{"id":159,"date":"2014-01-09T10:25:30","date_gmt":"2014-01-09T10:25:30","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=159"},"modified":"2014-01-09T10:25:30","modified_gmt":"2014-01-09T10:25:30","slug":"12-eanair-2014-a-feile-bhaiste-ar-dtiarna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=159","title":{"rendered":"12 Ean\u00e1ir 2014 (A) F\u00e9ile Bhaiste \u00c1r dTiarna"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><span>12 Ean\u00e1ir 2014 (A) F\u00e9ile Bhaiste \u00c1r dTiarna<\/span><\/h2>\n<h3 style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/h3>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha; text-align: justify;\">\n<li>\n<h3><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/h3>\n<\/li>\n<li>\n<h3><b><i><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: <i>An Baisteadh agus an Spiorad\u00e1ltacht Chr\u00edosta\u00ed. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte<\/i><\/span><\/h3>\n<\/li>\n<li>\n<h3><span style=\"color: blue;\"><\/span><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/h3>\n<\/li>\n<\/ol>\n<h3 style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(<\/span><span style=\"font-size: 10pt; font-family: 'Arial','sans-serif'; color: black;\">\u00cdse\u00e1ia 42:1-4, 6-7). <\/span><\/h3>\n<p style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 10pt; font-family: 'Arial','sans-serif'; color: black;\"><i>Seo \u00e9 mo shearbh\u00f3nta a bhfuil p\u00e1irt mo chl\u00e9ibhe ann. <\/i>Seo \u00e9 an ch\u00e9ad cheann de cheithre amhr\u00e1in \u201cGhiolla an Tiarna\u201d.(Is iad na cinn eile n\u00e1 49:1-6; 50:4-9, n\u00f3 n4-11; 52:13-53:12.) Labhra\u00edonn an t\u00e9acs seo faoi mar ar roghnaigh Dia go speisialta an f\u00e1idh searbh\u00f3nta (giolla), giolla ar ion\u00fain le Dia. Faoi mar a oireann do cheannaire b\u00edobalta t\u00e1 cumhacht Spiorad D\u00e9 faighte aige. Labhra\u00edonn an t\u00e9acs faoi n\u00e1d\u00far an ghiolla. T\u00e1 s\u00e9 s\u00e9imh, ach d\u00edlis don misean at\u00e1 faighte aige go dt\u00ed go mbeidh toradh air. Taca\u00edonn Dia leis leis an misean at\u00e1 aige a thabhairt chun cr\u00edche. Cheap Dia \u00e9 mar chonradh an phobail, conradh phobal Iosrael lena mhisean a mheabhr\u00fa d\u00f3ibh. Ach beidh s\u00e9 mar sholas do na cin\u00edoca taobh amuigh de Iosrael chomh maith. D\u00e9anfaidh s\u00e9 na cim\u00ed a scaoileadh, na deoraithe sa Bhaibeal\u00f3in at\u00e1 amhail is a bheith sa dorchadas. Ceist a eascra\u00edonn go h\u00e9asca as seo n\u00e1 c\u00e9rb \u00e9 an searbh\u00f3nta, an giolla, in aigne an fh\u00e1idh a chum an t\u00e9acs \u00e1lainn seo a ch\u00e9aduair. T\u00e1 \u00e9agsulacht tuairm\u00ed ann maidir leis seo: Iosrael na staire, Iosrael id\u00e9alach, duine eigin den Seantiomna ann roimh n\u00f3 i ndiaidh aimsir fh\u00e1idh\/\u00fadar an t\u00e9acs seo, n\u00f3 fi\u00fa an f\u00e1idh\/\u00fadar an t\u00e9acs \u00e9 f\u00e9in. F\u00e1gtar an giolla, an searbh\u00f3nta, gan ainm, le haithne a chur air \u00f3n phearsantacht faoi leith at\u00e1 aige, \u00f3na mhisean, \u00f3 faoi mar a roghnaigh Dia go speisialta \u00e9, \u00f3n ghaol faoi leith at\u00e1 aige le Dia. D\u2019fh\u00e9adfadh an giolla, a phearsa agus an misean at\u00e1 aige seasamh mar eiseaml\u00e1ir do Iosrael, pobal tofa D\u00e9 le misean domhanda, n\u00f3 seasamh do dhuine tofa aonair a bhfuil an misean sin aige. Ar aon chuma comhl\u00edonfar an fh\u00e1istine, an duan, seo faoi mar ba thoil le Dia sin a dh\u00e9anamh, agus rinneadh sin tr\u00ed Mhac D\u00e9, \u00cdosa Cr\u00edost, mar is l\u00e9ir \u00f3 Bhaisteadh \u00cdosa nuair a ungadh \u00e9 leis an Spiorad, agus nuair a th\u00e1inig an guth \u00f3na flaithis le t\u00e9acs \u00cdse\u00e1ia (ach ag labhairt ar \u201cMhac\u201d seachas \u201cghiolla\u201d) ag f\u00f3gairt go raibh f\u00e1istine \u00cdse\u00e1ia comhl\u00edonta in \u00cdosa.<\/span><i><span style=\"color: black;\"><\/span><\/i><\/p>\n<h3 style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 28[29]). <i>Beann\u00f3idh an tIarna a phobal le s\u00edoch\u00e1in.<\/i><\/span><i><span style=\"color: black;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/h3>\n<h3 style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Gn\u00edomhthartha na nAspal 10:34-38). <i><br \/><\/i><\/span><\/h3>\n<p style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><i>Rinne Dia \u00e9 a ungadh leis an Spiorad Naomh.<\/i> An su\u00edomh don sliocht seo i nGn\u00edomhthartha na nAspal n\u00e1 an \u00f3c\u00e1id ina d\u00fart an Spiorad Naomh le Peadar dul go teach Coirn\u00e9ilias, taoiseach c\u00e9ad pag\u00e1nach, agus an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt d\u00f3. Go dt\u00ed sin ba de bhunadh Gi\u00fadach ar fad baill na hEaglaise. De bharr ad\u00fairt an Spiorad Naomh leis, thuig Peadar gur do gach aoinne Gi\u00fadach agus pag\u00e1nach an Dea-Sc\u00e9al agus leagann s\u00e9 b\u00e9im ar seo ina aitheasc don taoiseach c\u00e9ad Coirn\u00e9ilias agus a theaghlach. Tugann Peadar achoimre de theachtaireacht an tSoisc\u00e9il, ag cur t\u00fas leis, mar ba ghn\u00e1thach i luath-sheanm\u00f3ireacht na hEaglaise, le saothar agus Baisteadh Eoin Baiste. B\u00edodh nach d\u00e9anann s\u00e9 baisteadh \u00cdosa a lua go dearfa, t\u00e1 s\u00e9 iontuigthe \u00f3na deir s\u00e9 faoi ungadh Chr\u00edost leis an Spiorad Naofa agus le cumhacht. Is sa chumhacht sin a lean s\u00e9 ar aghaidh lena mhisean sl\u00e1naithe.<\/span><\/p>\n<h3 style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 3:13-17). <i><br \/><\/i><\/span><\/h3>\n<p style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><i>An t\u00faisce a baisteadh \u00cdosa chonaic s\u00e9 Spiorad D\u00e9 ag tuirlingt air f\u00e9in.<\/i> Inniu d\u00e9anaimid F\u00e9ile Bhaiste \u00c1r Tiarna a cheili\u00faradh. Go traidisi\u00fanta sa liot\u00fairge, agus fi\u00fa i mb\u00e9aloideas na h\u00c9ireann, d\u00e9antar tr\u00ed ghn\u00e9 de fhoilsi\u00fa \u00cdosa don domhan a chom\u00f3radh i bhF\u00e9ile na hEipeaf\u00e1ine, sin le r\u00e1 nochtadh \u00cdosa do na pag\u00e1naigh ag na saoithe \u00f3n Oirthear (Eipeaf\u00e1ine), foilsi\u00fa \u00cdosa ag an Athair ag a Bhaisteadh (inniu), agus mar a thaispe\u00e1in \u00cdosa a ghl\u00f3ir ag athr\u00fa an uisce go f\u00edon ag Cana. Sa sean-liot\u00fairge l\u00e9adh an sliocht sin de shoisc\u00e9al faoin bhainis i gCana san Aifreann an Domhnach tar \u00e9is f\u00e9ile Bhaiste \u00cdosa. Sa ch\u00farsa tr\u00ed bhliana at\u00e1 anois ann d\u00e9antar \u00e9 a l\u00e9amh ar an tr\u00ed\u00fa bliain (C) den ch\u00farsa, ach t\u00e1 gn\u00e9ithe eile de l\u00e9iri\u00fa, fhoilsi\u00fa, eipif\u00e1ine, \u00cdosa le l\u00e9amh as caibidil tosaigh shoisc\u00e9al Eoin. Maidir le l\u00e9acht an lae inniu t\u00e1 idir stair agus creideamh ag baint leis. Ba phearsa t\u00e1bhachtach sa stair \u00e9 Eoin Baiste. T\u00e1 cur s\u00edos ar a shaothar agus ar a bh\u00e1s ag Iosefus, stara\u00ed Gi\u00fadach den ch\u00e9ad tosaigh, faoi mar at\u00e1 ag Matha sna v\u00e9arsai d\u00edreach roimh an sliocht seo \u2013 v\u00e9arsa\u00ed a bhfuil cur s\u00edos orthu sna n\u00f3ta\u00ed don Dara Domhnach den Aidbhint sa su\u00edomh idirl\u00edn seo. Tosa\u00edonn beatha phoibl\u00ed \u00cdosa i gceart lena bhaisteadh. Th\u00e1inig s\u00e9 \u00f3n Ghail\u00edl go Eoin d\u2019aon turas le go mbaistf\u00ed \u00e9. Nuair a chuir Eoin, a bh\u00ed ag baisteadh do mhaithi\u00fanas na bpeaca\u00ed, ina choinne, n\u00edor gh\u00e9ill \u00cdosa d\u00f3. N\u00edorbh fhol\u00e1ir d\u00f3ibh beirt \u201can fh\u00edr\u00e9antacht a chur i gcr\u00edch go hioml\u00e1n\u201d, toil D\u00e9 a dh\u00e9anamh, agus do Chr\u00edost si\u00fal i measc na bpeacach. Ag teacht an\u00edos as an uisce d\u2019\u00cdosa, oscla\u00edodh na flaithis d\u00f3 agus chonaic s\u00e9 Spiorad D\u00e9 ag teacht anuas air mar a bheadh colm. Ag cruth\u00fa an domhain bh\u00ed an spiorad ag foluain os cionn na n-uisc\u00ed. Sa chruth\u00fa nua seo thuirling an Spiorad ar \u00cdosa, agus le cumhacht Spiorad D\u00e9 tagann r\u00edocht D\u00e9 ar talamh tr\u00ed \u00cdosa. T\u00e1 stair agus r\u00fandiamhair ann i mBaisteadh seo <\/span>\u00cdosa. Tar \u00e9is deascabh\u00e1la d\u00f3 seolfaidh \u00cdosa a Spiorad, an Spiorad Naomh, ar an eaglais chun a shaothar sl\u00e1naithe a bhuan\u00fa. F\u00f3gra\u00edonn guth (an Athar) \u00f3 neamh gur Mac muirneach leis an Athair \u00e9 \u00cdosa. Oscla\u00edodh na flaithis lena mheabhr\u00fa do ch\u00e1ch go bhfuil anois teagmh\u00e1il agus caidreamh idir Dia agus daoine. Meabhra\u00edotar sin ag gach baisteadh i rith na staire,<\/p>\n<p><h3><b><i><span style=\"color: blue;\"><span>2. B.<\/span><\/span><\/i><\/b><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae. <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: blue;\">An Baisteadh agus an Spiorad\u00e1ltacht Chr\u00edosta\u00ed. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte.<\/span><\/i><\/h3>\n<\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Macnamh. An Baisteadh agus an Spiorad\u00e1ltacht Chr\u00edosta\u00ed.<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> Ceili\u00faradh seo bhaiste \u00cdosa, n\u00ed eachtra i mbeatha \u00cdosa amh\u00e1in at\u00e1 ann n\u00f3 t\u00fas lena bheatha phoibl\u00ed. Leagann t\u00e9acsanna uile an Tiomna b\u00e9im ar seo gur ungadh \u00cdosa leis an Spiorad Naomh ag a bhaisteadh. Le cumhacht an Spioraid sin chuaigh s\u00e9 thart ag d\u00e9anamh na maithe agus ag cur as do chumhacht an pheaca agus Sh\u00e1tain. \u00d3 th\u00fas a staire d\u2019fh\u00e9ach an Eaglais ar an mbaisteadh Cr\u00edosta\u00ed mar cheangal dl\u00fath le h\u00cdosa agus lena bhaisteadh, nuair a tugadh an Spiorad Naomh mar bhrontannas do na creidmhigh. D\u00e9anann an Spiorad Naomh deimhin sinn gur clann D\u00e9 sinn, clann mhac agus clann in\u00edonacha. Ionann an Spiorad a bheith againn agus ungadh spiorad\u00e1lta a thugann muin\u00edn d\u00fainn sa chreideamh i gCr\u00edost agus san eaglais. Feidhm\u00edonn an Spiorad go ci\u00fain san anam ag cabhr\u00fa le creidmhigh an bheatha Chr\u00edosta\u00ed a mhaireacht\u00e1il de r\u00e9ir spiorad an tsoisc\u00e9il. Inniu d\u00e9antar roinnt mhaith cainte faoin spiorad\u00e1ltacht, ar uairibh ag tabhairt le tuiscint gur airde an spiorad\u00e1ltach n\u00e1 an reiligi\u00fan, gur meas\u00fala n\u00e1 an creideamh \u00ed. Agus c\u00farsa\u00ed mar at\u00e1 n\u00ed dochar ar bith a mheabhr\u00fa go mbaintear feidhm as br\u00edonna \u00e9ags\u00fala leis an t\u00e9arma \u201cspiorad\u00e1ltacht\u201d. D\u2019fh\u00e9adfadh daonnachta\u00edthe, ar bheag\u00e1n n\u00f3 ar dada creidimh i nDia n\u00f3 sa domhan eile \u00fas\u00e1id a bhaint as. Ionann spiorad\u00e1ltacht d\u00f3ibh si\u00fad agus tr\u00e9ith n\u00f3 feidhmi\u00fa an spioraid dhaonna, beag beann ar aon chredeamh i nDia. Do chreidmhigh ionann spiorad\u00e1ltacht agus beatha an ghrasta, faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh. Sa chiall seo den t\u00e9arma t\u00e1 spiorad\u00e1ltacht ag gach creidmheach, bocht n\u00f3 saibhir, \u00f3g agus aosta, l\u00e9anta n\u00f3 a mhalairt, d\u00edreach mar at\u00e1 an Spiorad Naomh acu, mar bhrontannas D\u00e9 sa bhaisteadh.<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt; text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Creideamh sna flaithis oscailte. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">T\u00e1 tagairt do na flaithis oscailte ag baisteadh \u00cdosa i ngach ceann de na soisc\u00e9il. Ionann flaithis oscailte agus creideamh i ndomhan eile seachas an saol tadhail seo, domhan eile nach bhfuil d\u00fanta, ach ina bhfuil Dia i gcaidreamh lais an domhan seo, i dteagmh\u00e1il d\u00edreach, phearsanta. Admh\u00e1il chreidimh sa domhan eile seo gach baisteadh, agus n\u00edl ciall lena gabhann leis (dorta uisce) gan an creideamh sin. Ar nd\u00f3igh n\u00ed chreideann aindiacha\u00edthe n\u00f3 daonnachta\u00edthe sa saol eile seo, n\u00f3 teagmh\u00e1il idir saol eile m\u00e1s ann d\u00f3, agus an saol seo. An ch\u00e9im dheiridh acu si\u00fad n\u00e1 gan na p\u00e1ist\u00ed a bhaisteadh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><span><\/span>Cotha\u00edtear creideamh sna flaithis oscailte le creideamh beo agus teagmh\u00e1il leis na sacraimint\u00ed. Seo ceann de na teachtaireachta\u00ed at\u00e1 ag f\u00e9ile seo Bhaiste \u00c1r dTiarna d\u00fainn.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>12 Ean\u00e1ir 2014 (A) F\u00e9ile Bhaiste \u00c1r dTiarna Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-159","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/159","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=159"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/159\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=159"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=159"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=159"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}