{"id":1698,"date":"2021-11-23T12:59:00","date_gmt":"2021-11-23T12:59:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1698"},"modified":"2022-02-22T09:32:22","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:22","slug":"28-samhain-2021-c-an-chead-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1698","title":{"rendered":"28 Samhain 2021 (C) An Ch\u00e9ad Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br>B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Aidbhint: Glaoch do athnuachan chreidimh.<br>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (Irimi\u00e1 33:14-16). Cuirfidh me d\u2019fhiacha ar Bheang\u00e1n f\u00edr\u00e9anta f\u00e1s suas do Dh\u00e1iv\u00ed. Aidbhint, focal \u00f3n dt\u00e9arma Laidne adventus a chialla\u00edonn<\/p>\n\n\n\n<p>teacht, is tr\u00e9imhse fheithimh \u00ed, feitheamh le teacht \u00e9igin deimhin, b\u00edodh sin pearsa n\u00f3 \u00f3c\u00e1id faoi leith. Do Chr\u00edostaithe tugann s\u00e9 chun cuimhne teacht Chr\u00edost c\u00e9aduair ag a bhreith ag an Nollaig, n\u00f3 a ateacht, a th\u00e9arnamh, i gcumhacht faoi ghl\u00f3ir le breith agus luach saothair a thabhairt. Idir eatorthu is f\u00e9idir smaoineamh ar theacht Chr\u00edost de sh\u00edor, teacht r\u00edocht D\u00e9 ar a dh\u00e9anaimid urna\u00ed gach l\u00e1. Deirtear an m\u00e9id seo faoi Aidbhint na gCr\u00edostaithe. Ach n\u00edor ch\u00f3ir d\u00fainn dearmad a dh\u00e9anamh ar Aidbhint fhada na nGi\u00fadach, pobal a bh\u00ed ag faire ar feadh na gcianta ar theacht, ar Aidbhint, mhac Dh\u00e1iv\u00ed a bh\u00ed geallta. Bh\u00ed th\u00edos seal agus thuas seal ag an Meisiasachas, s\u00fail le teacht an Mheisias Dh\u00e1iv\u00edgh, i stair Iosrael, \u00f3 laethanta Dh\u00e1iv\u00ed f\u00e9in thart ar an mbliain 1000 roimh Chr\u00edost ar aghaidh. Le linn r\u00e9imse na r\u00edthe, le clann Dh\u00e1iv\u00ed f\u00e9in i r\u00e9im, go treascairt Iar\u00fasail\u00e9im agus cr\u00edoch r\u00edtheaghlach Dh\u00e1iv\u00ed sa bhliain 586 roimh Chr\u00edost, n\u00ed bhfuair ach beirt d\u00e1 r\u00edthe moladh \u00f3 stair\u00ed de chuid an Bh\u00edobla. Ba ch\u00fais d\u00edom\u00e1 an chuid ba mh\u00f3 acu. Ba fh\u00edor seo ach go h\u00e1irithe faoin r\u00ed deiridh den tsraith, Zidici\u00e1. Istigh ina ainm si\u00fad, mar chuid de bh\u00ed an t\u00e9arma Eabhraise zedek, \u201cf\u00edr\u00e9antacht\u201d agus an chuid eile yah, Yah(veh), an Tiarna, f\u00edr\u00e9antacht, plean shl\u00e1naithe an Tiarna. Ach maidir leis an r\u00ed Zidici\u00e1 d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed leagan eile de a bheith ann: zidki, \u201cmo fh\u00edr\u00e9antacht\u201d, f\u00edr\u00e9antacht an r\u00ed sin seachas sl\u00e1n\u00fa D\u00e9. Leis na br\u00edonna sin ina a aigne, de r\u00e9ir dealraimh, rinne an f\u00e1idh Irimi\u00e1 an tairngreacht seo, thart ar an bhlian 586 b\u2019fh\u00e9idir (Irimi\u00e1 23:5-6): \u201cF\u00e9ach, t\u00e1 na laethanta ag teacht, an Tiarna a labhra\u00edonn, agus ard\u00f3idh m\u00e9 do Dh\u00e1iv\u00ed beang\u00e1n f\u00edr\u00e9anta; rial\u00f3idh s\u00e9 ina r\u00ed go cr\u00edonna, agus d\u00e9anfaidh s\u00e9 breithi\u00fanas agus ceart sa talamh. \u2026 agus con\u00f3idh Iosrael faoi dh\u00f3chas. Agus is \u00e9 seo an t-ainm a bh\u00e9arfar air: An Tiarna \u00e1r bhf\u00edr\u00e9antacht\u201d, f\u00edr\u00e9antacht an phobail, \u201c\u00e1r bhf\u00edr\u00e9antacht\u201d. Is cuid d\u2019aguis\u00edn do \u201cLeabhar an tS\u00f3l\u00e1is\u201d i Leabhar Irimi\u00e1 (Irimi\u00e1 caibidil 30-33) l\u00e9acht an lae inniu, ina dh\u00e9antar aithinsint ar fh\u00e1istine sin Irimi\u00e1 faoi Bheang\u00e1n f\u00edr\u00e9anta do Dh\u00e1iv\u00ed, is \u00e9 sin craobh n\u00f3 g\u00e9ag \u00far, nua, do theaghlach Dh\u00e1iv\u00ed, do mhac agus oidhre Dh\u00e1iv\u00ed le teacht. T\u00e1 an fh\u00e1istine seo n\u00edos \u00f3ige n\u00e1 ceann Irimi\u00e1 f\u00e9in (thart ar an bhliain 520, b\u2019fh\u00e9idir, nuair a bh\u00ed athbhorradh \u00e1irithe an Meisiasachas), ach meabhra\u00edtear inti briathra Irimi\u00e1, ach an bh\u00e9im an babhta seo ar an bpobal agus ar an gcathair naofa seachas ar an r\u00ed f\u00e9in. Con\u00f3idh Iar\u00fasail\u00e9im i nd\u00f3chas, agus is uirthi, seachas ar an r\u00ed, a bh\u00e9arfar an t-ainm \u201cAn Tiarna-\u00e1r-bhf\u00edr\u00e9antacht\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le Freagra (Salm 24[25]). Chugatsa a th\u00f3gaim m\u2019anam, a Thiarna.<\/p>\n\n\n\n<p>Dara L\u00e9acht (1 Teasal\u00f3naigh 3:12-4:2). Go ndaingn\u00ed an Tiarna bhur gcro\u00edthe sa naofacht ar theacht do Chr\u00edost. T\u00e1 an l\u00e9acht ghairid seo t\u00f3gtha as an scr\u00edbhinn is sinne den litriocht Chr\u00edosta\u00ed at\u00e1 ar mairthean go f\u00f3ill, an litir seo chuig na Teasal\u00f3naigh a scr\u00edobh P\u00f3l sa bhliain A.D. 51, fiche \u00e9igin bliain tar \u00e9is bh\u00e1is agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. Bh\u00ed a fhios ag P\u00f3l go maith gur \u00f3 ghn\u00edomh\u00fa agus \u00f3 ghr\u00e1sta D\u00e9 a thagann t\u00fas agus f\u00e1s na beatha Cr\u00edosta\u00ed. Is d\u00e1 bharr sin go bhfuil an m\u00e9id a scr\u00edobhann s\u00e9 chuig na Teasal\u00f3naigh curtha i bhfoirm urna\u00ed chun D\u00e9 go leanfadh agus go mbeadh borradh ar a shoisc\u00e9ala\u00edocht tosaigh chucu, borradh i mbeatha Chr\u00edosta\u00ed i ngr\u00e1 d\u00e1 ch\u00e9ile agus don chine daonna go l\u00e9ir. Agus mar aon leis sin, rud go m\u00f3r i spiorad seo na hAidbhinte, gu\u00edonn P\u00f3l go mbeadh siad daingean sa naofacht agus iad gan ch\u00e1im ag feitheamh le teacht an Tiarna. An teacht a bh\u00ed ina aigne ag P\u00f3l n\u00e1 t\u00e9arnamh an Tiarna \u00cdosa ag deireadh an tsaoil, ach oireann a deir se go seoigh don Aidbhint agus don Nollaig \u2013 tr\u00e1th ina thugann an Eaglais cuireadh chun faoistine do na creidmhigh. Ag deireadh na l\u00e9achta d\u00e9anann P\u00f3l achain\u00ed orthu l\u00e9an\u00faint den dea-obair, agus cur fi\u00fa lena n-iarrachta\u00ed Dia a sh\u00e1samh, agus gan dearmad a dh\u00e9anamh ar na treoracha, an teagasc Cr\u00edosta\u00ed, a thug s\u00e9 d\u00f3ibh. Mar sin san Eaglais f\u00f3s agus co\u00edche mar ullmh\u00fa don Nollaig san Aidbhint, n\u00f3 in aon tr\u00e1th eile. N\u00ed m\u00f3r an deabh\u00f3id a nascadh leis an dteagasc, treoracha agus teagasc a bhfuil \u00fadar\u00e1s \u00f3n dTiarna \u00cdosa taobh thiar diobh.<\/p>\n\n\n\n<p>An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 21:25-28, 34-36). T\u00e1 bhur bhfuascailt in achmaireacht. Na l\u00e9achta\u00ed \u00f3na Soisc\u00e9il do gach ceann den na tr\u00ed bliana den tsraith lot\u00fairgeach (Matha, Marcas agus L\u00fac\u00e1s) i&nbsp;&nbsp; gc\u00f3ir an ch\u00e9ad Domhnach den Aidbhint, tugann siad fol\u00e1ireamh \u00f3 Chr\u00edost d\u00e1 lucht lean\u00fana bheith san airdeall agus ullamh d\u00e1 theacht, d\u00e1 th\u00e9arnamh, le breithi\u00fanas a thabhairt. Is cuid gach ceann de na l\u00e9achta\u00ed seo de aitheasc fada Chr\u00edost, mar fhreagra ar cheist \u00f3na dheisceabail, faoi threascairt Iar\u00fasail\u00e9im agus an chr\u00edoch ar gach rud ina dhiaidh sin. I l\u00e9acht an lae inniu t\u00e1 cuntas ar roinnt de na comharthai a deir \u00cdosa a bheidh ann roimh an deireadh, L\u00e1 an Tiarna. Do chreidmhigh ba ch\u00f3ir gur \u00f3c\u00e1id l\u00fach\u00e1ire a bheadh in dTeacht Mhac an Duine le breithi\u00fanas a thabhairt, l\u00fach\u00e1ir go raibh a bhfuascailt in achmaireacht. Cuirtear cr\u00edoch leis an l\u00e9acht le rabhadh \u00f3 \u00cdosa faoin ullmh\u00fach\u00e1n is g\u00e1 do thr\u00e9imhse faire agus feithimh, don Aidbhint, tr\u00e1th urna\u00ed agus staonadh \u00f3 ragairne.<\/p>\n\n\n\n<p>B.An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Aidbhint: Glaoch do athnuachan chreidimh.<\/p>\n\n\n\n<p>An bhliain seo caite sa mhir seo \u201cMachnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an lae\u201d is \u00e9 an teideal a bh\u00ed ar an mh\u00edr n\u00e1: \u201cAg maireacht\u00e1il le foighid agus buanseasmhacht le Dia beo\u201d. Is tr\u00e1th feithimh \u00ed an Aidbhint, ag tabhairt cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar an dt\u00e9ama seo. Mairimid in aois ina bhfuil tuiscint mhaith againn cad is am ann, agus na m\u00edlte milli\u00fan de bhlianta at\u00e1 ann \u00f3n bpl\u00e9asc mh\u00f3r, \u00f3 thosaigh an bheatha \u00f3 na ch\u00e9ad daoine daonna, agus \u00f3 thosaigh an speiceas lena mbainimid ar talamh. Ag coime\u00e1d leis an dt\u00e9ama c\u00e9anna: i rith a staire bh\u00ed feitheamh fada ag pobal Iosrael le teacht an tsl\u00e1naithe a bh\u00ed geallta d\u00f3ibh. Bh\u00ed f\u00edseanna acu de r\u00e9 n\u00edos fearr n\u00e1 an ceann ina mhair siad. Mhair siad tr\u00ed pheannaid\u00ed agus anr\u00f3. Mar an gc\u00e9anna leis an Eaglais. Nuair a thagann an focal seo Aidbhint chun cuimhne d\u00fainn, tr\u00e1th machnaimh \u00e9 ar \u201ctheacht\u201d rud \u00e9igin, ag feitheamh le teacht, le teacht r\u00edocht D\u00e9 a raibh Iosrael ag feitheamh leis, agus fi\u00fa tar \u00e9is comhl\u00edonadh le Cr\u00edost, at\u00e1 f\u00f3s ag teacht, agus le teacht.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tr\u00e1th ullmh\u00fach\u00e1in a bh\u00ed san Aidbhint do theacht, do bhreith, Chr\u00edost um Nollaig. An focal Gaeilge sin \u201cNollaig\u201d is \u00f3 th\u00e9arma Laidine ar bhr\u00ed leis \u201cceili\u00faradh breithe\u201d a thagann s\u00e9. In dtr\u00e1th an chreidimh bheo, ba naofa an d\u00e1 cheili\u00faradh, Aidbhint agus Nollaig. Agus mar at\u00e1 c\u00farsa\u00ed anois is m\u00f3 a bhaineann siad araon le tr\u00e1cht\u00e1il agus caidreamh daonna n\u00e1 le r\u00fandiamhra an chreidimh. Mar sin is tr\u00e1th\u00fail an t-am \u00ed le machnamh a dh\u00e9anamh ar bhua an chreidimh, agus f\u00e9achaint uirthi mar ghairm do athnuachan chreidimh. Tugann an Eaglais a leith\u00e9id de ghairm gach r\u00e9 seal. Rinne an P\u00e1pa Benedict XVI \u00ed i 2011 ag com\u00f3radh iubhaile orga th\u00fas Chomhairle na Vatac\u00e1ine, tr\u00e1th inar ghairm s\u00e9 bliain chreidimh faoi leith le tabhairt ar an Eaglais machnamh a dh\u00e9anamh a phr\u00e1inn\u00ed agus a bh\u00ed c\u00farsa\u00ed maidir le creideamh i nDia ar na saolta deireannacha seo. D\u2019fhoilsigh s\u00e9 Litir Aspalda \u00e1lainn ar an \u00e1bhar, le f\u00e1il ar an idirl\u00edon, ar fi\u00fa \u00ed a l\u00e9amh i gc\u00f3na\u00ed.&nbsp;&nbsp; Cuireann s\u00e9 b\u00e9im ar roinnt phoint\u00ed ar fi\u00fa aird a thabhairt orthu. Seo cuid acu (paragraf 2): \u201cTarla\u00edonn s\u00e9 go minic gur ch\u00faram n\u00edos m\u00f3 do Chr\u00edostaithe cad a leanann go soisialta, cult\u00fartha agus \u00f3 thaobh poilit\u00edochta as a gcuid saothair n\u00e1 aon rud eile, ag meas i gc\u00f3na\u00ed gur bun\u00fas don saol poibl\u00ed an creideamh. Ach n\u00ed feidir glacadh leis a thuilleadh gur mar sin at\u00e1, ach a mhalairt ar fad &#8212; go s\u00e9antar go poibl\u00ed \u00e9. B\u00edodh go bhf\u00e9adfa\u00ed glacadh leis san aimsir at\u00e1 thart go raibh c\u00falra, matrix, aonadach, aonghn\u00e9ach ag an saol soisialta, a glacadh leis go h\u00e9asca toisc gur creideamh a bh\u00ed ann agus leis na luachanna a spreag an creideamh sin, n\u00ed d\u00f3cha gur amhlaidh an c\u00e1s inniu i r\u00e9ims\u00ed leathna den tsocha\u00ed, toisc g\u00e9arch\u00e9im chreidimh a bheith ann at\u00e1 tar \u00e9is dul i bhfeidhm go domhain ar a l\u00e1n daoine\u201d. T\u00e1 na briathra sin d\u00edrithe ar an Eaglais Chaitliceach ar fud an domhain ach is f\u00edor iad i sl\u00ed faoi leith d\u2019\u00c9irinn an lae inniu. Filleann an P\u00e1pa n\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa Litir ar an dt\u00e9ama c\u00e9anna. N\u00ed m\u00f3r machnamh ar an gcreideamh a gh\u00e9ar\u00fa, a deir s\u00e9, le cabhair a thabhairt do chreidmhigh i gCr\u00edost teacht ar dhilseacht l\u00e1idir comhfhiosach don Soisc\u00e9al, go m\u00f3r m\u00f3r sa tr\u00e1th seo ina bhfuil an cine daonna ag dul tr\u00ed agus ag moth\u00fa athr\u00fa comh domhain sin. Inniu, thar aon aois eile sa stair, t\u00e1 an creideamh anois faoi bhr\u00fa \u00f3 shraith ceisteanna ag eascairt \u00f3 mheon athraithe, meon a chuireann teorainn, go h\u00e1irithe inniu, le r\u00e9imse chinnteacht an r\u00e9as\u00fain don mh\u00e9id ar f\u00e9idir teacht air \u00f3 fhionnachtana eola\u00edochta agus teicneola\u00edochta. Ach mar sin f\u00e9in n\u00ed raibh eagla ar an Eaglais riamh a l\u00e9iri\u00fa nach f\u00e9idir leis an gcreideamh agus eola\u00edocht at\u00e1 f\u00edor teacht salach ar a ch\u00e9ile, de bhr\u00ed go bhfuil siad araon d\u00edrithe ar theacht ar an bhf\u00edrinne, b\u00edodh gur tr\u00ed bheala\u00ed \u00e9ags\u00fala sin (paragraif 8 agus 12).<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Aidbhint: Glaoch &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1082,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1698","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1698","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1698"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1698\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1700,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1698\/revisions\/1700"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1082"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1698"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1698"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1698"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}