{"id":1624,"date":"2021-09-09T14:28:40","date_gmt":"2021-09-09T14:28:40","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1624"},"modified":"2022-02-22T09:33:17","modified_gmt":"2022-02-22T09:33:17","slug":"12-mean-fomhair-2021-b-an-ceathru-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1624","title":{"rendered":"12 Me\u00e1n Fomhair 2021 (B) An Ceathr\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Nuair is lag an Eaglais is ea is l\u00e1idir \u00ed.<\/em><ol><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 50:5-9). <em>Lig m\u00e9 mo dhroim le lucht a bhuailte. <\/em>Seo \u00e9 an tr\u00ed\u00fa hamhr\u00e1n de chuid Ghiolla (n\u00f3 Sheirbh\u00edseach) an Tiarna de roinn Leabhar \u00cdse\u00e1ia ar a dtugtar An Dara h\u00cdse\u00e1ia. Seo iad ceithre amhr\u00e1in Ghiolla an Tiarna: \u00cdse\u00e1ia 42:1-7; 49:1-7; 50:4-9; 52:13-53:12. Labhra\u00edonn na hamhr\u00e1in faoi Ghiolla an Tiarna at\u00e1 tofa ag Dia le misean do phobal Iosrael a bh\u00ed faoi domheanmna agus don domhan m\u00f3r chomh maith. N\u00edl s\u00e9 cinnte c\u00e9rbh \u00e9 an Giolla a bh\u00ed i gceist ag an f\u00e1idh c\u00e9aduair agus \u00e9 ag d\u00edri\u00fa a dh\u00e1in do Iosrael, faoi dhrochmhisneach, i ndeora\u00edocht na Baibeal\u00f3ine n\u00f3 in Iar\u00fasail\u00e9im tamall gearr tar \u00e9is filleadh abhaile d\u00f3ibh. Measann daoine \u00e1irithe gurb\u00e9 \u00e9 Iosrael pearsantaithe an Giolla, n\u00f3 den Iosrael uir\u00edslithe agus athnuaite d\u00e1 mhisean don domhan. Measann daoine eile gur duine aonair at\u00e1 i gceist, mar shampla an f\u00e1idh f\u00e9in, n\u00f3 chomhcheangal d\u00edobh, de dhuine aonair agus de phobal. Ach is cuma c\u00e9 a bh\u00ed in aigne faoin Ghiolla c\u00e9aduair, sa Tiomna Nua dearctar ar na hamhr\u00e1in sin mar fh\u00e1ist\u00edn\u00ed faoi Chr\u00edost. San amhr\u00e1n \u00e1irithe seo labhra\u00edonn na Giolla faoina chaidreamh le Dia, faoi mar ar oscail Dia a chluas le tuiscint a bhaint as an m\u00e9id ar fhulaing s\u00e9. Cuireann s\u00e9 s\u00edos orthu sin agus ar a mhuin\u00edn gan teorann as Dia a dh\u00e9anfaidh deimhin de go mbeidh toradh f\u00f3nta ar a mhisean tr\u00edd ar fhulaing s\u00e9 agus an n\u00e1iri\u00fa a tugadh d\u00f3.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 114[115]). <em>Si\u00falfaidh m\u00e9 i bhfianaise an Tiarna i nd\u00faiche na mbeo.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(S\u00e9amas 2:14-18). <em>T\u00e1 creideamh marbh gan dea-oibreacha. <\/em>N\u00ed m\u00f3r an t\u00e9acs \u00e1irithe seo a l\u00e9amh taobh istigh de chomhth\u00e9acs ginear\u00e1lta litir seo Sh\u00e9amais, agus n\u00ed leis f\u00e9in amh\u00e1in. Tr\u00edd an litir seo s\u00edos caitheann S\u00e9amas dua lena dh\u00e9anamh soil\u00e9ir nach m\u00f3r do chreideamh i nDia, le bheith ionraic, toradh a thabhairt i ndea-oibreacha. B\u00edodh nach mbaineann s\u00e9 \u00fas\u00e1id as na t\u00e9arma\u00ed, dealra\u00edonn s\u00e9 go leagann s\u00e9 b\u00e9im ar an d\u00e1 aithne gr\u00e1 D\u00e9 agus gr\u00e1 an chomharsa. N\u00ed f\u00e9idir le aon ghr\u00e1 D\u00e9 a bheith ann d\u00e1ir\u00edre, n\u00f3 creideamh i nDia na gloire, gan na dea-oibreacha de cabhair a thabhairt don chomharsa. N\u00edl dearcadh Sh\u00e9amais dleatha\u00edoch, le b\u00e9im ar an dl\u00ed amh\u00e1in. An eagna Chr\u00edosta\u00ed faoi conas toil D\u00e9 a thuiscint agus a dh\u00e9anamh, is bronntanas \u00f3 Dhia \u00e9, nach m\u00f3r \u00ed a iarraidh ar Dhia, agus sin le creideamh (S\u00e9amas 1:5-6). Dearcadh inmhe\u00e1nach an chreidimh, mar a thuigfe\u00e1 \u00f3 Sh\u00e9amas, is briathar in-s\u00edolaithe, s\u00edolaithe istigh i gcreidmhigh, \u00e9, at\u00e1 in ann \u00e1r n-anam a shl\u00e1n\u00fa (S\u00e9amas 1:21). Ba ch\u00f3ir do chreidmheach dearcadh air amhail is d\u00e1 mba sc\u00e1th\u00e1n \u00e9 leis an bhf\u00edor-fh\u00eds Chr\u00edosta\u00ed a fheice\u00e1il, ach at\u00e1 gan mhaith mura chuirtear i bhfeidhm \u00e9 le dea-oibreacha (S\u00e9amas 1:22-25). Is \u00e9 is f\u00edor-chreideamh i l\u00e1thair D\u00e9 agus an Athar, dar le S\u00e9amas, n\u00e1 cuairt a thabhairt ar na d\u00edleachta\u00ed agus na baintreacha in am a ng\u00e1tair agus gan ligean don saol sinn f\u00e9in a thruaili\u00fa (S\u00e9amas 1:27). Iad sin a bhfuil creideamh \u00e1r dTiarna \u00cdosa Cr\u00edost, Tiarna na gl\u00f3ire, acu n\u00edor ch\u00f3ir d\u00f3ibh aon fhabhar a thaispe\u00e1int idir shaibhir agus daibhir, ag d\u00e9anamh leathchuma de na boicht agus umhl\u00fa go talamh roimh an duine saibhir (S\u00e9amas 2:1-7). Luann S\u00e9amas an \u201cdl\u00ed r\u00edoga\u201d, dl\u00ed Mhaois a th\u00e1inig \u00f3 Dhia R\u00ed na nUile, an dl\u00ed a bh\u00ed i l\u00e1r baill ag \u00cdosa ina sheanm\u00f3ireacht faoi r\u00edocht D\u00e9: \u201cGr\u00e1\u00f3idh t\u00fa do chomharsa mar th\u00fa f\u00e9in\u201d. Soil\u00e9ir\u00edonn S\u00e9amas \u00e9 seo tr\u00ed shampla\u00ed a thaispe\u00e1nann go bhfuil \u201ccreideamh\u201d, tuigthe mar \u00e1iti\u00fas intleacht\u00fail ar fh\u00edrinn\u00ed an chreidimh, go bhfuil sin gan mhaith mura cuirtear i bhfeidhm \u00e9 tr\u00ed ghn\u00edomh. Mura th\u00e9ann dea-oibreacha leis is marbh an creideamh.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar at\u00e1 s\u00e9 sa leicsean\u00e1ir, n\u00edl an mh\u00edr dheiridh soil\u00e9ir, agus t\u00e1 s\u00e9 m\u00e1chaileach sa mh\u00e9id nach leanann s\u00e9 teacs an Bh\u00edobla go dl\u00fath. Is soil\u00e9ir gur freagra at\u00e1 sa r\u00e1iteas: \u201cS\u00e9ard a ba cheart a r\u00e1 lena leith\u00e9id sin\u201d, ach f\u00e1gann s\u00e9 ar l\u00e1r t\u00e9acs an Bh\u00edobla d\u00edreach roimhe a l\u00e9ann mar seo: \u201cAch d\u00e9arfadh duine \u00e9igin\u201d. Agus t\u00e1 an m\u00e9id a deireann an duine sin n\u00edos soil\u00e9ire i dt\u00e9acs seo an Bh\u00edobla n\u00e1 sa leicsean\u00e1ir: \u201cT\u00e1 creideamh agatsa and dea-oibreacha agamsa\u201d. Agus leanann t\u00e9acs an Bh\u00edobla ar aghaidh (ag tabhairt freagra Sh\u00e9amais): \u201cTaispe\u00e1in dom do chreideamh in \u00e9agmais do dhea-oibreacha, agus taispe\u00e1nfaidh mise mo chreideamh duitse tr\u00ed mo dhea-oibreacha\u201d. Dealra\u00edonn s\u00e9 gurb \u00ed staid an duine a labhair n\u00e1 go bhfuil dh\u00e1 ghr\u00fapa de chreidmhigh san Eaglais, daoine le creideamh gan dea-oibreacha, agus agus daoine le dea-oibreacha, amhail agus go mba t\u00edolacadh \u00f3 Dhia iad araon. D\u00e1 mba ann \u00e9 dair\u00edre an chead ghr\u00fapa, n\u00ed fios c\u00e9rbh iad: daoine a bhain m\u00edthuiscint as teagasc Ph\u00f3il faoi chreideamh? Ar aon chuma cuireann S\u00e9amas dua ar f\u00e9in anseo ar\u00eds lena thaispe\u00e1int go bhfuil dul am\u00fa bun\u00fasach ar a leith\u00e9id\u00ed: is marbh creideamh gan dea-oibreacha, agus ina litir, i dt\u00e9acs nach bhfuil i l\u00e9acht an lae inniu, leanann s\u00e9 air ag tabhairt freagra ar an gceist.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 8:27-35). <em>Is t\u00fa an Cr\u00edost. Ni fol\u00e1ir do Mhac an Duine m\u00f3r\u00e1n a fhulaingt. <\/em>T\u00e1 tr\u00ed roinn t\u00e1bhachtacha sa l\u00e9acht seo: admh\u00e1il chreidimh in \u00cdosa mar an Cr\u00edost (an Meisias); r\u00e9amhinsint \u00cdosa ar an masla le tabhairt d\u00f3 agus ar a ph\u00e1is; agus ansin \u00cdosa ag cur seo go l\u00e9ir i l\u00e1thair mar eiseaml\u00e1ir do gach aoinne ar mhaith leo \u00e9 a lean\u00faint. I gcuntas Mharcais t\u00e1im\u00edd f\u00f3s i gcr\u00edocha pag\u00e1nacha, i gceantar Chaesairia Philib, an ard-chathair nua a bhunaigh an teatrarc H\u00e9ar\u00f3d Pilib d\u00f3 f\u00e9in. Bh\u00ed cloiste cheana f\u00e9in ag teatrarc na Gail\u00edle H\u00e9ar\u00f3d Antipas ar iomr\u00e1 \u00cdosa, agus bh\u00ed tuairm\u00ed \u00e9ags\u00fala ag an bpobal maidir leis, cuid acu \u00e1 r\u00e1 gurbh \u00e9 Eoin Baiste \u00e9 (a d\u00edcheannadh tamall roimhe sin) a bh\u00ed ais\u00e9irithe \u00f3 na mairbh; cuid eile \u00e1 r\u00e1 gurbh \u00e9 an f\u00e1idh \u00c9ilias \u00e9; cuid eile gurbh \u00e9 duine de na sean-fh\u00e1ithe \u00e9 (feic Marcas 6:14-16). Cuireann \u00cdosa anois ceist ar a dheisceabail faoi c\u00e9n tuairim at\u00e1 i measc an phobail faoi c\u00e9ard \u00e9 f\u00e9in, agus faigheann s\u00e9 an freagra c\u00e9anna agus a fuair H\u00e9ar\u00f3d Antipas. Ansin cuireann \u00cdosa an cheist ar a dheisceabail faoina dtuairm\u00ed f\u00e9in faoi. Thar cheann na ndeisceabal d\u00e9anann Peadar admh\u00e1il chreidimh in \u00cdosa mar an Cr\u00edost (an Meisias), an t\u00e9 a gealladh agus go rabhthas ag feitheamh leis. N\u00edor sh\u00e9an \u00cdosa an admh\u00e1il chreidimh seo, ach toisc an baol a a bhi ann d\u00e1 nd\u00e9anfa\u00ed poibl\u00ed \u00e9 thug s\u00e9 ord\u00fa l\u00e1idir \u00e9 a choime\u00e1d faoi r\u00fan. Ba \u00e9 r\u00f3l an Mheisiais a rabhthas ag feitheamh leis n\u00e1 iomr\u00e1 agus gl\u00f3ir. Rinne \u00cdosa soil\u00e9ir d\u00e1 dheisceabail gurbh \u00e9 a mhalairt ar fad a bh\u00ed i nd\u00e1n d\u00f3 f\u00e9in, uir\u00edsliu agus an b\u00e1s. Tar \u00e9is ar tharla do Eoin Baiste tamall gearr roimhe sin, bheadh s\u00e9 soil\u00e9ir d\u2019\u00cdosa n\u00e1rbh fhada gurbh amhlaidh a bheadh i nd\u00e1n d\u00f3 f\u00e9in. N\u00ed raibh ar chumas Pheadair glacadh leis seo. San fh\u00e1sach chuir S\u00e1tan cath\u00fa ar \u00cdosa sl\u00ed an iomr\u00e1 agus na gl\u00f3ire a ghlacadh. Dhi\u00faltaigh \u00cdosa d\u00f3 sin. Anois d\u00e9anann \u00cdosa compar\u00e1id idir bhriathra Pheadair agus chath\u00fa Sh\u00e1tain. Smaointe saolta a bh\u00ed ag Peadar. B\u2019\u00e9ags\u00fail ar fad smaointe agus plean D\u00e9. Ina dhiaidh sin casann Marcas ar th\u00e9ama gaolmhar, le Cr\u00edost ag caint leis an slua maraon lena dheisceabail, agus le gach aoinne ar mhian leo \u00cdosa a lean\u00faint, n\u00f3 a bh\u00ed \u00e1 lean\u00faint cheana f\u00e9in. N\u00ed m\u00f3r d\u00f3ibh bheith r\u00e9idh d\u2019aon deacracht a eascr\u00f3dh as an chinneadh sin, agus \u201ca chros a th\u00f3gaint\u201d, \u00e1it a bhfuil feidhm bainte as an bfocal \u201ccros\u201d go meafarach. N\u00ed m\u00f3r d\u00f3ibh bheith r\u00e9idh fulaingt ar son \u00cdosa agus an tSoisc\u00e9il, is \u00e9 sin le gach ar sheasann teachtaireacht an tSoisc\u00e9il d\u00f3.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/em><\/strong><em>Nuair is lag an Eaglais is ea is l\u00e1idir \u00ed.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Len\u00e1r linn f\u00e9in, go h\u00e1irithe san Eoraip agus i ndomhan an Bh\u00e9arla, t\u00e1 g\u00e9arch\u00e9imanna de shaghasanna \u00e9ags\u00fala san Eaglais. T\u00e1 n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 bun\u00fas amh\u00e1in leo seo, ceann d\u00edobh an ghluaisesacht fh\u00f3irleathan i leith di-ealaisi\u00fa agus fi\u00fa aindiachais. Ach baineann roinnt d\u00edobh le saol na hEaglaise f\u00e9in, amhail riarach\u00e1n lochtach, l\u00edomhaint\u00ed gn\u00e9is in gcoinne na cl\u00e9ire agus c\u00e1sanna c\u00fairte a leanann astu. C\u00fais dh\u00edom\u00e1 agus imn\u00ed do a l\u00e1n iad sin, a thugann ar dhaoine \u00e1irithe cleachtadh an chreidimh n\u00f3 fi\u00fa an creideamh f\u00e9in a thr\u00e9igean. Is d\u00e9ine a mhotha\u00edtear an fhadhb i dt\u00edortha ina raibh an Eaglais agus an chl\u00e9ir faoi ardmheas, agus nach smaoineofa\u00ed ar an chl\u00e9ir a ch\u00e1ineadh. Cailleann an Eaglais a st\u00e1das mor\u00e1lta d\u00e1 bharr agus t\u00e1thar ann a mheasann nach bhfaighfidh s\u00ed thar nais riamh \u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D\u00e1 bharr seo, agus ar ch\u00faiseanna eile, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed a r\u00e1 go bhfuil g\u00e9arlean\u00faint \u00e1 himirt ar an Eaglais, ar a laghad go bhfuil s\u00ed faoi bhr\u00fa. D\u2019fh\u00e9adfadh seo a bheith ar son leas na hEaglaise. San Aifric sa cheathr\u00fa c\u00e9ad mar a raibh an Eaglais faoi sh\u00edoch\u00e1in tar \u00e9is blianta fada de gh\u00e9arlean\u00faint, agus beatha bheo spiorad\u00e1lta aici anois, d\u00fairt an scol\u00e1ire iomr\u00e1iteach Ticonius nach bhf\u00e9adfadh s\u00e9 glacadh gurbh \u00ed Eaglais Chr\u00edost \u00ed toisc nach raibh s\u00ed faoi gh\u00e9arleanuint! D\u2019fh\u00e9adfadh g\u00e9arch\u00e9im san Eaglais, inniu n\u00f3 am ar bith eile, bheith ag tabhairt cuireadh d\u00fainn dearcadh ar an Eaglais mar at\u00e1 s\u00ed d\u00e1ir\u00edre \u2013 mar Chorp Chr\u00edost, mar r\u00fandiamhair. Tuigeann s\u00ed \u00ed f\u00e9in n\u00edos fearr nuair a th\u00e9ann s\u00ed thar n-ais go dt\u00ed na Soisc\u00e9il agus teagasc Naomh P\u00f3l.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is gean d\u00fainn go l\u00e9ir st\u00e1das; lu\u00edonn s\u00e9 le n\u00e1d\u00far an duine bheith faoi mheas agus on\u00f3ir. Ach d\u00e9anaimis machnamh ar shampla agus ar theachtaireacht \u00cdosa. Tar \u00e9is a bhaiste agus tar eis don Athair glaoch \u00f3 neamh gurbh \u00e9 a Mhac muirneach \u00e9 d\u00e1r thug s\u00e9 gnaoi, d\u2019fh\u00e9adfaimis a shamhl\u00fa gur rith s\u00e9 leis leas a bhaint as an st\u00e1das sin. Agus sin d\u00edreach a rinne S\u00e1tan iarracht air a dh\u00e9anamh sa phromhadh san fh\u00e1sach. Ina ionad sin, deir an luath-iomann Criosta\u00ed at\u00e1 againn sa Litir chuig na Filipigh 2:5-11 gur \u00edsligh \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in go b\u00e1s fi\u00fa na croise. Ag Caesairia Philib d\u2019airigh P\u00e9adar tagairt \u00cdosa d\u00e1 uirisli\u00fa f\u00e9in agus d\u00e1 bh\u00e1s an iomad le glacadhh, ach mar dheisceabal Chr\u00edost ghlac s\u00e9 leis an r\u00fandiamhair n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Don Fhairis\u00edneach S\u00f3l (P\u00f3l n\u00edos d\u00e9ana\u00ed) bheadh b\u00e1s ar chrois do dhuine a measadh mar Meisias d\u00e9istsanach, nach bhf\u00e9adfa\u00ed glacadh leis. Ach thug Dia le tuiscint d\u00f3 gurbh \u00e9 sin toil D\u00e9 agus plean shl\u00e1naithe D\u00e9. I gCr\u00edost agus san eaglais feidhm\u00edonn Dia tr\u00ed laige dhaonna. Th\u00e1inig P\u00f3l chun tuisceana air sin tri na contr\u00e1rachta\u00ed ina mhinistreacht agus ina bheatha pheasanta, a thug air scr\u00edobh: \u201cNuair a bh\u00edm lag, sin \u00ed an uair a bh\u00edm l\u00e1idir\u201d (2 Corantaigh 12:10). Ina chuid seanm\u00f3ireachta ar an Soisc\u00e9al is geal leis b\u00e9im a leagan ar ionad na croise agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, le go mbeadh an creideamh Cr\u00edosta\u00ed bunaithe ar ghr\u00e1sta agus chumhacht D\u00e9, seachas ar r\u00e9as\u00fana\u00edocht agus an eagna dhaonna. Ba thoil le Dia an domhan a shl\u00e1n\u00fa tr\u00ed dhith ch\u00e9ille na croise seachas tr\u00ed eagna (mar ba mhaith le Gr\u00e9igigh) n\u00f3 tr\u00ed m\u00edor\u00failti, chomharthai, ar gean le Gi\u00fadaigh. N\u00ed h\u00e9 nach bhfuil meas ag an Eaglais ar an eagna agus intleachtacht dhaonna. Mar aon le P\u00f3l, glaotar ar chreidmhigh bheith l\u00fach\u00e1ireach i gc\u00f3na\u00ed agus a n-aire a dh\u00edriu \u201car an rud f\u00edor, ar an rud uasal, ar an rud c\u00f3ir, an rud naofa, ar an rud meas\u00fail, ar an rud creidi\u00fanach, ar an rud at\u00e1 su\u00e1ilceach inmholta\u201d (Filipigh 4:8). Is lean\u00faint ar bh\u00e1s agus ais\u00e9iri Chr\u00edost an creideamh Cr\u00edosta\u00ed, r\u00fandiamhair le tuiscint tri chreideamh, agus tr\u00ed urna\u00ed leis an r\u00fandiamhair mh\u00f3r seo a thuiscint. T\u00e1 Cr\u00edost in \u00e9ineacht leis an Eaglais, agus i gcro\u00ed gach creidmhigh, ag tabhairrt deimhne nuair is d\u00e9ine an t-amhras agus buaireamh an tsaoil.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Nuair &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1078,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1624","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1624","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1624"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1624\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1636,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1624\/revisions\/1636"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1078"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1624"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1624"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1624"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}