{"id":1578,"date":"2021-07-27T08:01:00","date_gmt":"2021-07-27T08:01:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1578"},"modified":"2021-06-11T08:03:05","modified_gmt":"2021-06-11T08:03:05","slug":"1-lunasa-2021-b-an-tochtu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1578","title":{"rendered":"1 L\u00fanasa 2021 (B) An tOcht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<ol><li><em>B.<\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Treoir cheart agus mh\u00edcheart don bheatha.<\/em><\/li><\/ol><\/li><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Exodus 16:2-4, 12-15). <em>Fearfaidh m\u00e9 ar\u00e1n anuas \u00f3 neamh daoibh.<\/em> Cuireann an l\u00e9acht seo s\u00edos ar na hiontais a rinne an Tiarna d\u00e1 phobal Iosrael le linn a dturais \u00f3n \u00c9igipt go T\u00edr Tairngire. Bonn m\u00f3r l\u00fach\u00e1ire d\u00f3ibh an tsaoirse \u00f3 dhaorbhroid na h\u00c9igipte. Ach bh\u00edodar anois san \u201cfh\u00e1sach\u201d. N\u00ed gaineamhlach, gan ann ach gaineamh, a bh\u00ed i gceist ach sort steip, gan ann ach f\u00e1sra gann. An tr\u00e9imhse seo san fh\u00e1sach \u00f3c\u00e1id a bh\u00ed ann le hIosrael a phromhadh lena fh\u00e1il amach an mbeidis d\u00edlis don Tiarna a rinne iad a shaoradh \u00f3n \u00c9igipt agus a bh\u00ed leis f\u00e9in a fhoilsi\u00fa d\u00f3ibh i sl\u00ed n\u00edos doimhne f\u00f3s. Deir an sliocht seo gur chrom siad ag \u201cmonabhar\u201d, ag canr\u00e1n go cantalach. Bh\u00edodar ag casaoid faoin easpa bia chirt, a mhalairt d\u00e1 raibh acu san \u00c9igipt. Shol\u00e1thair Dia dh\u00e1 mh\u00edor\u00failt d\u00f3ibh, na gearga um tr\u00e1thn\u00f3na agus an ceann eile, an manna, ar maidin. Is \u00e9an imirce an ghearga, a bhfuil aithne mhaith uirthi mar \u00e9an agus a dh\u00e9anann eitilt go m\u00f3r m\u00f3r san o\u00edche. Maidir le manna de, is t\u00e1l \u00e9 a thagann i gcoda beaga m\u00edlse \u00f3n gcrann tamaraisc i m\u00edonna an Mheithimh agus na Bealtaine, agus is f\u00e9idir \u00e9 a ithe. Nuair a chonnaic na hEabhraigh \u00e9 chuireadar an cheist: \u201cCad \u00e9 seo?\u201d, as Eabhrais <em>man hu<\/em>, agus as sin tagann an t-ainm manna. An mh\u00edor\u00failt d\u2019Iosrael n\u00e1 an m\u00e9id de a bh\u00ed ar f\u00e1il agus toisc go raibh teacht air an bhliain go l\u00e9ir. Cruth\u00fanas na mior\u00failt\u00ed ar ch\u00faram D\u00e9 ar a phobal canr\u00e1nach sa tsl\u00ed d\u00f3ibh i dtrialacha an fh\u00e1saigh. T\u00e1 an cuntas seo mar ch\u00falra d\u2019aitheasc \u00cdosa faoi f\u00e9in mar ar\u00e1n na beatha, agus a lucht lean\u00faina \u201cag monabhar\u201d (Eoin 6:41, 43, 52, 61) agus \u00cdosa \u00e1 chuir f\u00e9in i l\u00e1thair mar ar\u00e1n f\u00edrinnach na beatha a thagann anuas \u00f3 neamh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 77[78]). <em>Thug an Tiarna d\u00f3ibh ar\u00e1n \u00f3 neamh.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Eifisigh 4:17, 20-24). <em>Gabhaig\u00ed chugaibh meon \u00farnua a crutha\u00edodh in \u00edomh\u00e1 D\u00e9. <\/em>An l\u00e9acht seo is m\u00edr thosaigh \u00ed de roinn fhada (Eifisigh 4:17-5:20) de aitheasc ina spreagann an t-\u00fadar iad si\u00fad a chreideann i gCr\u00edost beatha a chaitheamh de r\u00e9ir na gairme a fuair siad uaidh. Sa l\u00e9acht seo d\u00e9anann P\u00f3l, n\u00f3 scr\u00edbhneoir n\u00edos d\u00e9ana\u00ed faoi spiorad Ph\u00f3il, codarsnacht idir an ghairm Chriosta\u00ed agus an l\u00e9argas pag\u00e1nach faoin bheatha (n\u00f3 easpa l\u00e9arghais) m\u00f3r timpeall orthu agus roinnt n\u00f3sanna agus cleachta\u00ed pag\u00e1nacha. Molann s\u00e9 d\u00e1 l\u00e9itheoir\u00ed gan ligint d\u00f3ibh f\u00e9in bheith s\u00faite isteach ag an timpeallacht phaganach, ach a mhalairt: bheith deimhin de go bhfuil teachtaireacht acu don timpeallacht phag\u00e1nach sin. Luachanna agus cleachta\u00ed pag\u00e1nacha, n\u00edorbh iad sin an teagasc a fuair siad \u00f3 Chr\u00edost \u2013 n\u00f3 de r\u00e9ir na litre: n\u00ed hamhlaidh a d\u2019fhoglaim siad Cr\u00edost. \u201cCr\u00edost a fhoghlaim\u201d ait an tsl\u00ed lena chur, ach \u00ed l\u00e1n de bhr\u00ed. Is \u00e9 Cr\u00edost eisesaml\u00e1r na beatha Cr\u00edosta\u00ed. Ionann \u201cCr\u00edost a fhoghlaim\u201d agus a thuiscint c\u00e9 h\u00e9 Cr\u00edost d\u00e1irire sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed, bheith mar Chr\u00edost. Rinneadar \u201cCriost a fhoghlaim\u201d sa teagasc a fuair siad faoi Chr\u00edost ag ullmh\u00fa don bhaisteadh d\u00f3ibh, Cr\u00edost mar eiseaml\u00e1ir agus foinse don bheatha Chr\u00edosta\u00ed, agus t\u00e1 an tesagasc sin \u00e1 thabhairt chun cuimhne anois ag P\u00f3l d\u00e1 l\u00e9itheoir\u00ed. Measann \u00fadar na litreach seo go raibh an fh\u00e9inthuiscint agus na mianta pag\u00e1nacha ar strae, mearbhlach agus contrartha don l\u00e9argas Cr\u00edosta\u00ed. Feictear ar an mbeatha Chr\u00edosta\u00ed, a bhfuil an baisteadh in uisce mar shiombal di, mar dhuine nua, mar phearsa nua inmhe\u00e1nach in \u00edomh\u00e1 Chr\u00edost, beatha nua nach m\u00f3r maireacht\u00e1il i naofacht. Is athnuacan inmhe\u00e1nach \u00ed ina cumhacht agus sna aidhmeanna at\u00e1 aici.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed br\u00ed agus \u00e9ifeacht faoi leith ag na briathra seo do l\u00e9itheoir\u00ed tosaigh na litreach seo sa timpeallacht neamh-Chr\u00edosta\u00ed, phag\u00e1nachh, ina raibh siad, ach is f\u00e9idir feidhm a bhaint astu go f\u00f3ill le teachtaireacht do lucht lean\u00fana Chr\u00edost in\u00e1r laethanta f\u00e9in mar a bhfuil go minic timpeallacht at\u00e1 naimhdeach do Chr\u00edost agus don l\u00e9argas Cr\u00edosta\u00ed faoin saol abhus agus thall.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Eoin 6:24-35). <em>An t\u00e9 a thagann chugamsa, n\u00ed bheidh ocras air cho\u00edche, agus an t\u00e9 a chreideann ionamsa, n\u00ed bheidh tart air cho\u00edche.<\/em> Leanann an l\u00e9acht seo ar aghaidh leis an teachtaireacht \u00f3 mh\u00edor\u00failt \u00cdosa in iolr\u00fa na mbuil\u00edni agus na n-iasc a l\u00e9adh san Aifreann an Domhnach seo caite. N\u00edl an v\u00e9arsa tosaigh ar fad soil\u00e9ir maidir leis an \u00e1it, taobh an locha n\u00f3 Mhuir na Gail\u00edle at\u00e1 i gceist. Ar aon chuma is \u00e9 Cafarn\u00e1um an t-ard\u00e1n l\u00e1ir anois d\u2019aitheasc \u00cdosa. B\u00edodh nach nd\u00e9antar tagairt d\u00f3 i dt\u00e9acs seo Shoisc\u00e9al Eoin bh\u00ed iomr\u00e1 ar Cafarn\u00e1um mar an l\u00e1thair ina a rinne \u00cdosa an chuid is m\u00f3 d\u00e1 mh\u00edor\u00failti, agus bheadh breith dhian le tabhairt uirthi de bharr a heaspa creidimh (feic Matha 11:25; L\u00fac\u00e1s 10:15). Mar fhreagra ar an gceist faoi cathain a th\u00e1inig s\u00e9 go Cafarn\u00e1um, ba \u00e9 freagra \u00cdosa n\u00e1 go raibh siad \u00e1 lorg n\u00ed de bhr\u00ed go bhfaca siad comhartha\u00ed (m\u00edor\u00failt na mbuil\u00edn\u00ed) ach go raibh a s\u00e1th acu. Ba sp\u00e9is leo an rud tadhail, \u00e1bhartha, corportha, seachas an bhr\u00ed spiorad\u00e1lta a bh\u00ed sa mh\u00edor\u00failt, sa chomhartha. Ansin d\u00e9anann \u00cdosa an bhr\u00ed a bhaineann le traidisi\u00fan b\u00edobalta an mhanna a mh\u00edni\u00fa d\u00f3ibh sa r\u00e9 nua, sna tosca nua a bh\u00ed tagaithe, is \u00e9 sin le r\u00e1 a mhisean f\u00e9in \u00f3n Athair. Sa t\u00e9acs seo t\u00e1 imirt focal ar th\u00e9arma amh\u00e1in a aistr\u00edtear mar \u201csaothar, saothraigh, obair, d\u00e9anamh\u201d: gan an bia a th\u00e9ann am\u00fa a shaothr\u00fa, ach an bia a mhaireann chun na beatha s\u00edora\u00ed, a thugann Mac an Duine (\u00cdosa f\u00e9in). Chuir an tAthair a sh\u00e9ala air tr\u00edd a mh\u00edor\u00failti, agus cheana ina bhaisteadh. Leanann an imirt focal ar an dt\u00e9arma \u201csaothar, obair\u201d ar aghaidh. Iarrann a lucht \u00e9isteachta air cad t\u00e1 le d\u00e9anamh acu ionas go nd\u00e9anfadh siad oibreacha D\u00e9. Is \u00e9 freagra \u00cdosa n\u00e1 gurbh \u00e9 seo \u201cobair D\u00e9\u201d creidi\u00faint in \u00cdosa a sheol an tAthair uaidh. T\u00e1 codarsnacht anseo anois idir \u201cobair\u201d, \u201csaothar\u201d agus creideamh, glacadh le bronntanas D\u00e9 tr\u00ed \u00cdosa. Ionann \u201cobair D\u00e9\u201d, agus saothr\u00fa D\u00e9 tr\u00edna bhronntanas. N\u00ed obair dhaonna, saothar daonna at\u00e1 i gceist ach saothr\u00fa D\u00e9 a ghlactar tr\u00ed chreideamh in \u00cdosa foinse na beatha. Bronntanas \u00f3 Dhia, agus n\u00ed \u00f3 Mhaois, ab ea an manna. Is \u00e9 ar\u00e1n f\u00edrinneach D\u00e9 n\u00e1 an t-aran, n\u00f3 an T\u00e9 (\u00cdosa, Mac an Duine), a thagann anuas \u00f3 neamh agus a thugann beatha don domhan. Is \u00ed \u00e9irim an aithisc, mar sin, n\u00e1 gur th\u00e1inig \u00cdosa anuas \u00f3 neamh le treo sa bheatha a thabhairt don chine daonna, tr\u00edna theagasc, a phearsa, an Eocairist, agus leis an neart a thabhairt d\u00f3ibh maireacht\u00e1il de r\u00e9ir phlean an Athar in \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><em>B.<\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an lae.<\/em><\/strong><em>Treoir cheart agus mh\u00edcheart don bheatha.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>In aon cheist faoin mB\u00edobla bheith in agallamh le ceisteanna an lae is fi\u00fa d\u00fainn aird a thabhairt ar a bhfuil le r\u00e1 ag an mB\u00edobla f\u00e9in faoi agallamh ar a leith\u00e9id de cheisteanna agus faoi na prionsabail Chr\u00edosta\u00ed a ba ch\u00f3ir a bheith in aon agallamh d\u00e1 leith\u00e9id. T\u00e1 sampla \u00e1lainn againn de sin in aitheasc \u00cdosa faoi f\u00e9in mar ar\u00e1n na beatha (Eoin caibideal 6) agus i mbriathra Ph\u00f3il ag moladh do chreidmhigh conas iad f\u00e9in a iompar i dtimpeallacht phag\u00e1nach, neamh-Chr\u00edosta\u00ed (Eifisigh 4:17, 20-24). T\u00e1 \u00cdosa in agallamh lena chomhmhuintir Ghi\u00fadach f\u00e9in agus baineann aitheasc Ph\u00f3il le cult\u00far na Gr\u00e9ige. T\u00e1 siad araon ar aon aigne faoi seo, go mbaineann an teachtaireacht Chriosta\u00ed (p\u00e9 acu i mb\u00e9al \u00cdosa n\u00f3 sa litir chuig na hEifisigh) le treoir, treoshu\u00edomh, le glacadh ag an phearsa dhaonna go hioml\u00e1n, agus \u00ed d\u00edrithe ar Chr\u00edost agus Cr\u00edost mar l\u00e1rphointe aici, agus a bheith r\u00e9idh do na himpleachta\u00ed go l\u00e9ir a leanann as sin. Le feidhm a bhaint as t\u00e9arma\u00ed r\u00edomhaireachta, tugann creideamh i gCr\u00edost, mar a d\u00e9arf\u00e1, c\u00f3ras r\u00e9amhshocruithe nua; tugann s\u00e9 soil\u00e9ireacht agus deimhne maidir le faoi mar is choir \u00e1r mbeatha Chr\u00edosta\u00ed a chaitheamh. Agus mar is l\u00e9ir uaidh sin, tugann s\u00e9 breith ar luachanna \u00e1irithe den chult\u00far agus den tsocha\u00ed ina mhaireann na creidmhigh.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u00e9anann s\u00e9 sin gan drom l\u00e1imhe a thabhairt do aon chult\u00far faoi leith, ach amh\u00e1in do na codanna de nach bhfuil ag teacht leis an gcreideamh i gCr\u00edost, lena mhisean agus lena theachtaireacht. N\u00ed raibh \u00cdosa frith-Ghi\u00fadach. Fuair s\u00e9 mar oidhreacht agus mhair s\u00e9 cult\u00far agus tradisi\u00fan a phobail, ach th\u00e1inig s\u00e9 leis an oidhreacht agus traidisi\u00fan sin a chlaochl\u00fa, lena athr\u00fa chun feabhais, mar theachtaire a seoladh amach ag Dia a Athair. N\u00ed raibh P\u00f3l in \u00e9adan chultur na Gr\u00e9ige n\u00e1 n\u00edor iarr s\u00e9 ar a eaglais\u00ed di\u00falti\u00fa d\u00e1 shaibhreas. Ag teacht go deireadh a litreach chuig na Filipigh scr\u00edobh s\u00e9 mar seo (Filipigh 4:8-9): \u201cMar fhocal scoir, a bhr\u00e1ithre, b\u00edodh bhur n-aire ar an rud f\u00edor, ar an rud uasal, ar an rud c\u00f3ir, ar an rud naofa, ar an rud meas\u00fail, ar an rud creidi\u00fanach, ar an rud su\u00e1ilceach inmholta. M\u00e1 chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mh\u00fain m\u00e9 daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh n\u00f3 a chonaic sibh m\u00e9 a dh\u00e9anamh, beidh Dia na s\u00edoch\u00e1na libh\u201d. Ach san am c\u00e9anna deir P\u00f3l agus scr\u00edbhneoir\u00ed eile an Tiomna Nua go nd\u00e9anann iomp\u00fa chun Chr\u00edost agus an baisteadh briseadh glan leis an s\u00f3rt saoil a chaitheadh roimhe sin muna bhfuil sin ag teacht leis an gcreideamh i gCr\u00edost. I litreacha Ph\u00f3il, agus i scr\u00edbhinn\u00ed eile faoina ionspior\u00e1id t\u00e1 cur sios grinn ar chuid de na chleachta\u00ed n\u00e1rbh fh\u00e9idir glacadh leo, cuid acu ag baint le c\u00farsa\u00ed gn\u00e9is, t\u00e9acsanna at\u00e1 f\u00e1gtha ar l\u00e1r ar uairibh sna l\u00e9achta\u00ed liot\u00fairgeacha. T\u00e1 n\u00f3sanna agus teagasc eile i gcult\u00far an lae inniu nach bhfuil ag teacht le teagasc Chriost, mar a bhfuil sin le f\u00e1il, mar shampla, sa tSeanm\u00f3ir ar an Sliabh.<\/p>\n\n\n\n<p>Is \u00e9 at\u00e1 sna t\u00e9acsanna sin, ar nd\u00f3igh, n\u00e1 frithfhreagairt na luatheaglaise do chult\u00far agus do shocha\u00ed na Gr\u00e9ige agus na R\u00f3imhe. Ach mar sin f\u00e9in t\u00e1 na t\u00e9acsanna sin ag labhairt linn go f\u00f3ill inniu. In aois ar bith in gcro\u00edl\u00e1r an chreidimh Chr\u00edosta\u00ed agus na beatha Cr\u00edosta\u00ed t\u00e1 Cr\u00edost f\u00e9in. Mar a deir an litir chuig na hEifisigh, n\u00ed m\u00f3r do Chr\u00edostaithe \u201cCr\u00edost a fhoghlaim\u201d, \u00e9 a th\u00f3gaint mar eiseaml\u00e1ir, agus glacadh leis na himpleachtai a leanann as sin mar is soil\u00e9ir d\u00fainn \u00f3n dtraidisi\u00fan Cr\u00edosta\u00ed. Tugann sin treoir agus treoshu\u00edomh in aon agallamh le cult\u00far eile in aois ar bith ina bhfuil treoir agus treoshuiomh eile faoi ch\u00farsa\u00ed na beatha ar talamh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Treoir &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1578","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1578","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1578"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1578\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1579,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1578\/revisions\/1579"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1578"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1578"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1578"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}