{"id":1653,"date":"2021-10-20T11:53:23","date_gmt":"2021-10-20T11:53:23","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1653"},"modified":"2022-02-22T09:32:51","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:51","slug":"3-deireadh-fomhair-2021-b-an-seachtu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1653","title":{"rendered":"3 Deireadh Fomhair 2021 (B) An Seacht\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br>B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teagasc \u00cdosa, an Sl\u00e1naitheoir caoin, ar an gcolscaradh.<br>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">C\u00e9ad L\u00e9acht (Genesis 2:18-24). Rinneadh aon fheoil amh\u00e1in d\u00edobh. An l\u00e9acht seo as Leabhar Genesis is faoin staid id\u00e9alach a bh\u00ed ann roimh pheaca agus thurnamh an tsinsir, \u00c1dhamh agus \u00c9abha, \u00e9. Beidh cur s\u00edos ar an bpeaca, an turnamh, an titim, sin sa ch\u00e9ad chaibideal eile den leabhar seo (Genesis caibideal 3). Tr\u00e1chtann an l\u00e9acht seo, agus an cuntas lena mbaineann s\u00e9, ar an gcine daonna mar ba mhaith le Dia \u00e9 a bheith. I dt\u00fas b\u00e1ire chruthaigh Dia an duine (san Eabhrais adam), anseo duine fireann, as chr\u00e9 (Eabhrais adamah) na tal\u00fan, le meabhr\u00fa c\u00e9 chomh leochaileach agus a bh\u00ed an duine agus go raibh s\u00e9 le filleadh ar an luaithreach tar \u00e9is bhais d\u00f3. Le airde c\u00e9ime an duine ar na beith\u00edgh agus na h\u00e9anlaithe a l\u00e9iri\u00fa, iarrann Dia ar an duine ainmneacha a thabhairt orthu si\u00fad, agus f\u00f3s deir an t\u00e9acs nach bhfuarthas c\u00e9ile c\u00fanta a dhiongbh\u00e1la don duine (\u00c1dhamh) in aon cheann d\u00edobh. T\u00e9ann an t\u00e9acs ar aghaidh lena thaispe\u00e1int gurb \u00ed an ch\u00e9ile c\u00fanta don duine, don fhear (as Eabhraia \u00eds), n\u00e1 bean (Eabhrais isea) a t\u00f3gadh as an bhfear nuair a bh\u00ed s\u00e9 sa suan trom a chuir Dia air. Is \u00ed seo buaic an tsleachta seo ar fad &#8212; aontas an fhir agus na mn\u00e1 sa ph\u00f3sadh. D\u00e9antar seo soil\u00e9ir i mbriathra deiridh na l\u00e9achta: d\u00e9antar aon fheoil amh\u00e1in d\u00edobh. Ba \u00ed seo an staid id\u00e9alach roimh an titim. D\u2019athraigh c\u00farsa\u00ed le peaca an tsinsir. Roghna\u00edodh an sliocht seo do liot\u00fairge an lae inniu le dul leis an sliocht \u00f3n soisc\u00e9al, ina thugann \u00cdosa chun cuimhne an t\u00e9acs seo, le plean tosaigh D\u00e9, mar fhreagra ar cheist a cuireadh air.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Salm le Freagra (Salm 127[128]). Go mbeanna\u00ed an Tiarna sinn gach l\u00e1 d\u00e1r saol.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Dara L\u00e9acht (Eabhraigh 2:9-11). Is d\u2019aon bhunadh amh\u00e1in an t\u00e9 a naomha\u00edonn agus na daoine a naomha\u00edtear. Leis an sliocht seo tosa\u00edmid le sraith l\u00e9achta\u00ed as an Litir chuig na hEabhraigh a rachaidh ar aghaidh ar feadh an chuid eile den bhliain liot\u00fairgeach, go dt\u00ed an 33\u00fa Domhnach Saor den bhliain. Ba \u00ed ba bhunch\u00fais don scr\u00edbhinn seo n\u00e1 baol sh\u00e9anadh creidimh a bh\u00ed ann i gcomhluadar \u00e9igin luath-Chr\u00edosta\u00ed, ceann ina raibh baill a iompaigh \u00f3n Ghi\u00fadachas. De r\u00e9ir dealraimh bh\u00ed niamhracht an l\u00edot\u00fairge Ghi\u00fadaigh ag dul i bhfeidhm go l\u00e1idir ar na baill sin, agus bh\u00ed deacracht acu glacadh leis an dreach neamhshaolta a bh\u00ed ar an gcreideamh Cr\u00edosta\u00ed. D\u00e9ananan an t-\u00fadar compar\u00e1id go mion idir deasghn\u00e1tha an liot\u00fairge Ghi\u00fadaigh agus an tsl\u00ed ina dh\u00e9antar iad a chomhl\u00edodnadh i gcreideamh Chr\u00edost. Ach i dt\u00fas b\u00e1ire leagann s\u00e9 b\u00e9im ar dhiagacht Chr\u00edost, is \u00e9 sin le r\u00e1 ar a ardch\u00e9im. Is \u00e9 \u00cdosa an Mac a cheap an tAthair ina oidhre \u00e9 ar an uile n\u00ed. Is \u00e9 sc\u00e1il ghl\u00f3ir D\u00e9 \u00e9 agus cl\u00f3 a shubstainte, ag coinne\u00e1il an chruinne ar bun lena bhriathar br\u00edomhar (Eabhraigh 1:2-3). Toisc gur mar sin at\u00e1 Cr\u00edost a dTiarna, is f\u00e9idir le creidmhigh muin\u00edn a bheith acu as. Ach n\u00ed h\u00e9 an cruthaitheoir agus sl\u00e1naitheoir cumachtach amh\u00e1in \u00e9 Cr\u00edost. Iad sin ar d\u00edr\u00edodh an litir seo chucu, creidmhigh i gCr\u00edost, bh\u00ed cath\u00fa trom curtha curtha orthu ag amhras agus g\u00e9arlean\u00faint\u00ed. Labhra\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu d\u00edreach leo si\u00fad. Is \u00e9 Cr\u00edost a n-eiseaml\u00e1ir, a dtreora\u00ed, a gceannr\u00f3da\u00ed, chun D\u00e9. Ba \u00e9 plean D\u00e9 go mbeadh a Mhac f\u00e9in, f\u00edor-Dhia, trina crutha\u00edodh an domhan, go mbeadh s\u00e9 go hioml\u00e1n daonna agus go moth\u00f3dh s\u00e9 na peannaid\u00ed agus na deacrachta\u00ed a fhulaing\u00edonn daoine daonna, agus go nd\u00e9anfa\u00ed foirfe \u00e9 sa chiall seo. T\u00e1 Cr\u00edost go hioml\u00e1n daonna; eisean an t\u00e9 a dh\u00e9anann naofa iad si\u00fad a chreideann ann. Is de aon bhunadh amh\u00e1in Cr\u00edost agus iad si\u00fad a thugann s\u00e9 chun naofachta. B\u00edodh gur Dia \u00e9, n\u00ed n\u00e1ir leis br\u00e1ithre agus si\u00faracha a thabhairt orthu.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is iontach an cur i l\u00e1thair \u00e9 seo ar dhiagacht agus ar l\u00e1n-daonnacht Chr\u00edost. Is foinse agus d\u00fashraith chreidimh agus mhuin\u00edne \u00e9 nuair a bh\u00edonn amhras ann faoi ch\u00farsa\u00ed creidimh, i dtr\u00e1th buairimh, peannaidi agus g\u00e9arlean\u00fana.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">An Soisc\u00e9al (Marcas 10:2-16). An n\u00ed a cheangail Dia, n\u00e1 scaoileadh duine \u00e9. An c\u00falra do l\u00e9acht an lae inniu n\u00e1 ceist loiscneach a bh\u00ed ina c\u00fais easaontais idir na Fairis\u00ednigh i laethanta \u00cdosa. Bhain s\u00e9 leis an mbun\u00fas bail\u00ed a bh\u00ed ag fear deal\u00fa lena bhean ch\u00e9ile, agus an m\u00edni\u00fa cu\u00ed a bh\u00ed le thabhairt ar Deotarainim\u00ed 24:1 a deir m\u00e1 mba rud \u00e9 gur ph\u00f3s fear bean agus n\u00e1rbh \u00e1il leis \u00ed agus go bhfuair s\u00e9 m\u00edn\u00e1ire eigin (\u201cneamhghlaine \u00e9igin\u201d) le cur ina leith gurb fh\u00e9idir leis bille scartha a scr\u00edobh d\u00ed agus \u00ed a chur chun si\u00fail \u00f3na theach. Tamall roimh aimsir Chr\u00edost, agus le linn a bheatha, bh\u00ed easaontas g\u00e9ar i measc na bhFairis\u00edneach faoin bhr\u00ed le baint as na briathra \u201cn\u00e1ire (\u201cneamhghlaine\u201d) eigin\u201d den t\u00e9acs sin. Mhaigh \u00fadar\u00e1s amh\u00e1in, Seam\u00e1i, gurbh \u00e9 adhaltranas a bh\u00ed i gceist le \u201cn\u00e1ire\u201d (\u201cneamhghlaine\u201d) agus gurbh adhaltranas an t-aon bhonn amh\u00e1in do cholscaradh. . Bh\u00ed a mhalairt de thuairim ag \u00fadar\u00e1s eile, a chuir b\u00e9im ar an focal \u201c\u00e9igin\u201d, \u201car bith\u201d den t\u00e9acs: \u201cn\u00e1ire, nemahghlaine, ar bith\u201d, mar shampla, droch-ch\u00f3caireacht, n\u00f3 go bhfuair s\u00e9 bean n\u00edos \u00e1ille n\u00e1 \u00ed. Promhadh, ag baint trialach as \u00cdosa, ba ch\u00fais le ceist na bhFairis\u00edneach. Ag tabhairt freagra d\u00f3ibh d\u00e9anann \u00cdosa tagairt do dhl\u00ed Mhaois, don rud a ordaigh Maois, ar an \u00e1bhar, agus nuair a fuair s\u00e9 freagra t\u00e9ann \u00cdosa thar Maois agus Dl\u00ed Mhaois go plean tosaigh D\u00e9, nuair nach raibh aon \u00e1it ann do cholscaradh ar bith dar le h\u00cdosa. Luann \u00cdosa t\u00e9acs Genesis a chr\u00edochnaionn leis na briathra: \u201cagus aon cholainn amh\u00e1in a bheidh sa bheirt acu\u201d, agus le treise a chur leis sin cuireann \u00cdosa an bhreis seo leis: \u201cD\u00e1 bhr\u00ed sin, an n\u00ed a cheangail Dia, n\u00e1 scaoileadh duine \u00e9\u201d. Ba \u00e9 seo freagra \u00cdosa do na Fairis\u00ednigh Ghi\u00fadacha. D\u00e9anann an t\u00e9acs a lean seo soil\u00e9ir go mbaineann a d\u00fairt \u00cdosa lena lucht lean\u00fana go leir. Nuair a chuireann a dheisceabail ceist air faoin \u00e1bhar, tugann \u00cdosa freagra a chuireann colscaradh agus athph\u00f3sadh go follasach as an \u00e1ireamh: \u201cDuine ar bith a scaoileann uaidh a bhean (colscaradh) agus a ph\u00f3sann bean eile d\u00e9anann s\u00e9 adhaltranas ina coinne\u201d. T\u00e9ann t\u00e9acs seo Mharcais ar aghaidh leis an prionsabal c\u00e9anna faoi cholscaradh \u00f3 thaobh na mn\u00e1 de a lua le sochai phag\u00e1nach na Gr\u00e9ige agus na R\u00f3imhe, \u00e1iteannna ina fh\u00e9adfadh na mn\u00e1 t\u00fas a chur le colscaradh. N\u00ed raibh ceart colscartha ag mn\u00e1 Gi\u00fadacha.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">T\u00e1 teagasc \u00cdosa faoi cholscaradh go bun\u00fasach mar an gc\u00e9anna i Soisceil Matha (19:9; 5:32) agus L\u00fac\u00e1s (16:18), agus at\u00e1 s\u00e9 i Marcas, ach amh\u00e1in go bhfuil cl\u00e1sal eisceachta ag Matha (\u201cach nach de dheasca striapachais, m\u00edgheanmna\u00edochta, Gr\u00e9igis porneia, \u00e9\u201d). N\u00ed fios go beacht cad is br\u00ed leis an bhfocal Gr\u00e9igise porneia sa chomhth\u00e9acs seo, ach is cuma cad ba bhr\u00ed leis mar n\u00ed bhaineann sin le h\u00e1bhar inniu mar a bhfuil colscaradh le f\u00e1il le comthoili\u00fa. T\u00e1 cosc \u00cdosa ar cholscaradh agus athph\u00f3sadh le feiscint freisin in 1 Corantaigh 7:10-11, ar a mbeidh tagairt ar\u00eds th\u00edos anseo.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">B.An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Teagasc \u00cdosa, an Sl\u00e1naitheoir caoin, ar an gcolscaradh.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Maidir le roinnt de r\u00e1itis \u00cdosa sna Soisc\u00e9il, n\u00f3 den teagasc a leagtar ar Chr\u00edost, cuireann scol\u00e1ir\u00ed an cheist an \u00f3 Chr\u00edost f\u00e9in na r\u00e1itis n\u00f3 an teagasc sin, n\u00f3 \u00f3na lucht lean\u00fana sa luatheaglais. Ach n\u00ed chuirtear aon cheist d\u00e1 leith\u00e9id maidir le teagasc \u00cdosa faoin gcolscaradh. Rinne an teagasc \u00e1irithe seo an m\u00e9id sin deacrachta don \u00f3geaglais, agus don eaglais n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, nach d\u00f3cha go gcuirfeadh aoinne ar bheola \u00cdosa \u00e9 mura rud \u00e9 go nd\u00fairt s\u00e9 d\u00e1irire \u00e9. Ag scr\u00edobh chuig na Corantaigh thart an an mbliain 57, tugann an tAspal P\u00f3l fianaise shoil\u00e9ir gur \u00f3 Chr\u00edost f\u00e9in an teagasc seo. Ag tabhairt freagra do na Corantaigh ar cheisteanna a chuireadar chuige maidir le p\u00f3sadh agus aontumhacht (staonadh \u00f3 ph\u00f3sadh), d\u00e9anann s\u00e9 idirdheal\u00fa soileir idir a chomhairle f\u00e9in agus teagasc an Tiarna \u00cdosa: \u201cT\u00e1 an fol\u00e1ireamh seo le tabhairt agam, \u00e1fach, d\u00f3ibh seo at\u00e1 p\u00f3sta, agus n\u00ed uaim f\u00e9in \u00e9 ach \u00f3n Tiarna: N\u00e1 tr\u00e9igeadh bean a fear c\u00e9ile \u2013 agus m\u00e1 thr\u00e9igeann fanadh s\u00ed gan p\u00f3sadh n\u00f3 d\u00e9anadh s\u00ed m\u00f3r ar\u00eds leis \u2013 agus n\u00e1 scaoileadh fear a bhean ch\u00e9ile uaidh\u201d (1 Corantaigh 7:10-11). Is soil\u00e9ir go raibh eolas ag P\u00f3l ar an \u00e1bhar seo, faoi mar at\u00e1 s\u00e9 le f\u00e1il sna soisc\u00e9il.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D\u2019fh\u00e9adfadh duine go mac\u00e1nta an cheist a chur conas teagasc seo \u00cdosa faoin chosc ar cholscaradh a r\u00e9iteach leis an gc\u00e1ineadh a dh\u00e9anann s\u00e9 ar na Fairsis\u00ednigh faoi uala\u00ed troma do-iompair a cheangal le buaileadh ar ghuaill\u00ed daoine (Matha 23:4), agus le briathar Chr\u00edost f\u00e9in go bhfuil a chuing so-iompair agus a ualach \u00e9adrom, agus cuireadh Chr\u00edost do gach aoinne a bhfuil saothar agus tromualach orthu teacht chuige (Matha 11:28-30). Glaonn an chodarsnacht idir theagasc Chr\u00edost ar an cholscaradh agus na poinnti eile sin orainn machnamh a dh\u00e9anamh. N\u00ed thagann teagasc soil\u00e9ir Chr\u00edost ar cholscaradh agus athph\u00f3sadh \u00f3 fhoirfeachtachas fuar n\u00f3 \u00f3 aon easpa tuisceana \u00f3 thaobh an tSl\u00e1naitheora. Pearsa \u00cdosa mar is eol d\u00fainn \u00f3 na Soisc\u00e9il \u00ed, ionann \u00ed agus an cur s\u00edos at\u00e1 uirthi i dara l\u00e9acht an lae inniu \u00f3n Litir chuig na hEabhraigh. Ba \u00ed toil an Athar go moth\u00f3dh \u00cdosa, a Mhac, na peannaid\u00ed agus cr\u00e1 cro\u00ed a bheadh le fulaingt ag an gcine daonna, ag gach mac m\u00e1thar agus in\u00edon athar. Bh\u00ed \u00cdosa ina chara d\u00f3ibh si\u00fad a bh\u00ed ar an imeall agus curtha i leataobh. Bh\u00ed trua aige don chine daonna agus don n\u00e1d\u00far daonna briste. Ach maraon le seo go l\u00e9ir th\u00e1inig s\u00e9 le teachtaireacht \u00f3n Athair an cine daonna a glaoch thar n-ais don staid ina raibh s\u00e9 i dtosach, nuair a crutha\u00edodh \u00e9. N\u00edor th\u00f3g an laige dhaonna n\u00e1 a staid bhriste \u00f3 fh\u00eds D\u00e9 don chine daonna. Ba shamhail an p\u00f3sadh mar ba thoil le Dia \u00e9, agus mar is toil leis f\u00f3s, den staid tosaigh sin. An m\u00e9id a deirtear faoi cholscaradh agus plean tosaigh D\u00e9, is f\u00edor sin faoi mh\u00f3r\u00e1n de fh\u00eds agus de l\u00e9argas an Tiomna Nua \u2013 glaoch thar nais don bheatha sin is toil le Dia.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed m\u00f3r don Eaglais bheith d\u00edlis do theachtaireacht Chr\u00edost san \u00e1bhar seo, mar a bh\u00ed an tAspal P\u00f3l. San am c\u00e9anna t\u00e1 uirthi cine\u00e1ltas \u00cdosa a thaispe\u00e1int do na daoine iomad\u00fala at\u00e1 gafa le fadhbanna taobh istigh den ph\u00f3sadh, agus \u00f3 ph\u00f3sta\u00ed at\u00e1 briste, le tuiscint aici do na br\u00fanna iomad\u00fala ar an bp\u00f3sadh an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann \u2013 d\u00edreach mar at\u00e1 \u00e1 dh\u00e9anamh aici inniu agus \u00ed ag c\u00edoradh na gceisteanna faoi mhor\u00e1ltacht an teaghlaigh. Is glaoch \u00e9 liot\u00fairge an lae inniu ar lucht lean\u00fana Chriost a bheith d\u00edlis don ghairm at\u00e1 acu \u00f3 Chr\u00edost, d\u00edlis d\u00e1 theagasc agus d\u00e1 ch\u00faram gr\u00e1mhar do na fadhbanna gan teorainn at\u00e1 ag cine daonna leochaileach, briste.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teagasc \u00cdosa, &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1082,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1653","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1653","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1653"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1653\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1656,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1653\/revisions\/1656"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1082"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1653"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1653"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1653"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}