{"id":1595,"date":"2021-08-10T08:14:00","date_gmt":"2021-08-10T08:14:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1595"},"modified":"2021-08-10T15:49:55","modified_gmt":"2021-08-10T15:49:55","slug":"15-lunasa-deastogail-na-maighdine-beannaithe-muire","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1595","title":{"rendered":"15 L\u00fanasa. Deast\u00f3g\u00e1il na Maighdine Beannaithe Muire"},"content":{"rendered":"\n<p><strong><em>Aifreann na Bigile<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(1 Croinic\u00ed 15:3-4, 15-16; 16:1-2). <em>Thug siad \u00e1irc D\u00e9 isteach agus chuir siad \u00ed sa bhoth a<\/em>&nbsp; <em>bh\u00ed r\u00e9itithe do Dh\u00e1iv\u00ed di. <\/em>Is faoi \u00c1irc an Chonartha an l\u00e9acht seo (ar a dtugadh chomh maith \u00c1irc D\u00e9).&nbsp; Bosca n\u00f3 ciste iniompartha a bh\u00ed ann. Os cionn na h\u00e1irce bh\u00ed pl\u00e1ta \u00f3ir, agus ba \u00e9 an t-aistri\u00fachan B\u00e9arla de ghn\u00e1th ar th\u00e9arma Eabhraise air sin n\u00e1 \u201cmercy seat\u201d ( King James Version), agus sa Ghaeilge (Bedell, B\u00edobla Mh\u00e1igh Nuad) \u201ccathaoir thr\u00f3caire\u201d.&nbsp; Ar bharr na h\u00e1irce bh\u00ed dh\u00e1 fhigi\u00far de ceirib\u00edn\u00ed. Measadh gurbh \u00e9 seo an t-ionad in ar bhuail Dia le hIosrael agus in ar fhoilsigh s\u00e9 a thoil agus a reachta d\u00f3ibh, agus labhra\u00edodh faoi Dhia mar an T\u00e9 at\u00e1 \u201cina shu\u00ed sa chathaoir r\u00edoga ar na ceiribim\u201d. Tar \u00e9is&nbsp; a bheith lonnaithe in \u00e1iteanna \u00e9ags\u00fala, thug D\u00e1iv\u00ed sa deireadh thiar go dt\u00ed an sanct\u00f3ir nua in Iar\u00fasail\u00e9im \u00ed, go dt\u00ed a hionad c\u00f3naithe buan, mar a ins\u00edtear i l\u00e9acht seo an lae inniu.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I Liod\u00e1in na Maighdine Muire, idir theidil eile, tugtar \u201c\u00c1irc an Chonartha\u201d ar Mhuire, rud a thaispe\u00e1nann an l\u00e9acht seo oiri\u00fanach do Fh\u00e9ile seo Dheast\u00f3g\u00e1il Mhuire, \u00c1irc an Chonartha, a raibh ionad buan aici ar neamh.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>Aifreann an Lae<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Apacailipsis 11:19; 12:1-6, 10). <em>Bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa. <\/em>Leis na c\u00e9adta bliain anois glacadh leis go bhfuil an t\u00e9acs seo ag tagairt do Mhuire, m\u00e1thair an Mheisias agus bh\u00ed tionchar ag an tuiscint seo ar an sl\u00ed inar l\u00e9ir\u00edodh Muire ag eala\u00edont\u00f3ir\u00ed, dh\u00e1 r\u00e9alt d\u00e9ag mar chor\u00f3in, an ghealach faoina cosa.&nbsp; Ach n\u00ed thugann an tuiscint seo a cheart do bhunbhr\u00ed an t\u00e9acs sa Leabhar seo. Agus i dtr\u00e1chtaireachta\u00ed \u00c9ireannacha den ocht\u00fa aois ar an t\u00e9acs seo tuigtear an bhean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi mar shamhail den Eaglais.&nbsp; Le bunbhhr\u00ed an t\u00e9acs seo a thuiscint t\u00e1 s\u00e9 n\u00edos fearr \u00e9 a shu\u00edomh ina ch\u00falra bunaidh i Leabhar an Apacailipsis ar a ioml\u00e1n. Sa t\u00e9acs seo, mar at\u00e1 s\u00e9 sa leabhar tr\u00edd s\u00edos, t\u00e1 Eoin ag tarraingt ar \u00edomh\u00e1ineachas saibhir traidisi\u00fanta b\u00edobalta, Gi\u00fadach agus neamh-Ghi\u00fadach.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar ch\u00falra at\u00e1 d\u00edreach taobh thiar den t\u00e9acs seo t\u00e1 an t-\u00fadar Eoin, a bhfuil f\u00eds de Theampall D\u00e9 ar neamh aige agus \u00c1irc an Chonartha le feice\u00e1il taobh istigh de, ag tabhairt le fios go bhfuil l\u00e1ithreacht D\u00e9 ar neamh anois d\u00e9anta so-fheicthe don fh\u00eds\u00ed Eoin le go bhfoilseoidh seisean ar talamh \u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An comhartha m\u00f3r a thaibhsigh sa sp\u00e9ir le go go gcuirfear ar eolas do dhaoine \u00e9,&nbsp; n\u00e1 bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi. Is d\u00f3cha gurbh \u00ed an bhean at\u00e1 i gceist n\u00e1 Iosrael neamha\u00ed, Pobal D\u00e9, at\u00e1 ar t\u00ed breith a thabhairt don Mheisias. An chor\u00f3in de dh\u00e1 r\u00e9alt d\u00e9ag ar a ceann is d\u00f3cha gur comhartha iad de dh\u00e1 threibh d\u00e9ag Iosrael.&nbsp; Bh\u00ed an bhean torrach agus ag \u00e9amh i dtinneas clainne, ina h\u00edona, is \u00e9 sin na mairg\u00ed, na triobl\u00f3id\u00ed eascaiteola\u00edocha, a bh\u00ed le bheith ann roimh theacht an Mheisias de r\u00e9ir an traidisi\u00fain bh\u00edobalta agus Gi\u00fadaigh.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An dara comhartha a thaibhsigh d\u2019Eoin sa spear n\u00e1 drag\u00fan m\u00f3r dearg le seacht gceanna agus deich n-adharca agus seacht gcor\u00f3inn ar a cheann. I gc\u00f3ir \u00edomh\u00e1 an drag\u00fain sin d\u2019fh\u00e9adfadh Eoin bheith ag tarraingt \u00f3 thraidisi\u00fan an Bh\u00edobla agus as traidisi\u00fan seach-Bh\u00edobalta Baibeal\u00f3ineach, go sonrach don dragan darb ainm Leiviatan, dragan an anoird pr\u00edomhord\u00fail, a chuir i gcoinne plean D\u00e9 don domhan cruthaithe faoi ord. Ma\u00edodh i dtraidisi\u00fan na Baibeal\u00f3ine go raibh seacht gceanna aige. T\u00e1 tagairt d\u00f3 in \u00cdse\u00e1ia 27:1: \u201cAn l\u00e1 sin, smacht\u00f3idh an Tiarna lena chla\u00edomh crua m\u00f3r l\u00e1idir Leivatan, an nathair \u00e9alaitheach, Leiviatan an nathair l\u00fabarnach, mar\u00f3idh s\u00e9 dragan na farraige\u201d.&nbsp; An tagairt do na deich n-adharca b\u2019fh\u00e9idir \u00f3 Dhain\u00e9il 7:7 \u00ed, comhartha don cheathr\u00fa beith\u00edoch uafar, sc\u00e9imi\u00fail \u00f3n bhfarraige (Antiochus).&nbsp; Is cuma faoina ch\u00falra do \u00edomh\u00e1 an dragain, n\u00ed fh\u00e1gann Eoin in aon amhras sinn faoin dragan at\u00e1 ina aigne aige. Deir s\u00e9&nbsp; in 12:9: \u201cAn dragan&nbsp; m\u00f3r, an nathair nimhe cianaosta, an t\u00e9 ar a dtugtar an Diabhal agus S\u00e1tan, an t\u00e9 a mheallann an saol go l\u00e9ir\u201d. Is \u00e9 nathair nimhe Genesis 3 \u00e9, a mheall an ch\u00e9ad bhean \u00c9abha, agus ta briathar D\u00e9 chuig an nathair an tr\u00e1th sin&nbsp; f\u00f3s \u00e1 chur i gcr\u00edch: \u201cCuirfidh m\u00e9 naimhdeas idir tusa agus an bhean, idir do sh\u00edolsa agus a s\u00edolsa.\u201d&nbsp;Bh\u00ed an dragan r\u00e9idh leis an leanbh a bh\u00ed ar t\u00ed teacht ar an saol don bhean a shlogadh, an mac a&nbsp; bh\u00ed le cumhacht r\u00edoga mar Mheisias a ghlacadh.&nbsp; Ach t\u00f3gadh an mac nuabheirthe suas ar neamh agus d\u2019\u00e9alaigh an bhean go hionad sabh\u00e1ilte a bh\u00ed ullamh aici ag Dia san fh\u00e1sach.&nbsp; Friotal apacailipteach at\u00e1 anseo, fada i gc\u00e9in \u00f3 chuntas bhreith \u00cdosa de r\u00e9ir Shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is.An choimhlint lean\u00fanach idir an nathair agus an bhean, agus idir \u00e9 agus s\u00edol na beirte, a gealladh i Genesis 3:15 t\u00e1 si le feice\u00e1il \u00e1 himirt nuair a bhfuil ioml\u00e1ine a haimsire sroiste. De r\u00e9ir t\u00e9acs \u00f3n mB\u00edobla at\u00e1 f\u00e1gthaar l\u00e1r sa l\u00e9acht seo t\u00f3gadh an bhean isteach san fh\u00e1sach le go mbeadh s\u00ed cothaithe ansin ar feadh m\u00edle dh\u00e1 ch\u00e9ad agus seasca l\u00e1, sin le r\u00e1 tr\u00ed bhliain go leith, uimhir shiombalach do thr\u00e9imhse g\u00e9arlean\u00fana. B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil an uimhir ag tagairt go siombalach do gh\u00e9arlean\u00faint ar an Eaglais, ar an mbean, ag an dragan ar talamh go dt\u00ed go gclo\u00edfear \u00e9. An t\u00e9acs a f\u00e1gadh ar l\u00e1r sa l\u00e9acht seo labhra\u00edonn s\u00e9 faoi chogadh ar neamh ag M\u00edche\u00e1l i gcoinne an dragain agus a chuid aingeal agus faoin mbua ar an dragan a teilgeadh amach as an bhflaitheas, ar a leanann an gh\u00e1ir chaithr\u00e9amach at\u00e1 againn ag deireadh na l\u00e9achta faoi bhua D\u00e9 agus \u00fadar\u00e1s Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar chr\u00edoch ar seo is f\u00e9idir ceist a chur faoin bhaint at\u00e1 ag an l\u00e9acht le Deast\u00f3g\u00e1il na Maighdine agus an fh\u00e9ile at\u00e1 \u00e1 com\u00f3radh againn. Mar a d\u00faramar thuas, an tuiscint gurb \u00ed Muire an bhean a luadh sa t\u00e9acs, th\u00e1inig sin tar \u00e9is fhor\u00e1s fada. Is cuid \u00ed&nbsp; Muire den naimhdeas idir an nathair agus an cine daonna, an Meisias agus a mh\u00e1thair, is cuma Iosrael n\u00f3 Muire an mh\u00e1thair sin. Is cuid chomh maith Deast\u00f3g\u00e1il na Maighdine de bhua D\u00e9 ar an nathair nimhe cianaosta, faoi mar at\u00e1 le feiscint san eala\u00edon le Muire agus a cosa ar an nathair.&nbsp; Agus bua seo Mhuire ar an nathair is f\u00edor \u00e9 faoi gach creidmheach, mar a luann P\u00f3l le Cr\u00edostaithe na R\u00f3imhe (R\u00f3mh\u00e1naigh 16:20): \u201cAgus d\u00e9anfaidh Dia S\u00e1tan a bhr\u00fa faoi bhur gcosa gan mhoill\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 44[45]).&nbsp; <em>T\u00e1 an bhainr\u00edon ar de dheis faoi \u00f3r as Ofir.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Corantaigh 15:20-26). <em>Cr\u00edost i dtosach; ansin sn mhuintir a bheidh i bp\u00e1irt leo. <\/em><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"98\" height=\"98\" src=\"\">Cuireann an l\u00e9acht seo s\u00edos ar iomlan\u00fa, bailchr\u00edoch, ar r\u00edocht D\u00e9 ag deireadh an tsaoil. Sa litir chuig na Corantaigh t\u00e1 an sliocht i gcomhth\u00e9acs ais\u00e9ir\u00ed na colainne, m\u00edr theagaisc a raibh deacracht ag roinnt de na Coainatigh glacadh lei, deacracht a bh\u00ed ar eolas ag a n-aspal P\u00f3l. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar c\u00e9 chomh l\u00e1rnach is at\u00e1 an creideamh in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost don chreideamh. D\u2019uireasa an chreidimh sin n\u00edl bun n\u00e1 barr leis an creideamh Cr\u00edosta\u00ed f\u00e9in. As an gcreideamh in ais\u00e9ir\u00ed Chriost leanann creideamh in ais\u00e9iri na bhf\u00edr\u00e9an. Ba \u00e9 Cr\u00edost na c\u00e9adtortha\u00ed a th\u00e1inig \u00f3 na mairbh, an ceannr\u00f3da\u00ed orthu sin at\u00e1 ar shl\u00ed na f\u00edrinne. Th\u00e1inig an b\u00e1s isteach sa domhan tr\u00ed pheaca \u00c1dhaimh. Tugtar an bheatha thar nais do chreidmhigh go spiorad\u00e1lta sa saol seo i gCr\u00edost, agus beatha d\u00e1 gcoirp ag deireadh an tsaoil. An t-ais\u00e9ir\u00ed deiridh seo, agus an peaca agus an b\u00e1s s\u00e1raithe ag Cr\u00edost, ionann \u00e9 agus bua ioml\u00e1n ag r\u00edocht Chr\u00edost agus r\u00edocht D\u00e9.<em><\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/em>Cuid d\u00e1 ndeireann P\u00f3l sa l\u00e9acht seo is deacair \u00e9 a lean\u00faint. Is fi\u00fa a mheabhr\u00fa go bhfuil mar ch\u00falra d\u00e1 ndeireann P\u00f3l go bhfuil dh\u00e1 fh\u00f3rsa ag feidhmi\u00fa sa saol, sa domhan. Ceann d\u00edobh n\u00e1 \u00c1dhamh, an ch\u00e9ad Adhamh, tr\u00edna a th\u00e1inig an peaca agus an b\u00e1s (an b\u00e1s fisici\u00fail, b\u00e1s an choirp, agus an b\u00e1s mor\u00e1lta) isteach sa domhan. Ba \u00e9 an dara f\u00f3rsa, an dara cumhacht, n\u00e1 Cr\u00edost, an Dara h\u00c1dhamh, agus a r\u00edocht, \u00f3na ais\u00e9ir\u00ed go dt\u00ed an Breithi\u00fanas Deiridh agus ais\u00e9ir\u00ed na bhf\u00edr\u00e9an go l\u00e9ir i gCr\u00edost. T\u00e1 Cr\u00edost agus a r\u00edocht ag d\u00edoth\u00fa an pheaca tr\u00edd f\u00e9in agus tr\u00edd an Eaglais i rith c\u00farsa na staire. Beidh Cr\u00edost ina r\u00ed ar feadh na tr\u00e9imhse seo go l\u00e9ir ag cur ar neamhn\u00ed a naimhde go l\u00e9ir (an peaca agus f\u00f3rsa\u00ed an oilc). An ceann deiridh d\u00edobh seo n\u00e1 an peaca (pearsantaithe). Is r\u00edocht Chr\u00edost \u00ed, ach is \u00e9 Dia an tAthair at\u00e1 ag feidhmi\u00fa tr\u00ed Chr\u00edost, agus ag deireadh tabharfaidh Cr\u00edost an r\u00edocht suas do Dhia an tAthair.<em><\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 1:39-56). <em>Rinne an t\u00e9 at\u00e1 cumhachtach nithe m\u00f3ra dom; d\u2019ardaigh s\u00e9 daoine isle. <\/em>T\u00e1 dh\u00e1 mh\u00edr sa l\u00e9acht seo, ar dt\u00fas cuairt Mhuire ar Eiliosaibeit, agus mar chr\u00edoch ar sin caintic Mhuire, an <em>Magnificat.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/em>I dtosach t\u00e1 an cuntas faoi chuairt Mhuire go hEiliosaibeit sna cnoic, sa cheantar sl\u00e9ibhteach i I\u00fad\u00e1ia. Braitheann an fad idir Nazarat agus Iar\u00fasail\u00e9im ar an treo a th\u00f3gtar, p\u00e9 acu a th\u00e9itear direach tr\u00edd san tSam\u00e1ir, n\u00f3 ar bhealach n\u00edos faide soir. T\u00e1 an bealach d\u00edreach thart ar 120 cillim\u00e9adar, n\u00f3 75 m\u00edle, aistear a th\u00f3gfadh thart ar ceithre l\u00e1. N\u00ed bheadh teach Eiliosaibeit r\u00f3-fhada \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im, b\u00edodh nach eol d\u00fainn go beacht c\u00e1 raibh s\u00e9. (N\u00edl s\u00e9 deimhin go raibh s\u00e9 in Ain Karim, an l\u00e1thair oilithreachta chuige do Chaitlicigh inniu.) Ach n\u00edorb sp\u00e9is do L\u00fac\u00e1s n\u00f3 do chuid mh\u00f3r againn inniu na ceisteanna sin. Is fianaise an t-aistear seo ar dhaonnacht Mhuire \u2013 le comghairdeachas a dh\u00e9anamh le Eiliosaibeit agus le cabhr\u00fa lei, ag fanacht lei b\u2019fh\u00e9idir gur rugadh a mac (Eoin).&nbsp; Cuireann L\u00fac\u00e1s point\u00ed eile os \u00e1r gcomhair chomh maith. Ceann d\u00edobh n\u00e1 an r\u00e9amhtheachtaire Eoin i mbroinn a mh\u00e1thar ag beann\u00fa don Sl\u00e1naitheoir \u00cdosa, eisean i mbroinn a mh\u00e1thar chomh maith. Ansin t\u00e1 Eiliosaibeith ag f\u00f3gairt d\u00ednit Mhuire go hard mar mhathair an tSl\u00e1naitheora, in mbriathra Eiliosaibeit mar \u201cmh\u00e1thair mo Thiarna\u201d, agus f\u00f3s Muire mar eiseaml\u00e1ir fhoirfe an chreidmhigh Chr\u00edosta\u00ed, \u201cIs m\u00e9anar di seo a chreid\u201d, murab ionann agus a fear c\u00e9ile Zach\u00e1rias a raibh amhras air.<\/p>\n\n\n\n<p>Mar fhreagra ar bhriathra molta Eiliosaibeit f\u00f3gra\u00edonn Muire le humhla\u00edocht a bu\u00edochas do Dhia leis an caintic iomr\u00e1iteach an <em>Magnificat<\/em>\u00b8 gur rinne an T\u00e9 at\u00e1 cumhachtach nithe m\u00f3ra di agus go nd\u00e9arfaidh na gl\u00faine uile feasta gur meanar di. N\u00ed m\u00f3r eile, agus an ceann deiridh ar talamh, na an |east\u00f3g\u00e1il chun na bhflaitheas.<\/p>\n\n\n\n<p>Mar a luadh thuas, meastar i draidisiun amhain girbh \u00e9 Ain Karim l\u00e1thair na cuairte ar Eiliosabeit. T\u00e1 eaglais oilithreachta ag na Poinsiasaigh anois ann aguas sa chl\u00f3s os a comhair t\u00e1 an <em>Magnificat <\/em>&nbsp;as Gaeilge.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>Teachtaireacht na F\u00e9ile d\u00fainn inniu<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>F\u00f3gra\u00edodh deast\u00f3g\u00e1il chorpartha na Maighidine Muire ar neamh msr dhogma creidimh ag an bP\u00e1pa Pius XII 1 Samhna 1950.&nbsp; T\u00e1 br\u00ed a ailt creidimh seo curtha mar seo ag <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed (<\/em>alt 966), i dt\u00e9acs at\u00e1 t\u00f3gtha ar iasacht \u00f3 dhoicim\u00e9id de chuid na Comhairle Vatac\u00e1in II, t\u00e9acs at\u00e1 f\u00e9in faoi thionchar th\u00e9acs an Ph\u00e1pa a fh\u00f3gair an dogma: \u201cAg deireadh, agus a seal saoil caithe aici, rinneadh na Mhaighdean gan small,&nbsp; a chaomhnaigh Dia \u00f3 lorg ar bith de pheaca an tsinsir, a th\u00f3g\u00e1il suas, idir chorp agus anam go gl\u00f3ir na bhflaitheas agus a mh\u00f3radh ag an Tiarna mar Bhanr\u00edon na cruinne, sa chaoi gurbh amhlaidh ba chomhcos\u00falka i len Mac, Tiarna na dtiat=rnai, an T\u00e9 a rug an bua ar an pheaca agus ar an bh\u00e1s\u201d. Leanann t\u00e9acs an <em>Chaiticiosma<\/em> ar aghaidh lena r\u00e1 gur p\u00e1irteachas \u00e9agsamhalta in Ais\u00e9ir\u00ed a Mic is ea Deasgabh\u00e1il na Maighdine Beannaithe agus reamhl\u00e9iri\u00fa ar ais\u00e9ir\u00ed na gCr\u00edostaithe eile.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Aifreann na Bigile C\u00e9ad L\u00e9acht (1 Croinic\u00ed 15:3-4, 15-16; 16:1-2). Thug siad \u00e1irc D\u00e9 isteach agus chuir siad \u00ed sa bhoth a&nbsp; bh\u00ed r\u00e9itithe do Dh\u00e1iv\u00ed di. Is faoi \u00c1irc &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1595","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1595","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1595"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1595\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1615,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1595\/revisions\/1615"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1595"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1595"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1595"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}