{"id":164,"date":"2014-01-23T22:23:38","date_gmt":"2014-01-23T22:23:38","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=164"},"modified":"2014-01-23T22:23:38","modified_gmt":"2014-01-23T22:23:38","slug":"26-eanair-2014-a-an-triu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=164","title":{"rendered":"26 Eanair 2014 (A) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\"><span>26 Eanair 2014 (A) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Saor <\/span><\/h2>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">1. <\/span><span>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">2. <\/span><span>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <i>T\u00fas maith. Aithr\u00ed, Athr\u00fa, Creideamh sa Soisc\u00e9al agus san Eaglais<\/i><\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\"><\/span><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\"><\/span><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(\u00cdse\u00e1ia 8:23-9:3). <\/span><\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><i>I nGail\u00edl na ngintlithe chonnaic an pobal solas m\u00f3r.<\/i> <\/span><span style=\"color: black;\">An f\u00e1idh a chum an l\u00e9acht seo bh\u00ed s\u00e9 ag f\u00e9achaint siar agus ar aghaidh \u2013siar ar an slad a rinneadh ar an Ghail\u00edl, ag f\u00f3rsa\u00ed na hAsa\u00edre, is d\u00f3cha sa bhliain 732 roimh Chr\u00edost. Dorchadas a bh\u00ed ann nuair a cuireadh d\u00e9ithe br\u00e9ige in ionad Dhia Iosrael. Ansin f\u00e9achann s\u00e9 ar aghaidh nuair a heidh an bua ar an dorchadas sin. T\u00e1 cur s\u00edos ar an rim\u00e9ad a bheidh ann an l\u00e1 sin, bua mar a bh\u00ed ag Iosrael ar a naimhde ar na Midian\u00edtigh, creachad\u00f3ir\u00ed, in aimsir na mBreithi\u00fana. T\u00e1 an t\u00e9acs gairid seo de fh\u00e1istine an fh\u00e1idh \u00cdse\u00e1ia roghnaithe don l\u00e1 inniu toisc go mbaineann an soisc\u00e9ala\u00ed Matha \u00fas\u00e1id aisti i dt\u00e9acs an tsoisc\u00e9il a l\u00e9itear inniu. D\u00e9antar sliocht n\u00edos faide den fh\u00e1istine a l\u00e9amh in Aifreann na Gine, O\u00edche Nollag. <\/span><\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 26[27]). <i>Is \u00e9 an Tiarna mo sholas agus mo shl\u00e1n\u00fa.<\/i><\/span><\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Coirintigh 1:10-13, 17). <\/span><\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><i>Imp\u00edm oraibh sibh go l\u00e9ir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosma\u00ed a bheith eadraibh. <\/i>L\u00e9adh brollach na litreach seo an Domhnach seo caite, t\u00e9acs ina labhra\u00edonn P\u00f3l ar na buanna m\u00f3ra at\u00e1 bronnta ag Dia ar chreidmhigh na hEaglaise \u00f3ige i Coirint, pobal tofa, naofa, ar a ghu\u00edonn s\u00e9 gr\u00e1sta agus s\u00edoch\u00e1in \u00f3 Dhia \u00e1r nAthair agus \u00f3n Tiarna \u00cdosa Cr\u00edost. Motha\u00edonn s\u00e9 anois go bhfuil beatha Chr\u00edosta\u00ed na heaglaise sin i mbaol de bharr cultas pearsantachta ann. Bh\u00ed an baol ann go gcoth\u00f3dh an t-easaontas seo agus an cultas seo m\u00edthuiscint ar n\u00e1d\u00far ceart eaglais Chr\u00edost. Sa litir seo beidh P\u00f3l ag pl\u00e9 leis an cheist seo san ceithre chaibideal tosaigh a bheidh \u00e1 l\u00e9amh san Domhnacha\u00ed amach romhainn. Bh\u00ed P\u00f3l ag craobhscaoileadh an tsoisc\u00e9il ar an dtaobh thoir den Mhuir Adriad, in Eifeasas is d\u00f3cha, nuair a th\u00e1inig eolas faoin easaontas seo i Coirint chuige \u00f3 \u201cmhuintir Chl\u00f3\u00e9\u201d, scl\u00e1bhaithe n\u00f3 toscair\u00ed \u00f3 ghn\u00f3lacht Chl\u00f3\u00e9 i Coirint de r\u00e9ir dealraimh. Bh\u00edodar roinnte i ghr\u00fapa\u00ed le d\u00edlseacht do \u201ceaglaisigh\u201d faoi leith\u2019: P\u00f3l, Apoll\u00f3s, C\u00e9afas (Peadar), agus fi\u00fa Cr\u00edost. Gi\u00fadach \u00e9irimi\u00fail, l\u00e9anta, dea-labhartha, \u00f3 Chathair Alasdair ab ea Apoll\u00f3s, s\u00e1roilte ar na Scriopt\u00fair. Bh\u00edodh s\u00e9 ag tabhairt teagaisc chruinn faoi \u00cdosa b\u00edodh n\u00e1rb eol d\u00f3 ach baisteadh Eoin. In Eifeasas thug Priscille agus Acula, cairde Ph\u00f3il, eolas n\u00edos cruinne d\u00f3 ar Chr\u00edost agus moladh d\u00f3 dul go Coirint le cabhr\u00fa don eaglais \u00f3g ansin. N\u00ed raibh aon bhaint ag Apoll\u00f3s leis an easaontas sin. D\u2019fh\u00e1g s\u00e9 Coirint, agus n\u00edor fhill. Bheadh eolas ag an eaglais uile ar st\u00e1das Pheadair (C\u00e9afas) i measc na nAspal, ach n\u00ed d\u00f3cha gur thug s\u00e9 cuairt ar Choirint. N\u00edorbh duine i measc ceathrar Cr\u00edost. I gCr\u00edost amh\u00e1in a bhaisteadh na creidmhigh, i gCr\u00edost c\u00e9asta, agus is tr\u00ed chrois Chr\u00edost amh\u00e1in a thuigtear creideamh Chr\u00edost. Bh\u00ed baint ag an d\u00fail san eagna dhaonna san easaontas sin i gCoirint. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar an chrois mar chro\u00edl\u00e1r an chreidimh. N\u00edor \u00e9irigh leis an saol tr\u00edna chuid eagna aithne a chur ar Dhia, ach shl\u00e1naigh Dia an domhan tr\u00ed dhith c\u00e9ille na croise. Mar adeir P\u00f3l: \u201cIs cr\u00edonna d\u00edth c\u00e9ille De n\u00e1 eagna dhaoine agus is treise laige D\u00e9 n\u00e1 na duine\u201d. T\u00e9ann s\u00e9 ar aghaidh leis an pointe sin a l\u00e9iri\u00fa. N\u00edl in aoinne eile, aspail n\u00f3 eile, ach comhoibrithe D\u00e9. Ansin leagann s\u00e9 b\u00e9im ar a ionad f\u00e9in mar aspal, lena mheabhr\u00fa don eaglais agus lucht an easaontais go bhfuil air mar aspal na bunpriondabail seo a l\u00e9iri\u00fa gan sc\u00e1th gan eagla.<\/span><\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 4:12-23) <\/span><\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><i>Chuir s\u00e9 faoi i Cafarn\u00e1um chun go gcomhl\u00edonfa\u00ed a nd\u00faradh tr\u00ed \u00cdse\u00e1ia. <\/i>Sa sliocht seo cuireann an soisceala\u00ed Matha t\u00fas le beatha phoibl\u00ed<\/span> \u00cdosa, le b\u00e9im gur tharla s\u00e9 sa Ghail\u00edl. D\u2019fh\u00e1g \u00cdosa Nazarat agus chuir s\u00e9 faoi i gCafarn\u00e1um, agus meabhra\u00edonn Matha d\u00fainn go raibh an \u00e1it sin i sean-chr\u00edocha Zab\u00falun agus Naft\u00e1ilim. Mar is n\u00f3s le Matha, tugann s\u00e9 le fios gur chomhl\u00edon sin f\u00e1istine an fh\u00e1idh \u00cdse\u00e1ia a bh\u00ed againn inniu mar ch\u00e9ad l\u00e9acht. D\u2019fh\u00f3gair \u00cdosa go raibh r\u00e9 nua tagaithe, le glacadh le aithr\u00ed, athr\u00fa meoin, agus creideamh sa Soisc\u00e9al. Ghlaoigh \u00cdosa chomh maith ar a ch\u00e9ad dheisceabail, Siom\u00f3n (Peadar) agus a dhearth\u00e1ir Aindrias, agus S\u00e9amus agus a dhearth\u00e1ir Eoin, agus deirtear linn gur leanadar \u00cdosa l\u00e1ithreach. Sa soisc\u00e9al is eiseaml\u00e1ir iad seo do ghairm D\u00e9 chun na Cr\u00edosta\u00edochta agus an ghairm do Chr\u00edosta\u00edthe don ministreacht san eaglais. N\u00ed g\u00e1 ionadh a bheith orainn gur leanadar \u00cdosa chomh tapa sin. Is eol d\u00fainn \u00f3 shoisc\u00e9al Eoin go raibh aithne acu ar \u00cdosa cheana nuair a bhuail s\u00e9 leo ag an Iord\u00e1in mar a raibh Eoin Baiste ag baisteadh.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\"><\/span><span style=\"color: blue;\"><span>C.<\/span><\/span><\/i><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Machnamh agus Agallamh: <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: blue;\">T\u00fas maith. Aithr\u00ed, Athr\u00fa, Creideamh sa Soisc\u00e9al agus san Eaglais<\/span><\/i><\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Machnamh. T\u00fas maith. Aithr\u00ed, Athr\u00fa, Creideamh sa Soisc\u00e9al. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Taimid i dt\u00fas thr\u00e1th shaor na bliana i liot\u00fairge an Domhnaigh. \u00c1bhar machnaimh d\u00fainn inniu mar ar chuir \u00cdosa t\u00fas lena a chuid misin\u00e9ireachta. Bh\u00ed r\u00e9 nua tagaithe agus r\u00edocht D\u00e9 buailte leo. Cuirtear b\u00e9im ar dh\u00e1 thr\u00e9ith anama agus aigne at\u00e1 riachtanach: aithr\u00ed agus creideamh. Ionann i sl\u00ed an d\u00e1 rud. Ionann aithr\u00ed sa chomhth\u00e9acs seo agus athr\u00fa meoin, ar gh\u00e1 d\u00f3ibh si\u00fad chomh maith narbh fheasach d\u00f3ibh peaca\u00ed a bheith acu. Ionann \u00ed agus athr\u00fa meoin, meon agus beatha a bh\u00ed ag dul i dtreo amh\u00e1in ach anois le dul i dtreo eile. Beidh treoir don sl\u00ed nua seo le f\u00e1il sa Soisc\u00e9al, i bpearsa \u00cdosa agus ina theagasc, faoi sti\u00fair a Spioraid Naoimh. N\u00ed oiri\u00fanacht pholaiti\u00fail n\u00f3 chine at\u00e1 i gceist, ach creideamh i nDia at\u00e1 ag labhairt lena phobal Iosrael agus an domhan tr\u00edna Mhac \u00cdosa at\u00e1 ungtha ag a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Agallamh le saol an lae inniu. Eagna dhaonna agus eagna D\u00e9. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">I saol poilit\u00edochta an lae inniu t\u00e1 meas m\u00f3r ar \u00cdosa agus an c\u00faram a bh\u00ed aige do na boicht agus d\u00f3ibh a bhi faoi leatrom agus ar an imeall. Is maith sin. Baineann s\u00e9 i sl\u00ed leis an tuiscint at\u00e1 ag roinnt mhaith den chine daonna air f\u00e9in, go m\u00f3r m\u00f3r san Eoraip, \u00f3n ghluaisesacht feals\u00fanachta, an Eagna\u00edocht, an Soilsi\u00fa, anall: dul chun cinn don chine daonna gan tagairt do Dhia n\u00e1 do \u00cdosa. Is eagna dhaonna \u00e9. Ach, mar a mheabhraigh P\u00f3l d\u00fa\u00ednn inniu agus mar a dh\u00e9anfaidh s\u00e9 na Domhnacha\u00ed seo romhainn, n\u00ed thuigtear an soisc\u00e9al tr\u00ed eagna dhaonna ach le creideamh i gCr\u00edost c\u00e9asta. N\u00ed m\u00f3r don Chrois bheith i gcro\u00edl\u00e1r na hEaglaise. F\u00edrinne bhunusach i seo ar fi\u00fa cuimhneamh uirthi in agallamh le saol an lae inniu.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>26 Eanair 2014 (A) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC 1. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-164","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/164","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=164"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/164\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=164"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=164"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=164"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}