{"id":1597,"date":"2021-08-17T08:15:00","date_gmt":"2021-08-17T08:15:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1597"},"modified":"2021-06-11T08:16:30","modified_gmt":"2021-06-11T08:16:30","slug":"22-lunasa-2021-b-an-taonu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1597","title":{"rendered":"22 L\u00fanasa 2021 (B) An tAon\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Inspior\u00e1id \u00f3n mB\u00edobla do theaghlaigh Chr\u00edosta\u00ed inniu<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(I\u00f3sua 24:1-2, 15-18). <em>D\u00e9anfaimid f\u00f3namh don Tiarna \u00f3ir is \u00e9 \u00e1r nDia \u00e9.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 Leabhar Ios\u00faa ag r\u00edomh ghabh\u00e1il Th\u00edr Tairngire, Th\u00edr Can\u00e1n, ag na hEabhraigh faoi cheannasa\u00edocht I\u00f3sua, comharba Mhaois. Nuair a measadh go raibh an concas cr\u00edochnaithhe bheartaigh I\u00f3sua go nd\u00e9anfadh an pobal buach conradh le Dia cos\u00fail leis an gceann a rinne a sinsir ag Sinai faoi Mhaois. Ina aitheasc tugann I\u00f3sua chun cuimhne do threibheanna Iosrael agus d\u00e1 sean\u00f3ir\u00ed luathstair a gcine agus adhradh \u201ctaobh thall den Abhainn\u201d (An Eofrait), sa Mheaspat\u00e1im, agus na d\u00e9ithe br\u00e9ige at\u00e1 m\u00f3r timpeall orthu anois sa Phailist\u00edn, \u201cd\u00e9ithe na nAm\u00f3r\u00edteach\u201d. Iarrtar ar phobal Iosrael rogha a dh\u00e9anamh faoin fh\u00f3namh creidimh is toil leo d\u00e9anamh, do na d\u00e9ithe sin n\u00f3 do Dhia Iosrael. D\u00e9anann I\u00f3sua f\u00e9in admh\u00e1il chreidimh don Tiarna, Dia Iosrael. Bh\u00ed t\u00fas le r\u00e9 nua ann anois sa T\u00edr Tairngire, toisc a ghlaoigh ar adhm\u00e1il chreidimh \u00far. D\u2019fhreagair an pobal mar a rinne I\u00f3sua: \u201cD\u00e9anfaimidne mar an gc\u00e9anna f\u00f3namh don Tiarna \u00f3ir is \u00e9 \u00e1r nDia \u00e9\u201d. Roghna\u00edodh an sliocht gairid seo do liot\u00fairge an Domhnaigh seo le dul leis an Soisc\u00e9al ina dh\u00e9anann Peadar admh\u00e1il chreidimh in \u00cdosa thar cheann an Dar\u00e9ag.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 33[34]). <em>Blaisig\u00ed agus f\u00e9achaig\u00ed a fheabas at\u00e1 an Tiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Eifisigh 5:21-32). <em>Is m\u00f3r an r\u00fandiamhair \u00e9 seo, ach is \u00e1 thagairt at\u00e1imse do Chr\u00edost agus don Eaglais.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>An t\u00e9acs seo is t\u00fas \u00e9 do shliocht fada (Eifisigh 5:21-6:9) faoi rialacha teaghlaigh, a bhfuil mar chusp\u00f3ir acu an teaghlach Cr\u00edosta\u00ed a riaradh. Cuireadh an t\u00e9acs seo le ch\u00e9ile de r\u00e9ir mar a bh\u00ed an Eaglais ag dul i m\u00e9id sa dara n\u00f3 sa tr\u00ed\u00fa gl\u00fain d\u00e1 saol, agus a bh\u00ed anois mar chuid den tsocha\u00ed Ghr\u00e9ag-R\u00f3mh\u00e1nach. Dealra\u00edonn s\u00e9 go bhfuil an t\u00e9acs bunaidh den ch\u00f3d seo le f\u00e1il sa litir chuig na Colasaigh 3:8-4:2, t\u00e9acs a bhfuil tionchar aige ar an sliocht seo agus ar 1 Peadar 2:18-3:7 (feic chomh maith T\u00edteas 2:1-10). T\u00e1 sp\u00e9is d\u00e1 leith\u00e9id i gc\u00f3danna teaghlacha le sonr\u00fa i scr\u00edbhinn\u00ed lucht l\u00e9annta teorice poiliti\u00fala agus in aos l\u00e9inn eitice den tsean-r\u00e9 sin. Is mar sin a bh\u00ed toisc gur fh\u00e9acadh ar an dteaghlach mar bhunchloch do leas na socha\u00ed agus an phobail. T\u00e1 noirm do shaoil agus shocha\u00ed na tr\u00e9imhse sin le braith ar th\u00e9acsanna seo an Tiomna Nua, ach d\u00e9antar iad sin a shu\u00edomh anois taobh istigh de chreatlach na f\u00edse nua Cr\u00edosta\u00ed. Leanann as seo go l\u00e9ir go bhfuil cuid \u00e1irithe d\u00e1 bhfuil sna rialacha, na noirm, teaghlaigh seo den Tiomna Nua le meas de r\u00e9ir mheon agus chult\u00fair na haoise inar cumadh iad agus anois as d\u00e1ta, ach go bhfuil br\u00ed bhuan leis an chuid is m\u00f3 d\u00edobh leis an teaghlach agus an pobal Cr\u00edosta\u00ed a thuiscint. Ag teacht le d\u00e1ta agus cult\u00far a gcumtha t\u00e1 \u00e1it agus r\u00f3l an fhir l\u00e1rnach, agus moladh ann na mn\u00e1 bheith faoi smacht a gcuid fear i gach n\u00ed. Ach san \u00e1bhar seo n\u00ed dochar a mheabhr\u00fa gur fhan st\u00e1das an fhir ch\u00e9ile mar cheannasa\u00ed i r\u00e9im i dhl\u00ed an ph\u00f3sta in dt\u00edortha in aice linn go dt\u00ed an nao\u00fa c\u00e9ad d\u00e9ag. Ag teacht leis an aois inar cumadh t\u00e9acs an Tiomna Nua t\u00e1 tagairt ann do scl\u00e1bhaithe chomh maith. Ach b\u00edodh go bhfuil gaol ag an t\u00e9acs seo le c\u00f3danna teaghlaigh na haoise inar cumadh \u00e9, t\u00e1 s\u00e9 suite taobh istigh de bhunphrionsabail an tSoisc\u00e9il, agus tosa\u00edonn leis an ceann is bun\u00fasa\u00ed ar fad: \u201cA bhr\u00e1ithre agus a shi\u00faracha, b\u00edg\u00ed g\u00e9illi\u00fail d\u00e1 ch\u00e9ile le hom\u00f3s do Chr\u00edost\u201d, agus ag cur b\u00e9ime ag deireadh ar naofacht an phosta idir fhear agus bhean agus ar a ngr\u00e1 d\u00e1 ch\u00e9ile, samhail \u00e9 seo den ghr\u00e1 idir Chr\u00edost agus an Eaglais, a bhr\u00eddeach. R\u00fandiamhair dhomhain an p\u00f3sadh Cr\u00edosta\u00ed, ag tagairt do Chr\u00edost agus don Eaglais.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Eoin 6:60-69). <em>C\u00e9 chuige a rachaimid? Is agatsa at\u00e1 briathra na beatha s\u00edora\u00ed.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Seo \u00ed an c\u00faigi\u00fa agus an l\u00e9acht Dhomhnaigh dheiridh faoi \u00cdosa mar ar\u00e1n na beatha, l\u00e9achta\u00ed a t\u00f3gadh as soisc\u00e9al Eoin i mbliain seo Mharcais. Thosaigh na l\u00e9achta\u00ed le m\u00edor\u00failt iolr\u00fa na mbuil\u00edn\u00ed, agus ina dhiaidh sin tagann compar\u00e1id idir \u00cdosa mar ar\u00e1n na beatha leis an manna sa traidisiun Gi\u00fadach. Ina dhiaidh sin bh\u00ed aitheasc \u00cdosa faoi f\u00e9in mar an t-ar\u00e1n beo, r\u00e1iteas a chuir t\u00fas le ceisti\u00fach\u00e1n ag na Gi\u00fadaigh (i l\u00e9acht an Domhnaigh seo caite) faoi conas a fh\u00e9adfadh \u00cdosa a fheoil f\u00e9in a thabhairt le hithe. Deir l\u00e9acht an lae inniu linn go ndeacha an ceisti\u00fach\u00e1n agus an t-amhras seo ar aghaidh chomh fada le deisceabail \u00cdosa f\u00e9in, faoi fheoil \u00cdosa a ithe agus a chuid fola a \u00f3l, agus cuid acu \u00e1 r\u00e1: \u201cIs crua an chaint \u00ed seo, agus c\u00e9 a fh\u00e9adfadh \u00e9isteacht leis?|\u201d T\u00e1 freagra \u00cdosa pas beag dorcha, d\u00fafhoclach: \u201cAgus cad \u00e9 m\u00e1 fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh s\u00e9 cheana?\u201d, cl\u00e1sal coinn\u00edolach gan pr\u00edomhabairt. D\u2019fheadfa\u00ed an phr\u00edomhabairt a l\u00edonadh isteach i sl\u00edte \u00e9ags\u00fala: beidh an coir, an cion, n\u00edos troime, n\u00f3 n\u00edos \u00e9adroime, n\u00f3 an d\u00e1 rud le ch\u00e9ile \u2014 beidh deascabh\u00e1il Mhic an Duine chomh mist\u00e9ireach lena theacht anuas \u00f3 neamh agus le t\u00f3gaint a fheoil agus a chuid fola mar bhia. Sa chomhth\u00e9acs Eocaristeach seo dealra\u00edonn s\u00e9 gurbh \u00ed an bhr\u00ed ata leis an t\u00e9acs n\u00e1 seo: Mar a d\u00fairt s\u00e9 cheana, is \u00e9 \u00cdosa an tAr\u00e1n Beo a seoladh \u00f3 neamh ag an Athair. Nuair a ghleoireofar \u00e9 tr\u00edna bh\u00e1s agus a ais\u00e9ir\u00ed rachaidh s\u00e9 suas mar a raibh s\u00e9 cheana agus cuirfidh s\u00e9 uaidh an Spiorad Naomh. N\u00ed fol\u00e1ir an m\u00e9id a d\u00fairt s\u00e9 faoin Eocairist a thuiscint in \u00e9ineacht le r\u00fandiamhair an ioncollaithe, tr\u00ed chreideamh, tr\u00edd an Spiorad a thugann an bheatha; n\u00edl aon \u00e9ifeacht san \u00e1bhar seo ag an r\u00e9as\u00fana\u00edocht dhaonna (\u201can fheoil\u201d). N\u00ed thagann creideamh i l\u00e1ithreacht \u00cdosa sa Eocairist ach tr\u00ed bhronntanas \u00f3n Athair. (\u201cN\u00ed f\u00e9idir d\u2019aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha d\u00f3 ag m\u2019Athair\u201d). Bh\u00ed an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa faoina l\u00e1ithreacht san Eocairist r\u00f3-chrua do a l\u00e1n d\u00e1 lucht lean\u00fana agus thr\u00e9ig roinnt acu \u00e9. Ach n\u00edorbh amhlaidh don D\u00e1r\u00e9ag (Aspal). Thar a gceann, faoi mar a rinne s\u00e9 ag Caesairia Philib, d\u00e9anann Peadar admh\u00e1il chreidimh in \u00cdosa.T\u00e1 teachtaireacht, briathra, na beatha s\u00edora\u00ed ag Iosa. Tuigeann an D\u00e1r\u00e9ag gurbh \u00e9 \u00cdosa Aon Naofa D\u00e9 \u2013 an tAr\u00e1n Beo a th\u00e1inig anuas \u00f3 neamh le beatha a thabhairt don domhan.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><\/strong><em> Inspior\u00e1id \u00f3n mB\u00edobla do theaghlaigh Chr\u00edosta\u00ed inniu.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>1.\u00d3 reifreann agus \u00f3 ch\u00farsa\u00ed polait\u00edochta t\u00e1 a fhios againn go maith inniu go bhfuil n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 sainmh\u00edni\u00fa amh\u00e1in ar cad is teaghlach agus p\u00f3sadh ann. Ach ag an Eaglais Chr\u00edosta\u00ed t\u00e1 an tuiscint ch\u00e9anna den teaghlach aici agus a bh\u00ed ann trid na haoiseanna s\u00edos. Agus sa tuiscint sin dearcadh ar an dteaghlach mar bhunchloch den tsocha\u00ed, den phobal, reiligi\u00fanda agus sibhialta, agus d\u00e1 bharr sin \u00f3n chianaimsir bh\u00ed rialacha agus c\u00f3danna iompair priobh\u00e1ideacha ann ina thaobh. De r\u00e9ir mar a bh\u00ed an Eaglais ag dul i dtreise agus ag t\u00e1th\u00fa, \u00f3 chreidmhigh aonair go teaghlaigh ioml\u00e1na, chuir s\u00ed c\u00f3danna d\u00e1 leith\u00e9id le ch\u00e9ile d\u00e1 baill f\u00e9in. T\u00e1 sampla\u00ed de roinnt d\u00edobh i litreacha an Tiomna Nua a fh\u00e9adfadh bheith f\u00f3s mar threoir agus mar inspior\u00e1id do theaglaigh Chr\u00edosta\u00ed inniu, ag tabhairt airde cu\u00ed ar na tosca at\u00e1 athraithe go m\u00f3r tr\u00edd an d\u00e1 mh\u00edle bliain idir an l\u00e1 inniu agus an tr\u00e1th inar cumadh na scr\u00edbhinn\u00ed sin.<\/p>\n\n\n\n<p>2.Cuireadh roinnt de ch\u00f3danna sin an Tiomna Nua le ch\u00e9ile do theaghlaigh a bh\u00ed s\u00ednte agus measctha, leis an athair agus an mh\u00e1thair i l\u00e1rbhaill, agus chomh maith le sin, mar a bh\u00ed sa tsocha\u00ed phag\u00e1nach R\u00f3mh\u00e1nach, scl\u00e1bhaithe agus a m\u00e1istr\u00ed ann chomh maith.<\/p>\n\n\n\n<p>3. Sa sean-r\u00e9 sin, maidir leis an teaghlach, san Eaglais Chr\u00edosta\u00ed, ba chuma faoin ghaol a bh\u00ed ann taobh istigh den ghr\u00fapa, agus faoi c\u00e9 a bh\u00ed umhal agus ag tabhairt om\u00f3is do c\u00e9 h\u00e9 (bean ch\u00e9ile don fhear c\u00e9ile, scl\u00e1bha do mh\u00e1istir), do gach aoinne bh\u00ed pearsa Chr\u00edost agus a theagasc faoi ghr\u00e1 an chomharsa l\u00e1rnach. Bheadh cuimhne ag baill an teaghlaigh ar a d\u00fairt \u00cdosa leis na sluaite agus lena dheisceabail i Matha (Matha 23:8-12): \u201cN\u00e1 b\u00edodh \u2018raib\u00ed\u2019 \u00e1 thabhairt oraibhse; \u00f3ir n\u00edl ach an t-aon Mh\u00e1istir oraibh, agus is br\u00e1ithre sibhse uile. Agus n\u00e1 glaoig\u00ed bhur \u2018n-athair\u2019 ar aon duine ar an talamh, \u00f3ir n\u00edl agaibh ach an t-aon Athair, an t\u00e9 at\u00e1 ar neamh. Agus f\u00f3s n\u00e1 b\u00edodh m\u00fainteoir\u00ed \u00e1 thabhairt oraibh, \u00f3ir n\u00edl agaibh ach an t-aon Mh\u00fainteoir, an Cr\u00edost. An t\u00e9 agaibh is uaisle, beidh s\u00e9 na sheirbh\u00edseach daoibh. Agus cib\u00e9 duine a ard\u00f3iodh \u00e9 f\u00e9in, isleofar \u00e9, agus cib\u00e9 duine a isleoidh \u00e9 f\u00e9in ard\u00f3far e\u201d. Agus n\u00ed bheadh dearmad d\u00e9anta ach an oiread ar chomhairle Ph\u00f3il chuig na Filipigh (Filipigh 2:2-4): \u201cCuirig\u00ed barr ar mo chuid \u00e1thais tr\u00ed bheith ar aon aigne le ch\u00e9ile. N\u00e1 d\u00e9anaig\u00ed aon n\u00ed le teann ioma\u00edochta n\u00e1 le teann gaisce, ach sibh a mheas go huir\u00edseal gur fearr daoine eile n\u00e1 sibh f\u00e9in. N\u00e1 b\u00edodh aon duine ag cuimhneamh ar a leas f\u00e9in amh\u00e1in ach ar leas na gcomharsana chomh maith\u201d. Bheadh treoir le fail \u00f3na leith\u00e9id de th\u00e9acsanna nuair a bh\u00ed na c\u00f3danna teaghlaigh \u00e1 gcur le ch\u00e9ile de r\u00e9ir prionsabal a raibh glactha leo san am maidir le mn\u00e1 ch\u00e9ile agus p\u00e1ist\u00ed a bheith umhal agus om\u00f3sach, ach an c\u00f3d anois sa chomhth\u00e9acs Cr\u00edosta\u00ed bheadh spiorad nua ag gabh\u00e1il leo, mar ina dt\u00fas deirtear le gach aoinne (Eifisigh 5:21): \u201cB\u00edg\u00ed g\u00e9illi\u00fail d\u00e1 ch\u00e9ile le hom\u00f3s do Chr\u00edost\u201d. Tugann an t-om\u00f3s seo do Chr\u00edost gn\u00e9 nua ar fad isteach sna caidrimh seo sa teaghlach. Tugann an t-om\u00f3s meas don duine eile, ag tabhairt airde le f\u00e1s agus dul chun cinn an duine sin sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed agus ina mbeatha phearsanta. T\u00e1 m\u00edr sna c\u00f3danna \u00e1rsa sin (nach mbaineann leis an l\u00e1 inniu) ar scl\u00e1bhaithe agus a m\u00e1istr\u00ed. Cuireann na t\u00e9acsanna Cr\u00edosta\u00ed cl\u00e1sal isteach go bhfuil siad araon freagrach do Dhia, agus beidh luach saothair n\u00f3 pion\u00f3s acu \u00f3 Dhia mar a oireann. Deirtear leis na m\u00e1istr\u00ed gan bheith ag bagairt ar na scl\u00e1bhaithe, agus a fhios a bheith acu go bhfuil an M\u00e1istir c\u00e9anna acu agus acusan ar neamh agus gur cuma leis si\u00fad duine seachas a ch\u00e9ile (Eifisigh 6:9)<\/p>\n\n\n\n<p>4.Ceist eile n\u00e1 conas inspior\u00e1id a bhaint as na l\u00e9achta\u00ed sin i gc\u00f3ir teaghlaigh an lae inniu. N\u00ed fol\u00e1ir do phearsa Chriost agus gach a leanann as a bheith i l\u00e1r baill. Inniu t\u00e1 a l\u00e1n p\u00e1ist\u00ed a rachaidh ar Aifreann an Domhnaigh lena dtuismitheoir\u00ed fad is mion\u00fair iad, ach nach dt\u00e9ann a thuilleadh ina dhiaidh sin, b\u00edodh nach ionann sin agus an creideamh a sh\u00e9anadh. Bheadh gairm ag tuismitheoir\u00ed a nd\u00edcheall a dh\u00e9anamh lena gclann a ullmh\u00fa lean\u00faint leis an urna\u00ed nuair nach p\u00e1ist\u00ed n\u00f3 mion\u00fair iad a thuilleadh, fi\u00fa muna dt\u00e9ann siad ar an Aifreann. N\u00ed bheadh \u00fas\u00e1id leabhar bhig urna\u00ed as an \u00e1ireamh. N\u00ed m\u00f3r aghaidh a thabhairt ar an gceist faoi conas eolas ar an gcreideamh a thabhairt do dhaoine \u00f3ga f\u00e1sta thar mar is f\u00e9idir a thabhairt ag Aifreann an Domhnaigh. D\u2019fh\u00e9adfadh tuismitheoir\u00ed iarracht a dh\u00e9anamh sl\u00edte a aimsi\u00fa conas sin a dh\u00e9anamh. Is f\u00e9idir le leabhair agus eagrais a phl\u00e9ann leis an fhadhb seo cabhair a thabhairt. Ach fanann r\u00f3l an teaghlaigh Chriosta\u00ed l\u00e1rnach i gc\u00f3na\u00ed, tuismitheoir\u00ed agus p\u00e1ist\u00ed mar aonad amh\u00e1in, le teacht ar eolas n\u00edos doimhne ar an gcreideamh agus \u00e9 a sheachadadh \u2013 an creideamh i gCr\u00edost agus san Eaglais.<\/p>\n\n\n\n<p>(I gc\u00f3ir machnamh ar Shoisc\u00e9al an lae inniu agus an Eocairist feic faoin Domhnach seo caiteAn 20\u00fa Domhnach den Bhlian (B), 16 L\u00fanasa 2015: <em>An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><em> \u00cdosa Cr\u00edost Ar\u00e1n na Beatha. Sl\u00e1n\u00fa. Monabhar. Comhartha a sh\u00e9anfar; <\/em>agus freisin: <em>An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae, <\/em>17\u00fa Domhnach Saor(B) , 26 I\u00fail 2015:<em> An Eocairist: Cuimhneach\u00e1n ilghn\u00e9itheach ar \u00cdosa agus d\u00e1 sheasann s\u00e9.<\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1078,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1597","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1597","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1597"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1597\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1600,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1597\/revisions\/1600"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1078"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1597"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1597"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1597"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}