{"id":1558,"date":"2021-06-28T07:48:00","date_gmt":"2021-06-28T07:48:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1558"},"modified":"2021-06-11T07:49:26","modified_gmt":"2021-06-11T07:49:26","slug":"4-iuil-2021-b-an-ceathru-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1558","title":{"rendered":"4 I\u00fail 2021 (B) An Ceathr\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/strong><br><strong>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><br><strong>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: T\u00e1 guth, glor, f\u00e1idhi\u00fail, D\u00e9 i l\u00e1thair sa domhan i gc\u00f3na\u00ed, is cuma an gean le daoine sin n\u00f3 nach gean.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>C\u00e9ad L\u00e9acht (Ezic\u00e9al 2:2-5).<\/strong> Is sotalach an pobal iad; tabharfar le fios d\u00f3ibh go raibh f\u00e1idh ina measc. T\u00f3gadh an f\u00e1idh Ezic\u00e9al i mbraighdeanas nuair a ch\u00e9ad t\u00f3gadh Gi\u00fadaigh i ndeora\u00edocht sa bhlain 597 roimh Chr\u00edost. Bh\u00ed treascairt ioml\u00e1n r\u00edocht I\u00fada agus Iar\u00fasail\u00e9im ag f\u00f3rsa\u00ed na Baibeal\u00f3ine agus an deora\u00edocht mh\u00f3r chun na Baibeal\u00f3ine le teacht deich mbliana n\u00edos d\u00e9anai. Thug comharbacht f\u00e1ithe \u00f3n mbliain 740 roimh Chr\u00edost i leith (\u00cdse\u00e1ia, H\u00f3is\u00e9, Am\u00f3s, M\u00edoca, Irimia) rabhadh do Iosrael go raibh a neamhaird ar theachtaireacht D\u00e9 le tubaiste a thabhairt orthu. Bh\u00ed, agus bheadh, guth f\u00e1idhi\u00fail D\u00e9 ann d\u00f3ibh, cuma an \u00e9istid\u00eds n\u00f3 n\u00e1 h\u00e9istid\u00eds. Leis an gc\u00e9ad braighdeanas seo chun na Baibeal\u00f3ine ba shoil\u00e9ir go raibh an ceart ag na f\u00e1ithe. N\u00edorbh fhol\u00e1ir seo a mheabhr\u00fa d\u2019Iosrael, de bhr\u00ed go raibh guth na bhf\u00e1ithe le hathr\u00fa anois \u00f3 fh\u00f3gairt l\u00e9irscriosta go teachtaireacht mhuin\u00edne san r\u00e9 le teacht. Dealra\u00edonn s\u00e9 go raibh na Gi\u00fadaigh i mbraighdeanas na Baibeal\u00f3ine chomh d\u00e1igh leis an cluas bhodhar a thabhairt do bhriathar D\u00e9 agus a bh\u00ed a sinsir sna gl\u00faine rompu. I l\u00e9acht an lae inniu tugtar ord\u00fa \u00f3 Dhia do Ezic\u00e9al labhairt amach go neamhbhalbh lena chomhth\u00edrigh. Tugann spiorad D\u00e9 ag labhairt tr\u00ed Ezic\u00e9al \u201cmac an duine\u201d air. N\u00ed teideal meisiasach at\u00e1 anseo (murab ionann agus sna soisc\u00e9il), ach comhartha gur duine daonna at\u00e1 sa bhf\u00e1idh, i gcodarsnacht le spiorad D\u00e9 at\u00e1 ag labhairt tr\u00edd. Tugtar ceannarcaigh, gr\u00fapa sotalach ceannd\u00e1na, ar na Ghiudaigh sa deora\u00edocht, agus orthu si\u00fad f\u00f3s i dt\u00edr I\u00fada is d\u00f3cha. N\u00ed m\u00f3r do fh\u00e1idh D\u00e9 teachtaireacht D\u00e9 a fh\u00f3gairt d\u00f3ibh p\u00e9 acu is mian leo glacadh leis n\u00f3 nach mian. T\u00e1 beart, plean, ag Dia d\u00e1 phobal, agus n\u00ed f\u00e9idir lena theachtaire g\u00e9illeadh do aon bhr\u00fa reatha a bheadh ag feidhmi\u00fa ina \u00e9adan sin, le fios a thabhairt don dream ceannairceach sin go raibh, agus go bhfuil, f\u00e1idh ina measc. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa deora\u00edocht sin, tar \u00e9is na tubaiste uaf\u00e1sa\u00ed a bhuail iad agus a dt\u00edr dh\u00fachais, thuig na Gi\u00fadaigh an dul am\u00fa a bh\u00ed orthu, agus rinneadaar aithr\u00ed, ag ullmh\u00fa don teachtaireacht a bh\u00ed le teacht roinnt de bhlianta ina dhiaidh sin tr\u00edd an Dara \u00cdse\u00e1ia agus a chuid f\u00e1istin\u00ed faoin r\u00e9 nua, an chrutha\u00edocht nua, an todhcha\u00ed ghl\u00f3rmhar a bh\u00ed i nd\u00e1n do phobal De, agus don chine daonna.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Salm le Freagra (Salm 122[123]).<\/strong> Faireann \u00e1r s\u00faile an Tiarna n\u00f3 go nd\u00e9ana s\u00e9 tr\u00f3caire.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Dara L\u00e9acht (2 Corantaigh 12:7-19).<\/strong> Ma\u00edfidh m\u00e9 go fonnmhar as mo laig\u00ed, ionas go lonn\u00f3dh cumhacht Chr\u00edost orm. Sa chuid deiridh seo den litir chuig na Corantaigh (caibidil 10-13), a scr\u00edobhadh sa bhliain 56-57, t\u00e1 P\u00f3l ag pl\u00e9 le fadhbanna a bh\u00ed ag cur as don eaglais a bhunaigh s\u00e9 c\u00faig bhliain n\u00f3 mar sin roimhe sin. Bh\u00ed naimhde agus freas\u00fara de shaghasanna \u00e9ags\u00fala ann d\u00f3, nach fios d\u00fainn go beacht c\u00e9rbh iad. Mar fhreas\u00fara bh\u00ed gr\u00fapa amh\u00e1in, ar f\u00e9idir a r\u00e1 \u00f3n litir seo, a thug le fios gurbh Eabhraigh, Iosraeligh, de shliocht Abrah\u00e1m iad, is \u00e9 sin le r\u00e1 Gi\u00fadaigh, ach chomh maith sin searbh\u00f3nta\u00ed do Chr\u00edost, is \u00e9 sin le r\u00e1 Cr\u00edostaithe. Sna blianta sin bh\u00ed an Phailist\u00edn agus I\u00fada corraithe go maith in \u00e9adan r\u00e9imeas na R\u00f3imhe, agus na D\u00edograiseoir\u00ed, na Zeil\u00f3itigh, i mbun oibre le for\u00e9igean. Seans go raibh D\u00edograiseoir\u00ed Gi\u00fadacha den chreideamh Cr\u00edosta\u00ed ann chomh maith ag iarraidh d\u00edlse do dhl\u00ed Mhaois a chur i bhfeidhm ar lucht lean\u00fana Chr\u00edost abhaile agus thar lear, agus gurbh iad a bh\u00ed mar fhreas\u00fara ag P\u00f3l sa Choraint. Ach ar easpa fianaise n\u00edl anseo ach tuairm\u00edocht. Ar aon chuma bh\u00ed na daoine seo \u00e1 gcur fein i l\u00e1thair mar iomaitheoir\u00ed do Ph\u00f3l, agus bh\u00ed cuid eile ag caitheamh amhrais ar a dhintiuir\u00ed mar aspal (n\u00edorbh duine den Dar\u00e9ag \u00e9 mar shampla). D\u00e9anann P\u00f3l a st\u00e1das mar aspal a chosaint, agus r\u00edomhann s\u00e9 ar fhulaing s\u00e9 ina mhinistreacht mar aspal. Luann s\u00e9 chomh maith aisling\u00ed (f\u00edseanna) agus foillsithe an Tiarna a fuair s\u00e9, agus gur arda\u00edodh \u00e9 uair amh\u00e1in go hairde na bhflaitheas (\u201cgo dt\u00ed an tr\u00ed\u00fa neamh\u201d). Nuair a ch\u00e9ad-chraobhscaoil P\u00f3l an dea-sc\u00e9al do na Coraintigh mheabhraigh s\u00e9 d\u00f3ibh gur de bhr\u00ed n\u00e1r \u00e9irigh leis an saol, tr\u00edna chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, a thograigh Dia an saol a shl\u00e1n\u00fa n\u00ed tr\u00ed mh\u00edor\u00failti, ar ghean le Gi\u00fadaigh, n\u00e1 leis an eagna dhaonna a bh\u00ed faoi ardmheas ag Gr\u00e9igigh, ach le d\u00edth c\u00e9ille na croise. Thuig P\u00f3l chomh maith go raibh b\u00e1s (na croise) agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost ag feidmhi\u00fa ina mhinistreacht agus i mbeatha na hEaglaise. Bh\u00ed an baol ann go gcuirfeadh na heisp\u00e9arais mhisti\u00faila sin a bh\u00ed ag P\u00f3l \u00e9ir\u00ed in airde air, ach le cosc a chur air sin thug Dia \u201cbior sa bheo\u201d, \u201csa cholainn\u201d d\u00f3, fadhb \u00e9igin sa mhinistreacht, n\u00f3 \u00e9alang \u00e9igin nach f\u00edos d\u00fainn. An freagra a fuair s\u00e9 ar a achain\u00ed ar Dhia \u00e9 a shaoradh uaidh seo n\u00e1 go dtaispe\u00e1ntar cumhacht D\u00e9 i mhinistreacht Ph\u00f3il tr\u00ed laige dhaonna an aspail. Tagann an bua agus an rath \u00f3 Dhia, seachas \u00f3n saothar daonna. Tugann seo go l\u00e9ir P\u00f3l go bunphrionsabal a chuid ministreachta: bheith l\u00fach\u00e1ireach faoina laig\u00ed, faoi na tarcaisn\u00ed, g\u00e9arlean\u00faint\u00ed agus eile a fhulanga\u00edonn s\u00e9 ar son Chr\u00edost, mar nuair a bh\u00edonn s\u00e9 lag sin \u00e9 an uair a bh\u00edonn s\u00e9 l\u00e1idir.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Soisc\u00e9al (Marcas 6:1-6).<\/strong> N\u00ed bh\u00edonn f\u00e1idh faoi neamhchion ach amh\u00e1in ina dh\u00faiche f\u00e9in. Sa chuntas gairid seo cuireann Marcas chun suntais ar\u00eds a th\u00e1bhachta\u00ed, n\u00f3 fi\u00fa a riachtana\u00ed, is at\u00e1 an creideamh le \u00cdosa agus a theachtaireacht a thuiscint. Ina bhaile d\u00fachais (Nazarat, b\u00edodh nach dtugann Marcas a ainm d\u00fainn) bheadh tuairisc faighte ar na m\u00edor\u00failt\u00ed agus ar an teagasc a rinne \u00cdosa i gCafarn\u00e1um agus thart timpeall ar Mhuir na Gail\u00edle. I dtosach bh\u00ed iontas orthu faoina theagasc agus na cuntais a chualadar faoi. Ansin chuireadar an cheist bhun\u00fasach: Cad as a th\u00e1inig sin go l\u00e9ir? Bh\u00ed aithne acu air ar an leibh\u00e9al daonna: mac le Muire. (N\u00ed luaitear I\u00f3sef; c\u00e9n f\u00e1th sin h\u00ed heol d\u00fainn. B\u2019fh\u00e9idir go raibh s\u00e9 marbh.) Luaitear br\u00e1ithre agus si\u00faracha \u00cdosa, agus tugtar ainmneacha na mbr\u00e1ithre. Sa traidisi\u00fan Protast\u00fanach clann mhac agus clann in\u00edonacha Mhuire iad sin, tuairim nach glactar lei ag Caitlicigh, n\u00e1 ag Ceartchreidmhigh, de bharr a dtuiscint ar \u00f3ghacht bhuan Mhuire. D\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 bheith gur clann le I\u00f3sef iad \u00f3 chleamhnas n\u00edos luaithe, traidisi\u00fan a bh\u00ed le f\u00e1il cheana sa dara c\u00e9ad. Bheadh a fhios ag l\u00e9itheoir\u00ed Mharcais faoi \u00fadar theagasc agus mh\u00edor\u00failt\u00ed \u00cdosa: ungadh \u00f3n Spiorad Naomh. De bharr easpa creidimh n\u00edor glacadh le h\u00cdosa ina bhaile d\u00fachais f\u00e9in, agus ba mhar sin tr\u00edd an stair s\u00edos. Tr\u00ed chreideamh d\u00e9antar \u201ccomhartha\u00ed\u201d de mh\u00edor\u00failt\u00ed, comhartha\u00ed de phearsa agus de shaothar \u00cdosa, agus in \u00e9agmais an chreidimh seo n\u00edl aon bhr\u00ed leo. Mar sin, deir Marcas nach bhf\u00e9adfadh \u00cdosa aon mh\u00edor\u00failt a dh\u00e9anamh ansi\u00fad.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: T\u00e1 guth, glor, f\u00e1idhi\u00fail, D\u00e9 i l\u00e1thair sa domhan i gc\u00f3na\u00ed, is cuma an gean le daoine sin n\u00f3 nach gean.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Tugadh ord\u00fa \u00f3 Dhia don fh\u00e1idh Ezic\u00e9al teachtaireacht D\u00e9 a fh\u00f3gairt don phobal, d\u00e1 phobal, ba chuma an \u00e9istid\u00eds n\u00f3 nach \u00e9istid\u00eds, le go mbeadh a fhios acu go raibh f\u00e1idh ina measc. T\u00e1 guth f\u00e1idhi\u00fail D\u00e9 i l\u00e1thair san Eaglais agus sa domhan i gc\u00f3nai, b\u00edodh gur mian le roinnt \u00e1irithe nach amhlaidh a bheadh. T\u00e1 s\u00e9 i l\u00e1thair san Eaglais ach go h\u00e1irithe sa cheili\u00faradh liot\u00fairgeach, go m\u00f3r m\u00f3r rith an Aifrinn, mar is \u00e9 \u00cdosa f\u00e9in at\u00e1 ag f\u00f3gairt a Shoisc\u00e9il nuair a bh\u00edonn na Scriopt\u00fair \u00e1 l\u00e9amh san Eaglais. I Leabhar Ezic\u00e9il tugtar ceannarcaigh orthu si\u00fad a dhi\u00faltaigh \u00e9isteacht le guth D\u00e9 a th\u00e1inig chucu trid an fh\u00e1idh. In aois ar bith, agus go m\u00f3r m\u00f3r san aois seo againne, t\u00e1 a l\u00e1n ann a dhi\u00falta\u00edonn glacadh le aon ghuth \u00f3 thaobh amuigh de seo gur feidir brath leis na c\u00e9adta\u00ed. Feictear ar a leith\u00e9id mar cur isteach nach f\u00e9idir glacadh leis. Ach leanfaidh guth D\u00e9 ag teacht, n\u00ed mar bhuanna\u00edocht \u00e1 himirt ar dhaoine \u00f3n dtaobh amuigh, ach mar ghuth caoin shl\u00e1naithe D\u00e9. Leanfaidh an t-agallamh idir Dhia agus an domhan agn\u00f3is\u00ed n\u00f3 neamhchreidmheach ag na creidmhigh.<br>Taobh istigh den Eaglais f\u00e9in beidh scoilt ann maidir le c\u00e9 chomh fada ar f\u00e9idir, n\u00f3 ar choir, leis an Eaglais dul ina teachtaireacht agus ina cleachtadh le tuiscint a bheith aici le c\u00fains\u00ed agus l\u00e9argas athraithe. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed guth f\u00e1idhi\u00fail a bheith in \u00fadar\u00e1s na hEaglaise ag f\u00f3gairt teachtaireacht l\u00e1rnach an tSoisc\u00e9il di, fi\u00fa muna bhfuil daoine \u00e1irithe r\u00e9idh glacadh leis. Ar uairibh d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 bheith deacair a thuiscint an bhfuil staid oifigi\u00fail na hEaglaise d\u00e1ir\u00edre f\u00e1idhi\u00fail i dtraidisi\u00fan th\u00e9acs Ezic\u00e9il, n\u00f3 nach bhfuil ann ach diult\u00fa stuacach do athr\u00fa ar bith.<br>T\u00e1 l\u00e1ithreacht fh\u00e1idhi\u00fail i staid l\u00e1rnach na hEaglaise i leith na croise agus \u00ed ag f\u00f3gairt teachtaireacht an tSoisc\u00e9il, d\u00edth ceille do dhaoine \u00e1irithe ach cumhacht D\u00e9 do na creidmhigh (feic 1 Corantaigh 1:18). Is \u00e9 cumhacht D\u00e9 agus eagna D\u00e9 \u00e9 Cr\u00edost, ach glactar leis sin amh\u00e1in tr\u00ed chreideamh, seachas tr\u00edd an aigne dhaonna. Is \u00e9 Dia tobar \u00e1r mbeatha in \u00cdosa Cr\u00edost, agus mar adeir P\u00f3l, is \u00e9 \u00cdosa Cr\u00edost an t\u00e9 a ndearna Dia eagna de d\u00fainne, agus f\u00edr\u00e9antacht agus naofacht agus fuascailt. Agus d\u00e1 r\u00e9ir sin, mar at\u00e1 scr\u00edofa: \u201cAn t\u00e9 a bhfuil m\u00f3rtas air, b\u00edodh a mh\u00f3rtas as an Tiarna aige\u201d.<br>D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed l\u00e1ithreacht fhaidhi\u00fail D\u00e9 a fheice\u00e1il chomh maith san imreas agus san ceisti\u00fach\u00e1n a tharla\u00edonn taobh istigh den Eaglais. Bh\u00ed taith\u00ed ar a leith\u00e9id ag P\u00f3l san Eaglais sa Choraint, agus thug sin tuiscint d\u00f3 ar r\u00fandiamhair na fulaingthe agus na laige pearsanta, uair amh\u00e1in gur thuig s\u00e9, tr\u00ed chreideamh, go dtaispe\u00e1ntar cumhacht D\u00e9 tr\u00ed laige dhaonna. Thug comhcathraitheor\u00ed \u00cdosa i Nazarat na gn\u00e9ithe seachtracha maidir le h\u00cdosa faoi deara, gan creideamh a bheith acu ann mar theachtaire D\u00e9. Feiceann an creidreamh na ruda\u00ed seachtracha agus mar aon leis sin cumhacht D\u00e9 ag feidhmi\u00fa tr\u00edna Mhac \u00cdosa.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: T\u00e1 &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1558","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1558","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1558"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1558\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1559,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1558\/revisions\/1559"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1558"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1558"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1558"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}