{"id":1585,"date":"2021-08-03T08:07:00","date_gmt":"2021-08-03T08:07:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1585"},"modified":"2021-06-11T08:07:55","modified_gmt":"2021-06-11T08:07:55","slug":"8-lunasa-2021-b-an-naou-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1585","title":{"rendered":"8 L\u00fanasa 2021 (B) An Nao\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n
Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla
leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC
A.\u00a0\u00a0 \u00a0L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed
B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Tr\u00e9dhearcacht sa saol pr\u00edobh\u00e1ideach agus poibl\u00ed.<\/p>\n\n\n\n
A.    L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.
C\u00e9ad L\u00e9acht (1 R\u00edthe 19:4-8). Neartaigh an bia chomh m\u00f3r sin \u00e9 gur shi\u00fail s\u00e9 gur shroich s\u00e9 sliabh D\u00e9.
T\u00f3gtar an l\u00e9acht seo \u00f3n chuid sin de Ch\u00e9ad Leabhar na R\u00edthe sa Bh\u00edobla ar a dtugtar \u201cSraith \u00c9ilias\u201d, sraith eachtra\u00ed faoin bhf\u00e1idh teasa\u00ed \u00c9ilias. Bh\u00ed an f\u00e1idh seo an-ghn\u00edomhach i R\u00edocht an Tuaiscirt (Iosrael), go h\u00e1irithe ag cur i  gcoinne na n-iarrachta\u00ed a rinne an bhanr\u00edon phag\u00e1nach Iesaib\u00e9il creideamh i nDia Iosrael a chur den fh\u00f3d agus cultas a d\u00e9 phag\u00e1naigh f\u00e9in B\u00e1l a chur ina ait. Tar \u00e9is do \u00c9ilias f\u00e1ithe B\u00e1l a chlo\u00ed bhagair Iesaib\u00e9il cr\u00edoch a chur le beatha \u00c9ilias agus theich s\u00e9 don deisceart, go I\u00fada. T\u00e1 \u00c9ilias tuirseach den bheatha, agus iarrann s\u00e9 ar Dhia an bheatha a th\u00f3gaint uaidh. Thug aingeal s\u00f3l\u00e1s d\u00f3 agus bia le hithe. Le neart an bhia sin shi\u00fail s\u00e9 daichead l\u00e1 agus daichead o\u00edche go sliabh H\u00f3r\u00e9b, ainm an tsl\u00e9ibhe inar ar fhoilsigh Dia \u00e9 f\u00e9in do Mhaois agus Iosrael de r\u00e9ir thraidisi\u00fan Iosrael an Tuaiscirt, Cnoc Sinai sa traidisi\u00fan eile is fearr ar eol d\u00fainn. C\u00e9 nach deirtear i l\u00e9acht an lae inniu \u00e9, d\u2019fhoilsigh Dia \u00e9 f\u00e9in d\u2019\u00c9ilias ansin; n\u00ed bhaineann sin le h\u00e1bhar. Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo do liot\u00fairge an lae inniu toisc an tagairt inti don neart a thug bronntanas an bhia agus an uisce don fh\u00e1idh ina thuras fada \u2014 f\u00edor de ar\u00e1n na beatha ar a mbeidh tr\u00e1cht i Soisc\u00e9al an lae inniu.
Salm le Freagra (Salm 33[34]). Blaisig\u00ed agus f\u00e9achaig\u00ed a fheabas at\u00e1 an Tiarna.
Dara L\u00e9acht (Eifisigh 4:30-5:2). Mairig\u00ed de r\u00e9ir an ghr\u00e1 faoi mar ar ghr\u00e1igh Cr\u00edost sinne.
D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed beatha cheart Chr\u00edosta\u00ed a thuiscint mar bheatha ina bhfuil spiorad na Seanm\u00f3ire an an Sliabh ag leathadh tr\u00edthi, na hOcht Bi\u00e1ide agus eile. \u00d3 th\u00fas a beatha bh\u00ed maitheas agus naofacht D\u00e9 agus \u00cdosa mar eiseaml\u00e1ir l\u00e1rnach do theagasc agus do sheanm\u00f3ireacht na hEaglaise. Bhain an teagasc seo le bunphrionsabail an chreidimh agus gn\u00e1th-shaol na bhf\u00edr\u00e9an. Bh\u00ed an pobal Cr\u00edosta\u00ed naofa; Corp Chr\u00edost a bh\u00ed ann. agus ungtha ag an Spiorad Naomh. Nuair a thug Ananias a \u00e9itheach maidir leis an airgead a choime\u00e1d s\u00e9 siar \u00f3 phobal na luath-Eaglaise d\u00fairt Peadar leis: \u201cN\u00ed do dhaoine a thug t\u00fa an t-\u00e9itheach ach do Dhia\u201d (Gn\u00edomhartha 5:4). I spiorad an chreidimh sin tosa\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu le comhairle don chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed gan bheith ag buaireamh Spiorad D\u00e9 a bhfuil a stampa buailte orthu,  agus leanann s\u00ed le molta\u00ed faoi ruda\u00ed at\u00e1 in \u00e9adan beatha cheart i bpobal D\u00e9 agus cad a chabhra\u00edonn leis. Ar an dtaobh di\u00faltach de t\u00e1 faltanas, goimh, fearg (seirbhe, f\u00edoch agus fearg) , call\u00e1n, achas\u00e1n agus mioscais (ardghl\u00f3r, c\u00falchaint, m\u00edr\u00fan). Ar an dtaobh dearfach de t\u00e1 muintearas, atrua, bheith maothchro\u00edch, agus ag tabhairt maithi\u00fanais d\u00e1 cheile, faoi mar ar mhaith Cr\u00edost d\u00fainn.
N\u00ed teagasc teib\u00ed at\u00e1 anseo. Taobh thiar de, agus taobh thiar de gach a bhfuil sa chreideamh Criosta\u00ed, t\u00e1 Dia agus Cr\u00edost: creidmhigh ag d\u00e9anamh aithris ar Dhia mar chlann dh\u00edlis d\u00f3 agus ag maireach\u00e1il de r\u00e9ir an ghr\u00e1 a thaispe\u00e1in Cr\u00edost. Ofr\u00e1il a bh\u00ed in \u00edobairt chumhra Chr\u00edost ar \u00e1r son \u2013 agus is ofr\u00e1il maille le h\u00cdosa beatha Chr\u00edosta\u00ed de r\u00e9ir theagasc na l\u00e9achta seo.
An Soisc\u00e9al (Eoin 6:41-51). Is mise an t-ar\u00e1n beo a th\u00e1inig anuas \u00f3 neamh.
T\u00e1imid f\u00f3s san aitheasc a thug \u00cdosa faoi f\u00e9in mar ar\u00e1n na beatha, agus sa mh\u00edr seo den aitheasc deireann \u00cdosa sin go soil\u00e9ir, ag cur b\u00e9im ar seo gur eisean an t-ar\u00e1n a th\u00e1inig anuas \u00f3 neamh. Ag t\u00fas na l\u00e9achta seo t\u00e1 an radharc agus an t-aitheasc suite i gcoinne ch\u00falra an turais san fh\u00e1sach, eachtra an manna agus pobal Iosrael ag \u201cmonabhar\u201d, ag cn\u00e1imhse\u00e1il. I dt\u00e9acs an Bh\u00edobla, ba \u00e9 an toradh a bh\u00ed leis an \u201cmonabhar\u201d in aimsir Mhaois n\u00e1 bronntanas an uisce (Exodus 15:24) agus an manna (Exodus 16:2, 7, 12). F\u00e9achadh ar an monabhar mar easpa chreidimh (\u00cdse\u00e1ia 10:12; Sam 106:24-35). T\u00e1 b\u00e9im i l\u00e9acht an lae inniu ar riachtanas an chreidimh le h\u00cdosa agus a theachtaireacht a thuiscint, creideamh at\u00e1 riachtanach do phobal Iosrael, na Gi\u00fadaigh, b\u00edodh go raibh creideamh domhain acu i nDia. Bh\u00ed an ch\u00e9ad \u201cmhonabhar\u201d, chlamhs\u00e1n, chn\u00e1imhse\u00e1il, a rinneadar faoi bhriathra \u00cdosa gur th\u00e1inig s\u00e9 anuas \u00f3 neamh, agus eolas maith acu faoin bhunadh daonna a bh\u00ed aige, aithne acu ar a athair I\u00f3saef agus a mh\u00e1thair.
Ba \u00e9 an freagra a thug \u00cdosa orthu n\u00e1 riachtanas ioml\u00e1n an chreidimh, bronntanas \u00f3 Dhia, creideamh ina phearsa f\u00e9in agus ina mhisean. Tugann s\u00e9 r\u00e1iteas faoi seo, lena shoil\u00e9iri\u00fa b\u2019fh\u00e9idir, go bhfuil s\u00e9 scr\u00edofa sna F\u00e1ithe: \u201cBeidh siad go l\u00e9ir \u00e1 dteagasc \u00f3 Dhia\u201d. B\u2019fh\u00e9idir gur tagairt at\u00e1 anseo d\u2019\u00cdse\u00e1ia 54:13 (\u201cDo chlann go l\u00e9ir beidh siad \u00e1 dteagasc ag an Tiarna\u201d), agus b\u2019fheidir le tionchar \u00f3 Irimia 31:34 (\u201cN\u00ed bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mh\u00faineadh, n\u00e1 dearth\u00e1ir a r\u00e1 lena dhearth\u00e1ir: \u2018B\u00edodh aithne ar an Tiarna agat!\u2019 N\u00ed hea, beidh aithne acu go l\u00e9ir orm, \u00f3n t\u00e9 is l\u00fa d\u00edobh go dt\u00ed an t\u00e9 is m\u00f3, an Tiarna a labhra\u00edonn\u201d). Is cuma faoi \u00e9irim na dt\u00e9acsanna sin ina mbun-su\u00edomh sa s\u00e9\u00fa haois roimh Chr\u00edost, baineann an Ceathr\u00fa Soisc\u00e9ala\u00ed \u00fas\u00e1id astu ag tagairt don r\u00e9 nua ina chomhl\u00edontar iad ag \u00cdosa.
N\u00edorb rud \u00e9asca riamh \u00e9, agus n\u00ed h\u00e9asca f\u00f3s, an t-aondiachas, creideamh i nDia dofheicthe, ach go h\u00e1irithe \u00ed nDia a chuireann a thoil in i\u00fal d\u00e1 phobal agus don chine daonna. N\u00ed fol\u00e1ir creideamh. Meabhra\u00edonn \u00cdosa an fh\u00edrinne l\u00e1rnach n\u00e1r fhaca aon duine riamh Dia, Dia an tAthair. Bh\u00ed an Dia dofheicthe seo \u00e1 fhoilsiu ag \u00cdosa, a Mhac a th\u00e1inig ar an saol seo \u00f3n Athair. I gcoinne ch\u00falra bh\u00edobalta an manna tugann \u00cdosa teagasc anseo a dh\u00e9anfaidh s\u00e9 a fhorbairt n\u00edos doimhne in \u00e1iteanna eile sa soisc\u00e9al seo. Th\u00e1inig \u00cdosa \u00f3n Athair le beatha a thabhairt don domhan, beatha an Athar d\u00f3ibh si\u00fad a chreideann ann agus don chine daonna, le iad a aont\u00fa leis an mbeatha at\u00e1 aige leis an Athair. Is \u00ed an bheatha sh\u00edora\u00ed an bheatha a thugann s\u00e9, beatha nua le Dia cheana f\u00e9in sa saol seo, beatha a mhairfidh i sl\u00ed nua le Dia tar \u00e9is bh\u00e1is. Aontacht le Cr\u00edost, \u00e9 a ithe mar ar\u00e1n na beatha, tugann sin an bheatha sh\u00edora\u00ed seo; iad sin a itheaann \u00e9, n\u00ed gheobhaidh siad b\u00e1s cho\u00edche, ach mairfidh siad go deo. Mar sin, t\u00e1 difr\u00edocht idir an manna nua seo agus an sean-mhanna san fh\u00e1sach, n\u00e1r thug an bheatha sh\u00edora\u00ed. Is ar\u00e1n na beatha \u00e9 \u00cdosa tr\u00edna phearsa, a theagasc, tr\u00ed bheatha dhiaga an Athar a chuireann s\u00e9 ar f\u00e1il tr\u00ed ghr\u00e1sta.
Labhra\u00edonn an sliocht seo faoi \u00cdosa mar ar\u00e1n na beatha go meafarach. Cr\u00edochna\u00edonn an l\u00e9acht le tagairt do \u00cdosa mar ar\u00e1n na beatha tr\u00edna bh\u00e1s ar an gcrois agus a fheoil ar son bheatha an domhain. T\u00e1 a fheoil i l\u00e1thair san Eocairist. An ch\u00e9ad mh\u00edr eile, a l\u00e9afar an Domhnach seo chugainn, beidh s\u00ed ag tr\u00e1cht ar \u00cdosa mar ar\u00e1n na beatha i gciall r\u00e9ala\u00edoch, Eocairisteach.
B.    An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae: Tr\u00e9dhearcacht sa saol pr\u00edobh\u00e1ideach agus poibl\u00ed.
I diosc\u00farsa\u00ed maidir le c\u00farsa\u00ed an tsaoil phoiliti\u00fal agus phoibl\u00ed b\u00edonn tr\u00e1cht ann go minic ar a riachtana\u00ed is at\u00e1 an tr\u00e9dhearcacht agus ar na modhanna nach fol\u00e1ir a bheith ann leis sin a thabhairt ar an bhf\u00f3d, agus a choime\u00e1d ar si\u00fail. \u00d3 \u00e9isteachta\u00ed i mbins\u00ed breithimnh agus i sl\u00edte eile tagann an gn\u00e1thphobal ar an eolas ar an gcaimil\u00e9ireacht a bh\u00edonn ann i gcursa\u00ed airgeadais agus eile agus ar uairibh b\u00edonn admh\u00e1il phoibl\u00ed thr\u00e9dhearcachta againn a thaispe\u00e1ntar ar uairibh a bheith gan bun\u00fas. I riarach\u00e1n eaglasta anois agus ar\u00eds bionn forcheilt maidir le droch\u00fas\u00e1id ghn\u00e9asach sagart ar leanna\u00ed agus og\u00e1naigh faoi aois agus sin le dea-ch\u00e1il na hinstiti\u00fade a chosaint. Is aidhm do reachta\u00edocht an lae inniu tr\u00e9dhearcacht a thabhairt isteach agus a chosaint, agus sin, i sl\u00edte eile, le reachta\u00edocht faoi shaor\u00e1il f\u00e1isn\u00e9ise.
Cuireann l\u00e9achta\u00ed \u00f3n litir chuig na hEifisigh i gcuimhne d\u00fainn c\u00e9 comh l\u00e1rnach is at\u00e1 oscailteacht agus tr\u00e9dhearcacht don bheatha agus saol Cr\u00edosta\u00ed, agus sin i ghn\u00e1th-chursa\u00ed an lae chomh maith le c\u00farsa\u00ed poibl\u00ed. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar seo gur choir go mbeadh an fh\u00edrinne ag lonradh go poibl\u00ed i ngach gn\u00e9 den bheatha Chriosta\u00ed agus go mbeadh seo mar shampla do na neamhchreidmhigh. Ba choir d\u00fainn an t-\u00e9itheach a chur dinn agus an fh\u00edrinne a labhairt lena ch\u00e9ile, mar is baill d\u00e1 ch\u00e9ile sinn (Eifisigh 4:25). T\u00e1 an pobal Criosta\u00ed ungtha leis an Spiorad Naomh. Cuireann an t-\u00e9itheach br\u00f3n ar an Spiorad Naomh (Eifisigh 4:30). Uair amh\u00e1in nuair a chuir an Eaglais i gCoraint l\u00fabaireacht i leith Ph\u00f3il, gur dubl\u00e1la\u00ed de shaghas \u00e9igin \u00e9, ag r\u00e1 rud amh\u00e1in agus a d\u00e9anamh rud eile, d\u2019fhreagair s\u00e9 go l\u00e1idir. Thiocfadh  a leith\u00e9id d\u2019iompar salach go hioml\u00e1n lena mhisean \u00f3 Chr\u00edost. Labhra\u00edonn s\u00e9 go tr\u00e9an faoi na prionsabail i gceist (2 Corantaigh 1:12-13): \u201cIs \u00e9 \u00e1r gc\u00fais mh\u00f3r\u00e1la: fianaise ar gcoinsiasa go raibh \u00e1r n-iompar de r\u00e9ir naofacht agus ionracas (n\u00f3: tr\u00e9dhearcacht) D\u00e9 os comhair an tsaoil, go h\u00e1irithe in\u00e1r gcaidreamh libhse agus n\u00ed ar eagna dhaonna a bh\u00edomar ag braith ach ar ghr\u00e1sta D\u00e9. N\u00ed chuirimid aon rud s\u00edos in\u00e1r litreacha chugaibh thar an m\u00e9id a l\u00e9ann sibh iontu n\u00f3 a thuigeann sibh astu\u201d.
Leag \u00cdosa b\u00e9im ar th\u00e1bhacht na tr\u00e9dhearcachta i mbeatha a lucht lean\u00fana. Ba ch\u00f3ir go mbeadh a ngn\u00edomhartha ag teacht lena mbeatha inmhe\u00e1nach, intinn ghlan taobh thiar de gach gn\u00edomh, gan a bheith ag d\u00e9anamh taibhsimh as a ndea-oibreacha, ag cleachtadh a gcraifeachta, os comhair daoine chun go dtabhfairidis faoi deara iad. Glaonn s\u00e9 ar a lucht lean\u00fana bheith ina salann na tal\u00fan agus ina solas an domhain. Tr\u00edna ndea-oibreacha beidh a solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicdidis a ndea-oibreacha agus go ngl\u00f3ireoidis a n Athair at\u00e1 ar neamh.
Tr\u00edd a mbeatha shimpl\u00ed, l\u00e1 i ndiaidh lae, tugann lucht lean\u00fana Chr\u00edost fianaise inniu faoi mar a rinneadar tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos, agus iad ag lean\u00faint teagasc shoil\u00e9ir Chr\u00edost sna Soisc\u00e9il, chomh maith le briathra Ph\u00f3il agus a dheisceabail, faoi mar at\u00e1 sin againn sa dara l\u00e9acht in Aifreann an lae inniu ag f\u00f3gairt f\u00edrinne an tSoisceil agus an tr\u00e9dhearcacht a oireann di i mbriathra agus i ngn\u00edomh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"
Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSCA.\u00a0\u00a0 \u00a0L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Tr\u00e9dhearcacht sa … <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1585","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1585","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1585"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1585\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1586,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1585\/revisions\/1586"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1585"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1585"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1585"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}