{"id":1654,"date":"2021-10-20T11:56:43","date_gmt":"2021-10-20T11:56:43","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1654"},"modified":"2022-02-22T09:32:49","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:49","slug":"17-deireadh-fomhair-2021-b-an-naou-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1654","title":{"rendered":"17 Deireadh Fomhair 2021 (B) An Nao\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br>B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<br>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (\u00cdse\u00e1ia 53:10-11). M\u00e1 thugann s\u00e9 a anam in \u00e9iric an pheaca, feicfidh s\u00e9 a shliocht, cuirfidh s\u00e9 fad lena laethe. Mar an sliocht a th\u00e9ann d\u00edreach roimh an cheann seo sa Leabhar (\u00cdse\u00e1ia 53:7-8: \u201cAmhail uan \u00e1 sheoladh chuna choscartha\u201d) tugann an l\u00e9acht seo cuireadh d\u00fainn an cheist a chur faoi mar a chuir an feidhmeannach Aet\u00f3pach cuig an d\u00e9ag\u00e1nach Pilib \u00e9 (Gn\u00edomhartha 8:32-34): \u201cC\u00e9 d\u00f3 a bhfuil an f\u00e1idh ag tagairt? C\u00e9 acu d\u00f3 f\u00e9in at\u00e1 s\u00e9 ag tagairt n\u00f3 do dhuine \u00e9igin eile?\u201d Tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos, agus an l\u00e1 seo f\u00e9in, t\u00e1 an cheist ch\u00e9anna \u00e1 cur ag scol\u00e1iri an Bh\u00edobla, agus leanfar air d\u00e1 cur. Ar aon chaoi, is \u00e9 an duine \u00ed gceist n\u00e1 Giolla an Tiarna, a bhfuil cur s\u00edos ar an m\u00e9id a fhulaing s\u00e9 \u00ed mh\u00edr n\u00edos luaithe den t\u00e9acs seo. Foirceann ar na ceithre cinn de Amhr\u00e1in Gh\u00edolla an Tiarna at\u00e1 sa mh\u00edr seo agus labhra\u00edonn s\u00e9 ar chaithr\u00e9im an Ghiolla tr\u00ed uilechumhacht D\u00e9. Rinne an Giolla a bheatha a ofr\u00e1il mar leorghn\u00edomh. Tr\u00edna pheannaid\u00ed d\u00e9anfaidh an Ghiolla m\u00f3r\u00e1n a shl\u00e1n\u00fa. Ag breathn\u00fa orthu iontu f\u00e9in amh\u00e1in, gan comhl\u00edonadh sa Tiomna Nua a chur san \u00e1ireamh, bheadh ceisteanna le freagairt faoi c\u00e9rbh \u00e9 an Giolla, agus f\u00f3s fi\u00fa leis a gcomh\u00edonadh sin san \u00e1ireamh, c\u00e9rbh \u00e9 in aigne an fhile agus an fh\u00e1idh a chead chum iad: An \u00e9 an Giolla an f\u00e1idh f\u00e9in, duine \u00e9igin eile, n\u00f3 pobal \u00cdosrael a fhulaing agus at\u00e1 \u00edonglanta anois. Mar a mh\u00ednigh an deag\u00e1nach Pilib don choillte\u00e1n Aet\u00f3pach, is soil\u00e9ir an freagra don chreidmheach. Is \u00e9 an Giolla \u00cdosa Cr\u00edost gur tr\u00edna \u00edsli\u00fa, a pheannaid\u00ed, a bh\u00e1s agus a ais\u00e9ir\u00ed a rinneadh plean shl\u00e1naithe D\u00e9 a chomhl\u00edonadh, agus tr\u00edna dh\u00e9antar muintearas idir mh\u00f3ran le Dia. Fuair Cr\u00edost bas in \u00e9iric peaca\u00ed, peaca\u00ed ar th\u00f3g s\u00e9 ar f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le Freagra (Salm 32[33]). Tabhair d\u00fainn do bhuanghr\u00e1, a Thiarna, de r\u00e9ir an d\u00f3chais a chuirimid ionat.<\/p>\n\n\n\n<p>Dara L\u00e9acht (Eabhraigh 4:14-16). Druidimis go teann i leith cathaoir an ghr\u00e1sta. An comhluadar Cr\u00edosta\u00ed ar scr\u00edobhadh an litir seo chuige bh\u00ed s\u00e9 d\u00e1 ch\u00e9asadh agus faoi chath\u00fa creideamh Chriost a thr\u00e9igean. Mheabhraigh an t-\u00fadar cheana f\u00e9in d\u00f3ibh an t\u00e1bhacht a bhain le d\u00edlse do Chr\u00edost, ag tabhairt rabhaidh i gcoinne an d\u00edchreidimh (Eabhraigh 3:7-19). Sa l\u00e9acht seo tugann s\u00e9 bun\u00fas breise i gc\u00f3ir d\u00edlse do Chr\u00edost agus agus do mhuin\u00edn ann. I liot\u00fairge na nGi\u00fadach bh\u00ed an tArdsagart l\u00e1rnach do sheirbh\u00eds\u00ed L\u00e1 Mh\u00f3r an Leorghn\u00edmh. Do Chr\u00edostaithe is \u00e9 Cr\u00edost an sagart, an tArdsagart, fi\u00fa an tArdsagart M\u00f3r. Rinne Cr\u00edost leorghn\u00edomh in \u00e9iric an pheaca. Ach mar ardsagart n\u00ed pearsa i bhfad i gc\u00e9in \u00e9. Ag a deascabh\u00e1il, a ghl\u00f3iri\u00fa, chuaigh s\u00e9, mar a dh\u00e9arf\u00e1, tr\u00edd na flaithis, ach le bheith suite ar dheasl\u00e1imh D\u00e9 le idirghu\u00ed a dh\u00e9anamh ar son na bpeacach agus iad sin faoi bhr\u00fa. Ar dheasl\u00e1imh D\u00e9 d\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 i gc\u00f3na\u00ed ina Mhac D\u00e9 ioncollaithe, a rinneadh go hioml\u00e1n daonna, agus a mhair sa saol seo, a bh\u00ed faoi chath\u00fa, agus a fhulaing mar is dual do aon duine daonna. Mar sin, tuigeann s\u00e9 go hioml\u00e1n na laig\u00ed daonna. Leanann as sin gur ch\u00f3ir do chreidmhigh ann muin\u00edn gan teorainn a bheith acu as nuair a bh\u00edonn siad faoi bhr\u00fa agus faoi chath\u00fa creideamh ann a thr\u00e9igean. Ba ch\u00f3ir d\u00f3ibh druidim go teann i leith chathaoir ghr\u00e1sta Chr\u00edost, le cabhair a fh\u00e1il uaidh a chuideoidh leo l\u00e1 an gh\u00e1tair.<\/p>\n\n\n\n<p>An Soisc\u00e9al (Marcas 10:35-45). Th\u00e1inig Mac an Duine chun a anam a thabhairt mar cheannach ar mh\u00f3r\u00e1n. Sa sliocht d\u00edreach roimh an l\u00e9acht seo thug \u00cdosa an tr\u00ed\u00fa r\u00e9amhinstint ar a ph\u00e1is, ag cur s\u00edos inti go mion ar na huir\u00edslithe, an fhulaingt agus an b\u00e1s a bh\u00ed i nd\u00e1n d\u00f3 in Iar\u00fasail\u00e9im, ach an babhta seo ag lua go raibh s\u00e9 chun \u00e9ir\u00ed ar\u00eds ar an treas l\u00e1. Cuirtear \u00cdosa i l\u00e1thair ag si\u00fail chun tosaigh ar an mbu\u00edon deisceabal. Sa l\u00e9acht seo tagann na dearth\u00e1ireacha S\u00e9amus agus Eoin, beirt de thri\u00far cairde cl\u00e9ibh \u00cdosa (Peadar an tr\u00ed\u00fa ceann), i l\u00e1thair \u00cdosa lena n-iarratas a dh\u00e9anamh. (In insint Mhatha is \u00ed a m\u00e1thair a dh\u00e9anann an t-iarratas.) Ba \u00e9 a n-iarratas n\u00e1 go mbeadh an bheirt acu ina su\u00ed sna postanna ab fhearr, duine ar a dheis agus an duine eile ar a chl\u00e9, \u201cina ghl\u00f3ir\u201d, is \u00e9 sin le r\u00e1, is d\u00f3ich\u00ed, ina r\u00edocht a mheasadar a bh\u00ed le teacht go luath ar talamh. Tugann seo le fios nach raibh aon tuiscint acu ar a raibh le tarl\u00fa go trag\u00f3ideach go luath agus ar labhair \u00cdosa leo f\u00fathu, n\u00e1 ar r\u00fandiamhair shlanaithe D\u00e9 i mb\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. Tugann \u00cdosa freagra faoin gcupa at\u00e1 le h\u00f3l aige agus an baisteadh lena raibh s\u00e9 lena bhaisteadh. Caint mheafarach an d\u00e1 fhocal. Is d\u00f3cha go dh\u00e9anann an cupa tagairt do ph\u00e1is agus bh\u00e1s. I Geits\u00e9amain\u00ed iarannn \u00cdosa ar a Athair, d\u00e1 mba thoil leis, \u201can cupa seo\u201d a th\u00f3gaint uaidh. An baisteadh ina raibh \u00cdosa lena bhaisteadh is meafar \u00e9 de thubaiste threascarach, gur samhail \u00ed uisc\u00ed na d\u00edleann (Salm 41[42]:1-2; \u00cdse\u00e1ia 43:2). D\u2019fhreagair an bheirt go raibh ar a gcumas an cupa a \u00f3l, agus d\u00fairt \u00cdosa leo go nd\u00e9anfadh siad sin. Cuireadh S\u00e9amus chun b\u00e1is go luath (Gn\u00edomhartha 12:1-2). Mheabhraigh \u00cdosa d\u00f3ibh n\u00e1rbh faoi f\u00e9in aon on\u00f3racha a bhronnadh. Bhain sin lena Athair. B\u2019fhada \u00f3n \u201cghl\u00f3ir\u201d agus \u00f3n \u201criocht\u201d a bh\u00ed in aigne na beirte agus a th\u00e1inig ar an saol tar \u00e9is bh\u00e1is agus ais\u00e9iri Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa dara m\u00edr den l\u00e9acht t\u00e1 rabhadh faoi bheith ag iarrraidh ard\u00fa c\u00e9ime d\u00f3 f\u00e9in i measc na nAspal, n\u00f3 ceannair\u00ed na hEaglaise. N\u00ed m\u00f3r \u00cdosa a bheith acu mar eiseaml\u00e1ir, n\u00e1r th\u00e1inig go mbeif\u00ed ag freastal air ach go nd\u00e9anfadh s\u00e9 f\u00e9in freastal, agus \u201ca bheatha a thabhairt mar cheannach ar mh\u00f3r\u00e1n\u201d. T\u00e1 br\u00ed na bhfocal sin cos\u00fail le beannacht \u00cdosa ar an gcail\u00eds ag an Suip\u00e9ar D\u00e9anach ag Marcas: \u201cIs \u00ed seo m\u2019fhuilse an Tiomna Nua at\u00e1 le dortadh ar son a l\u00e1n\u201d (\u201car son m\u00f3r\u00e1in\u201d) (Marcas 14:24). N\u00ed m\u00f3r c\u00fapla focal a r\u00e1 maidir leis an bhfocal sin \u201cceannach\u201d (ar mh\u00f3r\u00e1n). Taobh thiar de t\u00e1 focal Eabhraise ar bhunbhr\u00ed leis \u201cfuascailt\u201d (le hairgead a dh\u00edol), agus br\u00edonna gaolmhara leis sin. Ach cuirtear i leith Dia \u00e9, ag fuascailt Iosrael \u00f3n \u00c9igipt \u2013 gan aon airgead n\u00e1 rud eile a dh\u00edol; agus mar an gc\u00e9anna fuascailt \u00f3n Bhaibeal\u00f3in. N\u00ed ceannach sa ghn\u00e1thchiall at\u00e1 i gceist, ach fuascailt. F\u00e1gann aistri\u00fachain \u00e9ags\u00fala eile t\u00e9ama an airgid agus eile ann, mar shampla as B\u00e9arla ransom\u00b8fuascailt chime le suim airgid n\u00f3 le luach chu\u00ed. Agus sa Ghaeilge, \u00f3n tSeanGhaeilge i leith, agus i roinnt nua-aistriuch\u00e1in, t\u00e1 \u00e9iric\u201d le fail, le bunbhr\u00ed \u201c\u00edoc c\u00faitimh\u201d, fine\u00e1il\u201d agus mar sin de. (Beo f\u00f3s sa sport: \u201ccic \u00e9irice\u201d!) Thug sin d\u00fainn na briathra \u201cin \u00e9iric \u00e1r bpeaca\u00ed\u201d. Maidir le na briathra \u201car son m\u00f3r\u00e1in\u201d, n\u00f3 \u201ca l\u00e1n\u201d, n\u00ed hionann sin agus a a r\u00e1 go bhfuil toradh bh\u00e1s \u00cdosa teoranta. T\u00e1 an nath, i sl\u00ed, faoi thionchar Amhr\u00e1in Ghiolla D\u00e9, mar shampla \u00cdse\u00e1ias 53:11-12: \u201cLena phianta d\u00e9anfaidh mo ghiolla f\u00edr\u00e9in de mh\u00f3r\u00e1n \u2026bh\u00ed coireanna m\u00f3r\u00e1in ar iompar aige agus \u00e9 ag d\u00e9anamh eadr\u00e1n ar son na bpeacach\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>B.An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae. An Eaglais Searbh\u00f3nta<\/p>\n\n\n\n<p>D\u00e9antar an Eaglais a ch\u00e1ineadh go minic inniu toisc \u00ed a bheith r\u00f3-fhada i gc\u00e9in \u00f3n eiseaml\u00e1ir a thug \u00cdosa d\u00fainn agus at\u00e1 curtha in\u00e1r l\u00e1thair ina shoisc\u00e9al ag Marcas \u2013 c\u00e1ineadh a bhfuil bun\u00fas leis. C\u00e9aduair bh\u00ed briathra \u00cdosa d\u00edrithe ar a chuid Aspal, agus rinneadh soil\u00e9ir d\u00f3ibh nach raibh cuspa riarach\u00e1in shoisialta phoibl\u00ed an ama sin oiri\u00fanach d\u00f3ibh. Rinneadh teagasc \u00cdosa faoi sheirbh\u00eds, agus a lucht lean\u00fana a bheith ina searbh\u00f3nta\u00ed d\u00e1 ch\u00e9ile, coitianta, agus t\u00e1 s\u00e9 l\u00e1rnach, mar shampla, san teagasc a thug P\u00f3l d\u00e1 eaglais\u00ed si\u00fad ina litreacha. L\u00e1rphointe an tSoisc\u00e9il in Aifreann an lae inniu n\u00e1 gurb \u00e9 Cr\u00edost f\u00e9in is eisesaml\u00e1ir d\u00e1 lucht lean\u00fana, agus n\u00e1r ch\u00f3ir do aoinne d\u00e1 lucht lean\u00fana a bheith \u00e1 bhr\u00fa f\u00e9in chun tosaigh seachas bheith mar Chr\u00edost, ina shearbh\u00f3nta.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach le filleadh ar na haspail agus a gcomharba\u00ed, t\u00e1 samhail na seirbh\u00edse l\u00e1rnach do Ph\u00f3l. Ar son an tsoisc\u00e9il, deir s\u00e9, rinneadh seirbh\u00edseach do ch\u00e1ch de le c\u00e1ch a ghn\u00f3th\u00fa do Chr\u00edost. Faoi mar ar mheabhraigh \u00cdosa d\u00e1 chuid aspal: d\u00e1 ma mhian le aoinne bheith i dtosach n\u00edorbh fhol\u00e1ir d\u00f3 bheith ina sheirbh\u00edseach do ch\u00e1ch. N\u00edor th\u00f3g sin na haspail gan an soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt ina ioml\u00e1ine gan sc\u00e1th gan eagla. Mar mhinistri an tsoisc\u00e9il ba ionann iad uile, ar chomhch\u00e9im, leis an misean c\u00e9anna \u00f3 Dhia. D\u2019fh\u00e9adfadh P\u00f3l \u00e9 f\u00e9in a chur i l\u00e1thair mar shearbh\u00f3nta do gach aoinne, ach san am c\u00e9anna ag d\u00e9anamh soil\u00e9ir gur fheidhmigh s\u00e9 mar aspal agus gur fh\u00f3gair s\u00e9 an soisc\u00e9al leis an mhuin\u00edn a th\u00e1inig chuige \u00f3n ghairm a bh\u00ed aige mar aspal. D\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 a r\u00e1: \u201cN\u00ed mise a deir, ach an Tiarna\u201d. Sheachaid s\u00e9 f\u00e9in an teagasc a fuair s\u00e9 f\u00e9in \u00f3n Tiarna agus \u00f3n luath-thraidisi\u00fan Cr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ag machnamh ar an mbaint at\u00e1 aige sin go l\u00e9ir le teachtaireacht Chr\u00edost don l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, is f\u00e9idir linn a r\u00e1 go deimhin go mbaineann an teachtaireacht a bheith ina seirbh\u00edsigh d\u00e1 ch\u00e9ile le comharba\u00ed na nAspal agus le Cr\u00edostaithe. Nuair a dh\u00e9antar c\u00e1ineadh ar an Eaglais toisc gur imigh s\u00ed ar leataobh \u00f3 theachtaireacht an tSoisc\u00e9il, ba ch\u00f3ir gan dearmad a dh\u00e9anamh den dteachtaireacht fh\u00e1idhi\u00fail at\u00e1 ag an Eaglais an soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt faoi mar is g\u00e1 sin inniu, agus sin ina ioml\u00e1ine gan sc\u00e1th gan eagla. Ag d\u00e9anamh sin di t\u00e1 aici mar eiseaml\u00e1ir P\u00f3l naofa, a bh\u00ed gach rud do gach duine, mar shearbh\u00f3nta do Shoisc\u00e9al D\u00e9.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1082,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1654","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1654","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1654"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1654\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1660,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1654\/revisions\/1660"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1082"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1654"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1654"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1654"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}