{"id":1682,"date":"2021-11-03T12:35:00","date_gmt":"2021-11-03T12:35:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1682"},"modified":"2022-02-22T09:32:45","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:45","slug":"7-samhain-2021-b-an-dara-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1682","title":{"rendered":"7 Samhain 2021 (B) An Dara Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br>B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: \u00c9ire \u00e1r linne ar t\u00f3ir f\u00e9intuisceana. An daonnachas n\u00f3 Cr\u00edosta\u00edocht a bheidh ann?<br>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">C\u00e9ad L\u00e9acht (1 R\u00edthe 17:10-16). Rinne an bhaintreach toirt\u00edn beag as a cuid mine agus thug s\u00ed chuig \u00c9ilias \u00e9. Seo \u00e9 ceann de sc\u00e9alta an Bh\u00edobla maidir leis an bhf\u00e1idh \u00c9ilias. Mhair \u00c9ilias i r\u00edocht Thuaisceart Iosrael ina raibh Achab mar r\u00ed, a bh\u00ed posta leis an bhean phag\u00e1nach Iezebel. Cr\u00edoch de chuid an fh\u00edr-Dh\u00e9 I\u00e1v\u00e9 a bh\u00ed i dt\u00edr Iosrael. Ba \u00e9 dia Iezebel n\u00e1 B\u00e1l, dia a t\u00edr dh\u00fachais Siod\u00f3n. Bhi Iezebel c\u00edocrach cultas a d\u00e9 f\u00e9in B\u00e1l a thabhairt isteach in Iosrael. Sheas an f\u00e1idh \u00c9ilias go tr\u00e9an i gcoinne iarrachta\u00ed Achab agus Iezebel sin a dh\u00e9anamh. Leagann na sc\u00e9alta faoi \u00c9ilias i Leabhair na R\u00edthe b\u00e9im l\u00e1idir ar sheasamh l\u00e1idir \u00c9ilias in \u00e9adan Iezebel agus Achab agus faoi mar ar chosain Dia a fh\u00e1idh go m\u00edor\u00failteach nuair a theitheann s\u00e9 \u00f3na ng\u00e9arlean\u00faint si\u00fad. Sa chuntas sa l\u00e9acht \u00e1irithe seo deirtear linn faoi mar ar ordaigh Dia do \u00c9ilias dul go cr\u00edoch phag\u00e1nach Siod\u00f3in, t\u00edr an d\u00e9 B\u00e1l. San \u00e1it sin d\u00e9anfaidh Dia c\u00faram go m\u00edor\u00failteach d\u00e1 leas. N\u00edor ch\u00f3ir d\u00fainn str\u00f3 a chur orainn f\u00e9in na sonra\u00ed faoi ch\u00falra na heachtra seo a l\u00edonadh isteach, mar shampla conas a raibh eolas ag an bhaintreach c\u00e9rb \u00e9 \u00c9ilias agus mar sin de. Chreid m\u00f3id\u00edni an d\u00e9 B\u00e1l, iad si\u00fad a a chreid ann, gur dia na torth\u00falachta a bh\u00ed ann. Faoi mar ar thug \u00c9ilias tromach ar Iosrael, an t\u00edr ar mhaith le Iezebel a dia f\u00e9in bheith i r\u00e9im, anois bh\u00ed tromach chomh maith i Siod\u00f3n, t\u00edr B\u00e1l f\u00e9in. L\u00e1rphointe an sc\u00e9il seo n\u00e1 go bhfuil comhr\u00e1 ag \u00c9ilias le baintreach phag\u00e1nach, a gh\u00e9illeann d\u00e1 iarratas roinnt bia agus d\u00ed a shol\u00e1thair d\u00f3, agus \u00e9 ag tabhairt gealltanais di go mbeidh deireadh leis an tromach ag luath. Teachtaireacht a eascra\u00edonn \u00f3n sliocht n\u00e1 go bhfuil r\u00e9imeas ag Dia Iosrael ar chr\u00edocha a measadh a bheith mar sheal\u00fas ag an dia pag\u00e1nach B\u00e1l. Roghna\u00edtear an sliocht \u00e1irithe seo le dul leis an l\u00e9acht i Soisc\u00e9al an lae inniu ina dh\u00e9antar tagairt do bhaintreach.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Salm le Freagra (Salm 145[146]). Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Dara L\u00e9acht (Eabhraigh 9:24-28). Ofr\u00e1ladh Cr\u00edost an t-aon uair amh\u00e1in agus an uair dheireanach nuair a th\u00f3g s\u00e9 peaca\u00ed na ndaoine go l\u00e9ir air f\u00e9in. Leanann an sliocht seo ar aghaidh \u00f3n gcur i l\u00e1thair a rinne an t-\u00fadar ar Chr\u00edost mar an f\u00edor-Ardsagart. Mar ch\u00falra d\u00e1 ndeireann s\u00e9, baineann an t-\u00fadar feidhm as an eolas a bheadh ag a l\u00e9itheoir\u00ed maidir le liot\u00fairge Theampall na nGi\u00fadach agus ar chuntas an tSeantiomna ar a raibh sin bunaithe. Creideadh go raibh Teampall Iar\u00fasail\u00e9im bunaithe ar shamhail, ar chuspa, den Taibearnacal, den bhoth, a bh\u00ed ag na Gi\u00fadaigh ag f\u00e1na\u00edocht d\u00f3ibh san fh\u00e1sach. Agus an taibearnacal sin san fh\u00e1sach measadh go raibh s\u00e9 d\u00e9anta de r\u00e9ir chuspa neamha\u00ed a thaispe\u00e1nadh do Mhaois ar Shliabh Sinai. Deirtear linn go nd\u00fairt Dia le Maois (Exodus 26:30): \u201cT\u00f3gfaidh t\u00fa an taibreanacal de r\u00e9ir an phatr\u00fain a taispe\u00e1nadh duit ar an sliabh\u201d. Ba \u00e9 an f\u00edor-taibearneacal, mar sin, an ceann neamha\u00ed. An ceann inar chuaigh an t-ardsagart Gi\u00fadach isteach ann uair amh\u00e1in sa bhliain, agus gach bliain, le \u00edobairt a ofr\u00e1il le fuil ainmh\u00edthe, n\u00ed raibh ann ach c\u00f3ip den fh\u00edor-taibearnacal seo. Cr\u00edost, an f\u00edor-ardsagart, tr\u00edna bh\u00e1s agus a chuid fola f\u00e9in, ghabh s\u00e9 isteach sa sanct\u00f3ir neamha\u00ed, le bheith ansin ar dheisl\u00e1imh a Athar ag d\u00e9anamh idirghu\u00ed ar son an chine dhaonna. Leagann an t\u00e9acs b\u00e9im ar seo gur de \u201cuair amh\u00e1in agus an uair dheireannnach\u201d n\u00e1d\u00far shaothar Cr\u00edost. De r\u00e9ir dealraimh l\u00e9ir\u00edonn an t-\u00fadar \u00e9 seo le tagairt a dh\u00e9anamh do bh\u00e1s an duine aonair. N\u00ed tharla\u00edonn seo ach an aon uair amhain, agus leis an mb\u00e1s t\u00e9ann duine isteach i r\u00e9imse eile den bheith ann. Ag deireadh na l\u00e9achta t\u00e1 tagairt don bhreithi\u00fanas tar \u00e9is bh\u00e1is, agus do chr\u00edoch ama. I sl\u00ed amh\u00e1in th\u00e1inig deireadh ama le b\u00e1s Chr\u00edost agus a ais\u00e9ir\u00ed. Th\u00e1inig Cr\u00edost c\u00e9aduair le b\u00e1s a fh\u00e1il do mhaithi\u00fanas na bpeaca\u00ed. Beidh aidhm eile ag a ateacht: a sl\u00e1n\u00fa si\u00fad at\u00e1 ag feitheamh go c\u00edocrach lena theacht,<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">An Soisc\u00e9al (Marcas 12:38-44). Is m\u00f3 a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach n\u00e1 mar a chaith aon duine eile. C\u00e1ineadh g\u00e9ar ar na scr\u00edobhaithe Gi\u00fadacha \u00f3 Chr\u00edost at\u00e1 anseo. Dl\u00edod\u00f3ir\u00ed ab ea na scr\u00edobhaithe sin, n\u00ed c\u00f3ipe\u00e1lithe n\u00e1 peannair\u00ed, agus bh\u00edodar faoi on\u00f3ir agus faoi mheas m\u00f3r sa tsocha\u00ed Ghi\u00fadach chomh maith. De ghn\u00e1th ba dhl\u00edod\u00f3ir\u00ed agus diagair\u00ed iad san am c\u00e9anna. Bh\u00ed r\u00f3l t\u00e1bhachtach acu sa tsocha\u00ed Ghi\u00fadach ag leibh\u00e9il \u00e9ags\u00fala, san ardchomhairle ina measc. Mar shaineolaithe i Dl\u00ed Mhaois bheadh c\u00edocras acu don Dl\u00ed sin, agus b\u00edodh n\u00e1rb gh\u00e1 gur baill den na Fairis\u00ednigh iad, bheidis f\u00e1bharach do l\u00e9argas an ghr\u00fapa sin. I Soisc\u00e9al Mharcais, amhail sna Soisc\u00e9il eile, seachas an scr\u00edobha\u00ed adeir \u00cdosa leis n\u00e1rbh fhada \u00f3 r\u00edocht D\u00e9 \u00e9, feictear orthu i sl\u00ed dhi\u00faltach. Le linn ministreacht dheiridh \u00cdosa in Iar\u00fasail\u00e9im t\u00e1 siad nasctha leis na hardsagairt agus an sean\u00f3ir\u00ed mar naimhde i gcoinne \u00cdosa. T\u00e1 c\u00e1ineadh na scr\u00edobhaithe ag \u00cdosa tugtha le mionchuntas n\u00edos ioml\u00e1ine ag L\u00facas (20:45-47) agus Matha (23:1-78, mar aon leis na Fairis\u00ednigh). C\u00e1ineann \u00cdosa a ngair\u00e9ad, ina gculaith \u00e9adaigh, ina gc\u00edocras go dtabharfa\u00ed aird orthu i log an mhargaidh, sna sionag\u00f3ig\u00ed, ag na fle\u00e1nna. Cuirtear m\u00edmhac\u00e1ntacht ina leith maidir le c\u00farsa\u00ed maoine agus east\u00e1it, \u201cag \u00edde t\u00edthe na mbaintreach\u201d, b\u2019fh\u00e9idir tr\u00ed bheith ag \u00e9ileamh costais\u00ed r\u00f3-ard faoi chomhairle dl\u00ed. C\u00e1intear chomh maith iad faoi bheith tugtha do urnaithe fada, rud ar labhair \u00cdosa faoi ina a chuid seanm\u00f3ireachta sa Ghail\u00edl.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Sa dara cuid den l\u00e9acht seo t\u00e1 compar\u00e1id idir shint\u00fas deabh\u00f3ideach ci\u00fain na baintra\u00ed boichte agus sinti\u00faisi toirt\u00e9iseacha an lucht shaibhir. Labhra\u00edonn an teacs faoi \u201cchiste\u201d sa Teampall. Seans gurb \u00e9 an ciste\u00e1n l\u00e1rionad sa Teampall le bronntanais a fh\u00e1il. De r\u00e9ir tr\u00e1chtais dhl\u00edthi\u00fail Gi\u00fadaigh i sanct\u00f3ir an Teampaill bh\u00ed tr\u00ed ch\u00f3fra d\u00e9ag i bhfoirm trumpa, agus f\u00f3gra ar gach ceann acu do bhronntanas d\u2019aidhm faoi leith (bronntanais d\u2019ofr\u00e1ileacha \u00e9an agus mar sin de). D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed bonn airgid trom an lucht shaibhir a chloiste\u00e1il go h\u00e9asca ag dul s\u00edos d\u00f3 tr\u00edd an ch\u00f3fra i bhfoirm trumpa. Chuir an bhaintreach dh\u00e1 bhonn airgid isteach (dh\u00e1 chian\u00f3g; is \u00e9 sin feoirling), is \u00e9 sin boinn den mh\u00e9id is l\u00fa in airgead reatha na haimsure sin, a meastar a bheith ionann agus an seascad\u00fa cuid de denarius, an p\u00e1 ba l\u00fa do shaothar l\u00e1 oibre gn\u00e1th duine. Tugann \u00cdosa faoi deara d\u00ednit agus \u00e1illeacht an ghn\u00edmh uasail, ba chuma c\u00e9 chomh l\u00fa agus a bh\u00ed s\u00e9 i dtuairim an tsaoil. Is ioma\u00ed sin dea-thogra a thug cian\u00f3g na baintr\u00ed cabhair d\u00f3 tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">B.An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae: \u00c9ire \u00e1r linne ar t\u00f3ir f\u00e9intuisceana. An daonnachas n\u00f3 Cr\u00edosta\u00edocht a bheidh ann?<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">I soisc\u00e9al an lae inniu tugann \u00cdosa fol\u00e1ireamh d\u00e1 lucht lean\u00fana bheith san airdeall faoi dhaoine m\u00f3r le r\u00e1, le tionchar ar an bpobal, gur baol iad do theacht ann do r\u00edocht D\u00e9. N\u00ed m\u00f3r do phobal D\u00e9 bheith san airdeall i ngach aois faoi bhaol d\u00e1 leith\u00e9id.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed f\u00e9idir gan tabhairt faoi deara sna m\u00edonna deiridh seo, n\u00f3 le blianta anuas, go bhfuil guthanna ag glaoch ar phobal na h\u00c9ireann, go h\u00e1irithe ar an aos \u00f3g, machnamh a dh\u00e9anamh ar an \u00e1bhar agus a chur in i\u00fal cad \u00ed an fh\u00eds at\u00e1 acu do \u00c9irinn sa r\u00e9 seo romhainn. Tagann an ghairm seo \u00f3 ranna de na me\u00e1in phoibl\u00ed, \u00f3 phoiliteoir\u00ed \u00e1irithe, \u00f3 phearsana poibl\u00ed, roinnt d\u00edobh le st\u00e1das nach beag. T\u00e1 glaonna ann do eitic n\u00e1isi\u00fanta, phoibl\u00ed. Ar uairibh t\u00e1 na glaonna sin de n\u00e1d\u00far neodrach, agus is maith ann iad. Ach ar uairibh eile is glaonna iad faoi \u00c9ire a bheadh saolta, fi\u00fa daonnachtach, agus eitic den cl\u00f3 c\u00e9anna, gan \u00e1it ag creideamh n\u00e1 tionchar uaidh ann.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is soil\u00e9ir go bhfuil machnamh \u00e1 dh\u00e9anamh ag pobal na h\u00c9ireann faoi cad \u00e9 an sort tire at\u00e1 uathu, agus cad \u00ed an fh\u00eds faoi sin a bheidh i r\u00e9im. San r\u00e9 sa ghabh tharainn th\u00e1inig an fh\u00eds sin \u00f3 phobal Caitliceach a bh\u00ed den chuid is m\u00f3 de ag cleachtadh a gcreidimh. T\u00e1 an c\u00e1s athraithe anois go bun\u00fasach. B\u00edodh gur ch\u00e1raigh 84% de phobal na Poblachta seo sa daon\u00e1ireamh is d\u00e9ana\u00ed (2011) mar Chaitlicigh R\u00f3mh\u00e1nacha, t\u00e1 s\u00e9 beagnach cinnte go bhfuil l\u00edon nach beag d\u00edobh gur beag a n-eolas ar an bhf\u00eds Chr\u00edosta\u00ed mar a chuirtear sin in\u00e1r l\u00e1thair sa Tiomna Nua, f\u00eds ar rinneadh r\u00e9altacht di, a rinneadh beo \u00ed, i gcleachtadh an chreidimh agus taith\u00ed na sacramaint\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1imid tagaithe anois go pointe ina ghlaotar orainn machnamh a dh\u00e9anamh faoi conas freagra a thabhairt ar an staid ina bhfuimid agus conas gluaiseacht ar aghaidh uaidh sin. Is fi\u00fa machnamh a dh\u00e9anamh ar an m\u00e9id a scr\u00edobh \u00fadar Ch\u00e9ad Litreach Pheadar do Chr\u00edostaithe a bh\u00ed faoi bhr\u00fa i l\u00e1r na ch\u00e9ad aoise seo: \u201cB\u00edg\u00ed r\u00e9idh i gc\u00f3na\u00ed le cosaint a dh\u00e9anamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an d\u00f3chas at\u00e1 ionaibh; ach d\u00e9anaig\u00ed amhlaidh le cneastacht agus le hurraim\u201d (1 Peadar 3:15-16). \u00c9il\u00edonn seo go mbeadh eolas cu\u00edosach maith ag creidmhigh ar fh\u00edrinn\u00ed a gcreidimh. Ba ch\u00f3ir gur ch\u00faram seo go l\u00e9ir do easpaig, par\u00f3ist\u00ed, comhairl\u00ed par\u00f3ist\u00ed, gr\u00fapa\u00ed tuata, agus eagrais eile a bhfuil baint acu leis na c\u00farsa\u00ed faoi chaibideal, le hiad a mheas go grinn agus iarracht a dh\u00e9anamh faoi eolas ar fh\u00edrinn\u00ed an chreidimh agus na mor\u00e1ltachta Cr\u00edosta\u00ed a leathn\u00fa amach mar is g\u00e1.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed h\u00e9asca an obair \u00ed seo. T\u00e1 an glaoch politi\u00fail, saolta agus fi\u00fa daonnachtach at\u00e1 i gceist againn i gc\u00f3ir f\u00eds nua d\u2019\u00c9irinn d\u00edrithe ar an aos \u00f3g. N\u00ed rud \u00e9asca \u00e9 tabhairt ar ghl\u00fain \u00f3g na h\u00c9ireann bheith d\u00edocasach faoi Chr\u00edost and an fh\u00eds seo Chr\u00edosta\u00ed faoina mbeatha f\u00e9in agus faoin saol. Ach is fi\u00fa machnamh a dh\u00e9anamh air agus gu\u00ed go dabharfaidh siad aird ar an mbaol at\u00e1 ann d\u00e1 gcreideamh. Is f\u00e9idir linn go l\u00e9ir urna\u00ed a chur suas chun D\u00e9 go n-ard\u00f3idh s\u00e9 fir agus mn\u00e1 le \u00e1baltacht i gc\u00farsa\u00ed liteartha agus i gcumas scr\u00edbhneoireachta, l\u00e1n den fh\u00eds seo, leis an teachtaireacht chui a chur os comhair phobal an lae inniu i bhfriotal a oireann.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: \u00c9ire \u00e1r &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1682","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1682","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1682"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1682\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1683,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1682\/revisions\/1683"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1682"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1682"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1682"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}