{"id":1601,"date":"2021-08-24T08:16:00","date_gmt":"2021-08-24T08:16:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1601"},"modified":"2021-06-11T08:22:13","modified_gmt":"2021-06-11T08:22:13","slug":"29-lunasa-2021-b-an-dara-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1601","title":{"rendered":"29 L\u00fanasa 2021 (B) An Dara Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Cad a tharla don aisling Chr\u00edosta\u00ed? An Eaglais i saol an phobail.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>&nbsp;<strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Deotranaim\u00ed 4:1-2, 6-8). <em>N\u00e1 cuirig\u00ed aon bhreis lena n-orda\u00edm daoibh; coime\u00e1daig\u00ed aitheanta an Tiarna. <\/em>I Leabhar Deotranaim\u00ed tagann an l\u00e9acht seo ag deireadh na ch\u00e9ad choda (Deotranaim\u00ed caibidil 1-4) de thr\u00ed aitheasc a dh\u00e9anann Maois do phobal Iosrael sul a raibh siad le dul isteach go T\u00edr Tairngire tar \u00e9is bheith ag f\u00e1na\u00edocht san fh\u00e1sach. Beidh siad ansin i measc pobal pag\u00e1nacha agus n\u00ed m\u00f3r d\u00f3ibh bheith ullamh go maith d\u00f3 sin tr\u00ed bheith feasach de na pribhil\u00e9id\u00ed at\u00e1 acu mar phobal at\u00e1 roghnaithe faoi leith ag Dia, Dia a raibh caidreamh acu leis agus Dl\u00ed agus treoracha don bheatha uaidh. Bheadh comhth\u00e1th\u00fa eatorthu f\u00e9in uathu, le nach nd\u00e9anfa\u00ed iad a athshamhl\u00fa ag an pobal pag\u00e1nach sin. Bheadh tuiscint acu gur cine faoi leith iad le misean do dhaoine eile ar an fhi\u00fantas a bh\u00ed i gcreideamh san aon fh\u00edor-Dhia amh\u00e1in, Dia Iosrael, bheadh sin acu tr\u00ed chreideamh daingean agus chleachtadh ag teacht leis na dl\u00edthe don sl\u00ed bheatha a tugadh d\u00f3ibh. Bh\u00ed eagna dhiaga sna dl\u00edthe sin agus sa tsl\u00ed bheatha sin, eagna a bheadh ag dul i bhfeidhm orthu si\u00fad taobh amuigh de chlann Iosrael. Na dl\u00edthe sin, agus sl\u00ed bheatha sin Iosrael, ba chumasc iad de aitheanta D\u00e9 a mhairfeadh do gach tr\u00e1th (mar shampla na cinn ar a dtugaimid na Deich nAitheanta) agus dl\u00edthe agus n\u00f3sanna eile a raibh bunadh \u00e9ags\u00fail leo ach a chothaigh t\u00e1th\u00fa phobal Iosrael ina dtr\u00e1th f\u00e9in, agus mar \u201cmharc\u00f3ir\u00ed\u201d ag d\u00e9anamh<\/p>\n\n\n\n<p>soil\u00e9ir gurbh \u00e9ags\u00fail Iosrael \u00f3 chin\u00edocha eile. D\u2019fheidhmigh siad sin go maith d\u2019Iosrael thar na c\u00e9adta bliain, agus fi\u00fa sa domhan pag\u00e1nach i dtr\u00e9imhse an Tiomna Nua, agus roimhe sin, bh\u00ed meas ar shionag\u00f3ig\u00ed agus ar phobal na nGi\u00fadach de bharr an aondiachais shoil\u00e9ir agus an iompair mhor\u00e1lta a bhi acu de ghn\u00e1th. Ach bh\u00ed an cath\u00fa ann i gcodanna \u00e1irithe den Ghi\u00fadachas (i measc na bhFairis\u00edneach mar shampla) an prionsabal gan aon bhreis a chur le Dl\u00ed Mhaois dul r\u00f3-fhada agus dl\u00edthe agus n\u00f3sanna nua a chumadh faoi sc\u00e1th bheith ag cosaint an Dl\u00ed sin. Roinnt mhaith de na \u201cmarc\u00f3ir\u00ed\u201d sin a raibh mar aidhm acu f\u00e9ini\u00falacht an chine Ghi\u00fadaigh a chosaint agus iad a dheighilt \u00f3 n\u00e1isi\u00fain eile, n\u00ed raibh siad inghlactha ag an luath-Eaglais Chr\u00edosta\u00ed nuair a thuigeadh gur chuir b\u00e1s Chr\u00edost deireadh le deighilt idir chin\u00edocha. Bh\u00ed sl\u00e1n\u00fa ar f\u00e1il do gach duine tr\u00ed chreideamh i gCr\u00edost, gan deighilt ann a thuilleadh idir Ghi\u00fadach agus Gintl\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le Freagra (Salm 14[15]). <em>A Thiarna, c\u00e9 a dh\u00e9anfaidh c\u00f3na\u00ed i do phoball?<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(S\u00e9amas 1:17-18, 21-22, 27). <em>Caithfidh sibh an briathar a chur i ngn\u00edomh. <\/em>I rith na seacht nDomhna\u00ed a ghabh tharainn bh\u00ed sleachta \u00e1ille againn as an Litir chuig na hEifisigh. Inniu, sa dara l\u00e9acht, cuirimid t\u00fas le c\u00faig l\u00e9acht, i rith na gc\u00faig Domhnach seo romhainn, \u00f3 litir eile, Litir Sh\u00e9amais. Is \u00ed an ch\u00e9ad litir \u00e9 seo de sheacht litreacha den Tiomna Nua ar a dtugtar Na Litreacha Caitliceacha, caitliceach sa chiall go meastar gur d\u00edr\u00edodh iad dt\u00ed an Eaglais uil\u00edoch, chomhchoitianta, seachas go eaglais aonair, n\u00f3 go daoine aonair, mar is c\u00e1s do litreacha Ph\u00f3il. T\u00e1 Litir Sheamais caitliceach sa chiall sin. Tosa\u00edonn s\u00ed go simpl\u00ed, ag lua ainm na scribhneora agus na bhfaighteoir\u00ed, iad si\u00fad ar dir\u00edodh chucu \u00ed: \u201cS\u00e9amas seirbh\u00edseach D\u00e9 agus anTiarna \u00cdosa Cr\u00edost chuig an d\u00e1 threibh dh\u00e9ag at\u00e1 ar dheora\u00edocht\u201d. N\u00ed fios go beacht c\u00e9 h\u00e9 an S\u00e9amas i gceist. Measann daoine \u00e1irithe gurbh \u00e9 S\u00e9amas br\u00e1thair an Tiarna \u00e9, ceannaire na hEaglaise \u00f3ige in Iar\u00fasail\u00e9im a cuireadh chun b\u00e1is sa bhliain 62 A.D. Ach t\u00e1 togha na Gr\u00e9igise sa litir, agus gaol aici le scr\u00edbhinn n\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa ch\u00e9ad c\u00e9anna. Agus tugann sin ar a l\u00e1n scol\u00e1iri a mheas gur scr\u00edobhadh \u00e9 go d\u00e9anach in aois tosaigh na Cr\u00edosta\u00edochta. Is d\u00f3cha gurbh iad \u201cdh\u00e1 threibh dh\u00e9ag na deora\u00edochta\u201d Cr\u00edostaithe Gi\u00fadacha taobh amuigh den Phailist\u00edn (T\u00edr Iosrael), ar fud impireacht na R\u00f3imhe, go m\u00f3r m\u00f3r sna t\u00edortha maguaird, an tSiria, an \u00c1is (i dTuirc an lae inniu), an \u00c9igipt. Ach d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 bheith gur teideal \u201can d\u00e1 threibh d\u00e9ag\u201d don Eaglais Chr\u00edosta\u00ed i gcoitinne, an Iosrael Nua.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;Murab ionann agus an Litir chuig na hEifisigh, n\u00ed shaothra\u00edonn S\u00e9amas t\u00e9ama\u00ed ar feadh i bhfad. T\u00e1 s\u00e9 faoi thionchar thraidisi\u00fan Eabraise na heagna agus theagasc \u00cdosa, go h\u00e1irithe mar at\u00e1 sin le fail sa tSeanm\u00f3ir ar an Sliabh. Ar uairibh deireann s\u00e9 a bhfuil le r\u00e1 aige \u00ed r\u00e1itis ghearra (ar uairibh d\u00fathomhais, deacair le tuiscint), agus fi\u00fa le h\u00edomh\u00e1nna neamhghn\u00e1thacha. Bheadh ar chumas a ch\u00e9ad-l\u00e9itheoir\u00ed iad a thuiscint, n\u00f3 na nodanna, leathfocail, a l\u00edonadh isteach \u00f3n dteagasc Cr\u00edosta\u00ed bh\u00ed acu, teagasc a ghlacann S\u00e9amas leis a bheith ar eolas acu. I l\u00e9acht an lae inniu tosa\u00edonn s\u00e9 lena r\u00e1 go dtagann gach rud f\u00f3nta sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed \u00f3 Dhia at\u00e1 maith agus foirfe, Athair na soilse. Thug Dia na Cr\u00edostaithe ar an saol, ghin s\u00e9 iad mar a chlann, \u201ctr\u00ed bhriathar na firinne\u201d, tr\u00edd an tSoisc\u00e9al, le go mbeidis mar ch\u00e9adtoradh d\u00e1 chruthaigh s\u00e9 le fianaise a thabhairt d\u00f3 \u2013 comhartha ar an ngr\u00e1 m\u00f3r at\u00e1 aige d\u00f3ibh.<\/p>\n\n\n\n<p>Leanann S\u00e9amas ar aghaidh faoi bhriathar D\u00e9 at\u00e1 curtha mar sh\u00edol i gCr\u00edostaithe, briathar at\u00e1 in ann a n-anam a shlan\u00fa. Mar sin, t\u00e1 cumhacht sa bhriathar seo. Is f\u00e9idir an m\u00e9id a deir s\u00e9 a chur i gcompar\u00e1id lena deir P\u00f3l ag scr\u00edobh chuig na Teasal\u00f3naigh (1 Teas 2:13) nach briathar daonna at\u00e1 sa Soisc\u00e9al, ach d\u00e1ir\u00edre briathar D\u00e9 at\u00e1 gn\u00edomhach, ag feidhmi\u00fa, i gcreidmhigh. D\u2019fh\u00e9adfaimis labhairt air mar bhronntanas an Spioraid Naoimh istigh sna creidmhigh \u00e1 spreagadh chun gn\u00edmh. Tagann an chumhacht inmhe\u00e1nach seo, an briathar \u201cin-churtha\u201d, chun beatha tr\u00ed bheatha fh\u00edrinneach Chr\u00edosta\u00ed. N\u00ed m\u00f3r \u00e9isteacht leis an mbriathar seo agus feidhmi\u00fa d\u00e1 r\u00e9ir.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;Ag deireadh na l\u00e9achta seo t\u00e1 sainmh\u00edni\u00fa \u00e1lainn ar \u00e9irim na Cr\u00edosta\u00edochta in aois ar bith: gr\u00e1 an chomharsa, go h\u00e1irithe iad sin in am an gh\u00e1tair (dilleachta\u00ed agus baintreacha) agus gr\u00e1 D\u00e9 le seirbh\u00eds d\u00f3 amh\u00e1in, gan ligean do n\u00f3sanna saolta creidmhigh a thruailli\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 7:1-8, 14-15, 21-23). <em>F\u00e1gann sibh aithne D\u00e9 agus coinn\u00edonn sibh traidisi\u00fan na ndaoine. <\/em>Ba chuid t\u00e1bhachtach de shaol na nGi\u00fadach i laethanta \u00cdosa na Fairis\u00ednigh agus ar feadh ch\u00e9ad bhliain go leith roimhe sin. Ba ghr\u00fapa de thuata\u00ed iad a bh\u00ed tugtha ar aithris a dh\u00e9anamh ar na sagairt sa Teampall. Bh\u00ed iomr\u00e1 orthu de bharr cleachta\u00ed faoi leith a bh\u00ed acu amhail n\u00edoch\u00e1n deasghn\u00e1thach (seachas sl\u00e1inteach), mar n\u00ed l\u00e1mh, corc\u00e1n agus soith\u00ed pr\u00e1is agus mar sin de. B\u00edodh n\u00e1rbh l\u00edonmhar iad (thart ar cheithre mh\u00edle) bh\u00ed tionchar an-mh\u00f3r acu ar an bpobal go coitianta. Saineolaithe ar Dhl\u00ed Mhaois ab ea na scr\u00edobhaithe ach bheadh b\u00e1idh ag a l\u00e1n d\u00edobh le tuairm\u00ed agus modh beatha na bhFairis\u00edneach. Ba ch\u00f3ir tabhairt faoi deara faoi mar a th\u00e9ann \u00cdosa go cro\u00edl\u00e1r na ceiste: glaine chro\u00ed, reiligi\u00fan inmhe\u00e1nach seachas rud\u00e1i seachtracha gan t\u00e1bhacht amhail n\u00edoch\u00e1n. Sa dara cuid den l\u00e9acht, ina labhra\u00edonn \u00cdosa leis \u201can pobal\u201d i gcoitinne, seachas na Fairis\u00ednigh, scr\u00edobhaithe n\u00f3 na haspail, m\u00edn\u00edonn \u00cdosa ruda\u00ed n\u00edos soil\u00e9ire: glaineacht agus glaine chro\u00ed. T\u00f3gtar an cro\u00ed mar fhoinse den ghn\u00edomha\u00edocht dhaonna.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/em><\/strong><em>Cad a tharla don aisling Chr\u00edosta\u00ed? An Eaglais i saol an phobail.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Anois is ar\u00eds cloistear r\u00e1itis \u00f3 phoiliteoir\u00ed, \u00f3 iriseoir\u00ed agus i litreacha chuig p\u00e1ipeir\u00ed n\u00e1r choir go mbeadh \u00e1it ar bith ag an Eaglais i saol an phobail, amhail is go mba baol \u00ed an Eaglais do riarach\u00e1n c\u00farsai pobail. I measc lucht acad\u00fail is f\u00e9idir frith-chl\u00e9ireachas \u00e1irithe a bhrath, n\u00f3 fi\u00fa meon frith-Chr\u00edosta\u00ed, le mian agus iarracht diagacht Chr\u00edosta\u00ed agus ministr\u00ed creidimh a choinne\u00e1il amach \u00f3n saol acad\u00fail. T\u00e1 feachtas agus treall\u00fas chuige seo ag dul ar aghaidh le fada anois. T\u00e1 an meon taobh thiar curtha in i\u00fal mar seo leanas ag an Dara Comhairle Vatac\u00e1ineach ina Bunreacht Tr\u00e9adach ar an Eaglais i saol an lae inniu (7 Nollaig 1965): \u201cDeallra\u00edonn s\u00e9 go bhfuil fait\u00edos ann inniu go bhfuil baol ann do fh\u00e9inriar na pearsan daonna, do fh\u00e9inriar eagras agus eola\u00edochta\u00ed \u00f3 bhaint dhl\u00fath idir ghn\u00edomha\u00edocht dhaonna agus reiligi\u00fan\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>Nuair a bh\u00edonn dearcadh coitianta d\u00e1 leith\u00e9id ann, is glaoch \u00e9 do chreidmhigh machnamh a dh\u00e9anamh ar na saincheisteanna at\u00e1 faoi chaibideal agus iad f\u00e9in a chur ar an eolas faoi na bunphrionsabail a bhaineann le h\u00e1bhar. Ba choir gur glaoch \u00e9 leis an aisling, an fh\u00eds, Chr\u00edosta\u00ed faoin bheatha a athmh\u00fascailt agus iarracht a dh\u00e9anamh f\u00eds sin na Cr\u00edosta\u00edochta agus na hEaglaise a choime\u00e1d beo agus gn\u00edomhach sa diosc\u00farsa poibl\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Mar bhunchloch don chreideamh agus don chleachtadh Cr\u00edosta\u00ed t\u00e1 an d\u00e1 aithne, gr\u00e1 D\u00e9 agus gr\u00e1 an chomharsa. Mar a d\u00fairt \u00cdosa, ar an d\u00e1 aithne sin t\u00e1 an Dl\u00ed go hioml\u00e1n agus na F\u00e1ithe ag brath. N\u00ed f\u00e9idir iad a scaradh \u00f3na ch\u00e9ile. N\u00f3 mar a chuireann Litir Sh\u00e9amais i dara l\u00e9acht an lae inniu \u00e9: \u201cSeo \u00e9 f\u00edorchleachtadh an chreidimh at\u00e1 glan agus gan sm\u00e1l: cuairt a thabhairt ar na d\u00edlleachta\u00ed agus na baintreachta in am a ng\u00e1tair agus sinn f\u00e9in a choime\u00e1d saor \u00f3 thruailli\u00fa\u201d. I rith a staire, agus go m\u00f3r m\u00f3r in\u00e1r dt\u00edr f\u00e9in, bh\u00ed an Eaglais gafa i gc\u00farsa\u00ed soisialta agus i seirbh\u00eds\u00ed soisialta, i gc\u00faram na lag agus iad si\u00fad ar an imeall, san oideachas, sna heala\u00edona, sa litriocht agus sna heola\u00edochta\u00ed. Is iad creidmhigh, an eaglais, a thug d\u00fainn an saol mar at\u00e1 s\u00e9 againn inniu, b\u00edodh go bhfuil a l\u00e1n ann ar mhaith leo dearmad a dh\u00e9anamh de sin. Luachanna soisialta an lae inniu, amhail c\u00faram na lag agus iad si\u00fad faoi mh\u00edchumas, athmhuintearas seachas d\u00edoltas, agus m\u00f3r\u00e1n luachanna eile, is cuid den oidhreacht shaibhir Crr\u00edosta\u00ed iad.<\/p>\n\n\n\n<p>Glaonn an oidhreacht Chriosta\u00ed seo orainn go l\u00e9ir aithne a chur uirthi, eolas a chur ar a t\u00e1bhacht agus bheith r\u00e9idh lena cosaint.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cad &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1076,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1601","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1601","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1601"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1601\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1609,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1601\/revisions\/1609"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1076"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1601"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1601"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1601"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}