{"id":1664,"date":"2021-10-20T12:29:48","date_gmt":"2021-10-20T12:29:48","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1664"},"modified":"2022-02-22T09:32:47","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:47","slug":"24-deireadh-fomhair-2021-b-an-triochadu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1664","title":{"rendered":"24 Deireadh Fomhair 2021 (B) An Tr\u00edochad\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br>B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag f\u00e9achaint romhainn amach le f\u00eds Chr\u00edosta\u00ed.<br>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (Irimia 31:7-9). Bh\u00e9arfaidh m\u00e9 s\u00f3l\u00e1s don dall agus don bhacach agus m\u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa ar ais. D\u2019fh\u00f3gair an f\u00e1idh Irimia gan sc\u00e1th gan eagla go mbeadh pion\u00f3s dian \u00f3 Dhia, treascairt Iar\u00fasail\u00e9im agus an Teampaill agus d\u00edbirt chun na Baibeal\u00f3ine ar an bpobal, de bhr\u00ed gur thr\u00e9ig siad an Tiarna le adhradh a thabhairt do dh\u00e9ithe pag\u00e1nacha (\u00edola). N\u00edor \u00e9isteadh leis, ach comhl\u00edonadh a chuid fh\u00e1istin\u00ed go l\u00e9ir. B\u00e1na\u00edodh stat I\u00fada. N\u00edor f\u00e1gadh ach fu\u00edlleach den Iosrael a bh\u00ed ann tr\u00e1th, anois i ndeora\u00edocht sa Bhaibeal\u00f3in. Ach rinne Irimia tairngreachta\u00ed chomh maith go nd\u00e9anfadh Dia a phobal a shl\u00e1n\u00fa tar \u00e9is iad a smacht\u00fa. Mar aon le f\u00e1ithe eile, amhail Eizic\u00e9il agus an Dara \u00cdse\u00e1ia, d\u2019fh\u00f3gair s\u00e9 gurb \u00e9 an tAoire F\u00f3nta a bh\u00ed ina nDia si\u00fad a th\u00f3gfadh c\u00faram a phobail air f\u00e9in agus a threorodh go ci\u00fain m\u00edn thar nais iad go r\u00e9 nua ina dtalamh dh\u00fachais f\u00e9in. Tugtar \u201cLeabhar an tS\u00f3l\u00e1is\u201d ar chaibidil 30-33 de Leabhar Irimia, ina bhfuil sraith de fh\u00e1istin\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id, mar aon le gealltanais do Iosrael. I l\u00e9acht an lae inniu dearctar ar Iosrael ina aistear abhaile, n\u00ed i m\u00f3rshi\u00fal m\u00edliteach, caithr\u00e9imeach, ach mar fhu\u00edlleach phobal D\u00e9, sl\u00e1n sabh\u00e1ilte tr\u00ed ch\u00faram gr\u00e1mhar D\u00e9 \u00f3n d\u00edthi\u00fa a bh\u00ed i nd\u00e1n d\u00f3ibh. Tiocfaidh siad thar nais ar an mb\u00f3thar \u00f3 thuaidh, an ghn\u00e1th-shl\u00ed \u00f3n mBaibeal\u00f3in go dt\u00ed an Phailist\u00edn. N\u00ed bu\u00edon laochra at\u00e1 ann. Leagtar an bh\u00e9im ar na baill laga ina measc: an dall, an bacach, an bhean thorrach agus an bhean i dtinneas clainne. Bu\u00edon m\u00f3r iad ag filleadh abhaile, agus an Tiarna ag deimhni\u00fa d\u00f3ibh go mb\u00e9arfaidh s\u00e9 s\u00f3l\u00e1s d\u00f3ibh agus \u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa ar ais \u2013 mar an Tr\u00e9ada\u00ed Maith. Is aistear \u00e1thasach seo d\u00f3ibh, mar phobal l\u00e1n de shonas gur ann f\u00f3s d\u00f3ibh agus d\u00f3chas acu don r\u00e9 at\u00e1 rompu. Cuireann an Salm le Freagra inniu meon an \u00e1thais seo in i\u00fal go han-mhaith.<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le Freagra (Salm 135[126]). Rinne an Tiarna \u00e9achta\u00ed d\u00fainn: t\u00e1imid go l\u00fach\u00e1ireach.<\/p>\n\n\n\n<p>Dara L\u00e9acht (Eabhraigh 5:1-6). Is sagart s\u00edora\u00ed th\u00fa ar n\u00f3s Melcisedec. D\u00edr\u00edonn an l\u00e9acht seo \u00e1r n-aird ar an ardsagart Gi\u00fadach mar idirghu\u00edtheoir ar son daoine daonna, ar glaodh air le tabhartais agus \u00edobairt\u00ed a ofr\u00e1il in \u00e9iric peaca\u00ed, agus mar thoradh n\u00e1d\u00fartha air sin gur ch\u00f3ir go mbeadh ar a chumas trua a ghlacadh do dhaoine at\u00e1 aineolach agus ag dul ar f\u00e1n, agus ar pheacaigh toisc gur roghna\u00edodh as a measc si\u00fad \u00e9 agus de bhr\u00ed go bhfuil s\u00e9 f\u00e9in lag. N\u00edor ch\u00f3ir d\u00fainn dearmad a dh\u00e9anamh ar an rud at\u00e1 in aigne an \u00fadair anseo, faoi mar at\u00e1 i rith na litreach go l\u00e9ir: compar\u00e1id idir an ardsagart Gi\u00fadach daonna agus an Ardsagart f\u00edor \u00cdosa Cr\u00edost agus codarsnacht leis. An rud ba ch\u00f3ir don ardsagart Gi\u00fadach a bheith, is mar sin at\u00e1 an f\u00edor-ardsagart \u00cdosa, go hioml\u00e1n daonna; mhair s\u00e9 agus d\u2019fhulaing s\u00e9 mar aon duine daonna eile, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin tuigeann s\u00e9 an laige dhaonna go hioml\u00e1n. D\u00e1 bhr\u00ed sin is f\u00e9idir leo si\u00fad at\u00e1 lag agus ina bpeacaigh gabh\u00e1il chuige le muin\u00edn. T\u00e1 b\u00e9im sa l\u00e9acht seo ar \u00cdosa mar shagart, agus compar\u00e1id d\u00e9anta idir \u00e9 agus \u00c1r\u00f3n, an ch\u00e9ad ardsagart do na Giudaigh. N\u00ed bua daonna an tsagartacht ach bronntanas \u00f3 Dhia, ar ch\u00f3ir bheith umhal faoi. Is mar sin a bh\u00ed le h\u00c1r\u00f3n: ghlaoigh Dia air, agus ba mhar sin a bh\u00ed le h\u00cdosa f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p>An Soisc\u00e9al (Marcas 10:46-52). Rab\u00fan\u00ed, mo radharc a bheith agam! Sc\u00e9al simpl\u00ed faoi mh\u00edor\u00failt \u00ed seo, a ghabhann br\u00ed n\u00edos ioml\u00e1ine nuair a shu\u00edotar \u00ed i gcomhth\u00e9acs an phlean at\u00e1 i Soisc\u00e9al Mharcais. T\u00e1 \u00cdosa anois tagtha chomh fada le Ireach\u00f3, l\u00e1mh le deireadh thurais a aistir dheiridh go hIar\u00fasail\u00e9im, agus cuireann an sliocht seo cr\u00edoch le m\u00edr fhada i Soisc\u00e9al Mharcais faoi dheisceablacht (Marcas 8:31-10:45), agus ag deireadh an tsleachta, faoi mar a bh\u00ed ag a th\u00fas, t\u00e1 leigheas duine dhaill. Deir sc\u00e9al an daill a leigheasadh ag B\u00e9ats\u00e1ide (Marcas 8:22-26) n\u00e1r tugadh a radharc thar nais d\u00f3 ach de r\u00e9ir a ch\u00e9ile. Is s\u00f3rt \u201cparabal i ngn\u00edomh\u201d an cuntas, ag l\u00e9iriu an bealach ar aghaidh \u00f3 fh\u00e1il thar nais den radharc n\u00e1durtha go f\u00eds an chreidimh i gCr\u00edost agus go deisceablacht. N\u00ed eisp\u00e9ireas Bh\u00f3thar na Damaisce gach bronntanas den chreideamh in \u00cdosa. Leanann admh\u00e1il chreidimh Pheadair i gCaesairia Philib leigheas an daill i B\u00e9ats\u00e1ide. Thar cheann an D\u00e1r\u00e9ag admha\u00edonn Peadar creideamh igCr\u00edost, ach n\u00ed thuigeann s\u00e9 na h\u00e9ilimh a dh\u00e9anann deisceablacht agus c\u00e1intear ag \u00cdosa \u00e9 d\u00e1 bharr sin (Marcas 8:31-9:1). \u00d3 shin ar aghaidh go dt\u00ed an eachtra seo le Bartimaeus bh\u00ed \u00cdosa ag d\u00e9anamh soil\u00e9ir na h\u00e9ilimh a bhaineann le deisceablacht. Glaonn Bartimaeus ar \u00cdosa teacht i gcabhair air. Nuair a iarrann \u00cdosa air cad t\u00e1 uaidh, freagra\u00edonn Bartimaeus: \u201cRab\u00fan\u00ed, mo radharc a bheith agam!\u201d, ar a thugann \u00cdosa freagra: \u201cImigh leat! Shl\u00e1naigh do chreideamh th\u00fa\u201d. Shl\u00e1naigh creideamh Bhartimaeus \u00e9. N\u00edor rinne \u00cdosa m\u00edor\u00failt\u00ed nuair nach raibh creideamh i l\u00e1thair (feic Marcas 6:5-6, \u00cdosa ag Nazarat). Measann roinnt mhaith scol\u00e1ir\u00ed go bhfuil an leagan focal a bhaineann Marcas \u00fas\u00e1id as ina a chuntas den mh\u00edoruilt seo d\u00faiseathach d\u2019aon ghn\u00f3. Is d\u00f3cha go bhfuil againn sa sliocht seo (mar a bh\u00ed de r\u00e9ir dealraimh i leigheas an daill i B\u00e9ats\u00e1ide) cur i l\u00e1thair na m\u00edor\u00failte mar \u201cparabal i ngn\u00edomh\u201d. Fuair Bartimaeus a radharc fisici\u00fail thar nais, ach thug seo \u00e9 de r\u00e9ir dealraimh do radharc n\u00edos doimhne den sl\u00e1n\u00fa, agus deir an t\u00e9acs linn gur lean s\u00e9 \u00cdosa sa tsl\u00ed, gur rinneadh deisceabal de is d\u00f3cha.<\/p>\n\n\n\n<p>B.An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Ag f\u00e9achaint romhainn amach le f\u00eds Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Cotha\u00edonn f\u00eds phearsanta agus f\u00eds phobail daoine nuair a bh\u00edonn siad faoi bhr\u00fa agus tugann treoir d\u00f3ibh agus iad faoi anacair n\u00f3 faoi rath. T\u00e1 sampla\u00ed maithe de cad is br\u00ed le seo i l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh \u00e1irithe seo. Pheacaigh pobal D\u00e9, agus \u00f3n dtaobh daonna de is beag an d\u00f3chas a b\u00ed ann go raibh todhcha\u00ed ar bith acu. Nuair a bh\u00ed an peaca \u00e1 dh\u00e9anamh acu bh\u00ed guthanna \u00f3 na f\u00e1ithe ag tabhairt d\u00fashl\u00e1in d\u00f3ibh agus \u00e1 gc\u00e1ineadh, ag bagairt d\u00edoltais \u00f3 Dhia orthu. Ach nuair a measadh go raibh gach rud caillte bh\u00ed guthanna f\u00e1idhi\u00fala f\u00f3s ann le misneach a thabhairt d\u00f3ibh. N\u00ed f\u00eds do laochra an fh\u00eds Chr\u00edosta\u00ed. Chonnaic muid mar a bh\u00ed ar na haspail agus lucht lean\u00fana eile stracadh lena gcreideamh i gCr\u00edost agus faoi mar ar t\u00f3gadh iad de r\u00e9ir a cheile chun tuisceana n\u00edos doimhne den ghairm Chr\u00edosta\u00ed a bh\u00ed acu.<\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 g\u00e1 g\u00e9ar inniu ann go nd\u00e9anfadh creidmhigh i gCr\u00edost athnuachan ar an bhf\u00eds Chr\u00edosta\u00ed maidir le cad is br\u00ed leis an mbeatha dhaonna anseo agus sa saol eile. Tugann an Tiomna Nua a leith\u00e9id de fh\u00eds, agus mhair an luatheaglais \u00ed. I gCr\u00edost t\u00e1 a chreideann ann, agus a bhaineann leis, cruthaithe as an nua (feic 2 Corantaigh 5:17). \u201cF\u00e9ach\u201d, a deir Cr\u00edost, \u201ct\u00e1 gach n\u00ed \u00e1 dh\u00e9anamh nua agam\u201d. An fh\u00eds Chr\u00edosta\u00ed at\u00e1 le fail sa Seanm\u00f3ir ar an Sliabh, sna Bi\u00e1ide agus sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed f\u00e9in, mh\u00fanlaigh sin an tsocha\u00ed tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos. Bh\u00ed tionchar aici ar na heala\u00edona, ar an litr\u00edocht agus ar mh\u00f3r\u00e1n c\u00farsa\u00ed eile den saol.<\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 l\u00e1rionad ag Cr\u00edost san fh\u00eds Chriosta\u00ed. Is rud \u00e9 an fhis seo do gach creidmheach, agus n\u00ed do bhu\u00edon tofa amh\u00e1in. Is rud beo \u00ed. Glacann s\u00ed a neart \u00f3 ghealltanas Chr\u00edost bheith in \u00e9ineacht lena eaglais i gc\u00f3na\u00ed, faoi mar a gheall Dia Iosrael d\u00e1 phobal f\u00e9in in dtr\u00e1th na hanacra agus na deora\u00edochta. Bheith feasach ar pheaca\u00ed a tharla, n\u00f3 ar fhaill\u00edocha \u00f3 thaobh na cl\u00e9ire n\u00f3 daoine eile, is f\u00e9idir leis seo baint \u00f3n\u00e1r bfonn aird a thabhairt ar fh\u00eds sin Chr\u00edost ar an mbeatha. Ach n\u00edor ch\u00f3ir gurbh amhlaidh a bheadh. Is cuid den stair faill\u00ed dhaonna i sl\u00ed amh\u00e1in n\u00ed i sl\u00ed eile. I Soisc\u00e9al Mharcais n\u00ed chuirtear na haspail agus ch\u00e9ad lucht lean\u00fana Chriost in\u00e1r l\u00e1thair mar eiseaml\u00e1ir\u00ed. A mhalairt ar fad. N\u00edor thug faill\u00ed phobal D\u00e9 roimh an deora\u00edocht n\u00f3 lena linn ar na f\u00e1ithe gan f\u00eds ollmh\u00f3r D\u00e9 d\u00e1 dtocha\u00ed a chur os comhair an phobail sin. Bheadh Dia leo, ina gcuideachta.<\/p>\n\n\n\n<p>Is f\u00e9idir linn teachtaireacht a fhoghlaim \u00f3n Scriopt\u00far gan ligean d\u00e1r bhf\u00eds Chr\u00edosta\u00ed dul i l\u00e9ig, n\u00f3 gan ligean d\u00fainn \u00e9ir\u00ed beaguchtach de bharr laig\u00ed n\u00f3 peaca\u00ed taobh istigh den eaglais. Rud \u00e9 an creideamh a thagann f\u00e1s air, uaireanta \u00f3 leath-dhaille, \u00f3 chaoiche, go radharc ioml\u00e1n. Gu\u00edmis go ndtiocfaidh an Eaglais, sinn go l\u00e9ir, thar nais ar an bhfis Chriosta\u00ed, ar thuiscint nios doimhne ar mhisean na hEaglaise Cr\u00edost a fhogairt mar sholas chun na naisi\u00fan, mar sholas an domhain.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag f\u00e9achaint &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1664","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1664","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1664"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1664\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1670,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1664\/revisions\/1670"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1664"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1664"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1664"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}