{"id":1540,"date":"2021-06-15T07:34:00","date_gmt":"2021-06-15T07:34:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1540"},"modified":"2021-06-11T07:35:13","modified_gmt":"2021-06-11T07:35:13","slug":"meitheamh-20-2021b-an-dara-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1540","title":{"rendered":"Meitheamh 20 2021(B) An Dara Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<br>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Athghairm phr\u00e1inneach le filleadh ar bheatha spiorad\u00e1lta inmhe\u00e1nach agus ar aithne phearsanta ar Chr\u00edost<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (I\u00f3b 38:1, 8-12). Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais. Sa l\u00e9acht \u00e1lainn seo, i measc na mbriathra a dh\u00edrigh Dia ar I\u00f3b t\u00e1 an m\u00e9id seo a d\u00fairt an Dia uilechumhachtach sin leis an mhuir nuair a shocraigh s\u00e9 teorainn di i dt\u00fas ama: \u201cAn fad seo a thiocfaidh t\u00fa agus n\u00ed thiocfaidh t\u00fa thairis sin\u201d. Bh\u00ed na scriopt\u00fair ar eolas ag Charles Stewart Parnell agus beidh an sliocht seo \u00f3 leabhar I\u00f3b ar eolas ag lucht an Bh\u00e9arla in Eirinn go m\u00f3r m\u00f3r \u00f3n \u00fas\u00e1id a bhain Parnell as i bhfeachtas toghch\u00e1na\u00edochta i gCorcaigh sa bhliain 1885, nuair a d\u00fairt s\u00e9 (as B\u00e9arla): \u201cN\u00edl de cheart ag aoinne teorainn a shocr\u00fa do n\u00e1isi\u00fan. N\u00edl de cheart ag aoinne a r\u00e1 lena th\u00edr dh\u00fachais \u2018An fad seo a thiocfaidh t\u00fa agus n\u00ed thiocfaidh t\u00fa thairis sin\u2019, agus n\u00ed dh\u00e9arnamarna riamh iarracht an ne plus ultra le dul chun cinn na h\u00c9ireann le bheith ina n\u00e1isi\u00fan neamhsple\u00e1ch a chinneadh, agus n\u00ed dh\u00e9anfaimid sin go deo\u201d. N\u00edl an \u00fas\u00e1id a bhain Parnell as I\u00f3b 38:11 go d\u00edreach mar a bh\u00ed ina intinn ag an gc\u00e9ad \u00fadar. An su\u00edomh tosaigh a bh\u00ed ag l\u00e9acht an lae inniu i leabhar I\u00f3b n\u00e1 ag t\u00fas fhreagra D\u00e9 ar I\u00f3b. Tr\u00ed Leabhar I\u00f3b go l\u00e9ir bh\u00ed I\u00f3b ag ma\u00edomh nach raibh s\u00e9 ciontach de choir n\u00f3 de pheaca ar bith san fhulaingt gh\u00e9ar a bh\u00ed aige, agus \u00e9 ag casaoid faoin easpa tuisceana a bh\u00ed \u00e1 fh\u00e1il aige \u00f3na thri\u00far cairde, sol\u00e1saithe dar leo f\u00e9in. Dhi\u00faltaigh s\u00e9 a admh\u00e1il gurbh aon pheaca pearsanta d\u00e1 chuid ba chionsiocair leis an m\u00ed-\u00e1dh a bhuail \u00e9 \u00f3 Dhia. Bh\u00ed freagra na ceiste \u00e1 lorg aige \u00f3 Dhia maraon le \u00e9isteacht le Dia. Th\u00e1inig sin ag deireadh an leabhair, agus t\u00fas leis i l\u00e9acht an lae inniu. Ach n\u00ed dh\u00edr\u00edonn freagra D\u00e9 ar cheist I\u00f3b, ach a mhalairt: leagann s\u00e9 b\u00e9im ar uilechumhacht D\u00e9, at\u00e1 i bhfad i gc\u00e9in \u00f3 aon rud a raibh taith\u00ed ag I\u00f3b air. Cuid de fhreagra seo D\u00e9 n\u00e1 cumhacht D\u00e9 ar an duibheag\u00e1n uisce anord\u00fail a bh\u00ed ann nuair a chruthaigh Dia an domhan agus gur chuir s\u00e9 ord air. I miotaseolsa\u00edocht an Mhe\u00e1n-Oirthir samhla\u00edodh an mhuir phr\u00edomhord\u00fail mar ollph\u00e9ist as ar th\u00e1inig an domhan amach in am tr\u00e1th. Seo \u00e9 an c\u00falra chomh maith at\u00e1 ag l\u00e9acht an lae inniu ina chuirtear bun\u00fas na cruinne i l\u00e1thair mar a bheadh breith, saol\u00fa, \u00f3 bhroinn an duibheag\u00e1in, agus Dia f\u00e9in ag feidhmi\u00fa mar bhean chabhrach, ag tabhairt ord\u00fa don mhuir phr\u00edomhord\u00fail fanacht taobh thiar den teorainn a bh\u00ed ceaptha ag Dia di, agus gan an domhan a shlogadh siar, domhan a bh\u00ed cruthaithe le gr\u00e1 m\u00f3r ag Dia. Taispe\u00e1ntar neart D\u00e9 ag an chumhacht at\u00e1 aige ar an muir thr\u00e9an. Sa traidisi\u00fan Gi\u00fadach d\u2019fhan an mhuir mar shiombal de chumhacht mhillteach, fi\u00fa in aimsir an Tiomna Nua. Roghna\u00edodh l\u00e9acht an lae inniu le dul leis an soisc\u00e9al, ina bhfuil cur s\u00edos ar faoi mar ar chi\u00fanaigh \u00cdosa cuaifeach m\u00f3r gaoithe Mhuir na Gail\u00edle.<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le Freagra (Salm 106[107]). Ceili\u00faraig\u00ed an Tiarna, \u00f3ir maireann a ghr\u00e1 go s\u00edora\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Dara L\u00e9acht (2 Corantaigh 5:14-17). T\u00e1 gach rud cruthaithe as an nua. L\u00e9acht seo an lae inniu is cuid de roinn l\u00e1rnach de litir seo Naomh P\u00f3l chuig na Corantaigh \u00ed. Tr\u00edd an gcreideamh, tugadh do Chr\u00edostaithe an bronntanas m\u00f3r eolas ghl\u00f3ir D\u00e9 ar chuntan\u00f3s Chr\u00edost a fh\u00e1il (2 Corantaigh 4:6). D\u2019fh\u00e9adfadh an t-eolas seo a bheith ina ch\u00fais mh\u00f3rtais, agus is d\u00e1 bharr sin a mheabhra\u00edonn P\u00f3l go bhfuil an tseoid seo again i bpr\u00f3ca\u00ed cr\u00e9, le bheith deimhin de go dtagann d\u00edlse di \u00f3 mh\u00f3rchumhacht D\u00e9 seachas \u00f3 shaothar daonna. An tagairt seo do laige, tugann s\u00e9 P\u00f3l le machnamh a dh\u00e9anamh ar a anbhainne f\u00e9in agus ar r\u00fandiamhair bhais agus ais\u00e9ir\u00ed Christ ag obair ann, agus an neart a thagann as. Is tr\u00ed bh\u00e1s a fh\u00e1il don rud at\u00e1 saolta, den domhan seo, ionainn, le b\u00e1s a fh\u00e1il d\u00fainn f\u00e9in, ar f\u00e9idir linn maireacht\u00e1il i gceart mar Chr\u00edostaithe. Maireann P\u00f3l tr\u00ed chreideamh. Agus tugann smaoineamh an bh\u00e1is air machnamh a dh\u00e9anamh ar an saol neamhbhuan seo agus, i gcodarsnacht leis, an ghl\u00f3ir sh\u00edora\u00ed. Mar a chuireann P\u00f3l f\u00e9in \u00e9: \u201cN\u00ed ar na nithe infheicthe at\u00e1 \u00e1r n-aire againn ach ar na nithe dofheicthe, mar n\u00edl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go br\u00e1th\u201d (2 Corantaigh 4:18). Spreagann sin mian na beatha s\u00edora\u00ed i bP\u00f3l, ach tuigeann s\u00e9 go mbeidh air, mar a bheidh ar gach aoinne \u201cteacht os comhair su\u00ed breithimh Chr\u00edost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh d\u00e9anta aige, b\u00edodh s\u00e9 olc n\u00f3 maith\u201d (2 Corantaigh 5:10). T\u00e1 P\u00f3l \u00e1 spreagadh ag dh\u00e1 fh\u00edrinne \u2013 eagla an Tiarna toisc an fhreagracht is dual, agus a ghr\u00e1 do Chr\u00edost a fuair b\u00e1s ar \u00e1r son. Cuireann a thuiscint ar an bhfreagracht seo ar Ph\u00f3l labhairt go foscailte lena eaglais sa Choraint gan sc\u00e1th gan eagla maidir leis an bhf\u00edrinne go mbaineann an bheatha Chr\u00edosta\u00ed leis an mbeatha inmhe\u00e1nach, seachas le ruda\u00ed seachtracha. Bh\u00ed c\u00farsa\u00ed a tharla sa Choraint ina aigne ag P\u00f3l, is d\u00f3cha, eagla go raibh sp\u00e9is r\u00f3mh\u00f3r ag roinnt daoine i ruda\u00ed seachtracha, mar a chuireann P\u00f3l \u00e9: br\u00f3d\u00fail as dreach (dealramh; c\u00e9im mh\u00f3r) an duine, seachas as a chro\u00ed, a mheon; i rudai seachtracha amhail seasamh soisialta, solabharthacht, labhairt go carasmatach i dteangacha. Spreagann gr\u00e1 Chr\u00edost P\u00f3l lean\u00faint ar aghaidh, gr\u00e1 Chr\u00edost agus leis sin an creideamh faoi mar ar fuair an t-aon duine amh\u00e1in, Cr\u00edost, b\u00e1s ar son gach aoinne, go bhfuair gach aoinne b\u00e1s in \u00e9ineacht leis, is \u00e9 sin le r\u00e1 go bhfuil na Cr\u00edostaithe baiste isteach i mb\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, rud a thugann le f\u00edos go bhfuair siad b\u00e1s do gach saghas peaca agus don dealramh seachtrach, leis an mbeatha nua inmhe\u00e1nach a mhaireacht\u00e1il sa Tiarna ais\u00e9irithe.<br>T\u00e1 dh\u00e1 mh\u00edr i l\u00e9acht an lae inniu, agus is f\u00e9idir an ch\u00e9ad mh\u00edr d\u00edobh a l\u00e9amh i gcoinne an ch\u00falra sin a thugamar thuas. N\u00edl an mh\u00edr dheiridh go hioml\u00e1n soil\u00e9ir. Ar dt\u00fas tugann P\u00f3l prionsabal ginear\u00e1lta: n\u00ed dh\u00e9anann s\u00e9 aon duine a mheas de r\u00e9ir chaighde\u00e1n an tsaoil (n\u00f3 an bunt\u00e9acs go litri\u00fail: \u201cN\u00ed aithnim\u00edd aon duine feasta de r\u00e9ir na colainne\u201d), go seachtrach. B\u2019fh\u00e9idir go raibh aithne ag P\u00f3l ar Chr\u00edost \u201cde r\u00e9ir na colainne\u201d, is \u00e9 sin le r\u00e1 i mbeatha shaolta Chr\u00edost, n\u00f3 n\u00edos d\u00f3cha\u00ed ag a bh\u00e1s, b\u00e1s coirpigh ar chrois dar le P\u00f3l an tr\u00e1th sin. D\u2019athraigh c\u00farsa\u00ed ar fad do Ph\u00f3l maidir le Cr\u00edost lena chreideamh in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus gach a lean as. Leis an ais\u00e9ir\u00ed sin, do aoinne at\u00e1 aontaithe le Cr\u00edost is cruth\u00fa nua \u00e9, duine cruthaithe as an nua. Agus n\u00ed h\u00e9 an duine Cr\u00edosta\u00ed aonair at\u00e1 i gceist ach an chrutha\u00edocht f\u00e9in; t\u00e1 an seanr\u00e9 imithe, agus r\u00e9 nua ann.<br>Anseo cuireann P\u00f3l s\u00edos an athuair ar a fh\u00eds den bheatha nua, beatha \u00far, don duine aonair agus don chine daonna, agus sin i gCr\u00edost ais\u00e9irithe. Ach anseo ar\u00eds, mar a mheabhraigh P\u00f3l n\u00edos luaithe sa litir seo, is baolach an rud f\u00eds gan an duine daonna lag bheith fr\u00e9amhaithe go daingean in eolas faoina laige f\u00e9in, le seoid i bpr\u00f3ca\u00ed cr\u00e9, ag cur b\u00e9ime i ruda\u00ed seachtracha seachas sa bheatha inmhe\u00e1nach i gCr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p>An Soisc\u00e9al (Marcas 4:35-41). C\u00e9 h\u00e9 an duine seo a r\u00e1 go nd\u00e9anann gaoth agus farraig\u00ed rud air? D\u00edreach roimh an l\u00e9acht seo, i soisc\u00e9al Mharcais bh\u00ed cur s\u00edos ar \u00cdosa ag m\u00faineadh i bparabail sa Ghail\u00edl, ar an dtaobh thiar de Mhuir na Gail\u00edle. Ar an dtaobh eile de, ar an dtaobh thoir, bh\u00ed an Decapolis, cr\u00edoch phag\u00e1nach, ina dh\u00e9anfaidh \u00cdosa mior\u00failt i leigheas ar an nDeamhna\u00edoch i dt\u00edr na nGeiris\u00e9anach. Tar \u00e9is bheith ag seanm\u00f3ireacht ar feadh an lae, agus b\u2019fh\u00e9idir tuirseach, thug \u00cdosa leid do na deisceabail dul ar bh\u00e1d go dt\u00ed an taobh eile den loch. N\u00ed thugtar aon mh\u00edni\u00fa faoi c\u00e9n f\u00e1th go raibh b\u00e1id eile leo. T\u00e1 Muir na Gail\u00edle i scoilt na Iord\u00e1ine agus t\u00e1 sl\u00e9ibhte c\u00f3ngarach di agus d\u2019fh\u00e9adfadh stoirmeacha teacht gan coinne. An aidhm at\u00e1 ag an eachtra seo i Soisc\u00e9al Mharcais n\u00e1 cumhacht \u00cdosa a l\u00e9iri\u00fa in gci\u00faini\u00fa na stoirme, cumhacht beagnach dhiaga. Bheadh eolas ag na deisceabail ar chumhacht shiombalach na mara \u00f3n mB\u00edobla (mar shampla leabhar I\u00f3b, sa ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu) agus \u00f3na dtraidisi\u00fan Gi\u00fadach f\u00e9in. Pas beag n\u00edos luaithe n\u00e1 an Tiomna nua (i 2 Macabaech 9:8) rinneadh machnamh ar bh\u00e1s an t\u00edor\u00e1naigh Antiochus mar seo: \u201cAnsin an t\u00e9 a mheas le barr d\u00edomais mh\u00eddhaonna tamall gearr roimhe sin go bhf\u00e9adfadh s\u00e9 ord\u00fa a chur ar thonnta na farraige \u2026leagadh chun l\u00e1ir agus l\u00e1ntal\u00fan \u00e9 agus bh\u00ed s\u00e9 \u00e1 iompar ar eileatrom, rud a d\u2019fh\u00f3gair cumhacht D\u00e9 go soil\u00e9ir do ch\u00e1ch\u201d. Bhagair\u201d \u00cdosa ar an ghaoth, mar a dheanfai i nd\u00edbirt deamhan, agus bh\u00ed s\u00e9 ina th\u00e9igle (chi\u00fanas) m\u00f3r. C\u00e1ineann \u00cdosa na deisceabail as a n-easpa creidimh, gn\u00e9 at\u00e1 le fail minic go leor i Soisc\u00e9al Mharcais. N\u00ed croinic ar eachtra\u00ed at\u00e1 \u00e1 tabhairt d\u00fainn ag Marcas. Scr\u00edobhann s\u00e9 le fortacht a thabhairt do chreideamh eaglaise at\u00e1 suaite ag stoirmeacha g\u00e9arlean\u00fana, agus ag iarraidh ar chreidmhigh creideamh a bheith acu in \u00cdosa at\u00e1 i l\u00e1thair, fi\u00fa nuair a mheasann daoine go bhfuil s\u00e9 ina chodladh.<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Athghairm phr\u00e1inneach le filleadh ar bheatha spiorad\u00e1lta inmhe\u00e1nach agus ar aithne phearsanta ar Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p>Meabhra\u00edonn an l\u00e9acht \u00f3n soisc\u00e9al don l\u00e1 inniu d\u00fainn go bhfuil \u00cdosa i l\u00e1thair leis an Eaglais, agus le gach duine go pearsanta, \u00ed bp\u00e9 ar bith stoirm a thagann, agus go nglaonn s\u00e9 ar a lucht lean\u00fana deimhin a bheith acu de go bhfuil s\u00e9 i l\u00e1thair agus go gc\u00e1ineann s\u00e9 iad, fi\u00fa, de bharr laige a gcreidimh. Tugann an t-aspal P\u00f3l d\u00fainn l\u00e9argas ar luatheaglais Choraint, \u00e1it ar chraobhscaoil s\u00e9 Cr\u00edost c\u00e9asta ar an gcrois, ach ar iompaigh roinnt de bhaill na heaglaise sin go luath ar th\u00f3ir gl\u00f3ire seachtra\u00ed. D\u00e9anann P\u00f3l a dh\u00edcheall iad sin a ghlaoch thar nais go dt\u00ed l\u00e1r-phoint\u00ed an chreidimh, go heolas pearsanta ar Chr\u00edost, c\u00e9asta agus ais\u00e9irithe, gn\u00edomhach tr\u00edna ghr\u00e1sta ina gcro\u00edthe istigh, go beatha Chr\u00edosta\u00ed inmhe\u00e1nach seachas bheith caillte ar th\u00f3ir dealraimh sheachtraigh. T\u00e1 a leith\u00e9id de ghairm do aithne phearsanta ar Chr\u00edost ag teacht go m\u00f3r le ceacht an d\u00e1in Ghailge at\u00e1 againn \u00f3n bh\u00e9aloideas agus i scr\u00edbhinn. T\u00e1 s\u00e9 i bhfoirm teagaisc do dhuine \u00f3g ag cur t\u00fas le lena shaol, agus ritheann s\u00e9 mar eo: \u201cA dhuine at\u00e1 i dt\u00fais do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat \u2014 N\u00e1 santaigh r\u00e1ite baois\u2019 n\u00e1 an dream go mb\u00edd acu; sara dtiocfaidh iomad ded aois, b\u00edodh aithne ar Chr\u00edost agat\u201d.<br>Aithne ar Chr\u00edost at\u00e1 i gceist, aithne phearsanta air mar \u00e1r sl\u00e1naitheoir, beo f\u00f3s in\u00e1r measc, n\u00ed hamh\u00e1in eolas air n\u00f3 faoi. Tugann l\u00e9achta\u00ed liot\u00fairgeacha an lae inniu, agus an cuireadh sa dara l\u00e9acht bheith san airdeall gan bheith caillte i ruda\u00ed seachtracha, cuireadh d\u00fainn tabhairt chun cuimhne an m\u00e9id a d\u00fairt an P\u00e1pa Benedict XVI ina a\u00edtheasc don Chomhdh\u00e1il Eocairisteach i mBaile \u00c1tha Cliath tr\u00ed bhliain \u00f3 shin, i 2012. T\u00e1 breis agus caoga bliain ann i mbliana \u00f3 chuireadh clabhs\u00far le Comhairle Vatac\u00e1in II, agus ag tagairt do dhoicim\u00e9id\u00ed na Comhairle sin mheabhraigh an P\u00e1pa c\u00e9anna d\u00fainn gurbh \u00ed b\u00e9im sa bheatha inmhe\u00e1nach Chr\u00edosta\u00ed ba phr\u00edomhch\u00faram d\u00f3ibh.<br>Bh\u00ed an-eolas ag Benedict XVI ar shaothar na manach \u00c9ireannacha san Eoraip agus an-mheas aige orthu. L\u00e9irigh s\u00e9 sin i bhf\u00edstheachtaireacht don Chomhdh\u00e1il. Bh\u00ed s\u00e9 corraitheach bheith ag f\u00e9achaint ar an bP\u00e1pa aosta agus lag ag labhairt go paiseanta ar th\u00e1bhacht na hEocairiste in\u00e1r mbeatha agus ag glaoch ar chreidmhigh aithne phearsanta a chur ar Chr\u00edost. Chuaigh s\u00e9 ar aghaidh le b\u00e9im a leagan ar th\u00e1bhacht bhuan Chomhairle na Vatac\u00e1ine agus ar a cuid doicim\u00e9id\u00ed. Ag caitheamh s\u00faile ar an tr\u00e9imhse idir dheireadh na Comhairle (1965) agus an l\u00e1 sin i 2012 luaigh s\u00e9 go raibh roinnt mhaith athnuachana d\u00e9anta maidir le intinn Athracha na Comhairle, ach san am c\u00e9anna bh\u00ed s\u00e9 soil\u00e9ir go raibh m\u00edthuiscint\u00ed agus m\u00edrialtachta\u00ed ann. An athnuachaint ar na foirmeacha, na gn\u00e9ithe, seachtracha a bh\u00ed \u00f3 Athtracha na Comhairle ba \u00ed a ba aidhm d\u00f3ibh n\u00e1 \u00e9 a dh\u00e9anamh n\u00edos \u00e9asca dul isteach i ndoimhne na r\u00fandiamhaire. Ba \u00ed f\u00edoraidhm d\u00f3ibh n\u00e1 daoine a theor\u00fa go teagmh\u00e1il phearsanta leis an Tiarna at\u00e1 i l\u00e1thair sa Eocairist, agus mar sin le Dia Beo, le go leanfadh as an gcaidreamh seo le gr\u00e1 Cr\u00edost, gr\u00e1 don chomharsa. I saol at\u00e1 athraithe, ceann ina bhfuil intinn daoine greamaithe n\u00edos m\u00f3 \u00ed gc\u00f3na\u00ed ar ruda\u00ed seachtracha, n\u00ed m\u00f3r d\u00fainn foghlaim as an nua go bhfuil an Tiarna ais\u00e9irithe i l\u00e1thair go r\u00fandiamhrach, r\u00fandiamhair gurbh \u00ed amh\u00e1in a thugann leithne agus doimhne d\u00e1r mbeatha. Adhradh na hEaglaise uile \u00ed an Eocairist, ach \u00e9il\u00edonn s\u00ed rannph\u00e1irt\u00edocht \u00f3 gach uile chreidmheach, ag glaoch chucu bheith feasach de mhisean na hEaglaise. San Eocairist t\u00e1 glaoch ag gach duine aonair chun naofachta. D\u00e9ananan s\u00ed sinn a cheangail le ch\u00e9ile mar bhr\u00e1ithre agus shi\u00faracha sa Spiorad, agus sa Spiorad c\u00e9anna spreagann s\u00ed sinn le dea-sc\u00e9al an tsl\u00e1naithe a fh\u00f3gairt do dhaoine eile.<br>T\u00e1 briathra sin an Ph\u00e1pa faoin Eocairist d\u00edrithe ar an Eaglais i gcoitinne, agus ag caint faoin \u00e1bhar baineann s\u00e9 \u00fas\u00e1id as an t\u00e9arma \u201cEocairist\u201d, faoi ch\u00faig. N\u00ed focal \u00e9 seo at\u00e1 i ngnath-\u00fas\u00e1id ag muintir na h\u00c9ireann. Domhnach n\u00f3 d\u00e1lach n\u00ed th\u00e9ann siad go dt\u00ed an Eocairist, ach go dt\u00ed an tAifreann, to Mass. De r\u00e9ir dealraimh thuig Benedict XVI sin mar direach tar \u00e9is labhairt leis an Eaglais i gcoitinne d\u00edr\u00edonn s\u00e9 a bhriathra ar mhuintir na h\u00c9ireann gan an t\u00e9arma Eocairist, ach ina ionad \u201can tAifreann\u201d, the Mass, a \u00fas\u00e1id. Mar a deir s\u00e9: \u201cIs cuimhneach\u00e1n ar \u00edobairt Chr\u00edost ar an gcrois an Eocairist, a chorp agus a fhuil tugtha sa chonradh nua s\u00edora\u00ed ar son maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed agus bunathr\u00fa an domhain chun feabhais. M\u00fanla\u00edodh \u00c9ire ag an Aifreann (the Mass) ag an leibh\u00e9al is doimhne thar na gc\u00e9adta bliain, agus tr\u00edna chumhacht agus a ghr\u00e1sta mhair na gl\u00fanta de mhanaigh, de mhairt\u00edrigh, de mhisin\u00e9ir\u00ed, an creideamh go cr\u00f3ga ag baile agus rinneadar dea-sc\u00e9al ghr\u00e1 agus maithi\u00fanas D\u00e9 a scaipeadh i bhfad thar lear, thar bhur dtir f\u00e9in. T\u00e1 sibhse in bhur n-oidhr\u00ed ar Eaglais a bh\u00ed ina f\u00f3rsa l\u00e1idir chun leasa sa domhan agus a thug gr\u00e1 domhain agus buan do Chr\u00edost agus d\u00e1 Mh\u00e1thair do a l\u00e1n l\u00e1n daoine eile. Thuig bhur sinsir in \u00c9irinn conas tabhairt faoi naofacht agus seasmhacht a bhaint amach ina saol pearsanta, conas an r\u00edm\u00e9ad a thagann \u00f3n Soisceal a fh\u00f3gairt, conas an t\u00e1bhacht a bhaineann le bheith p\u00e1irteach san Eaglais Uil\u00edoch agus an chomaoin le Cathaoir Pheadair a chur chun cinn, agus conas gr\u00e1 don chreideamh agus do na su\u00e1ilc\u00ed Cr\u00edosta\u00ed a fh\u00e1gaint mar oidhreacht do ghl\u00fanta eile. An creideamh Caitliceach at\u00e1 againn, a bhfuil istigh ann tuiscint dhomhain de l\u00e1ithreacht D\u00e9, agus de \u00e1illeacht a bhfuil cruthaithe ag Dia thart timpeall orainn, agus glanta tr\u00ed aithr\u00ed phearsanta agus bheith feasach de mhaithi\u00fanas D\u00e9, is oidhreacht \u00ed sin go deimhin a thugtar chun foirfeachta agus a chotha\u00edtear nuair a leagtar go rialta \u00ed ar alt\u00f3ir an Tiarna in \u00edobairt an Aifrinn\u201d.<br>Cuireann a P\u00e1pa Benedict clabhs\u00far lena aitheasc ag meabhr\u00fa an athuair gurbh \u00e9 a bh\u00ed in aigne ag an Comhairle n\u00e1 an creideamh a athaimsi\u00fa mar chairdeas pearsanta domhain le maitheas \u00cdosa Cr\u00edost agus gu\u00edonn s\u00e9 go mbeadh spiorad\u00e1ltacht torth\u00fail ag Cr\u00edostaithe le taith\u00ed \u00f3 chomaoin le Cr\u00edost agus leis an Eaglais. T\u00e1 seo go l\u00e9ir ag teacht go h\u00e1lainn le tuiscint \u00e1r sinsear ar cad is fior-chreideamh ann: aithne ar Chr\u00edost \u00f3n \u00f3ige i leith: sara dtiocfaidh iomad ded aois, b\u00edodh aithne ar Chr\u00edost agat.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1540","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1540","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1540"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1540\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1541,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1540\/revisions\/1541"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1540"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1540"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1540"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}