f3saef a bhean ch\u00e9ile Muire in aont\u00edos leis, agus deir Matha nach raibh caidreamh colla\u00ed aige lei (\u201cn\u00ed raibh cuid aige di\u201d) go rug s\u00ed mac. N\u00ed hionann sin is a r\u00e1 go raibh ina dhiaidh sin. Cuid de theagasc na hEaglaise Caitlic\u00ed n\u00e1 maighdeanas s\u00edora\u00ed Mhuire \u2013 roimh bhreith Chr\u00edost agus ina diaidh.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Emmanu\u00e9l: T\u00e1 Dia (agus Cr\u00edost) linn de sh\u00edor.<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">\u00c1bhar domhainmhachnaimh d\u00fainn an teideal sin a tugadh do Mhac Dh\u00e1ibh\u00ed i bhf\u00e1istine \u00cdse\u00e1ia, agus a luaitear aris ag Matha nuair a gineadh \u00cdosa: \u201cBh\u00e9arfar Emmanu\u00e9l mar ainm air\u201d. Mheabhraigh \u00cdosa gur mar sin a bheadh ar feadh na staire ag a lucht lean\u00fana: \u201cBeidh m\u00e9 in \u00e9ineacht libh i gc\u00f3nai go deireadh an tsaoil\u201d. D\u00fairt \u00cdosa an rud c\u00e9anna lena dheisceabail le linn d\u00f3 bheith leo, go m\u00f3r m\u00f3r le Peadar \u2013 i Muir na Gail\u00edle, ag an Suip\u00e9ar D\u00e9anach nuair a d\u00fairt \u00cdosa go raibh S\u00e1tan ag iarraidh deis a fh\u00e1il na deisceabail a chriathradh mar an arbhair, ach go raibh \u00cdosa f\u00e9in ag gu\u00ed ar son Pheadair nach gcliseadh a chreideamh agus go nd\u00e9anfadh s\u00e9 daingean a bhr\u00e1ithre.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">T\u00e1 bheith \u201cin \u00e9ineacht\u201d de shaghasanna \u00e9ags\u00fala ann, faoi mar at\u00e1 deacrachta\u00ed agus cathaithe de shaghasanna \u00e9ags\u00fala ann. Ina aitheasc sl\u00e1in sa Suip\u00e9ar D\u00e9anach leag \u00cdosa b\u00e9im ar na deacrachta\u00ed a bheadh ag na deisceabail tar \u00e9is imeachta d\u00f3 i domhan a bheadh naimhdeach do gach ar sheas s\u00e9 d\u00f3. Nuair a bh\u00ed s\u00e9 lena chuid ar talamh bh\u00ed s\u00e9 mar pharacl\u00e9id, mar abhcoide, mar chosant\u00f3ir, acu ag daingni\u00fa a r\u00fain bheith d\u00edlis d\u00f3. D\u00fairt s\u00e9 go raibh s\u00e9 le paracl\u00e9id eile a sheoladh chucu tar \u00e9is imeachta d\u00f3, an Spiorad Naomh, a dh\u00e9anfadh deimhin iad go raibh an bua ag \u00cdosa tr\u00edna bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed ar na naimhne sin, agus tr\u00ed ghr\u00e1sta agus chabhair an Spioraid Naoim i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an go mbeadh an bua leo go deo. Seo l\u00e1ithreacht bhuan Chriost linn. T\u00e1 s\u00e9 linn mar Ennanu\u00e9l i sl\u00edte eile chomh maith \u2013 sna sacraimint\u00ed agus gach uair a l\u00e9itear sliocht as an Scriopt\u00far sa liot\u00fairge. Tuigeann \u00e1r muintir br\u00ed an fhocail sin \u201cEmmanu\u00e9l\u201d nuair a deireann siad: \u201cIs gaire cabhair D\u00e9 n\u00e1 san doras\u201d.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>22 Nollaig 2013 (A) Ceathr\u00fa Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSCA. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-154","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/154","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=154"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/154\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=154"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=154"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=154"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}