{"id":1620,"date":"2021-09-09T14:24:50","date_gmt":"2021-09-09T14:24:50","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1620"},"modified":"2022-02-22T09:33:18","modified_gmt":"2022-02-22T09:33:18","slug":"5-mean-fomhair-2015-b-an-triu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1620","title":{"rendered":"5 Me\u00e1n Fomhair 2021 (B) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Glaoch d\u2019athnuachan Chr\u00edostai san Eaglais in \u00c9irinn.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(<em>\u00cdse\u00e1ia<\/em> 35:4-7). <em>Oscl\u00f3far s\u00faile na ndall agus ni bheidh moill ar cluasa na mbodhar.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 diantaighde agus staid\u00e9ar ann na laethanta seo faoi mar ar cuireadh Leabhar \u00cdse\u00e1ia, caibidil 1 go 66, go m\u00f3r m\u00f3r caibidil 40-55, i dtoll a ch\u00e9ile, agus is cinnte go leanfaidh an c\u00edoradh ar aghaidh. Is gn\u00e1thach, mar sin f\u00e9in, tr\u00ed chuid, tr\u00ed roinn, a fheice\u00e1il sa leabhar. A bhfuil ar eolas againn faoin bhf\u00e1idh f\u00e9in (a bh\u00ed gn\u00edomhach sa dara cuid den ocht\u00fa c\u00e9ad roimh Chr\u00edost) t\u00e1 sin ar f\u00e1il sa ch\u00e9ad roinn den Leabhar (caibidil 1-39), agus don chuid is m\u00f3 de t\u00e1 s\u00e9 ag tabhairt rabhaidh don phobal faoina m\u00eddh\u00edlseacht don chonradh. Roinn n\u00edos d\u00e9ana\u00ed den Leabhar, caibidil 40-55 (n\u00f3 40-48), ar a dtugtar an Dara \u00cdse\u00e1ia, cumadh \u00ed thart ar dheireadh na deora\u00edochta sa Bhaibeal\u00f3in, idir na blianta 550 agus 540 roimh Chr\u00edost, roinn a dtugtar mar theideal di \u201cLeabhar an tS\u00f3l\u00e1is\u201d. T\u00e1 gealltanais ann faoin fhilleadh \u00f3n deora\u00edocht agus faoi thodhcha\u00ed ghl\u00f3rmhar. T\u00e1 na caibidil eile n\u00edos \u00f3ige n\u00e1 sin f\u00f3s, \u00f3 thr\u00e9imhse tar \u00e9is na deora\u00edochta. Caibideal 35, as a dt\u00f3gtar l\u00e9acht an lae inniu, b\u00edodh gur \u00f3 ch\u00e9ad roinn an leabhair \u00e9 (caibidil 1-39), \u00f3 thaobh an l\u00e9argais at\u00e1 ann baineann s\u00e9 le l\u00e9argas an Dara \u00cdse\u00e1ia. D\u00edr\u00edodh an l\u00e9acht seo c\u00e9aduair ar na deoraithe sa Bhaibeal\u00f3in, nach raibh aon bhun\u00fas daonna acu faoi shaoirse teacht chucu, agus spreagtar iad misneach a bheith acu. T\u00e1 Dia le teacht ina gcabhair le malairt chinni\u00fana agus le rath a thabhairt d\u00f3ibh. Faoin r\u00e9 nua seo \u00f3 Dhia d\u2019Iosrael deirtear leo gur \u201cbhur nd\u00edoltas at\u00e1 ag teacht, is \u00e9 c\u00faiteamh D\u00e9 \u00e9\u201d, ach n\u00ed d\u00f3cha gur d\u00edoltas i gcoinne naimhde Iosrael at\u00e1 i gceist, mar d\u00edreach ina dhiaidh sin labhartar faoi Dhia mar Shl\u00e1naitheoir: \u201ceisean (Dia) at\u00e1 ag teacht do bhur slan\u00fa\u201d. Ionann \u201cd\u00edoltas\u201d agus \u201cc\u00faiteamh\u201d anseo agus d\u00edograis D\u00e9 i leith shl\u00e1n\u00fa a phobail, pas beag mar a deir briathar gaolmhar leis in \u00cdse\u00e1ia 9:6: \u201cD\u00edograis dh\u00edlis an Tiarna a chuirfidh sin i gcr\u00edch\u201d. Tugann l\u00e1mh seo D\u00e9 leigheas agus ioml\u00e1ine do thinnis n\u00ed hamh\u00e1in don phobal (Iosrael) agus don duine aonair (na daill, bodhair, bacaigh, balbh\u00e1in) ach don d\u00falra f\u00e9in (f\u00e1sach, gaineamhlach, talamh loiscthe, fearann spalta). Roghna\u00edtear an sliocht seo \u00f3 th\u00e9acs n\u00edos faide in \u00cdse\u00e1ia le dul leis an l\u00e9acht i Soisc\u00e9al an lae inniu ina fheictear ar an fh\u00e1istine seo bheith comhl\u00edonta ag \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 145[146]). <em>Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(S\u00e9amas 2:1-5). <em>Nach iad bochta an tsaoil a thogh Cr\u00edost agus a ndearna s\u00e9 oidhr\u00ed na r\u00edochta d\u00edobh.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Leagann Litir Sh\u00e9amais b\u00e9im l\u00e1idir ar chreideamh in \u00cdosa at\u00e1 beo agus \u00e1 chleachtadh. Glacann S\u00e9amas leis go bhfuil eolas ag a l\u00e9itheoir\u00ed ar theachtaireacht an tSoisc\u00e9il agus gur choir maireacht\u00e1il d\u00e1 r\u00e9ir. Cuireann s\u00e9 b\u00e9im air seo ar\u00eds agus ar\u00eds eile. N\u00ed rud teib\u00ed teachtaireacht an tSoisc\u00e9il, \u201can briathar\u201d mar a thugann s\u00e9 air. Is cumhacht \u00e9 istigh i gcro\u00edthe na gcreidmheach, a bhfuil ar a chumas a n-anamacha a shabh\u00e1il. Tugann S\u00e9amas \u201can briathar in-s\u00edolaithe\u201d, curtha istigh, a s\u00edoladh i gcreidmhigh, ar an mbriathar seo (S\u00e9amas 1:21). I dteanga an lae inniu b\u2019fh\u00e9idir go bhf\u00e9adfaimis labhairt faoi mar an Spiorad Naomh lonnaithe in\u00e1r n-anamacha. Tugann \u201can briathar\u201d, teachtaireacht an tSoisc\u00e9il, an teagasc at\u00e1 len\u00e1r mbeatha a threor\u00fa. Tugann S\u00e9amas Dl\u00ed na Saoirse air. Is f\u00e9idir dearcadh air mar sc\u00e1th\u00e1n. Ach mura cuirtear an teagasc i gcr\u00edch tr\u00ed ghn\u00edomhartha t\u00e1 sin cos\u00fail le duine a fh\u00e9achann ar a \u00edomh\u00e1 f\u00e9in sa sc\u00e1th\u00e1n agus ansin im\u00edonn agus d\u00e9anann dearmad ar a bhfuil feicthe aige (S\u00e9amas 1:22-25). Mar a mheabhra\u00edonn S\u00e9amas d\u00fainn, n\u00edor ch\u00f3ir dallamull\u00f3g a chur orainn f\u00e9in: n\u00ed leor \u00e9isteacht leis an mbriathar amh\u00e1in; n\u00ed m\u00f3r \u00e9 a chur i ngn\u00edomh chomh maith (S\u00e9amas 1:22). I l\u00e9acht an lae inniu tugann S\u00e9amas sampla nithi\u00fail de na h\u00e9ilimh a fh\u00e9adfadh an \u201cbriathar\u201d, teachtaireacht an tSoisc\u00e9il, a dh\u00e9anamh. Tugann s\u00e9 sampla de thion\u00f3l liot\u00fairgeach Cr\u00edosta\u00ed in \u00e1it chruinnithe (ar a dtugann s\u00e9 sionag\u00f3g), mar a bhfuil an pobal suite in ord agus in eagar, le uachtar\u00e1n i gceannas. Tagann fear uasal le \u00e9ad\u00e1i maithe agus f\u00e1inn\u00ed air isteach agus tugtar cuireadh d\u00fa su\u00ed in \u00e1it on\u00f3rach. Ansin tagann fear bocht le droch\u00e9adach air agus deirtear leis su\u00ed in \u00e1it n\u00edos \u00edsle. De r\u00e9ir dealraimh ba \u00f3n \u00edsealaicme an pobal Cr\u00edosta\u00ed i gceist ag S\u00e9amas, agus meabhra\u00edonn S\u00e9amas d\u00e1 l\u00e9itheoir\u00ed gur beannaithe na boicht. Is m\u00e9anar d\u00f3ibh. Is saibhir iad de bharr na gairme chun an chreidimh at\u00e1 faighte acu \u00f3 Dhia; is oidhr\u00ed na r\u00edochta iad. T\u00e1 briathra Sh\u00e9amais an-ch\u00f3ngarach do r\u00e1iteas tosaigh na mBi\u00e1ide i Soisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is: \u201cIs m\u00e9anar daoibhse at\u00e1 bocht, \u00f3ir is libh r\u00edocht D\u00e9\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 7:31-37). <em>Thug s\u00e9 \u00e9isteacht do bhodhra agus caint do bhalbha.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>N\u00ed dochar anseo a mheabhr\u00fa an sliocht a chuaigh d\u00edreach roimhe seo i Soisc\u00e9al Mharcais. Chuaigh \u00cdosa \u00f3n Ghail\u00edl, mar a raibh diosp\u00f3ireacht aige leis na Fairis\u00ednigh agus na scr\u00edobhaithe, siar go cr\u00edocha pag\u00e1nacha na Tu\u00edre agus na Siod\u00f3ine. Ansin bhuail bean leis, bean phag\u00e1nach a mheabhra\u00edonn Marcas linn, bean Ghr\u00e9igeach \u00ed, Su\u00edrif\u00e9iniceach \u00f3 dh\u00fachas, a iarann ar \u00cdosa a hin\u00edon a leigheas. Ba \u00e9 freagra \u00cdosa n\u00e1 gur ch\u00f3ir t\u00fas \u00e1ite a thabhairt d\u00e1 phobal f\u00e9in, pobal tofa D\u00e9, ach molann s\u00e9 creideamh na mn\u00e1 agus leigheasann s\u00e9 a hin\u00edon mar a d\u2019iarr s\u00ed. Is \u00e9 is mian le Marcas a l\u00e9iriu n\u00e1 n\u00e1r rinne \u00cdosa dearmad de na pag\u00e1naigh, na gintlithe, na neamh-Ghi\u00fadaigh, b\u00edodh gur rinne s\u00e9 a chuid seanm\u00f3ireachta go pr\u00edomha d\u2019Iosrael. Th\u00e1inig \u00cdosa thar nais \u00f3n Tu\u00edr go Muir na Gail\u00edle tr\u00ed chamchuairt: \u00f3 thuaidh \u00f3n T\u00fair go cr\u00edocha pag\u00e1nacha na Siod\u00f3ine, ansin anoir aneas agus don taobh thoir de Mhuir na Gail\u00edle tr\u00ed cheantar pag\u00e1nach an Decapolis. Baineann l\u00e9acht an lae inniu le m\u00edor\u00failt, ach n\u00ed deirtear linn go folas c\u00e1 h\u00e1it ar iarradh an mh\u00edor\u00failt sin, c\u00e9 acu i gceantar pag\u00e1nach n\u00f3 nach hea, agus c\u00e9 acu Gi\u00fadach n\u00f3 pag\u00e1nach an fear i gceist \u2013 ach n\u00edl aon leid ann gur c\u00falra gintl\u00ed, pag\u00e1nach a bh\u00ed i gceist.<\/p>\n\n\n\n<p>An t-easl\u00e1n in gceist t\u00e1 s\u00e9 bodhar agus t\u00e1 \u201cbascadh (bacadh) ar a chaint\u201d (stad ina chaint); <em>mogilalos<\/em> an focal Gr\u00e9igise a bhaineann Marcas \u00fas\u00e1id as d\u00f3 sin, focal nach bhfuil le f\u00e1il ach in \u00e1it amh\u00e1in eile, \u00cdse\u00e1ia 35:6 (\u201cbalbh\u00e1in\u201d sa leagan Gaeilge de \u00cdse\u00e1ia), a thugann le fios go bhfuil Marcas ag \u00fas\u00e1id an leagan Gr\u00e9igise de Ise\u00e1ia agus ag d\u00e9anamh tagairt do.<\/p>\n\n\n\n<p>Modh leithleach sna Soisc\u00e9il an tsl\u00ed ina dh\u00e9anann \u00cdosa an t-easl\u00e1n a leigheas. Nil aon cheist faoi seilbh a bheith ag deamhan san easl\u00e1n, n\u00f3 faoin deamhan a chaitheamh amach. Roinnt de na modhanna a bhaineann \u00cdosa \u00fasaid astu, mar shampla \u00fas\u00e1id na seile, bh\u00edodar com\u00f3nta i measc lucht leighis Gi\u00fadacha agus Gr\u00e9igeacha. Lig \u00cdosa osna as, in urna\u00ed n\u00f3 i mbr\u00f3n, agus thug s\u00e9 ord\u00fa do chluasa an fhir in Airimis (<em>Ephphata<\/em>), \u201cOscla\u00edtear thu\u201d. Comhl\u00edonadh fh\u00e1istine \u00cdse\u00e1ia 35:3-7 (a l\u00e9adh sa ch\u00e9ad l\u00e9acht) ab ea an mh\u00edor\u00failt, b\u00edodh go labhra\u00edonn an t\u00e9acs sin faoi oscailt na s\u00fal, seachas oscailt na gcluas. Bheadh br\u00ed shiomb\u00f3lach le m\u00edor\u00failt seo \u00cdosa. Bheadh s\u00faile agus cluasa na nAspal oscailte le comhl\u00edonadh an bhf\u00e1istin\u00ed ag \u00cdosa a thuiscint, agus bheadh l\u00edofacht cainte acu si\u00fad ar a raibh bac ar dteanga. Agus d\u00e9anfa\u00ed aithris ar gn\u00edomhartha agus bhriathra \u00cdosa i deasghn\u00e1tha an bhaiste<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Glaoch d\u2019athnuachan Chr\u00edostai san Eaglais in \u00c9irinn.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>\u00d3n gComhdh\u00e1il Eocairisteach Idirn\u00e1isi\u00fanta i mBaile \u00c1tha Cliath sa bhlaian 2012 i leith bh\u00ed glaonna \u00e9ags\u00fala ann do athnuachan na hEaglaise in \u00c9irinn, athnuachan ar an eolas ar an Soisc\u00e9al agus an teagasc Cr\u00edosta\u00ed agus athnuachan ar chleachtadh ioml\u00e1n an chreidimh. Tugann na l\u00e9achta\u00ed as Litir Sh\u00e9amais san Aifreann cuireadh sin a dh\u00e9anamh agus l\u00e9argas chomh maith faoi cad at\u00e1 i gceist.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Is sc\u00e1th\u00e1n \u00e9 an creideamh, an Soisc\u00e9al, inar f\u00e9idir leis an Eaglais \u00edomh\u00e1 cheart di f\u00e9in a fheice\u00e1il.<\/em> Le go mbeadh an creideamh ina sc\u00e1th\u00e1n den s\u00f3rt seo n\u00ed m\u00f3r do dhaoine eolas maith a bheith acu ar \u00cdosa agus ar an mbeatha Chr\u00edosta\u00ed faoi mar a chuirtear sin in\u00e1r l\u00e1thair sna Soisc\u00e9il, go h\u00e1irithe sa tSeanm\u00f3ir ar an Sliabh, i Litreacha an Tiomna Nua a l\u00e9itear gach Domhnach san Aifreann, agus sa teagasc Cr\u00edosta\u00ed. Is ansin a fh\u00e9achaimid an \u00edomh\u00e1 cheart den Eaglais faoi mar ba ch\u00f3ir di bheith. Mar dhaoine a chreideann i gCr\u00edost, agus i ndomhan at\u00e1 go minic naimhdeach do luachanna Cr\u00edosta\u00ed, ba choir do chreidmhigh dearcadh ar an oidhreacht seo n\u00ed mar ualach ach (i mbriathra Sh\u00e9amais) mar dhl\u00ed na saoirse, oidhreacht a thugann treo in\u00e1r mbeatha agus treoir faoin \u00e1r mbeatha a thabhairt as i sl\u00ed at\u00e1 go f\u00edor daonna agus Cr\u00edosta\u00ed. N\u00ed creideamh den intleacht amh\u00e1in an bheatha Chr\u00edosta\u00ed. Is bronntanas \u00f3 Dhia an creideamh, i mbriathra Sh\u00e9amais, briathar in-s\u00edolaithe in\u00e1r n-anamacha, a spreagann chun gn\u00edmh i deabh\u00f3id Chr\u00edosta\u00ed. Is briathar \u00e9 ar f\u00e9idir leis \u00e1r n-anamacha a shabh\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p><em>D\u00e9antar an f\u00edorchreideamh beo tr\u00ed chleachtadh. <\/em>Mar adeir S\u00e9amas n\u00ed leor \u00e9isteacht leis an briathar; caithfear \u00e9 a chur i ngn\u00edomh chomh maith. I mbriathar Sh\u00e9amais ar\u00eds is cos\u00fail \u00e9isteacht gan gn\u00edomh agus duine ag dearcadh ar a cheannaithe, a \u00edomh\u00e1 (Chr\u00edosta\u00ed) sa sc\u00e1th\u00e1n ach dearmad a dh\u00e9anamh go luath faoi c\u00e9 s\u00f3rt \u00e9. Le sampla praictici\u00fail a th\u00f3gaint, ligfeadh dearcadh mar sin gan gn\u00edomh do dhuine ainm a chur s\u00edos i bhfoirm dhaon\u00e1irimh mar \u201cCaitliceach R\u00f3mh\u00e1nach\u201d gan aon chaidreamh ar \u00e9igin, a bheith aige n\u00f3 aici leis an gcreideamh Caitliceach seachas sin, Caitlicigh \u00f3 thaobh cultuir n\u00f3 cine seachas gn\u00edmh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Br\u00ed agus \u00e9ilimh athnuachan Chreidimh in \u00c9irinn inniu.<\/em> An ch\u00e9ad rud nach m\u00f3r tabhairt faoi deara sa cheist seo n\u00e1 a fh\u00e1il amach conas at\u00e1 c\u00farsa\u00ed d\u00e1ir\u00edre. In \u00e1ireamh a rinneadh i 2013 faoi fhreastal ar Aifreann an Domhnaigh in \u00c9irinn fuarathas amach go bhfreastala\u00edonn 34% air, b\u00edodh go bhfuil s\u00e9 i bhfad n\u00edos l\u00fa mar sin i roinnt cathracha, Baile \u00c1tha Cliath mar shampla. Is figi\u00far an-ard an 34% sin don Iarthar Domhan inniu, b\u00edodh go bhfuil s\u00e9 i bhfad n\u00edos isle n\u00e1 an 91% in 1972-1973 agus an 87% in 1981, a chuaigh s\u00edos go suntasach go 56% in 2006. Ach bh\u00ed pobal Caitliceach na h\u00c9ireann thar a bheith deabh\u00f3ideach go dt\u00ed na blianta deiridh seo. Agus in \u00e1ireamh eile a rinneadh sa bhliain 2011 fuarathas amach go dt\u00e9ann pas beag n\u00edos l\u00fa na 50% de Chaitlicigh chuig an Aifreann uair sa tseachtain n\u00f3 sa mh\u00ed. Sa daon\u00e1ireamh n\u00e1isi\u00fanta is d\u00e9ana\u00ed (2011) sh\u00ednigh 84% gur Caitlicigh R\u00f3mh\u00e1naigh iad, agus d\u00e9arfadh daoine \u00e1irithe gur beaiche 90% maidir le \u00c9irinnigh an uimhir nuair a fh\u00e1gtar eachtrannaigh Chaitlicigh (\u00f3n Ph\u00f3lainn mar shampla) as an \u00e1ireamh. T\u00e1 laghd\u00fa suntasach ar fhreastal ar na Sacraimint\u00ed i measc na n-\u00f3g, ach n\u00ed hionann sin agus a r\u00e1 go bhfuil an creideamh caillte acu i nDia, i ndiagacht Chr\u00edost n\u00f3 san Eaglais. Ach is fada idir an 84% san daon\u00e1ireamh agus an l\u00edon a dh\u00e9anann freastal ar an Aifreann, rud a arda\u00edonn an cheist an Caitlicigh de r\u00e9ir cine n\u00f3 cult\u00fair sciar maith den 84% sin. Is cinnte go bhfuil athnuachan de dh\u00edth, agus \u00e9il\u00edonn athnuachan iarrachta\u00ed a dh\u00e9anamh teachtaireacht Chr\u00edost a chur trasna don aos \u00f3g le iad a dh\u00e9anamh deimhin go bhfuil glaoch \u00f3 Chr\u00edost acu a gcreideamh a neart\u00fa tr\u00edd na Sacraimint\u00ed agus freastal rialta ar an Aifreann.<\/p>\n\n\n\n<p><em>R\u00f3l l\u00e1rnach na hurna\u00ed agus na deabh\u00f3ide. <\/em>Chuir \u00cdosa \u00e9 fein i l\u00e1thair mar ar\u00e1n na beatha a th\u00e1inig anuas o neamh. Agus meabhra\u00edonn s\u00e9 d\u00fainn nach dtagann aoinne chuige ach tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9, an tAthair (Eoin 6:65). Mar a deir S\u00e9amas (S\u00e9amas 1:5; 3:13-18) t\u00e1 eagna ann, sl\u00ed le rudai s\u00edorra\u00ed a mheas, a thagann \u00f3 Dhia, agus eagna gur \u00f3n saol seo a bun\u00fas, le sp\u00e9iseanna saolta aici. Is \u00e9 an p\u00e9arla l\u00f3mhar \u00e9 an Chr\u00edosta\u00edocht, ar choir a mheas mar sin.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Urna\u00ed do ghairmeacha don sagartacht agus do mhinistr\u00ed creidimh.<\/em> An athnuachan seo is tr\u00ed chreideamh beo an phobail a thiocfaidh s\u00ed, agus is mar an gc\u00e9anna le gairmeacha don sagartacht, don bheatha rialta, agus i gc\u00f3ir ministr\u00ed \u00e9ags\u00fala na hEaglaise. Ba ch\u00f3ir urna\u00ed chur suas chun D\u00e9 don athnuachan agus do na gairmeacha sin.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glaoch &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1082,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1620","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1620","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1620"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1620\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1637,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1620\/revisions\/1637"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1082"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1620"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1620"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1620"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}