{"id":1640,"date":"2021-09-21T14:35:00","date_gmt":"2021-09-21T14:35:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1640"},"modified":"2022-02-22T09:33:14","modified_gmt":"2022-02-22T09:33:14","slug":"26-mean-fomhair-2015-b-an-seu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1640","title":{"rendered":"26 Me\u00e1n Fomhair 2015 (B) An S\u00e9\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>:<\/li><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Uimhreacha 11:25-29). <em>An amhlaidh at\u00e1 formad ort ar mo shonsa? Uch nach f\u00e1ithe iad pobal an Tiarna ar fad! <\/em>Is fearr i dtosach b\u00e1ire an l\u00e9acht seo a shu\u00edomh ina chomhth\u00e9acs bunaidh sa Bh\u00edobla i Leabhar na nUimhreacha. Bh\u00ed Maois ag gear\u00e1n le Dia go raibh an t-ualach a bh\u00ed air c\u00faram a thabhairt do shluaite chlann Iosrael r\u00f3-throm d\u00f3 f\u00e9in amh\u00e1in. Molann Dia d\u00f3 seacht\u00f3 sean\u00f3ir\u00ed as phobal Iosrael a roghn\u00fa gurb eol d\u00f3 gur sean\u00f3ir\u00ed iad agus oifigigh os cionn an phobail agus teacht \u00f3n champa go Both na Teagmh\u00e1la (s\u00f3rt r\u00e9amh-shampla de Teampall Iar\u00fasail\u00e9im) leis an seacht\u00f3. D\u00e9anann Maois amhlaidh. Tagann Dia anuas ar an N\u00e9al agus labhair s\u00e9 le Maois. Bh\u00ed spiorad D\u00e9 i sl\u00ed faoi leith ag Maois, seirbh\u00edseach D\u00e9 agus f\u00e1idh. Deir an t\u00e9acs gur th\u00f3g Dia cuid den spiorad a bh\u00ed ar Mhaois agus chuir s\u00e9 ar an seacht\u00f3 sean\u00f3ir\u00ed \u00e9, ag tabhairt le fios gur rinne s\u00e9 roinnt de charasma agus chumhacht Mhaois a leagan orthu, gan an t-ioml\u00e1n d\u00edobh a thabhairt. Ar f\u00e1il an spioraid d\u00f3ibh rinne siad f\u00e1idhead\u00f3ireacht, ach an aon uair amh\u00e1in, agus n\u00ed go buan. N\u00ed m\u00f3r \u201cf\u00e1idhead\u00f3ireacht\u201d a thuiscint san \u00e1it seo agus in dt\u00e9acsanna luatha den tSeantiomna, n\u00ed mar a bheadh s\u00e9 i gc\u00e1s f\u00e1ithe n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, amhail \u00cdse\u00e1ia agus cinn eile, mar labhairt in ainm D\u00e9 agus ag tairngreacht faoin dtocha\u00ed, ach mar thitim isteach in eacstais fh\u00e1idhi\u00fail, iompar eactaiseach, n\u00f3 labhairt i dteangacha. An bheirt eile, Eldad agus Medad, bh\u00edodar cl\u00e1raithe i sl\u00ed \u00e9igin, mar fhir ionaid an phobail b\u2019fh\u00e9idir, ach n\u00edorbh bhaill den seacht\u00f3 iad. Tugadh bronntanas an spioraid d\u00f3ibh sin chomh maith agus chromadar ar fh \u00e1idhead\u00f3ireacht. Ba mhaith le I\u00f3sua, comharba Mhaois n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, go gcuirfeadh Maois stop leo. Is r\u00e9amhbhlas de fh\u00eds \u00cdosa f\u00eds n\u00edos leithne Mhaois, agus de dhoirteadh an spioraid agus na f\u00e1idhead\u00f3ireachta a gealladh don aois nua (I\u00f3\u00e9l 2:28-29; Gn\u00edomhartha 2:14-21). Roghna\u00edodh an t\u00e9acs seo as Leabhar na nUimhreacha le dul le Soisc\u00e9al an lae inniu.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 18[19]). <em>Cuireann proiceapta an Tiarna \u00e1thas ar mo chro\u00ed.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(S\u00e9amas 5:1-6). <em>T\u00e1 bhur gcuid saibhris ag lobhadh.<\/em> Tagann an l\u00e9acht seo d\u00edreach tar \u00e9is rabhadh agus comhairle a thugann S\u00e9amas ar an gceacht at\u00e1 le t\u00f3gaint ag a ghairid is at\u00e1 an bheatha dhaonna. N\u00edl in aon rud ach seal.\u201dN\u00edl a fhios agaibh c\u00e9ard a tharl\u00f3idh am\u00e1rach. C\u00e9ard \u00e9 bhur mbeo? N\u00edl ionaibh ach mar ghal a thaibhs\u00edonn ar feadh tamaill bhig agus a th\u00e9ann ar ceal ansin\u201d (S\u00e9amas 4:13-14). Tugadh rabhadh mar at\u00e1 sa sliocht seo ag \u00cdosa cheana f\u00e9in. \u201cN\u00e1 cuirig\u00ed st\u00f3r i dtaisce daoibh f\u00e9in ar an talamh mar a mb\u00edonn an leamhan agus an mheirg \u00e1 mhilleadh agus na bithi\u00fanaigh ag briseadh isteach \u00e1 ghoid. Cuirig\u00ed st\u00f3r i dtaisce daoibh f\u00e9in ar neamh mar nach mb\u00edonn leamhan n\u00e1 meirg ann chun a mhillte, n\u00e1 bithi\u00fanaigh ann chun briseadh isteach \u00e1 ghoid\u201d (Matha 6:19-20). Agus t\u00e1 a ndeireann S\u00e9amas sa l\u00e9acht seo an-ch\u00f3ngarach d\u00e1 nd\u00fairt \u00cdosa i L\u00fac\u00e1s (6:20, 24-25): \u201cIs m\u00e9aner daoibse at\u00e1 bocht, \u00f3ir is libh r\u00edocht D\u00e9. \u2026 Is mairg daoibhse at\u00e1 saibhir, \u00f3ir t\u00e1 bhur s\u00f3l\u00e1s faighte agaibh cheana. Is mairg daoibhse at\u00e1 s\u00e1ch anois, \u00f3ir beidh ocras oraibh\u201d. Tugann an l\u00edomhaint go bhfuil ag na santach\u00e1in ar talamh beatha le compord agus s\u00f3, tugann seo chun cuimhne an parabal faoin fhear saibhir agus Lazarus (L\u00fac\u00e1s 16:19-25). Tugann c\u00e1ineadh g\u00e9ar lucht na h\u00e9agora sa sliocht seo chun cuimhne briathra roinnt de fh\u00e1ithe an tSeantiomna ar an \u00e1bhar c\u00e9anna (mar shampla Am\u00f3s 8:4-8). An c\u00e1ineadh orthu, n\u00ed g\u00e1 gur fianaise sin go raibh a leith\u00e9id de mh\u00edchleactha ar f\u00e1il taobh istigh de thion\u00edol Cr\u00edosta\u00ed Sh\u00e9amais f\u00e9in. D\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 bheith gur rabhadh at\u00e1 i mbriathra Sh\u00e9amais den bhaol at\u00e1 ag baint le saibhreas. C\u00e1ineann s\u00e9 roinnt cleachtas go sonrach: coinne\u00e1il siar tuarastal oibrithe go fealltach, t\u00e9ama t\u00e1bhachtach sa Seantiomna agus sa Tiomna Nua (feic L\u00e9iv\u00edtic 19:3; Deotranaim\u00ed 24:14). Nuair a ch\u00e1ineann s\u00e9 daoradh agus mar\u00fa an duine neamhurch\u00f3idigh (an uimhir uatha at\u00e1 sa t\u00e9acs) b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil S\u00edorach (Ecclesiasticus) ina aigne aige (S\u00edorach 34:22): \u201cAn t\u00e9 a bhaineann a shl\u00ed bheatha den chomharsa, mara\u00edonn s\u00e9 \u00e9; an t\u00e9 a bhaineann a thuarastal den fhear oibre, doirteann s\u00e9 fuil\u201d, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir gur tagairt at\u00e1 ann do sc\u00e9im daoine aindiaga an f\u00edr\u00e9an lag a chur chun b\u00e1is (feic Eagna 2:12-20), n\u00f3 gur tagairt at\u00e1 ann do bh\u00e1s Chr\u00edost. Ar aon chuma taispe\u00e1nann an t\u00e9acs an bhraistint gh\u00e9ar ar cheartas soisialta a bh\u00ed ag S\u00e9amas, brath ar choir d\u00f3 bheith ginte i gc\u00f3na\u00ed ag machnamh ar an d\u00e1 aithne m\u00f3ra, gr\u00e1 D\u00e9 agus gr\u00e1 an chomharsa.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 9:38-43, 45, 47-48). <em>An t\u00e9 nach bhfuil in\u00e1r n-aghaidh, t\u00e1 s\u00e9 ar \u00e1r son. M\u00e1s siocair pheaca duit do l\u00e1mh, gearr anuas \u00ed. <\/em>Na m\u00edreanna \u00e9ags\u00fala sa l\u00e9acht seo as Soisc\u00e9al Mharcais t\u00e1 seans ann go dtugann siad l\u00e9argas d\u00fainn ar ghluaiseachta\u00ed agus \u00fadair ch\u00faraim a bh\u00ed ann taobh istigh den luatheaglais, tion\u00f3l Mharcais go sonrach. Tugadh chun cuimhne briathra, r\u00e1itis Chr\u00edost agus eachtra\u00ed faoi, de r\u00e9ir mar ba gh\u00e1 leo in \u00f3c\u00e1id\u00ed faoi leith. Tr\u00e1chtann l\u00e9acht an lae inniu ar thr\u00ed n\u00f3 cheithre \u00e1bhair \u00e9ags\u00fala.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Baineann an ch\u00e9ad cheann (le fail i Marcas amh\u00e1in; nil s\u00e9 ag Matha n\u00f3 L\u00fac\u00e1s) le eacsaircist\u00ed, duine ag caitheamh deamhan amach, a bh\u00ed ag feidhmi\u00fa in ainm \u00cdosa, b\u00edodh n\u00e1rb de bhu\u00edon \u00cdosa n\u00f3 na nAspal \u00e9. Ba chuid de shaol Gi\u00fadach in aimsir \u00cdosa eacsaircisteadh, eacsaircistithe agus d\u00edbirt deamhan. Uair amh\u00e1in nuair a cuireadh i leith \u00cdosa go raibh s\u00e9 ag caitheamh amach deamhan tr\u00ed Bh\u00e9alzab\u00fal, prionsa na ndeamhan, d\u2019fhreagair s\u00e9: \u201cC\u00e9 tr\u00edd a chaitheann bhur gclann f\u00e9in amach iad?\u201d (Matha 12:27; L\u00fac\u00e1s 11:19). Bheadh a fhios ag \u00cdosa go raibh na heacsaircistithe Gi\u00fadacha ag feidhmi\u00fa in ainm agus i gcumhacht D\u00e9 Iosrael, Athair \u00cdosa f\u00e9in. An t-eacsaircist\u00ed \u00e1irithe seo, bh\u00ed s\u00e9 ag feidhmi\u00fa in ainm \u00cdosa f\u00e9in agus intuigthe as sin ag admh\u00e1il creideamh ann. Taispe\u00e1nann an l\u00e9acht seo c\u00e9 chomh hoscailte agus a bh\u00ed \u00cdosa do chumhacht an Spioraid, n\u00e1 raibh teoranta do ghr\u00fapa amh\u00e1in ar bith. Cuireadh chun eac\u00faim\u00e9anacais at\u00e1 an.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">An ch\u00e9ad r\u00e1iteas eile is sampla \u00e9 de luach saothair \u00f3 Dhia a bheidh le f\u00e1il ag aoinne a thugann cabhair do mhisin\u00e9iri Cr\u00edostaithe.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Ina dhiaidh sin tagann rabhadh l\u00e1idir \u00cdosa do aoinne a thugann \u201cscannal\u201d, at\u00e1 ina cheap tuisle, do \u201cdhuine bith de na ruda\u00ed beaga seo a chreideann ionamsa\u201d, a chreideann i nDia n\u00f3 i gCr\u00edost. Sna diosp\u00f3ireachta\u00ed a bh\u00ed ann ar na mallaibh faoi ch\u00farsa\u00ed pedafala\u00edochta, cionta i gcoinne leann\u00ed, glacadh leis na briathair \u201cna ruda\u00ed beaga seo\u201d an t\u00e9acs seo a bheith ag tagairt do leana\u00ed. Ach ni raibh aon bhaisteadh leanbh ann in aimsir \u00cdosa, n\u00e1 n\u00ed raibh aon leana\u00ed i measc lucht lean\u00fana \u00cdosa. Is iad na \u201cruda\u00ed beaga\u201d i gceist anseo n\u00e1 baill an tion\u00f3il Chriosta\u00ed, lag sa chreideamh agus i mbaol \u00e9 a chailli\u00faint. Ba ch\u00faram m\u00f3r do Ph\u00f3l a leith\u00e9id\u00ed, ar a dtugann s\u00e9 \u201cbaill laga\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">T\u00e9ann ch\u00e9ad r\u00e1iteas eile \u00cdosa ar aghaidh \u00f3 a scannal, \u00f3c\u00e1id pheaca, do dhaoine eile, go siocair pheaca, don duine f\u00e9in, agus a riachtana\u00ed is at\u00e1 s\u00e9 \u00f3c\u00e1id pheaca a sheachaint. T\u00e1 na r\u00e1itis mheafaracha sa mh\u00edr seo dath\u00fail, agus gan bheith le t\u00f3g\u00e1il de r\u00e9ir bhunbhr\u00ed na bhfocal. Ach is soil\u00e9ir an teachtaireacht l\u00e1ir iontu: \u201c\u00d3ir c\u00e1 fhearrde duine go gn\u00f3th\u00f3dh s\u00e9 an domhan go l\u00e9ir d\u00e1 ligfeadh s\u00e9 a anam f\u00e9in a chailli\u00faint?\u201d<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/em><\/strong><em>Eac\u00faim\u00e9anachas stuama<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Go minic inniu t\u00f3gtar an ch\u00e9ad mh\u00edr de shoisc\u00e9al an lae (ar an bhfear ag d\u00edbirt an deamhain) mar chuireadh don eac\u00faim\u00e9anachas, agus sin le l\u00e1ncheart. N\u00edl s\u00e9 \u00e9asca a dheimhni\u00fa c\u00e9n toisc bheadh sa luatheaglais, n\u00f3 i dtion\u00f3l Criosta\u00ed Mharcais, inar baineadh \u00fas\u00e1id as an eachtra seo agus r\u00e1iteas seo \u00cdosa. Ach is do gach aois an teachtaireacht at\u00e1 aige. Cruthaitheoir an chine dhaonna ar fad \u00e9 Dia. T\u00e1 c\u00faram an uile dhuine air, b\u00edodh gur thogh s\u00e9 na Gi\u00fadaigh mar a phobal tofa agus an Eaglais n\u00edos d\u00e9ana\u00ed le lean\u00faint le saothar shl\u00e1naithe Chr\u00edost. T\u00e1 teachtaireacaht shacraiminti\u00fanil na hEaglaise do domhan uile teoranta tr\u00ed laige a ball, baill mar dhaoine aonair agus le cheile mar phobal D\u00e9. Ach is feidir le Spiorad D\u00e9 feidhmi\u00fa taobh amuigh d\u00edobh sin. Fi\u00fa amh\u00e1in taobh istigh de chomhluadar na gcreidmheach, tr\u00ed gr\u00fapa\u00ed a bh\u00ed i dt\u00fas b\u00e1ire ina siosmataigh n\u00f3 ina n-eircigh, is f\u00e9idir leis an Spiorad Naomh feidhmi\u00fa go neamhsple\u00e1ch \u00f3n Eaglais Chaitliceach le aontacht chreidimh a athbhun\u00fa. Bh\u00ed amhras ar an Eaglais Chaitliceach ar feadh i bfhad faoin ghluaiseacht eac\u00faim\u00e9anach, \u00e1 mheas gur eascair s\u00ed as, n\u00f3 go raibh s\u00ed ag d\u00edri\u00fa ar, fhuarch\u00faiseacht chreidimh, gurbh ionann gach eaglais. Tar \u00e9is fiche bliain n\u00f3 mar sin th\u00e1inig s\u00ed le creidi\u00faint go raibh an Spiorad Naomh ag d\u00edri\u00fa na gluaiseachta, agus ghlac s\u00ed p\u00e1irt inti. Lean seo go hoscailteacht i r\u00e9ims\u00ed \u00e9ags\u00fala, agus in am tr\u00e1th go Dara Comhairle na Vatac\u00e1ine.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">In aimsir Chr\u00edost b\u2019ionann eacsaircisteadh agus caitheamh deamhan amach, ina raibh leigheas titimis de shaghas \u00e9igin i gceist, de r\u00e9ir dealraimh. Na deamhain at\u00e1 inniu ag iarraidh cosc a chur le teacht r\u00edocht D\u00e9 n\u00ed le c\u00farsa\u00ed leighis a bhaineann siad, ach le hiarrachta\u00ed an Eaglais, r\u00edocht D\u00e9 ar talamh, a choime\u00e1d glan amach \u00f3 ch\u00farsa\u00ed poibl\u00ed, le cult\u00far agus modh smaoinimh agus beatha saolta agus d\u00ed-eaglais\u00edoch a thabhairt isteach. Iad si\u00fad at\u00e1 i bhf\u00e1bhar a leith\u00e9id labhra\u00edonn siad go foscailte in \u00e9adan aon iarracht a chuirfeadh ina gcoinne. Inniu n\u00ed do Chaitlicigh amh\u00e1in an l\u00e9argas Cr\u00edosta\u00ed ar an saol agus an domhan a chosaint ach ag gach aoinne a chreideann i gCriost, Caitliceach n\u00f3 neamh-Chaitliceach. Teachtaireacht Chriost d\u00fainn inniu maidir le neamh-Chaitlicigh san \u00e1bhar seo n\u00e1, gan cur ina gcoinne. \u201cAn t\u00e9 nach bhfuil in\u00e1r n-aghaidh, t\u00e1 s\u00e9, n\u00f3 si, ar \u00e1r son\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Ag tr\u00e1cht ar an \u00e1bhar seo d\u00fainn n\u00ed dochar a mheabhr\u00fa an baol at\u00e1 ann l\u00e1r-fh\u00edrinn\u00ed an chreidimh a chur i mbaol tr\u00ed bhr\u00fa i dtreo aontacht sheachtrach, rud a chuir an P\u00e1pa Benedict XVI ar \u00e1r n-airdeal sinn faoi le deireannas agus \u00e9 i mbun caidrimh ar an \u00e1bhar le roinnt de Eaglais\u00ed an Reifirm\u00e9isin. Ba ch\u00f3ir do fh\u00edor-eac\u00faim\u00e9anachas \u00e9ir\u00ed ag, agus d\u00edri\u00fa ar, chreideamh domhain i gCriost. N\u00ed m\u00f3r d\u00f3 bheith feasach de go bhf\u00e9adfadh s\u00e9 tionchar a bheith aige ar chreidmhigh \u00e1irithe a mheasann go bhfuil baol ann don chreideamh. Iad sin \u201cna ruda\u00ed beaga\u201d ar a bhfuil tagairt i soisc\u00e9al an lae inniu. Go minic n\u00ed m\u00f3r stuaim a nascadh le eac\u00faim\u00e9anachas, agus aire a thabhairt do tsl\u00ed ina fh\u00e9adfadh creidmhigh \u00e1irithe brath ar an ghluaiseacht.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu a l\u00e1n \u00e1bhar machnaimh d\u00fainn, n\u00ed hamh\u00e1in i modh ginear\u00e1lta ach i gc\u00fains\u00ed an duine aonair chomh maith. N\u00ed idir eaglais\u00ed agus reiligi\u00fain eile amh\u00e1in an t-eac\u00faim\u00e9anachas agus caidrimh idirchreidmheacha sa chiall is leithne de na focail. Ionann creideamh i bplean D\u00e9 don aois seo againne agus oscailteacht do r\u00e9imse mh\u00f3r \u00e1bhar. Ionann \u00e9 agus dial\u00f3g leis an domhan ina mhairimid ann, gan dearmad a dh\u00e9anamh riamh sa dial\u00f3g seo go l\u00e9ir ar an mbaol at\u00e1 ann do chreideamh na \u201cruda\u00ed beaga\u201d, agus ar fhol\u00e1ireamh Chr\u00edost gan sinn f\u00e9in, \u00e1r n-anamacha, a chailli\u00faint agus sinn i mbun an eac\u00faim\u00e9anachais seo.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: A.L\u00e9achta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1078,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1640","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1640","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1640"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1640\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1643,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1640\/revisions\/1643"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1078"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1640"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1640"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1640"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}