{"id":156,"date":"2013-12-23T12:09:08","date_gmt":"2013-12-23T12:09:08","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=156"},"modified":"2013-12-23T12:09:08","modified_gmt":"2013-12-23T12:09:08","slug":"29-nollaig-2013-a-feile-an-teaghlaigh-naofa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=156","title":{"rendered":"29 Nollaig 2013 (A) F\u00e9ile an Teaghlaigh Naofa"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">29 Nollaig 2013 (A) F\u00e9ile an Teaghlaigh Naofa<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. B\u00edodh meas ag an uile dhuine ar an bp\u00f3sadh.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Ch\u00e9ad L\u00e9acht (S\u00edrach 3:2-6, 12-14).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">An t\u00e9 ar a bhfuil eagla an Tiarna, tugann s\u00e9 on\u00f3ir d\u00e1 thuismitheoir\u00ed. Deir an cheathr\u00fa aithne (Ecsodus 20:12): \u201cTabhair do d\u2019athair agus do do mh\u00e1thair on\u00f3ir i dtreo go mba fada iad do laethanta an talamh\u201d. Bh\u00ed an p\u00f3sadh faoi ard-on\u00f3ir in Iosrael. Tugann Ben Sira (gur fearr aithne air mar Ecclesiasticus, \u201can t-eaglaiseach\u201d) a mhachnamh d\u00fainn ar an aithne mh\u00f3r seo. Bh\u00ed scoil eagna\u00edochta ag Ben Sira in Iar\u00fasail\u00e9im (thart ar 180 roimh Chr\u00edost) do dhalta\u00ed \u00f3ga ar sp\u00e9is leo, agus achmhain mhaoine acu, an roinn seo de sha\u00edocht Iosrael a ch\u00edoradh. Cuid d\u00edlis de eagna\u00edocht seo n\u00e1 taith\u00ed ar shaol an duine aonair, ar an chomhluadar daonna agus an saol m\u00f3r. T\u00e1 machnamh seo Ben Sira ar an gceathr\u00fa aithne l\u00e1n de dhaonacht, de thaise agus de thr\u00f3caire. \u00c1bhar sonais agus aoibhnis meas mhuintir theaghlaigh ar a ch\u00e9ile. T\u00e1 luach saothair \u00f3 Dhia ag baint leis chomh maith agus d\u00e9anann s\u00e9 leorghn\u00edomh ar na peaca\u00ed. Ach n\u00ed c\u00fais \u00e1thais a gc\u00f3na\u00ed d\u00edlse seo don cheathr\u00fa aithne, le hom\u00f3s don athair agus don m\u00e1thair. Ionann \u00e9 agus glacadh len\u00e1r muintir agus \u00e1r ngaolta faoi mar at\u00e1 siad lena laig\u00ed agus n\u00f3sanna aisteacha agus eile. N\u00ed m\u00f3r tuiscint, trua agus taise as bheith d\u00f3ibh i mbreoiteacht agus ina seanaois, agus glaotar ar baill \u00f3ga sl\u00e1nt\u00fala teaghlaigh tuiscint a bheith acu ar na fadhbanna a thagann le seanaois. Cur s\u00edos iontach i leabhar den Seantiomna an l\u00e9acht seo ar faoi mar is c\u00f3ir aire a thabhairt do ch\u00farsai an teaghlaigh.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 127[128]). Is aoibhinn do ch\u00e1ch lerb eagal an Tiarna agus a shi\u00falann ina shl\u00edte.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (Colosaigh 3:12-21).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Saol an teaghlaigh sa Tiarna \u00cdosa. Lean\u00faint an aghaidh an l\u00e9acht seo ar an gcur s\u00edos \u00edontach at\u00e1 ag P\u00f3l (Colosaigh 3:1-11) ar an mbeatha Chr\u00edosta\u00ed, an bheatha i gCr\u00edost, faoi mar is mian le Dia \u00ed a bheith. Foinse agus eiseaml\u00e1ir d\u00f3 an Cr\u00edost ais\u00e9irithe. Cuid den n\u00e1d\u00far daonna laig\u00ed agus loiceadh, mar ab eol do phobal Cr\u00edosta\u00ed Cholosae sul ar tionta\u00edodh go Cr\u00edost iad. Leis an baiseadh agus le ceangal le Cr\u00edost a ghabh leis bh\u00ed seo go l\u00e9ir taobh thiar d\u00edobh. Leis an baisteadh chuir lucht lean\u00fana Chr\u00edost n\u00e1d\u00far \u00far ortu f\u00e9in, agus t\u00e1 sin de sh\u00edor \u00e1 athnuachtan, le h\u00e9ir\u00ed n\u00edos cos\u00fala le Cr\u00edost, n\u00edos m\u00f3 in iomh\u00e1 D\u00e9. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar seo i l\u00e9acht an lae inniu. Pobal tofa, muirnach, D\u00e9 an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed. Ta gr\u00e1 ag Dia d\u00f3ibh. Ba ch\u00f3ir beatha nua mar chulaith \u00e9adaigh a bheith ag an bpobal; seo le r\u00e1, l\u00e1chas trua cro\u00ed, uir\u00edsle, ceansacht agus foighne, agus bheith r\u00e9idh maithi\u00fanas a tahbairt nuair a thiteann aighneas amach. S\u00fa\u00e1ilc\u00ed t\u00e1bhachtacha iad sin at\u00e1 orthu mar chulaith, agus ba ch\u00f3ir iad bheithn snaidhmthe le ch\u00e9ile le gr\u00e1, mar chrios, an gra a choime\u00e1dann iad go l\u00e9ir le ch\u00e9ile. Sa mh\u00e9id seo d\u2019fh\u00e9adfadh P\u00f3l bheith ag smaoineasmh ar an m\u00e9id a scr\u00edobh s\u00e9 chuig na Coirintigh faoin \u00e1bhar (1 Coirintigh 13:4-7): \u201cB\u00edonnn gr\u00e1 foighneach agus b\u00edonn s\u00e9 l\u00e1ch &#8230; B\u00edonn s\u00e9 l\u00e1n d\u2019fhadfhulgaint, l\u00e1n de chreideamh, l\u00e1n de dh\u00f3chas agus l\u00e1n d\u2019fhoighne\u201d. Ansin leagann P\u00f3l b\u00e9im ar c\u00e9 chomh t\u00e1bhachtach is at\u00e1 s\u00e9 go mbeadh creidmhigh ar an eolas faoi shaibhreas a n-oidhreachta Cr\u00edosta\u00ed agus a ngr\u00e1 di agus a meas uirthi a chur in i\u00fal d\u00e1 ch\u00e9ile. T\u00e1 sin pas beag teib\u00ed, ach i gcoinne an ch\u00falra sin tr\u00e1chtann P\u00f3l go hachomair ar na prionsabail ar ch\u00f3ir d\u00f3ibh bheith mar theoir ar bheatha shoisialta na gCr\u00edosta\u00edthe san r\u00e9 \u00e1irithe sin. Tosa\u00edonn seo leis an teaghlach, inar ch\u00f3ir meas, gr\u00e1 agus cine\u00e1ltas bheith mar phrionsabail sti\u00fartha. Le tuismitheoiri deireann s\u00e9 gan a leana\u00ed a chr\u00e1, le heagla go gcuirf\u00ed drochmhisneach orthu,<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">\u00c1bhar machnaimh \u00e9 seo go l\u00e9ir do fh\u00e9ile seo an Teaghlaigh Naofa, eiseaml\u00e1ir do gach teaghlach Cr\u00edosta\u00ed. Nuair a chuir P\u00f3l barrshamhail, id\u00e9al, na beatha Cr\u00edosta\u00ed os comhair eaglais Cholosae, n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 go raibh an eaglais sin ag maireacht\u00e1il go hioml\u00e1n de r\u00e9ir na barrshamhla sin. D\u2019fh\u00e9adfadh a mhalairt a bheith f\u00edor, agus go raibh P\u00f3l ag tabhairt na heiseaml\u00e1ire chun cuimhne de bhr\u00ed go raibh teannas, scoilteana agus naimhdeas \u00e1irithre taobh istigh de eaglais sin.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (Matha 2:13-15, 19-23).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Beir leat an leanbh agus a mh\u00e1thair, agus teith don \u00c9igipt. N\u00ed dochar tos\u00fa anseo leis na hainmneacha d\u00edlse agus na logainmneacha a luaitear sa l\u00e9acht. T\u00e1 againn H\u00e9ar\u00f3d agus Archel\u00e1s, an \u00c9igipt, I\u00fad\u00e1ia, an Ghail\u00edl agus Nazarat. Fuair an R\u00ed H\u00e9ar\u00f3d, tialt\u00f3ir na Pailistine agus tailte ar an dtaobh thoir di, b\u00e1s sa bhliain 4 roimh Chr\u00edost, rud a thugann le fios gur saola\u00edodh Cr\u00edost tamall \u00e1irithe roimh an bhliain 1 iar-Chr\u00edost. T\u00e1 an comhaireamh ata againn faoi l\u00e1thair, a meastar a cuireadh le ch\u00e9ile sa s\u00e9\u00fa haois ag an manach Dionysius Exiguus, pas beag as alt, agus is d\u00f3cha gur rugadh Criost thart an ar mbliain 6 roimh Chr\u00edost. Fear danartha a bh\u00ed in H\u00e9ar\u00f3d. Ina uacht dheiridh d\u2019ainmnigh s\u00e9 mar oidhr\u00ed leis Archel\u00e1s (leis an teideal r\u00ed), Antipas a dhearth\u00e1ir d\u00edlis (dearbhr\u00e1thair) agus Pilib a leasdearth\u00e1ir, uacht a bheadh le deimhni\u00fa ag an Impire \u00c1gustus. Bh\u00ed fuath ag a mhuintir do Archel\u00e1s, a bh\u00ed cr\u00faalach mar a athair, agus cuireadh toscaireacht chun na R\u00f3imhe le bac a chur air mar oidhre. Dheimhnigh \u00c1gustus \u00e9 mar rialt\u00f3ir (mar Teatrarc, gan teideal r\u00ed), De bharr a mh\u00edriail cuireadh toscaireacht eile chun na R\u00f3ime ina choinne sa bhliain 6 iar-Ch. Briseadh Archel\u00e1s as a phost agus cuireadh a chr\u00edocha faoi rial\u00fa d\u00edreach na R\u00f3imhe, faoi ghobharn\u00f3ir R\u00f3mh\u00e1nach. Deimhn\u00edodh Antipas mar Theatrarc ar an Ghail\u00edl, agus Pilib mar Theatrarc ar chr\u00edocha in Oirthear na Iord\u00e1ine; bheadh Caesarea Philippi mar phr\u00edomh-chathair aige. Leagann an t\u00e9acs againne b\u00e9im ar gh\u00e9illsine I\u00f3saef do thoil D\u00e9. Anseo ar\u00eds ag cur nao\u00edntacht Chr\u00edost i l\u00e1thair d\u00f3 t\u00e1 sp\u00e9is faoi leith aige i tipeola\u00edocht agus gcomhl\u00edonadh an tSeantiomna agus an tipeola\u00edocht idir an Nua agsu an Seantiomna. Is \u00e9 \u00cdosa an Iosrael Nua. Sa Seantiomna thug Dia a ch\u00e9adghin mic ar Iosrael san \u00c9igirpt: \u201cIosrael mo ch\u00e9adghin mic\u201d (Eacsodus 4:22), agus n\u00edos d\u00e9ana\u00ed dar leis an bhf\u00e1idh H\u00f3is\u00e9 (11:1) d\u00fairt Dia: \u201cNuair a bh\u00ed Iosrael ina na\u00edon\u00e1n thug m\u00e9 gr\u00e1 d\u00f3 agus ghlaoigh m\u00e9 ar mo mhac \u00f3n \u00c9igipt\u201d. Is f\u00e9idir le Matha f\u00e9achaint ar an t\u00e9acs seo a bheith comhl\u00edonta le fileadh \u00f3n \u00c9igipt d\u2019\u00cdosa, mac D\u00e9, agus an Iosrael nua. Tar \u00e9is filleadh \u00f3n \u00c9igipt, agus cur f\u00fathu i Nazarat na Gail\u00edle, f\u00e9achann Matha air seo mar chomhlionadh ar r\u00e1iteas \u00f3 \u201cna f\u00e1ithe\u201d: \u201cBh\u00e9arfar Naz\u00f3rach air\u201d. N\u00ed thugann Matha fi\u00fa leide faoi na \u201cf\u00e1ithe\u201d at\u00e1 i gceist, agus t\u00e1 teipthe ar scol\u00e1ir\u00ed t\u00e9acs n\u00f3 t\u00e9acsanna caoi a aimsi\u00fa. Seans go bhfuil Matha ag tagairt don nazir par excellence Sams\u00f3n (Breithi\u00fana 13:5) a d\u00faradh faoi roimh ghini\u00faint d\u00f3 go raibh s\u00e9 le t\u00fas na chur le fuascailt Iosrael \u00f3na naimhde. N\u00edorbh aon fhuascalt\u00f3ir \u00e9 Sams\u00f3n ach i dtraidisi\u00fan amh\u00e1in Gi\u00fadach duirt Iac\u00f3b ag f\u00e1il b\u00e1is d\u00f3 n\u00e1rb le fuascailt Shams\u00f3n, nach raibh buan, a bh\u00ed s\u00e9 ag feitheamh ach leis an bhfuascailt cheart a thiocfadh leis an R\u00ed Meisias.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B.&nbsp;&nbsp; &nbsp;An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: B\u00edodh meas ag an uile dhuine ar an bp\u00f3sadh.<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Ina aitheasc ag deireadh na litreach chuig na hEabhraigh (13:4) d\u00fairt an t-\u00fadar leis an eaglais: \u201cB\u00edodh meas ag an uile dhuine ar an bp\u00f3sadh\u201d. T\u00e1 g\u00e1 leis an moladh c\u00e9anna inniu, nuair at\u00e1thar ag iarraidh beag is fi\u00fa a dh\u00e9anamh den ph\u00f3sadh traidisi\u00fanta. Tugann an fheile at\u00e1 \u00e1 com\u00f3radh againn deis d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar an sc\u00e9al agus ar conas is fearr teacht i gcabhair ar dhaoine a bhfuil fadhbanna acu maidir leis an gceist. Leag Comhairle Vatac\u00e1in II b\u00e9im ar an dteagasc traidisi\u00fanta sa Bhunreacht Tr\u00e9adach ar an Eaglais i Saol an Lae inniu (ailt 47-52). T\u00e1 sp\u00e9is sa cheist seo ar \u00e1it an teaghlaigh sa tsocha\u00ed ag scr\u00edbhneoir\u00ed \u00f3na traidisi\u00fain sibhialta agus creidimh. T\u00e1 sp\u00e9is faoi leith ag an P\u00e1pa Proinsias ann agus beidh an cheist \u00e1 pl\u00e9 ag cruinnithe speisialta sa R\u00f3imh i m\u00ed Feabhra seo chugainn agus ag sionad neamhghn\u00e1thachi m\u00ed Deireadh Fomhair 2014 agus ag gn\u00e1th-shionad an bhliain ina dhiaidh sin. Tugann sin le fios c\u00e9 chomh tromch\u00faiseach is at\u00e1 an cheist. D\u00e9anfaidh na cruinnithe sin na ceisteanna a c\u00edoradh ach beidh a r\u00e9iteach ag braith ar an chreideamh a fh\u00e9achann ar an p\u00f3sadh mar bhrontannas \u00f3 Dhia agus mar shamhail de cheangal Chr\u00edost leis an Eaglais. Gu\u00edmis go mbeadh rath ar an ch\u00edoradh go l\u00e9ir.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>29 Nollaig 2013 (A) F\u00e9ile an Teaghlaigh Naofa Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-156","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/156","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=156"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/156\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=156"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=156"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=156"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}