{"id":1680,"date":"2021-11-10T12:35:00","date_gmt":"2021-11-10T12:35:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1680"},"modified":"2022-02-22T09:32:43","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:43","slug":"14-samhain-2021-b-an-triu-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1680","title":{"rendered":"14 Samhain 2021 (B) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br>B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Na Cr\u00edocha D\u00e9anacha<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (Dain\u00e9il 12:1-3). San amsir sin saor\u00f3far do mhuintir. T\u00e1 dh\u00e1 mh\u00f3r-roinn i Leabhar Dhain\u00e9il. I gcaibidil 1-6 t\u00e1 sc\u00e9alta, sc\u00e9alta c\u00fairte faoi Dhain\u00e9il agus a thri\u00far comp\u00e1nach i gc\u00fairt r\u00edthe na Baibeal\u00f3ine i rith na deora\u00edochta, ag taispe\u00e1int faoi mar ar chosain Dia iad in amanta an gh\u00e1tair. Sa dara roinn i gcaibidil 7-12 t\u00e1 f\u00edseanna a tugadh do Dhain\u00e9il faoi cad i bh\u00ed i nd\u00e1n do impireachtai domhanda sa r\u00e9 le teacht. Tagann siad seo go l\u00e9ir chun buaice le g\u00e9arlean\u00faint an R\u00ed Ghr\u00e9igigh Aint\u00edochas Eipifeanaes (\u201cdia d\u00e9anta follasach\u201d), a thruailli\u00fa ar Theampall na nGi\u00fadach agus an iarrracht a rinne s\u00e9 creideamh na nGi\u00fadach a dh\u00edoth\u00fa ar fad. Is \u00ed aidhm na tsaothair n\u00e1 a gcreideamh si\u00fad a bh\u00ed faoi gh\u00e9arlean\u00faint a neart\u00fa agus an teachtaireacht a thabhairt d\u00f3ibh go rabhthas leis an g\u00e9arlean\u00fainteoir le milleadh gan aon gh\u00e1 le dul i mbun chomhrac airm chuige sin. Is f\u00e9idir d\u00e1ta cu\u00edosach beacht a chur leis an Leabhar, idir 167 agus 164 roimh Chr\u00edost, agus is d\u00f3cha\u00ed sa bhlain 164, agus roimh bh\u00e1s Aint\u00edochas sa bhliain 163. Su\u00edonn na f\u00edseanna an Leabhar sa se\u00e1nra litr\u00edochta ar a dtugtar apacailipteach, ina dh\u00e9antar r\u00e9amhinsint ar eachtra\u00ed diaga den r\u00e9 le teacht, r\u00e9amhinsint\u00ed n\u00e1r f\u00edora\u00edodh go minic. N\u00ed d\u00f3cha gur chuir sin as do scribhneor\u00ed na litr\u00edochta seo, de bhr\u00ed, is d\u00f3cha, gur bhraith f\u00edor\u00fa na r\u00e9amhinsint\u00ed sin ar Dhia.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Baineann l\u00e9acht an lae inniu le r\u00e9amhinsint amh\u00e1in d\u00e1 leith\u00e9id maidir le deireadh ama agus deireadh an tsaoil, ina mbeidh aimsir bhuartha thar an gn\u00e1th, agus tr\u00e1th ina mbeidh ais\u00e9ir\u00ed na colainne ann do na f\u00edr\u00e9in. Seo \u00ed an ch\u00e9ad uair ina bhfuil admhail chreidimh in aiseir\u00ed na colainne sa Bh\u00edobla. (T\u00e1 s\u00ed ar f\u00e1il pas beag n\u00edos luaithe i dt\u00e9acs apacailipteach i Leabhar Hen\u00f3c.) B\u00edodh go raibh aireacht\u00e1il gh\u00e9ar i luath-Iosrael go raibh Dia i l\u00e1thair lena phobal sa Teampall agus go raibh a ch\u00faram air, agus mar aon leis sin gurbh \u00e9 mian de mhianta a phobail bheith aontaithe le Dia ina mbeatha abhus, s\u00edos tr\u00edd na haoiseanna n\u00edorb ch\u00faram d\u00f3ibh aon aontacht a bheith acu le Dia tar \u00e9is a mb\u00e1is. Mheasadar, mar a mheas na cin\u00edocha Seim\u00edteacha m\u00e1guaird, gur fhan rud \u00e9igin den duine aonair tar \u00e9is bh\u00e1is, ach amh\u00e1in mar sc\u00e1il de f\u00e9in i S\u00e9\u00f3l, ina raibh olc agus maith le ch\u00e9ile, gan c\u00faiteamh n\u00f3 pion\u00f3s; bh\u00ed sc\u00e1ileanna r\u00f3-lag d\u00e1 leith\u00e9id. T\u00e1 c\u00fapla t\u00e9acs i leabhair an Bh\u00edobla ina bhfuil, b\u2019fh\u00e9idir, tagairt do aontacht le Dia iar-bh\u00e1s, ach nach bhfuil sin soil\u00e9ir, ach cinn eile ina bhfuil amhras. C\u00fapla c\u00e9ad bliain roimh Leabhar Dhain\u00e9il rinne \u00fadar an leabhair Ecclesiastes (C\u00f3heilit) machnamh ar bh\u00e1s an duine agus b\u00e1s an ainmh\u00ed, agus is beag an difr\u00edocht a fheiceann s\u00e9 idir eatorthu. Seo mar a scr\u00edobhann s\u00e9 (Coheilit 3:19-20): \u201cArsa mise liom f\u00e9in ar\u00eds: \u2018Maidir leis an gcine daonna, t\u00e1 Dia tar \u00e9is iad thast\u00e1il go cinnte agus a thaispe\u00e1int nach bhfuil iontu uathu f\u00e9in ach ainmh\u00edthe\u2019. \u00d3ir t\u00e1 an chinni\u00faint ch\u00e9anna ag an duine agus at\u00e1 ag an ainmh\u00ed; mar a fhaigheann ceann acu b\u00e1s, sin mar a fhaigheann an ceann eile b\u00e1s chomh maith; \u00f3ir ta an t-aon spiorad amh\u00e1in iontu go l\u00e9ir agus n\u00edl aon bhunt\u00e1iste ag an duine ar an ainmh\u00ed. Baois is ea gach uile n\u00ed. T\u00e9ann siad go l\u00e9ir go dt\u00ed an \u00e1it ch\u00e9anna; is den luaithreach iad uile agus iomp\u00f3idh siad uile ina luaithreach ar\u00eds. C\u00e9 ar eol d\u00f3 an dt\u00e9ann spiorad an duine suas n\u00f3 an dt\u00e9ann spiorad an ainmh\u00ed s\u00edos sa talamh?\u201d. Mheasfadh duine \u00f3 r\u00e1iteas deiridh an t\u00e9acs sin go raibh amhras \u00e9igin ar an \u00fadar faoina raibh r\u00e1ite aige, agus b\u2019fh\u00e9idir go raibh difr\u00edocht idir dheiridh an duine agus an ainmh\u00ed, agus faoi cad a bh\u00ed i nd\u00e1n d\u00e1 spioraid faoi seach. Ach n\u00edor imigh as radharc an cheist faoi aontacht an chreidmhigh le Dia iar-bh\u00e1s, n\u00f3 an cheist ar chr\u00edochnaigh an aontacht sin leis an mb\u00e1s. D\u2019\u00e9irigh s\u00e9 n\u00edos g\u00e9ire le b\u00e1s uaf\u00e1sach an ilomad mairt\u00edreach i gh\u00e9arlean\u00faint Aint\u00edochas sna blianta 167-164 roimh Chr\u00edost. As sin d\u2019\u00e9irigh mar bhuaic i Leabhar Dain\u00e9il (i l\u00e9acht an lae inniu) admh\u00e1il chreidimh in ais\u00e9ir\u00ed na colainne, agus beatha shona iarbh\u00e1is le D\u00eda d\u00e1 shearbh\u00f3nta\u00ed d\u00edlse. Braithstint n\u00f3 m\u00edan chr\u00e1ifeach, b\u2019fh\u00e9idir, a bh\u00ed in ais\u00e9ir\u00ed na colainne d\u2019\u00fadar Leabhar Hen\u00f3c. D\u2019\u00fadar Leabhar Dhain\u00e9il agus do chreideamh na nGi\u00fadach, foilsi\u00fa \u00f3 Dhia a bh\u00ed ann agus glacadh leis mar bhun-phointe do chreideamh na nGi\u00fadach, go m\u00f3r m\u00f3r i measc na bhFairis\u00edneach, m\u00edr chreidimh a sh\u00e9an na Sad\u00facaigh. Ghlac \u00cdosa leis in \u00e9adan na Sad\u00facach (Marcas 12:18-27; Matha 22:23-33; L\u00fac\u00e1s 20:27-40), agus d\u2019\u00e9irigh s\u00e9 n\u00edos l\u00e1rna\u00ed f\u00f3s le hais\u00e9ir\u00ed \u00cdosa, \u201cc\u00e9adtoradh na muintire at\u00e1 ina gcodladh\u201d (1 Corantaigh 15:20).<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le Freagra (Salm 15[16]). Caomhnaigh m\u00e9, a Thiarna, is ortsa a thriallaim.<\/p>\n\n\n\n<p>Dara L\u00e9acht (Eabhraigh 10:11-14, 18). Le haon \u00edobairt amh\u00e1in t\u00e1 sl\u00e1n\u00fa ioml\u00e1n s\u00edora\u00ed faighte aige do na daoine a naomha\u00edtear. Leanann an l\u00e9acht seo t\u00e9ama na litreach f\u00e9in: Cr\u00edost an f\u00edor-shagart ina shu\u00ed ar dheasl\u00e1mh D\u00e9. Bh\u00ed na sagairt Ghi\u00fadacha ina seasamh i rith na n-\u00edobairt\u00ed laethi\u00fala a ofr\u00e1ileadar ar son na bpeacai. D\u00faradh le h\u00cdosa, mar a raibh r\u00e9amhchomhartha de, i Salm 109 (110): \u201cB\u00ed i do shu\u00ed ar mo dheis go gcuirfidh m\u00e9 do naimhde mar st\u00f3l faoi do chosa\u201d. Mar shagart t\u00e1 s\u00e9 ina shu\u00ed ar dheasl\u00e1mh D\u00e9 ag feitheamh le comhl\u00edonadh na f\u00e1istine sin. T\u00e1 maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed bainte amach aige le haon \u00edobairt amh\u00e1in a bh\u00e1is agus a ais\u00e9irithe. I dt\u00e9acs an Bh\u00edobla san \u00e1it seo cuirtear isteach f\u00e1istine Irimia faoin gConradh Nua (f\u00e1gtha ar l\u00e1r sa leicsean\u00e1ir), ar a bhful mar chr\u00edoch leis: \u201cN\u00ed chuimhneoidh m\u00e9 ar a bpeaca\u00ed n\u00e1 ar a gcionta feasta\u201d, ar a leanann briathra deiridh l\u00e9acht an lae inniu: \u201cNuair a bh\u00edonn peaca\u00ed maite, n\u00ed g\u00e1 ofr\u00e1il a dh\u00e9anamh mar \u00e9iric iontu n\u00edos m\u00f3\u201d. T\u00e1 seo le tuiscint i gcomhth\u00e9acs ioml\u00e1n theachtaireacht na litreach: Is leor aon-\u00edobairt Chr\u00edost, a ofr\u00e1ileadh an t-aon uair amh\u00e1in agus an uair dheireanach, is leor sin do mhaithi\u00fanas na bpeaca\u00ed. N\u00edl s\u00e9 le tuiscint \u00f3n dt\u00e9acs nach ann don pheaca a thuilleadh i measc daoine n\u00f3 creidmheach . D\u00e1ir\u00edre leagann an litir seo b\u00e9\u00edm ar an bpeaca a sheachaint, go h\u00e1irithe peaca an d\u00edchreidimh.<\/p>\n\n\n\n<p>An Soisc\u00e9al (Marcas 13:24-32). Baileoidh s\u00e9 na tofaigh \u00f3 na ceithre ghaoth. Tuigfear an l\u00e9acht seo n\u00edos fearr m\u00e1 su\u00edtear \u00ed taobh istigh de aitheasc fada \u00cdosa, gur cuid de \u00ed. Bh\u00ed \u00cdosa agus na deisceabail sa Teampall, agus ag dul amach as an Teampall d\u00f3 d\u00fairt duine d\u00e1 dheisceabail leis: \u201cF\u00e9ach, a Mh\u00e1istir, cad iad mar chlocha agus cad iad mar fhoirgnimh iad seo!\u201d D\u2019fhreagair \u00cdosa nach bhf\u00e1gfa\u00ed cloch i mbun cloiche nach leagf\u00e1i anuas de na foirgnimh mh\u00f3ra sin. Ina dhiaidh sin, ina shu\u00ed d\u2019\u00cdosa ar Chnoc na nOl\u00f3g ar aghaidh an Teampaill (su\u00edomh oiri\u00fanach do fhoilsi\u00fa faoi chr\u00edoch ama) iarrann ceathrar de dheisceabail thosaigh \u00cdosa air insint doibh cathain a thithfeadh an m\u00e9id sin amach (treascairt an Teampaill) agus c\u00e9n comhartha a bheadh ann \u201car na nithe sin uile a bheith ag teacht chun cinn\u201d. Freagra\u00edonn \u00cdosa faoi na comhartha\u00ed a bheadh ann roimh threascairt an Teampaill (agus na cathrach) agus t\u00e9ann ar aghaidh chun labhairt ar an mbreithi\u00fanas deiridh, leis f\u00e9in, mar Mhac an Duine, mar bhreitheamh. Comhl\u00edonadh a bhriathra faoi threascairt an Teampaill (a labhair \u00cdosa sa bhliain 30 n\u00f3 33) ag arm na R\u00f3imhe sa bhliain 70, i saol na gl\u00faine lena raibh s\u00e9 ag caint. I dtraidisi\u00fan smaointeoireachta agus litr\u00edochta an se\u00e1nra apacailipteach labhra\u00edonn \u00cdosa faoi na comharthai a bheidh ann roimh dheireadh an tsaoil, amhail is go raibh sin in achmaireacht. Ach, sa traidisi\u00fan c\u00e9anna, t\u00e1 a fhios ag \u00cdosa, agus meabhra\u00edonn s\u00e9, go mbreathann comhl\u00edonadh den mh\u00e9id a deir s\u00e9 ar Dhia an tAthair, agus is d\u00f3 sin amh\u00e1in, agus n\u00ed d\u2019aoinne eile, n\u00f3 do na haingil, is eol an t-am agus tr\u00e1th beacht, \u201can la agus an uair\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>An teachtaireacht do chreidmhigh le t\u00f3gaint as seo go l\u00e9ir n\u00e1 bheith r\u00e9idh de sh\u00edor do bhreithi\u00fanas D\u00e9, agus s\u00f3l\u00e1s a th\u00f3gaint \u00f3 bhriathra Chr\u00edost go bhfuil Mac an Duine le teacht chun a chuid fein, na tofaigh, a bhaili\u00fa chuige f\u00e9in \u00f3na cheithre harda<\/p>\n\n\n\n<p>B.&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Na Cr\u00edocha D\u00e9anacha<\/p>\n\n\n\n<p>Bheadh s\u00e9 inmhianaithe f\u00edrinn\u00ed l\u00e1rnacha an chreidimh a chur os comhair phobail an Aifrinn ar an Domhnach le nasc le l\u00e9achta\u00ed an Aifrinn n\u00ed leis na t\u00e9acsanna liot\u00fairgeacha. N\u00ed minic a bh\u00edonn sin \u00e9asca le d\u00e9anamh; d\u00e1ir\u00edre is annamh \u00e9. Mar sin f\u00e9in t\u00e1 \u00f3c\u00e1id\u00ed \u00e1irithe inar f\u00e9idir, n\u00f3 ar ch\u00f3ir, sin a dh\u00e9anamh, mar shampla r\u00fandiamhair an Ioncollaithe (\u00cdosa mar Dhia agus mar dhuine) tr\u00e1th Nollag; agus an Trion\u00f3id Naofa. An Domhnach \u00e1irithe seo t\u00e1 deis \u00e1lainn againn labhairt ar na Cr\u00edocha D\u00e9anacha.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Limist\u00e9ir tal\u00fan is bunbhr\u00ed leis an t\u00e9arma \u201ccr\u00edoch, cr\u00edocha\u201d sa Ghailge, ach i measc br\u00edonna eile t\u00e1 \u201cdeireadh, comhl\u00edonadh\u201d, mar shampla \u201ccur i gcrich\u201d. Sa chiall seo t\u00e1 Na Cr\u00edocha D\u00e9anacha, agus i dteagasc na hEaglais is ceithre cinn iad sin: b\u00e1s, breithi\u00fanas, ifreann agus neamh. Ag machnamh ar na Cr\u00edocha n\u00ed m\u00f3r duinn dul thar na ceithre cinn sin go Cr\u00e9 na nAspal: \u201cCreidim in ais\u00e9ir\u00ed na colainne agus sa bheatha sh\u00edora\u00ed\u201d, n\u00f3 \u201cT\u00e1im ag s\u00fail le hais\u00e9ir\u00ed na marbh agus beatha an tsaoil at\u00e1 le teacht\u201d. Tugann seo deis d\u00fainn machnamh ar an fh\u00edrinne le cabhair an Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed (2001), uimhreacha 988-1050, a thugann tagairt\u00ed do na ranna cu\u00ed de chuid na Comhairle Vatac\u00e1in II.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar at\u00e1 daoine ag \u00e9ir\u00ed n\u00edos aosta, agus an b\u00e1s ag teannadh leo, n\u00ed rud neamh-ghn\u00e1ch \u00e9 go gcuireann siad an cheist an bhfuil aon bheatha iarbh\u00e1is ann. Braitheann an freagra roinnt mhaith ar chreideamh an duine aonair. N\u00ed shroistear deimhne ar an gceist tr\u00edd an r\u00e9as\u00fan n\u00f3 maoithneachas amh\u00e1in. Tugann creideamh san Eaglais, agus n ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus a leanann as, an freagra: ionann creideamh i gCr\u00edost sa chiall shaibhir den fhocal agus aontacht na gcreidmheach go l\u00e9ir le Cr\u00edost tar \u00e9is bh\u00e1is. Sa chiall Chr\u00edosta\u00ed den fhocal n\u00ed deireadh, n\u00ed cr\u00edoch, an b\u00e1s. Mar a deirtear i bpreaf\u00e1id na marbh: N\u00edl sa bh\u00e1s ach malairt bheatha<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is f\u00e9idir leis an dteagasc faoi ais\u00e9ir\u00ed na colainne machnamh ceartaitheach a thabhairt maidir le mianta \u00e1irithe \u00e1r linne ar mhaith leo freagra\u00ed l\u00e1ithreach bonn a fh\u00e1il ar phoint\u00ed \u00e1irithe creidimh. T\u00e1 \u00e9abhl\u00f3id \u00e1irithe ann i gcursa\u00ed creidimh. Th\u00e1inig creideamh in ais\u00e9ir\u00ed na colainne ann go han-d\u00e9anach is stair Iosrael, i bhfad tar \u00e9is Abrah\u00e1m, tar \u00e9is \u00cdse\u00e1ia (700 r. Chr\u00edost), Irimia (600 r. Ch.) agus daoine eile. Scagadh an teagasc a thuilleadh i stair na hEaglaise i gl\u00faine n\u00edos d\u00e9ana\u00ed faoi mar a bh\u00ed g\u00e1 le sin nuair a th\u00e1inig fadhbanna nua chun tosaigh. Bh\u00ed meon Gr\u00e9agach ann arbh fhearr leis labhairt faoi bheatha sh\u00edora\u00ed seachas ais\u00e9ir\u00ed na colainne, ach chuir an traidisi\u00fan Cr\u00edosta\u00ed ina choinne sin.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; B\u00edonn pl\u00e9 ann inniu maidir le mireanna \u00e1irithe den traidisi\u00fan Caitliceach a bhaineann leis na Cr\u00edocha D\u00e9anacha, an Phurgad\u00f3ir san \u00e1ireamh. Ina leith\u00e9id de phl\u00e9 n\u00ed m\u00f3r an fh\u00edrinne l\u00e1rnach a dheighilt amach \u00f3 na sl\u00edte inar rinneadh tr\u00e1cht uirthi tr\u00edd na haoiseanna inar ligeadh srian go minic leis an tsamhla\u00edocht Chr\u00edosta\u00ed. Maidir leis an Phurgad\u00f3ir, mar shampla, is \u00ed an fh\u00edrinne l\u00e1rnach ann n\u00e1 fi\u00fantas urnaithe na mbeo do anamacha na marbh. Agus maidir le hIfreann, is \u00e9 an creideamh l\u00e1rnach ann go bhfuil Dia le pion\u00f3s a ghearradh ar an mhuintir a dh\u00e9anann olc agus a bhfaigheann b\u00e1s gan aithr\u00ed. Agus mar an gc\u00e9anna maidir leis an iliomad ceisteanna eile den s\u00f3rt seo, ar fi\u00fa tagairt a dh\u00e9anamh do Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed ina dtaobh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Na Cr\u00edocha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":816,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1680","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1680","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1680"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1680\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1687,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1680\/revisions\/1687"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/816"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1680"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1680"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1680"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}