{"id":1651,"date":"2021-10-20T11:54:05","date_gmt":"2021-10-20T11:54:05","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1651"},"modified":"2022-02-22T09:32:51","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:51","slug":"10-deireadh-fomhair-2021","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1651","title":{"rendered":"10 Deireadh F\u00f3mhair 2021"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br>B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An p\u00e9arla r\u00f3luachmhar. An tAon Rud Riachtanach.<br>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (Eagna 7:7-11). Ba neamhn\u00ed liom an saibhreas lena hais. Is \u00e9 at\u00e1 sa l\u00e9acht seo n\u00e1 cuid d\u00e1 gcuirtear i l\u00e1thair sa leabhar mar urn\u00e1i an R\u00ed Solamh ar son na heagna. Dearcadh ar an R\u00ed Solamh i dtraidissi\u00fan an Bh\u00edobla mar an t-eagna\u00ed par excellence. Cuirtear i l\u00e1thair sa Bh\u00edobla \u00e9 (1 R\u00edthe 3:7-9; 5:12) ag imp\u00ed ar Dhia cro\u00ed tuisceanach chun an mhaith a aithint \u00f3n olc a thabhairt d\u00f3, le go mbeadh ar a chumas bheith i gceannas ar a phobal, pobal D\u00e9. Scr\u00edobhadh Leabhar na hEagna na c\u00e9adta bliain tar \u00e9is r\u00e9 Sholaimh, ach istigh ann t\u00e1 an r\u00ed ag gu\u00ed i gc\u00f3ir eagna le rial\u00fa i gceart. Ach sa leabhar seo is \u00e9 an \u201cr\u00ed\u201d at\u00e1 i gceist n\u00e1 c\u00e1ch, gach duine, agus is \u00e9 t\u00e9ama an t\u00e9acs seo faoin urna\u00ed n\u00e1 go bhfuil bronntanas na heagna diaga riachtanach le go maireadh duine beatha a raibh br\u00ed agus aidhm leis. T\u00e1 an m\u00e9id seo curtha go deas ag deireadh urna\u00ed \u201cSholaimh\u201d (Eagna 9:9-12): \u201cT\u00e1 an eagna i do chuideachta; is eol di d\u2019oibreacha go l\u00e9ir; bh\u00ed s\u00ed i l\u00e1thair nuair a bh\u00ed t\u00fa ag cruth\u00fa na cruinne, tuigeann s\u00ed c\u00e9ard is taitneamhach leat agus c\u00e9ard is ceart de r\u00e9ir d\u2019aitheanta. Seol amach as na flaithis naofa \u00ed; cuir chugam \u00ed \u00f3 do r\u00edchathaoir ghl\u00f3rmhar le go mbeidh s\u00ed ag cuidi\u00fa agus ag comhoibri\u00fa liom i dtreo go bhfoghlaimeoinn c\u00e9ard is \u00e1il leat. Mar t\u00e1 fios gach feasa aici agu tuigeann s\u00ed an uile n\u00ed. Treoireoidh s\u00ed m\u00e9 go stuama i mo ghn\u00f3tha\u00ed uile agus cosn\u00f3idh s\u00ed m\u00e9 lena gl\u00f3ir. Ansin beidh mo ghn\u00edomhartha taitneamhach leat\u201d. Sa l\u00e9acht seo cloisimid \u201can R\u00ed Solamh\u201d, is \u00e9 sin le r\u00e1, c\u00e1ch, gach aoinne, ag cur s\u00edos ar bhronntanas diaga seo na heagna mar an p\u00e9arla r\u00f3luachmhar ar ch\u00f3ir meas a bheith air thar gach rud eile.<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le Freagra (Salm 89[90]). Tabhair d\u00fainn \u00e1r s\u00e1ith de do bhuanghr\u00e1 is d\u00e9anfaimid gairdeas.<\/p>\n\n\n\n<p>Dara L\u00e9acht (Eabhraigh 4:12-13). Tugann briathar D\u00e9 breith ar chlaonta agus ar smaointe an chro\u00ed. Is f\u00e9idir linn tuiscint n\u00edos ioml\u00e1ine de dhoimhne na l\u00e9achta seo a fh\u00e1il m\u00e1 dh\u00e9anaimid \u00ed a l\u00e9amh taobh istigh d\u00e1 su\u00edomh bunaidh sa litir seo chuig na hEabhraigh. Sa mh\u00edr den litir roimh an l\u00e9acht seo t\u00e1 an t-\u00fadar ag tabhairt rabhaidh faoi easpa creidimh don chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed lena bhfuil s\u00e9 ag scr\u00edobh. Cuireann s\u00e9 s\u00edos go mion ar stair phobal Iosrael san fh\u00e1sach agus ar theachtaireacht an Bh\u00edobla n\u00e1r shrois a l\u00e1n den ghl\u00fain sin an T\u00edr Tairngire de bharr a n-easpa creidimh. T\u00e1 sin curtha i bhfil\u00edocht i Salm 95(94):7-11, leis an gcurf\u00e1: \u201c\u00c1, d\u00e1 n-\u00e9isteadh sibh lena ghuth inniu: N\u00e1 calcaig\u00ed bhur gcro\u00ed\u201d. De bharr a n-easpa creidimh, deir an salm nach ndeacha an ghl\u00fain sin isteach sa T\u00edr Tairngire, ar a dtugann Dia sa salm \u201cmo suaimhneas\u201d, \u00e1itreabh mo shuaimhnis. Bh\u00ed guth D\u00e9 gn\u00edomhach tr\u00edd tr\u00ed stair Iosrael, ag glaoch ar a phobal gan a chro\u00ed a chruachann. M\u00e1 calcann siad a gcro\u00ed n\u00ed rachadh siad isteach i suaimhneas D\u00e9, san oidhreacht a bh\u00ed i nd\u00e1n d\u00f3ibh. Deireann \u00fadar na litreach chuig na hEabhraigh go mbaineann na briathra sin leis an chomhluadar Criosta\u00ed a bhfuil s\u00e9 ag scr\u00edobh chucu chomh maith leis na gl\u00faine roimhe sin. Bh\u00ed guth D\u00e9 ag labhairt leo, agus le c\u00e1ch, ag tabhairt rabhaidh i gcoinne easpa creidimh. I l\u00e9acht an lae inniu n\u00ed guth D\u00e9 a luann an t-\u00fadar, ach briathar D\u00e9 at\u00e1 beo\u00fail br\u00edomhar. In \u00cdse\u00e1ia 55:11 deir Dia: \u201cIs amhlaidh don bhriathar a th\u00e9ann as mo bh\u00e9al, n\u00ed fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b\u2019\u00e1il liom a dh\u00e9anamh agus mo bheart a chur i gcr\u00edch\u201d. I l\u00e9acht an lae inniu ionann briathar D\u00e9 agus Dia f\u00e9in ag labhairt do chonsias an duine aonair, ag glaoch ar fhreagra creidimh. N\u00edl ar chumas duine ar bith \u00e9 f\u00e9in a chur i bhfolach \u00f3 Dhia, n\u00f3 \u00f3na bhriathar, a ghuth, ag labhairt istigh ann, san \u00e1it is uaign\u00ed i gcro\u00ed an duine aonair.<\/p>\n\n\n\n<p>An Soisc\u00e9al (Marcas 10:17-30). D\u00edol a bhfuil agat agus lean mise. Is m\u00f3 aithne ar an l\u00e9acht seo mar an cuntas faoin duine \u00f3g saibhir, b\u00edodh nach deireann t\u00e9acs an Bh\u00edobla go raibh s\u00e9 \u00f3g. Cuireann s\u00e9 forr\u00e1n ar \u00cdosa mar: \u201cA Mh\u00e1istir mhaith\u201d. Ba \u00e9 freagra \u00cdosa n\u00e1 nach maith aon neach ach Dia amh\u00e1in, b\u2019fh\u00e9idir le b\u00e9im a chur i naofacht r\u00edocht D\u00e9 agus naofacht lean\u00faint Chr\u00edost. Cuireann an fear \u00f3g ceist ar \u00cdosa faoi cad a bheadh le d\u00e9anamh aige leis an mbeatha sh\u00edora\u00ed a fh\u00e1il mar oidhreacht, sin le r\u00e1 an bheatha sh\u00edora\u00ed le Dia tar \u00e9is bh\u00e1is. T\u00e1 s\u00e9 intuigthe as freagra \u00cdosa gurbh \u00ed an tslat tomhais san \u00e1bhar n\u00e1 na haitheanta a choime\u00e1d, agus tugann s\u00e9 sampla\u00ed as an dara cuid de na Deich nAitheanta, iad sin a bhaineann le caidreamh pearsanta agus soisialta. Nuair a deir an fear go bhfuil siad sin uile coinnithe aige \u00f3na \u00f3ige, dealra\u00edonn s\u00e9 go raibh s\u00e9 ag feitheamh go n-iarrfa\u00ed rud \u00e9igin breise air. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 gur bhain freagra \u00cdosa stad as. Chuir s\u00e9 ceist faoi cad a bheadh le d\u00e9anamh aige le go mbeadh an bheatha sh\u00edora\u00ed aige. Ba e freagra \u00cdosa n\u00e1 a raibh aige a dhiol, agus \u00e9 a thbhairt do na bocht\u00e1in, rud a thabharfadh st\u00f3r d\u00f3 ar neamh.<\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e9ann an t\u00e9acs ar aghaidh leis an teagasc sin a leathn\u00fa. N\u00ed hamh\u00e1in don \u00f3g\u00e1nach sin, ach do gach aoinne a bfuil saibhreas acu t\u00e1 s\u00e9 deacair dul isteach i r\u00edocht D\u00e9, sa bheatha shiora\u00ed. Leagann \u00cdosa b\u00e9im ar sin leis an urtheilgean iomr\u00e1iteach faoin chamall dul tri chr\u00f3 sn\u00e1thaide, is \u00e9 sin le r\u00e1 dodh\u00e9anta. Ach dodh\u00e9anta do chumas daonna de amh\u00e1in, ach n\u00edl ag Dia, \u00f3ir t\u00e1 an uile n\u00ed sodh\u00e9anta ag Dia.<\/p>\n\n\n\n<p>Cuireann an mh\u00edr dheiridh s\u00edos ar an luach saothair at\u00e1 i nd\u00e1n d\u00f3ibh sin a thr\u00e9ig gach rud le Cr\u00edost a lean\u00faint, mar a rinne ag na haspail, agus ina sl\u00edte f\u00e9in na creidmhigh go leir. Beidh luach saothair saibhir acu anseo ar talamh le clann nua, t\u00edthe, dearth\u00e1ireacha, deirfi\u00faracha, m\u00e1ithreacha, agus clann, leanna\u00ed, agus tailte &#8212; nach bhfuil le t\u00f3gaint de r\u00e9ir na litre, ach sa chiall go mbeidh pobal nua Cr\u00edosta\u00ed acu, leis an taca a leanann as. Ach n\u00ed bheidh sin acu gan peannaidi, an ghearlean\u00faint is cuid de lean\u00faint Chr\u00edost. N\u00edl aon tagairt ann do aithreacha \u2013 bfh\u00e9idir de bhr\u00ed nach bhfuil ag an pobal Cr\u00edosta\u00ed ach an tAon Athair amh\u00e1in, an tAthair ar neamh. Beidh an fior-luach saothair acu ar neamh, sa saol eile, an bheatha sh\u00edor\u00e1i, an sprioc sin a ba ch\u00fais le cheist an fhir shaibhir sin sa ch\u00e9ad \u00e1it.<\/p>\n\n\n\n<p>B.An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae.An p\u00e9arla r\u00f3luachmhar. An tAon Rud Riachtanach.<\/p>\n\n\n\n<p>\u201c\u00c1, d\u00e1 n-\u00e9isteadh sibh lena ghuth inniu: N\u00e1 calcaig\u00ed bhur gcro\u00ed\u201d. T\u00e1 guth D\u00e9, briathar D\u00e9, beo\u00fail br\u00edomhar i gc\u00f3na\u00ed. An bhriathar a th\u00e9ann as a bh\u00e9al, n\u00ed fhilleann air gan toradh, gan an rud a b\u2019\u00e1il leis a dh\u00e9anamh agus a bheart a chur i gcr\u00edch. Mar a d\u00fairt Dia leis an bhf\u00e1idh Irimia: \u201cNach bhfuil mo briatharsa ar n\u00f3s tine, nach cos\u00fail \u00e9 le hord a bhriseann na carraigeacha ina smidirin\u00ed?\u201d (Irimia 23:29). Bh\u00ed s\u00e9 gn\u00edomhach trid an stair, agus n\u00edos g\u00e9ire n\u00e1 cla\u00edomh dh\u00e1 bh\u00e9al t\u00e9ann s\u00e9 isteach idir anam agus spiorad agus tugann s\u00e9 breith ar chlaonta agus ar smaointe an chro\u00ed. Tr\u00edna bhriathar agus a ghn\u00edomha\u00edocht t\u00e1 Dia ag labhairt lena eaglais agus le domhan an lae inniu, ag glaoch orthu gu\u00ed chun D\u00e9 an eagna dhiaga sin a rinne \u201cSolamh\u201d urna\u00ed a sheoladh uaidh amach as na flaithis naofa in dtreo go bhfoghlaimeomis c\u00e9ard is \u00e1il le Dia, le meas a bheith againn ar an aon rud riachtanach, an p\u00e9arla r\u00f3luachmhar, \u00e1r gcreideamh, r\u00edocht D\u00e9 agus a bhaineann lei. Bh\u00ed guth D\u00e9 il\u00e1thair aris ina Mhac \u00cdosa nuair a mheabhraigh s\u00e9 d\u00fainn cad a bh\u00ed riachtanach leis an mbeatha sh\u00edora\u00ed a fh\u00e1il mar oidhreacht, le gabh\u00e1il isteach i r\u00edocht na bhflaitheas. T\u00e1 br\u00edonna \u00e9ags\u00fala ag baint leis an r\u00e1iteas \u201cr\u00edocht na bhflaitheas\u201d, ag braith ar an gcomhth\u00e9acs, an bheatha sh\u00edora\u00ed ina measc, agus i mb\u00e9al an fhir \u00f3ig a chuir an cheist ar \u00cdosa, b\u2019ionann an bheath sh\u00edora\u00ed agus an saol eile, flaitheas D\u00e9. N\u00ed h\u00e9 go bhfuil an Chr\u00edosta\u00edocht neamhshaolta, ag baint leis an saol eile amh\u00e1in. Mar fhreagra faoi conas an bheatha sh\u00edora\u00ed, neamh, a ghn\u00f3thu luaigh \u00cdosa na haitheanta, agus bhain na haitheanta i gceist leis an saol seo, le caidreamh idirphearsanta anseo ar talamh. Ach ba theachtaireacht l\u00e1rnach \u00cdosa gur bhain an dea-sc\u00e9al leis an mbeatha sh\u00edora\u00ed, agus n\u00ed leis an saol anseo ar talamh amh\u00e1in.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 guth \u00cdosa, briathar D\u00e9, ag labhairt linn inniu i sl\u00ed faoi leith. Mairimnis in aois ina bhfuil br\u00fa \u00ed leith d\u00ed-eaglaisithe, gan aon \u00e1it ag creideamh sa saol poibl\u00ed. T\u00e1 feachtas l\u00e1idir ann chomh maith i leith aindiachais, i gcoinne creideamh i nDia n\u00f3 sa saol eile. T\u00e1 baol ann n\u00e1 beifear ag \u00e9isteacht le guth D\u00e9 ag labhairt, ag glaoch orainn agus ar an saol glacadh le Cr\u00edost agus leis an Chr\u00edosta\u00edocht faoi mar at\u00e1 siad in aigne D\u00e9 \u2013 mar an ph\u00e9arla r\u00f3luachmhar, ag tabhairt chun cuimhne d\u00fainn an t-aon rud riachtanach, na haitheanta a choime\u00e1d taobh istigh de chomhluadar Criosta\u00ed. T\u00e1 f\u00eds Chr\u00edosta\u00ed ann agus thug an fh\u00eds sin daingne, buanseasmhacht agus aidhm sa bheatha tr\u00edd na haoiseanna. Sin rud at\u00e1 de dh\u00edth go gear \u00f3n aois seo againne agus \u00f3n\u00e1r dt\u00edr dh\u00fachais f\u00e9in. Is f\u00eds \u00ed nach mbaineann leis an aigne agus an cro\u00ed amh\u00e1in. N\u00ed m\u00f3r taca a bheith aici \u00f3 chreideamh beo, cothaithe ag na sacraimint\u00ed, le h\u00cdosa ina l\u00e1r. D\u2019athraigh an Chr\u00edosta\u00edocht c\u00farsa na staire. D\u2019fh\u00e9adfadh s\u00ed d\u00e9anamh amhlaidh ar\u00eds. Mar a d\u00fairt \u00cdosa linn sa Soisc\u00e9al inniu: T\u00e1 an uile n\u00ed sodh\u00e9anta ag Dia.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An p\u00e9arla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1084,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1651","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1651","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1651"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1651\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1657,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1651\/revisions\/1657"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1084"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1651"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1651"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1651"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}