{"id":1564,"date":"2021-07-06T07:52:00","date_gmt":"2021-07-06T07:52:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1564"},"modified":"2021-06-11T07:53:08","modified_gmt":"2021-06-11T07:53:08","slug":"iuil-11-2021-b-an-cuigiu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1564","title":{"rendered":"I\u00fail 11 2021 (B) An C\u00faigi\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/strong><br><strong>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><br><strong>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Eaglais mar phobal f\u00e1idhi\u00fail.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>C\u00e9ad L\u00e9acht (Am\u00f3s 7:12-15). T\u00e9igh agus tairngir do mo phobal.<\/strong> Nuair a dh\u00e9antar f\u00e1ithe a lua is gn\u00e1thach le l\u00e9itheoir\u00ed Cr\u00edosta\u00ed amharc orthu mar fhir labhartha ar son D\u00e9, agus ar dhaoine a rinne an tsl\u00ed a ullmh\u00fa do Chr\u00edost, n\u00f3 fi\u00fa a rinne a theacht a thairngir. Ach n\u00ed hamhlaidh at\u00e1 maidir le t\u00fas agus f\u00e1s ghluaiseacht na f\u00e1idhead\u00f3ireachta in Iosrael. Ba chuid de shaol soisialta agus reiligi\u00fanda luath-Iosrael agus de na t\u00edortha m\u00e1guaird f\u00e1ithe, gr\u00fapa agus daoine eile ar a dtugta\u00ed \u201cf\u00edsithe\u201d, daoine a fh\u00e9iceann, a bhfuil \u00e9agsulacht aistri\u00fach\u00e1n Gaeilge ar an bhfocal Eabhraise, amhail, \u201cf\u00e9achad\u00f3ir(\u00ed)\u201d, fir feasa, lucht feasa agus mar sin de. Ba dhaoine na f\u00edsithe sin, amhail na f\u00e1ithe f\u00e9in, a measadh go raibh fios, eolas, acu ar ruda\u00ed diamhaire, an saol eile, n\u00f3 cad a bh\u00ed i nd\u00e1n do r\u00edthe agus a leith\u00e9id. Cuireann s\u00e9 an nath Gaeilge, agus an domhan a bhain leis, in gcuimhne d\u00fainn: N\u00edor gh\u00e9illeas riamh do r\u00e1iteas file, f\u00e1idh n\u00f3 draoi. Ag r\u00edthe agus na teampaill bh\u00ed f\u00e1ithe aonair n\u00f3 gr\u00fapa\u00ed f\u00e1ithe, gr\u00fapa ar a dtugadh \u201cmic f\u00e1ithe\u201d, \u201cclann mhac\u201d, a aistr\u00edtear go minic go Gaeilge mar \u201cbr\u00e1ithreas\u201d, n\u00f3 \u201cbr\u00e1ithreachas f\u00e1ithe\u201d. Bh\u00ed a leith\u00e9id de bhr\u00e1ithreachas f\u00e1ithe in Iosrael chomh maith gan baint le r\u00edthe n\u00f3 teampall. F\u00e1ithe le creideamh i nDia Iosrael a bh\u00ed iontu sin. Ach bh\u00ed f\u00e1ithe ag d\u00e9ithe br\u00e9ige, cos\u00fail le B\u00e1l, ann chomh maith. Feinim\u00e9in socheola\u00edochta a bh\u00ed sa bhf\u00e1idhead\u00f3ireacht sin. Bheadh luach a saothair ag dul d\u00f3ibh. N\u00ed raibh glaoch pearsanta \u00f3 Dhia ag na f\u00e1ithe aonair. Th\u00e1inig athr\u00fa bun\u00fasach i stair na f\u00e1idhead\u00f3ireachta nuair a ghlaoigh Dia Iosrael ar dhaoine aonair labhairt ina ainm lena phobal. Bh\u00ed eisp\u00e9ireas faoi leith ag na daoine sin ar Dhia. Seasann Am\u00f3s ag t\u00fas na gluaiseachta nua seo in Iosrael. B\u00edodh gur \u00f3 stat an deiscirt, I\u00fada, d\u00f3 glaodh air dul \u00f3 thuaidh go dt\u00ed sanct\u00f3ir r\u00edoga r\u00edthe an tuaiscirt le f\u00f3gairt i sanct\u00f3ir r\u00edoga B\u00e9it\u00e9il go raibh Dia le pion\u00f3s dian a ghearradh ar r\u00edocht an tuaiscirt de bharr a neamhaird ar dhl\u00ed D\u00e9. Duirt an sagart Amasia, a bh\u00ed i bhfeighil an teampaill, le Am\u00f3s filleadh ar I\u00fada (ar son a shabh\u00e1ltacta f\u00e9in, b\u2019fh\u00e9idir). De bhr\u00ed go raibh an t\u00e9arma f\u00e1idh d\u00e9bhr\u00edoch, sh\u00e9an Am\u00f3s gurbh fh\u00e1idh gairmi\u00fail, n\u00f3 mac f\u00e1idh mar bhall de bhr\u00e1ithreas f\u00e1ithe, \u00e9, le ceart aige \u00edoca\u00edocht a fh\u00e1il d\u00e1 sheirbh\u00eds\u00ed. Bh\u00ed s\u00e9 deimhin de go raibh glaoch \u00f3 Dhia aige le briathar D\u00e9 a fh\u00f3gairt gan sc\u00e1th, gan eagla, agus chun tairngir le pobal Iosrael. Seasann Am\u00f3s ag t\u00fas ghluaiseacht f\u00edor-fh\u00e1idhead\u00f3ireachta a mbeidh buaic aici ag Eoin Baiste (\u201cn\u00edos m\u00f3 na f\u00e1idh\u201d) agus ag \u00cdosa, misean f\u00e1idhead\u00f3ireacta leanfaidh ar aghaidh san Eaglais.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Salm le Freagra (Salm 84[85]). Taispe\u00e1in d\u00fainn, a Thiarna, do thr\u00f3caire agus tabhair d\u00fainn do shl\u00e1n\u00fa.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>Dara L\u00e9acht (Eifisigh 1:3-14). Roimh th\u00fas\u00fa an domhain roghnaigh Dia sinn<\/strong>. Seo \u00ed an ch\u00e9ad cheann i sraith l\u00e9achta\u00ed don Domhnach as an Litir chuig na hEifisigh. Scr\u00edobhadh an litir seo go pearsanta ag P\u00f3l, n\u00f3 ar a laghad t\u00e1 a mhisean agus a theagasc ag sn\u00ed tr\u00edthi. Labhra\u00edonn an t-\u00fadar mar Ghi\u00fadach a fh\u00e9iceann an d\u00e1 phobal Gi\u00fadach agus neamh-Ghi\u00fadach agus Gintl\u00ed aontaithe le ch\u00e9ile mar aon chlann amh\u00e1in i gCr\u00edost. I bhf\u00edor-thosach na litreach \u00e1ille seo tugann an scr\u00edbhneoir chun cuimhne d\u00ednit na gairme at\u00e1 ag Cr\u00edostaithe, gairm a fheictear uirthi mar chur i ngn\u00edomh don phlean a bh\u00ed ag Dia sul ar crutha\u00edodh an domhan. Cuirtear plean D\u00e9 seo i l\u00e1thair mar r\u00fandiamhair, folaithe tr\u00edd an stair s\u00edos, agus eolas le cur uirthi tr\u00ed fhoilsi\u00fa amh\u00e1in. D\u00fairt \u00cdosa lena dheisceabail go raibh r\u00fandiamhair r\u00edocht D\u00e9 tugtha d\u00f3ibh (Marcas 4:11; L\u00fac\u00e1s 8:18), nithe a bh\u00ed ceilte ar lucht eagna agus \u00e9irime agus foilsithe do chreidmhigh shimpli (Matha 11:25; L\u00fac\u00e1s 10:21). T\u00e1 \u00e9irim na r\u00fandiamhaire seo soil\u00e9irithe i dt\u00e9acs \u00e1lainn an lae inniu: Nocht Dia d\u00fainn r\u00fan a thola \u2013 an sc\u00e9im a bh\u00ed leagtha amach aige \u00f3 th\u00fas lena chur in gcr\u00edch i gCriost nuair bheadh an t-ion\u00fa, an t-am cu\u00ed, tagtha \u2013 mar at\u00e1, gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt faoi cheannas Chr\u00edost. De bharr na h\u00e1ite at\u00e1 aici mar sheirbh\u00edseach don r\u00fandiamhair seo, agus de thoisc a misin f\u00e9in, n\u00ed m\u00f3r don Eaglais idir \u00fadar\u00e1is agus creidmhigh uile, l\u00e1nmhuin\u00edn a bheith acu faoi chomhl\u00edonadh sc\u00e9ime seo D\u00e9 in am tr\u00e1 D\u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Soisc\u00e9al (Marcas 6:7-13).<\/strong> Thosaigh s\u00e9 \u00e1 gcur amach. Sa soisc\u00e9al f\u00e9in tagann an sliocht seo d\u00edreach tar \u00e9is l\u00e9achta an Domhnaigh seo caite ina dhiultaigh muintir a bhaile f\u00e9in Nasarat glacadh le h\u00cdosa agus inar thug \u00cdosa mar fhreagra orthu nach mb\u00edonn f\u00e1idh faoi neamhchion ach amh\u00e1in ina dh\u00faiche f\u00e9in agus i measc a ghaolta f\u00e9in agus ina theaghlach f\u00e9in. Gan \u00e9 a chur go foscailte, bh\u00ed \u00cdosa \u00e1 ghlacadh leis f\u00e9in mar fh\u00e1idh. Ach n\u00ed hionann di\u00falt\u00fa i Nasarat agus deireadh an sc\u00e9il. Leanfaidh misean f\u00e1idhi\u00fail \u00cdosa ar aghaidh agus i l\u00e9acht an lae inniu seolann \u00cdosa an D\u00e1r\u00e9ag (aspal) amach don mhisean sin agus lena \u00fadaras f\u00e9in le heasl\u00e1in a leigheas agus aithr\u00ed a fh\u00f3gairt do mhaithi\u00fanas na bpeaca\u00ed. Bh\u00ed sli bheatha na misin\u00e9ir\u00ed le bheith thar a bheith simpl\u00ed, ag teacht leis an misean a bh\u00ed acu. Na sonra\u00ed a tugtar sa l\u00e9acht maidir le \u00e9adach, l\u00f3ist\u00edn, easpa airgid agus a leith\u00e9id\u00ed, d\u2019oirfeadh sin do roinnt seanm\u00f3irithe taistil sa Ghail\u00edl ach n\u00edor leanadh leis ag luath-seanm\u00f3irithe uile an tSoisc\u00e9il, b\u00edodh gur spreag an tsimpl\u00edocht a bhain leis naoimh agus bunaitheoir\u00ed ord rialta n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, amhail San Proinsias agus a lucht lean\u00fana. Ach n\u00ed m\u00f3r a r\u00e1 gur dleathach an tuiscint taobh thiar den t\u00e9acs seo do gach aois: n\u00ed fol\u00e1ir sl\u00ed mhaireacht\u00e1la chl\u00e9ir na hEaglaise a bheith simpl\u00ed, ag teacht le sampla agus teagasc Chr\u00edost \u2013 f\u00edrinn\u00ed a leagann an P\u00e1pa Proinsias b\u00e9im orthu.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Eaglais mar phobal f\u00e1idhi\u00fail.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Faoi mar a bh\u00ed ag t\u00fas ghluaiseacht na f\u00e1idhead\u00f3ireachta in Iosrael, deirtear faoi dhaoine aonair n\u00f3 faoi ghr\u00fapa\u00ed go bhfuil siad f\u00e1idhi\u00fail, nuair is \u00e9 a bh\u00edonn i gceist go bhfuil siad fadbhreathnach n\u00f3 le cumas plean\u00e1il chun tosaigh. T\u00e1 r\u00f3l i gciall n\u00edos doimhne n\u00e1 sin ag an Eaglais, ag pobal D\u00e9, de bhr\u00ed go leanann s\u00ed ar aghaidh ag tabhairt fianaise sa domhan do fhoilsi\u00fa r\u00fandiamhair r\u00edocht D\u00e9. Cuireann Comhairle na Vatac\u00e1ine sin i gcuimne d\u00fainn sa doicim\u00e9id ar an Eaglais (alt 12): \u201cT\u00e1 pobal naofa D\u00e9 p\u00e1irteach chomh maith i bhfeidhm fh\u00e1idhi\u00fail Chr\u00edost: leathann s\u00ed amach fianaise bheo d\u00f3, go m\u00f3r m\u00f3r le beatha chreidimh agus ghr\u00e1, agus ag ofr\u00e1il \u00edobairt bhuanmholta chun D\u00e9 tr\u00ed \u00cdosa Cr\u00edost, is \u00e9 sin le r\u00e1 briathtra a mb\u00e9il ag moladh a ainm\u201d. T\u00e1 athinsint ar sin i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed (ailt 783, 785). \u201cT\u00e1 \u00cdosa Cr\u00edost ungtha ag an Athair leis an Spiorad Naomh agus ceaptha aige na \u2018shagart, f\u00e1\u00eddh agus r\u00ed\u2019. T\u00e1 pobal D\u00e9 go hioml\u00e1n p\u00e1irteach sna tr\u00ed feidhmeanna seo de chuid Chr\u00edost agus t\u00e1 orthu an fhreagracht ch\u00e9anna misi\u00fana\u00edochta agus seirbh\u00edse a eascra\u00edonn uaidh sin. \u2026 T\u00e1 pobal naofa D\u00e9 p\u00e1irteach freisin i bhfeidhm fh\u00e1idhi\u00fail Chr\u00edost. Is amhlaidh d\u00f3 go h\u00e1irithe de bharr na tuisceana osn\u00e1d\u00fartha is toradh ar an chreideamh agus a ghabhann leis an Phobal uile, idir chl\u00e9ir agus thuath, nuair a \u2018chlo\u00edonn s\u00e9 go do-theipthe leis an chreideamh a seacadadh chuig na f\u00edr\u00e9in den aon uair amh\u00e1in go deo\u2019, ag doimhni\u00fa na tuisceana at\u00e1 acu air agus iad ina bhfinn\u00e9ithe ar son Chr\u00edost os comhair an domhain\u201d.<br>Is f\u00e9idir leis an creidmheach aonair agus an Eaglais go l\u00e9ir, pobal D\u00e9, inspior\u00e1d a ghlacadh faoin misean f\u00e1idhi\u00fail \u00f3 na f\u00e1ithe amhail Am\u00f3s, le bheith deimhin de tr\u00ed bhronntanas an chreidimh go bhfuil siad glaoite ag Dia le fianaise a thabhairt do Chr\u00edost tr\u00ed bheatha Chriosta\u00ed. Is f\u00e9idir leo teacht ar fhoilsi\u00fa na r\u00fandiamhaire sin agus d\u00ednit na beatha i gCr\u00edost faoi mar at\u00e1 siad curtha chomh h\u00e1lainn sin in\u00e1r l\u00e1thair sa Litir chuig na hEifisigh. F\u00e9adann siad freisin tabhairt chun cuimhne faoi mar a rinne \u00cdosa, tar \u00e9is d\u00e1 mhuintir f\u00e9in an t-eiteachas a thabhairt d\u00f3 i Nasarat, a chuid aspal a sheoladh amach le r\u00edocht D\u00e9, agus gach a bhaineann lei, a fh\u00f3gairt.<br>Maidir le agallamh le ceisteanna \u00e1r lae f\u00e9in, n\u00ed dochar na f\u00edrinn\u00ed seo thuas a thabhairt chun cuimhne. D\u2019fh\u00e9adfadh a leith\u00e9id d\u2019agallamh a bheith ag baint le c\u00farsa\u00ed saolta, tuata, i domhan at\u00e1 ag s\u00edor-\u00e9ir\u00ed n\u00edos saolta, gan m\u00f3r\u00e1n \u00e1ite ann do ch\u00farsa\u00ed diaga n\u00f3 creidimh n\u00e1 na h\u00e9ilimh a dh\u00e9anann teachtaireacht Chr\u00edost faoi r\u00edocht D\u00e9 agus faoi r\u00fandiamhair shl\u00e1n\u00fa an chine dhaonna lena mbaineann s\u00ed. D\u2019fh\u00e9adfadh an creideamh Cr\u00edosta\u00ed seo cothtrama\u00edocht a thabhairt isteach in agallamh d\u00e1 leith\u00e9id.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1080,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1564","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1564","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1564"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1564\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1565,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1564\/revisions\/1565"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1080"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1564"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1564"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1564"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}