{"id":1576,"date":"2021-07-20T08:00:00","date_gmt":"2021-07-20T08:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1576"},"modified":"2021-06-11T08:01:06","modified_gmt":"2021-06-11T08:01:06","slug":"25-iuil-2021-b-an-seachtu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1576","title":{"rendered":"25 I\u00fail 2021 (B) An Seacht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n
Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla
leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC
A.\u00a0\u00a0 \u00a0L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed
B.\u00a0\u00a0 \u00a0An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/p>\n\n\n\n
A.    L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/strong><\/p>\n\n\n\n
C\u00e9ad L\u00e9acht (2 R\u00edthe 4:42-44). \u00cdosfaidh siad agus beidh fu\u00edoll f\u00e1gtha acu.
Ins\u00edonn an t\u00e9acs gairid seo faoi mar ar thug an f\u00e1idh Elisea (comharba don fh\u00e1idh \u00c9ilias) bia le hithe go m\u00edor\u00failteach do ch\u00e9ad fear as ar\u00e1n as fiche buil\u00edn eorna agus arbhar \u00far i ndias, a rinneadh de na ch\u00e9adthortha\u00ed. Roghna\u00edtear an l\u00e9acht \u00e1irithe seo do liot\u00fairge an Domhnaigh seo le dul leis an soisc\u00e9al in a dh\u00e9anann \u00cdosa c\u00faig bhuil\u00edn eorna a
iolr\u00fa le bia a thabhairt do thimpeall c\u00faig mh\u00edle duine. Ina shu\u00edomh bunaidh sa tSeantiomna is cuid an l\u00e9acht seo den mh\u00edr ar a dtugtar \u201cSraith Elisea\u201d (2 R\u00edthe2:19-8:15). Baili\u00fachan de sc\u00e9alta agus de sheanchas at\u00e1 sa tsraith seo a chuireann s\u00edos ar an mbaint a bh\u00ed ag Elisea le c\u00farsa\u00ed polit\u00edochta (nach raibh i gc\u00f3na\u00ed thar moladh beirte) agus na m\u00edor\u00failt\u00ed a rinne s\u00e9. An tSraith seo Elisea, mar an ceann eile a bhain le \u00c9ilia (1 Rithe 17-19; 21; 2 R\u00edthe 1:1-2:18) is cos\u00fail go rabhadar ag dul timpeall mar aonaid neamhsple\u00e1cha sul ar chuir eagarth\u00f3ir\u00ed isteach iad sna h\u00e1iteanna ina bhfuil siad anois i Leabhair na R\u00edthe. Bh\u00ed \u00c9ilias agus Elisea gn\u00edomhach den chuid is m\u00f3 de i R\u00edocht an Tuaiscirt (Iosrael), seachas R\u00edocht D\u00e1iv\u00eddeach an Deiscirt (I\u00fada). An logainm B\u00e1l-sealise\u00e1 a luaitear i dt\u00fas na l\u00e9achta bh\u00ed s\u00e9 thart ar dheich m\u00edle (s\u00e9 d\u00e9ag cilim\u00e9adar) \u00f3n tSam\u00e1ir, an phr\u00edomhchathair (l\u00e1mh le Nablus an lae inniu).<\/p>\n\n\n\n
Salm le Freagra (Salm 144[145]). Oscla\u00edonn t\u00fa do l\u00e1mh, a Thiarna, agus s\u00e1sa\u00edonn t\u00fa sinn.
Dara L\u00e9acht (Eifisigh 4:1-6). Aon chorp amh\u00e1in, aon Tiarna amh\u00e1in, aon chreideamh amh\u00e1in ahus aon bhaisteadh amh\u00e1in.<\/p>\n\n\n\n
An litir seo chuig na hEifisigh scr\u00edobhadh \u00ed ag P\u00f3l f\u00e9in, n\u00f3 ag duine \u00e9igin eile le spiorad an aspail sin go tr\u00e9an istigh ann. Cuireann s\u00e9 t\u00fas leis an litir ag meabhr\u00fa d\u00e1 l\u00e9itheoir\u00ed an d\u00ednit at\u00e1 acu mar chreidmhigh i gCr\u00edost. Rinneadh r\u00fandiamhra na r\u00edochta a nochtadh d\u00f3ibh. Is \u00ed \u00e9irim na r\u00fandiamhaire seo n\u00e1 sc\u00e9im D\u00e9 gach rud a thabhairt le ch\u00e9ile faoi cheannas Chr\u00edost, gach a bhfuil ar neamh agus gach a bhfuil ar talamh. Tr\u00ed bh\u00e1s Chr\u00edost chuir Dia deireadh leis an deighilt idir Ghi\u00fadach agus Gintl\u00ed, neamh-Ghi\u00fadach, leis an cine daonna go l\u00e9ir a thabhairt le ch\u00e9ile sa chreideamh i gCr\u00edost agus san Eaglais. An litir seo chuig na hEifisigh a scr\u00edobhadh faoi ainm Ph\u00f3il, seoladh \u00ed go dt\u00ed an Eaglais tr\u00e1th nuair a bhain an deighilt idir Gh\u00edudach agus neamh-Ghi\u00fadach le r\u00e9 a bh\u00ed thart, agus go raibh an Eaglais ag tabhairt aghaidh ar r\u00e9 \u00far ina raibh aontacht sna buntr\u00e9ithe riachtanach, sa chreideamh agus i gcleachtadh an chreidimh. Bh\u00ed tuiscint anois ag an Eaglais ar an misean domhanda a bh\u00ed aici, gurbh \u00ed sacraimint uilechoiteann an tsl\u00e1naithe agus r\u00fandiamhair aontacht an chine dhaonna le Dia. Ach n\u00ed f\u00e9idir gn\u00edomh sl\u00e1naithe Chr\u00edost agus foilsi\u00fa mh\u00f3r-r\u00fandiamhair D\u00e9 a chur chun cinn ach le freagra lucht lean\u00fana Chr\u00edost tr\u00ed bheatha ag teacht leis an r\u00fandiamhair sin. I sliocht an lae inniu baineann P\u00f3l feidhm as a ghairm agus a \u00fadar\u00e1s mar aspal, agus as a bhfuil fulaingthe aige ar son Chr\u00edost, le imp\u00ed ar a l\u00e9itheoir\u00ed agus ar an Eaglais in gcoitinne maireacht\u00e1il d\u00e1 r\u00e9ir sin, i dtosach b\u00e1ire ag \u00e1ireamh na tr\u00e9ithe at\u00e1 inmhianaithe, n\u00f3 riachtanach b\u00e1 ch\u00f3ra a r\u00e1, do phobal Cr\u00edosta\u00ed leis an aontacht sa Spiorad, faoi cheangal na s\u00edoch\u00e1na, a bheith acu. T\u00e1 gach a bhfuil san Eaglais ag gairm chun na haontachta: n\u00edl ann ach aon Tiarna amh\u00e1in, \u00cdosa Cr\u00edost, aon chreideamh amh\u00e1in, aon bhaisteadh amh\u00e1in. N\u00ed su\u00e1ilce diagachta an chreidimh at\u00e1 i gceist anseo, ach dearbh\u00fa an chreidimh, mar a dh\u00e9antar sa bhaisteadh. Pas beag n\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa litir beidh tr\u00e1cht ar chorp Chr\u00edost a th\u00f3g\u00e1il mar theach, go dt\u00ed go mbeimid go l\u00e9ir tagtha chun aontacht chreidimh agus gan a bheith d\u00e1r gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc d\u00e1 s\u00e9ideann (4:13-14).<\/p>\n\n\n\n
An Soisc\u00e9al (Eoin 6:1-15). Roinn \u00cdosa oiread agus ab \u00e1il leo ar na daoine agus iad ina su\u00ed.<\/p>\n\n\n\n
I liot\u00fairge Aifreann an Domhnaigh seo \u00ed bliain B, bliain Mharcais. Seachas eisceacht amh\u00e1in, t\u00e1 na l\u00e9achta\u00ed don Soisc\u00e9al t\u00f3gtha as Soisc\u00e9al Mharcais. L\u00e9acht an Domhnaigh seo caite as Marcas (Marcas 6:30-34) d\u2019inis s\u00e9 faoi mar ar ghlac \u00cdosa trua don slua mar go raibh siad mar a bheadh caoraigh gan aoire agus thosaigh s\u00e9 ag m\u00faineadh m\u00f3r\u00e1n nithe d\u00f3ibh. I soisc\u00e9al Mharcais, seo \u00e9 an su\u00edomh don chuntas faoi mh\u00edor\u00failt \u00cdosa ag iolr\u00fa an ar\u00e1in (Marcas 6:35-44): m\u00edor\u00failt a rinneadh i gcr\u00edocha Gi\u00fadacha ar an dtaobh thiar den Iord\u00e1in. I soisc\u00e9al Mharcais beidh an dara cuntas ann faoi iolr\u00fa buil\u00edn\u00ed (Marcas 8:1-10), ach i gcr\u00edch neamh-Gh\u00edudach, Ghintl\u00ed, agus go luath ina dhiaidh sin i Soisceal Mharcais (8:14-21) t\u00e1 sliocht craptha, le leideanna agus sliocht deacair le tuiscint do l\u00e9itheoir\u00ed an lae inniu. T\u00e1 tr\u00e1cht sa sliocht seo ar m\u00edthuiscint\u00ed dheisceabal \u00cdosa faoin gciall cheart a bhaint as an ar\u00e1n agus na buil\u00edn\u00ed sna cuntais faoi iolr\u00fa an ar\u00e1in agus na mbuil\u00edn\u00ed. C\u00e1ineann \u00cdosa na deisceabail go g\u00e9ar faoin easpa tuisceana at\u00e1 acu faoin ar\u00e1n agus na buil\u00edn\u00ed. Is \u00ed seo an t-aon \u00e1it i Marcas ina mbaintear \u00fas\u00e1id as an t\u00e9arma \u201car\u00e1n\u201d taobh amuigh de Marcas 14:22, in ord\u00fa na hEocairiste, mar a deir \u00cdosa gurbh \u00e9 an t-ar\u00e1n a chorp. Nuair a luaitear ar\u00e1n agus buil\u00edn\u00ed sa sliocht seo, seans gur tagairt d\u2019aon ghn\u00f3 at\u00e1 ann don Eocairist, agus b\u2019fh\u00e9idir go dtugann s\u00e9 le f\u00edos go raibh machnamh agus diosp\u00f3ireacht taobh istigh den eaglais inar cumadh Marcas agus c\u00e1ineadh ann ar roinnt bhall den phobal sin n\u00e1r thug suntas do bhr\u00edonna iomad\u00fala mh\u00edor\u00failt\u00ed iolr\u00fa an ar\u00e1in agus gurb \u00e9 \u00cdosa Cr\u00edost an f\u00edor-ar\u00e1n a bh\u00ed le Gi\u00fadaigh agus Gintlithe a aont\u00fa in aon phobal amh\u00e1in. D\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 bheith gur fh\u00e9achadh ar an Eocairist i bpobal sin Mharcais go pr\u00edomha mar cheili\u00faradh chumhacht agus l\u00e1ithreacht D\u00e9 seachas com\u00f3radh ph\u00e1is, bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed \u00cdosa. Ar aon chuma taispe\u00e1nann t\u00e9acs seo Mharcais, de r\u00e9ir dealraimh, go raibh ciall agus br\u00ed na hEocairiste, an ar\u00e1in, mar \u00e1bhar machnaimh ann go han-luath san Eaglais, machnamh a thugann \u00cdosa cuireadh d\u00fainn a dh\u00e9anamh.
Baineann an m\u00e9id seo le cuntais Shoisc\u00e9al Marcais faoi mh\u00edor\u00failt iolr\u00fa an ar\u00e1in. I liot\u00fairge na bliana seo tugann an Eaglais cuireadh d\u00fainn machnamh den d\u00f3igh ch\u00e9anna a dh\u00e9anamh. In ionad t\u00e9acs Mharcais den mh\u00edor\u00failt, le c\u00faig v\u00e9arsa d\u00e9ag, san Aifreann don ch\u00faig Dhomhnach seo chugainn beidh malairt Shoisc\u00e9il againn, leis na l\u00e9achta\u00ed t\u00f3gtha a Soisc\u00e9al Eoin (Eoin 6:1-71), le seacht\u00f3 a haon v\u00e9arsa. Tabharfaidh na l\u00e9achtai sin cuntas ar an m\u00edor\u00failt f\u00e9in agus aitheasc \u00cdosa air f\u00e9in mar ar\u00e1n na beatha. Tabharfaidh \u00cdosa aird n\u00edos d\u00e9ana\u00ed ar na c\u00faiseanna a spreag an slua m\u00f3r (na m\u00edor\u00failt\u00ed, \u201ccomhartha\u00ed\u201d) \u00e9 a lean\u00faint.
T\u00e1 cuma r\u00e9amhr\u00e1 d\u00f3 sin i l\u00e9acht an lae inniu ina dtugtar an su\u00edomh don aitheasc a bheidh ann sna l\u00e9achta\u00ed a leanann \u00e9. N\u00edl s\u00e9 soil\u00e9ir cad is br\u00ed le \u201canonn thar farraige na Gail\u00edle\u201d (\u201can taobh thall den Mhuir\u201d), go dt\u00ed an taobh thoir n\u00f3 taobh thiar, mar n\u00ed luaitear an \u00e1it in a raibh \u00cdosa roimhe sin. Togfaidh \u00cdosa aird n\u00edos d\u00e9ana\u00ed ar na c\u00faiseanna a spreag an slua m\u00f3r \u00e9 a lean\u00faint (na m\u00edor\u00failt\u00ed, \u201ccomharthai\u201d, a bh\u00ed d\u00e9anta aige). An tagairt don sliabh agus \u00cdosa agus na deisceabail ina su\u00ed, t\u00e1 siad sin ag teacht lena bhfuil in \u00e1iteanna eile sna soisc\u00e9il faoi \u00cdosa ag teagasc. N\u00ed de thaisme \u00e9 go bhfuil an tagairt do \u201cfh\u00e9ile na nGi\u00fadach\u201d a bheith in achmaireacht ann, n\u00e1 n\u00ed cl\u00e1r ama is c\u00fais leis. Is cuid de phlean an tsoisc\u00e9il seo \u00e9 go bhfuil \u00cdosa le athmhini\u00fa ar fh\u00e9ilte agus laethanta beannaithe na nGi\u00fadach a thabhairt: n\u00edos luaithe an tSab\u00f3id (5:1-18); anseo, an Ch\u00e1isc, sa ch\u00e9ad mh\u00ed Ghi\u00fadach; n\u00edos d\u00e9ana\u00ed F\u00e9ile na dTaibearnacal (Eoin 7:1-8:59) sa seacht\u00fa m\u00ed, ansin F\u00e9ile na Toirbhearta (Eoin 10:22-42) sa nao\u00fa m\u00ed. Chom\u00f3ir an Ch\u00e1isc an t-imeacht \u00f3n \u00c9igipt, an fh\u00e1na\u00edocht san fh\u00e1sach, an mana, brontannas an Dl\u00ed, iad sin go l\u00e9ir mar aon le cuimhne Mhaois, an ceannaire agus an reacht\u00f3ir a thug d\u00f3ibh an Dl\u00ed. T\u00e1 macalla\u00ed l\u00e1idre den Suip\u00e9ar D\u00e9anach agus de ord\u00fa na hEocairiste le moth\u00fa i gcuntas Eoin ar mh\u00edor\u00failt iolr\u00fa na mbuil\u00edn\u00ed: t\u00f3gaint na mbuil\u00edn\u00ed ina l\u00e1mh ag \u00cdosa, alt\u00fa (gabh\u00e1il bu\u00edochais), \u00cdosa f\u00e9in ag roinnt an bhia ar an tslua. (Sna cuntais sna Soisc\u00e9il eile is iad na deisceabail a dh\u00e9anann an roinnt.)<\/p>\n\n\n\n
B.    An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae. An Eocairist: Cuimhneach\u00e1n ilghn\u00e9itheach ar \u00cdosa agus d\u00e1 sheasann s\u00e9.<\/strong><\/p>\n\n\n\n
I gcuntas Ph\u00f3il ar ord\u00fa na hEocariste, tar \u00e9is choisreacan an ar\u00e1in agus an fh\u00edona d\u00fairt \u00cdosa: \u201cIs \u00e9 seo mo chorp \u2026 Is \u00e9 an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola. D\u00e9anaig\u00ed \u00e9 seo mar chuimhne orm\u201d (1 Corantaigh 11:23-25). De bharr na mbriathra seo, ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, maidir leis an gcuimhne i gceist, ba, agus is, ar bh\u00e1s, aiseir\u00ed agus deascabh\u00e1il \u00cdosa go deasl\u00e1mh an Athar \u00e9. Cuimhn\u00edonn na f\u00edr\u00e9in air seo, agus i ngach Aifreann tar \u00e9is an choisreacain tugann an ceili\u00fara\u00ed chun cuimhne iad in urna\u00ed go Dia an tAthair.
Ach mar sin f\u00e9in tugann an Eocairist chun cuimhne gach ar sheasann beatha agus b\u00e1s \u00cdosa d\u00f3: na b\u00e9il\u00ed a ghlac s\u00e9 leo si\u00fad ar an imeall, iolr\u00fa na mbuil\u00edn\u00ed chun bia a thabhairt do ocraigh, a ch\u00faram d\u00f3ibh si\u00fad a bh\u00ed caillte agus faoi m\u00edthreoir sa saol; a theachtaireacht agus teagasc a raibh mar aidhm acu br\u00ed agus treoir a thabhairt do shaol duine abhus; a ch\u00faram go maireadh daoine le ch\u00e9ile go s\u00edoch\u00e1nta agus go mbeadh acu a bhfuil riachtanach chuige sin.
T\u00e1 l\u00e1ithreacht Chr\u00edost l\u00e1rnach don Eocairist, a l\u00e1ithreacht r\u00e9alta. Cuireann Caitlicigh b\u00e9im ar L\u00e1ithreacht R\u00e9alta \u00cdosa san Eocairist, i dtaisce sa taibearnacal. Ach tugann an Eocairist chun cuimhne go bhfuil \u00cdosa i l\u00e1thair go f\u00edor i ngach cor den saol agus i ngach g\u00e9arch\u00e9im, faoi mar a bh\u00ed s\u00e9 leis na haspail, sa bh\u00e1d i rith na stoirme, in iolr\u00fa na mbuil\u00edn\u00ed, agus in \u00f3c\u00e1id\u00ed eile.
Ionann an Eocairist, agus tugann s\u00e9 chun cuimhne, gurbh \u00e9 \u00cdosa f\u00edor-ar\u00e1n na beatha. Th\u00e1inig s\u00e9 in\u00e1r measc mar ar\u00e1n na beatha, chun beatha a thabhairt agus chun \u00ed a thabhairt go fial.
Baineann an Eocairist le beatha a chaitheamh mar phobal, i gcomaoin le Cr\u00edost agus lena ch\u00e9ile \u2013 le t\u00e9ama na Comhdh\u00e1la Eocairist\u00ed i mBaile \u00c1tha Cliath le deireanas a lua.
Cro\u00edl\u00e1r beatha phobal na h\u00c9ireann thar na blianta ab ea an tAifreann. Gurbh amhlaidh a bheidh s\u00e9 amach romhainn, ag tabhairt deis d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh, ina bhfuil \u00cdosa i l\u00e1thair ag labhairt linn faoi mar ar labhair s\u00e9 fad\u00f3 sa Ghail\u00edl leis na sluaite a bh\u00ed mar chaoirigh gan aoire, ag m\u00faineadh m\u00f3r\u00e1n nithe d\u00f3ibh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"
Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSCA.\u00a0\u00a0 \u00a0L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB.\u00a0\u00a0 \u00a0An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: A.    L\u00e9achta\u00ed … <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1147,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1576","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1576","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1576"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1576\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1577,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1576\/revisions\/1577"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1147"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1576"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1576"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1576"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}