{"id":1703,"date":"2021-11-30T08:34:00","date_gmt":"2021-11-30T08:34:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1703"},"modified":"2022-02-22T09:32:21","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:21","slug":"5-nollaig-2021-c-an-dara-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1703","title":{"rendered":"5 Nollaig 2021 (C) An Dara Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>Machnamh agus An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Insint na Soisc\u00e9al agus an Stair<\/em><\/li><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Bar\u00fach 5:1-9). <em>Taispe\u00e1nfaidh Dia do niamhracht do gach n\u00e1isi\u00fan. <\/em>Ag teacht ar dheireadh na deora\u00edochta sa Bhaibeal\u00f3in sa s\u00e9\u00fa haois roimh Chr\u00edost agus ina dhiaidh sin, thug na f\u00e1ithe agus na fil\u00ed a thug d\u00fainn caibidil 40-66 de Leabhar \u00cdse\u00e1ia spreagadh agus uchtach do phobal Iosrael, ag meabhr\u00fa d\u00f3ibh go raibh todhcha\u00ed ghl\u00f3rmhar rompu amach agus go raibh Dia a Sl\u00e1naitheoir le \u00e9acht a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh. Mar a ghealladh, th\u00e1inig cr\u00edoch le deora\u00edocht na Baibeal\u00f3ine, agus sna c\u00e9adta a lean sin bh\u00ed m\u00f3r\u00e1n de phobal Iosrael scaipthe ar fud dhomhan na Gr\u00e9ige agus na R\u00f3imhe, i bhfad i gc\u00e9in \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im, \u00f3 Mh\u00e1thair S\u00ed\u00f3n. Th\u00e1inig guthanna f\u00e1idhi\u00fala chucu sin chomh maith, ar uairibh go l\u00e1idir faoi thionchar an Dara agus an Tr\u00ed\u00fa h\u00cdse\u00e1ia (\u00cdse\u00e1ia 40-66). T\u00e1 ceann d\u00edobh sin i l\u00e9acht seo an lae inniu, a cumadh, b\u2019fh\u00e9idir, sa dara haois roimh Chr\u00edost. Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 f\u00e1idh ag labhairt le Iar\u00fasail\u00e9im, faoi \u00edomh\u00e1 mn\u00e1, M\u00e1thair S\u00ed\u00f3n, \u00e1 spreagadh dearmad a dh\u00e9anamh ar dhear\u00f3il na deora\u00edochta agus aghaidh a thabhairt ar an dtodhcha\u00ed ghl\u00f3rmhar a bh\u00ed i nd\u00e1n di ag Dia. Cuirfidh Dia cl\u00f3ca fh\u00edr\u00e9antacht D\u00e9 uirthi agus cor\u00f3in ghl\u00f3ir D\u00e9 sh\u00edora\u00ed ar a ceann. Is mian le Dia a niamhracht a thaispe\u00e1int do gach n\u00e1isi\u00fan faoin sp\u00e9ir. T\u00e1 Dia le hainm a bhronnadh uirthi go deo, agus is \u00e9 seo \u00e9: \u201cS\u00edoch\u00e1in na f\u00edr\u00e9antachta agus gl\u00f3ir na d\u00edlseachta\u201d. Tugtar f\u00eds iontach d\u00f3ibh faoi deireadh a bheith leis an deora\u00edocht, agus na deoraithe, cim\u00ed agus eile, ag filleadh go caithr\u00e9imeach ar Iar\u00fasail\u00e9im. Is mian le Dia Iosrael iad a threor\u00fa faoi l\u00fach\u00e1ir, le solas a ghl\u00f3ire agus a thr\u00f3caire agus a fh\u00edr\u00e9antacht \u00e1 dtionlacan.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; F\u00eds agus spreagadh at\u00e1 sa t\u00e9acs, a thug uchtach ina tr\u00e1th f\u00e9in, f\u00eds a bhfuil br\u00ed lei i gc\u00f3na\u00ed, agus gur f\u00e9idir a thuiscint faoin Eaglais, an Mh\u00e1thair Eaglais. Ach is maith le Dia cabhair a fh\u00e1il, agus le f\u00edric a dh\u00e9anamh den fh\u00eds n\u00ed m\u00f3r cabhr\u00fa le toil D\u00e9 le foighid agus urna\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 125[126]). <em>Rinne an Tiarna \u00e9achta\u00ed d\u00fainn: t\u00e1imid go l\u00fach\u00e1ireach.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Filipigh 1:4-6, 8-11). <em>B\u00edg\u00ed glan gan locht i gcomhair L\u00e1 Chr\u00edost. <\/em>Is feasach P\u00f3l go maith gur r\u00fandiamhair \u00e9 an creideamh Cr\u00edosta\u00ed, bronntanas ghr\u00e1sta D\u00e9 a thuigtear agus a chotha\u00edtear tr\u00edd an urna\u00ed. T\u00e1 an urna\u00ed riachtanach do bheatha Chr\u00edosta\u00ed an duine aonair agus an phobail Chr\u00edosta\u00ed. Is misineach an pobal a chreideann d\u00e1ir\u00edre, ag leathadh an chreidimh amach uaidh f\u00e9in. I l\u00e9acht an lae inniu deireann P\u00f3l leis an eaglais \u00f3g i Filipe, i dtuaisceart na Gr\u00e9ige, go raibh s\u00e9 ag gu\u00ed orthu go l\u00fach\u00e1ireach toisc an ph\u00e1irt a bh\u00ed acu i leathadh an tSoisc\u00e9il \u2013 taobh amuigh d\u00e1 gcathair f\u00e9in fi\u00fa. Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 urna\u00ed \u00e1lainn ag P\u00f3l a thugann le fios d\u00fainn faoi mar ba ch\u00f3ir creideamh Chriost a mhaireacht\u00e1il. Gu\u00edonn s\u00e9 go rachadh a ngr\u00e1 (gr\u00e1 D\u00e9 agus gr\u00e1 an chomharsa gan dabht) i m\u00e9ad agus i m\u00e9ad le barr eolais agus tuisceana faoi cad is toil le Dia, agus d\u00e1 bharr sin go mbeadh meas acu, n\u00ed ar an rud maith amh\u00e1in ach ar ar na nithe is fearr, is fi\u00fanta\u00ed. Glaotar ar chreidmhigh bheith foirfe faoi mar at\u00e1 Dia, a nAthair, foirfe, agus as sin tagann an t\u00f3ir ar na nithe is fi\u00fanta\u00ed \u00f3 choinsias at\u00e1 glanta \u00f3 thuiscint dhomhain ar cad is toil le Dia. Gu\u00edonn P\u00f3l go mbeadh a chreidmhigh glan gan locht agus l\u00e1n den ionracas a thagann tr\u00ed \u00cdosa Cr\u00edost, agus sin i gc\u00f3ir L\u00e1 Chr\u00edost. T\u00e9arnamh Chr\u00edost a bh\u00ed in aigne ag P\u00f3l, is d\u00f3cha, le L\u00e1 Chr\u00edost. Ach oireann an l\u00e9acht go h\u00e1lainn do thr\u00e9imhse na hAidbhinte ina ghlaotar orainn bheith ag dul i bhfeabhas sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed, feasach gur ullmh\u00fach\u00e1n n\u00ed hamh\u00e1in do theacht Chr\u00edost ina bhreith sa Bheithil, ach chomh maith c\u00e9anna do L\u00e1 an Tiarna, a theacht athuair.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 3:1-6). <em>Feicfidh an uile cholainn sl\u00e1n\u00fa D\u00e9.<\/em> I gcuid de chuntas na na\u00edonachta i gcaibidil 1-2 de Shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is bh\u00ed L\u00fac\u00e1s ag cur s\u00edos ar \u00e1bhair nach raibh d\u00e1ir\u00edre tri-thoimhseach, amhail chomhr\u00e1 an aingil Gaibri\u00e9il le Muire agus slua na n-aingeal ag f\u00f3gairt bhreith Chr\u00edost do na haoir\u00ed. Sna cuntais sin d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 se\u00e1nra a oirfeadh don \u00e1bhar a roghn\u00fa. Bh\u00ed a mhalairt de sc\u00e9al ann nuair a th\u00e1inig s\u00e9 le beatha phoibl\u00ed \u00cdosa a r\u00edomhadh, agus leis sin t\u00fas na gluaiseachta Cr\u00edosta\u00ed a thosaigh le seanm\u00f3ireacht agus misean Eoin Baiste. Cuireann na Ceithre Soisc\u00e9il go l\u00e9ir t\u00fas le beatha phoibl\u00ed Chr\u00edost leis sin. Tuigeann L\u00fac\u00e1s go bhfuil t\u00e1bhacht thar an ghn\u00e1th ag baint leis an \u00f3c\u00e1id sin agus su\u00edonn s\u00e9 \u00ed taobh istigh d\u00e1 ch\u00falra domhanda uil\u00ed (R\u00f3mh\u00e1nach) agus Gi\u00fadach. Bh\u00ed an t-impire Tiberias C\u00e9asar (comharba ar Augustus) i r\u00e9im ar impireacht na R\u00f3imhe (ar chuid di an Phailist\u00edn) idir 14 agus 37 AD. Bheadh a ch\u00faigi\u00fa bliain d\u00e9ag ann idir L\u00fanasa 28 AD agus Lunasa 29 AD, n\u00f3 in \u00e1ireamh eile idir 1 Deireadh F\u00f3mhair 27 agus 30 M\u00e9an F\u00f3mhair 28 AD. Bh\u00ed Point Piol\u00e1it ina ghobharn\u00f3ir ar I\u00fad\u00e1ia \u00f3 26 go 36 AD. Bh\u00ed H\u00e9ar\u00f3d (Antipas) ina r\u00ed c\u00faige (teatrarc) ar an Ghail\u00edl \u00f3 6 go 37 AD. Bh\u00ed a leasdhearth\u00e1ir Pilib ina r\u00ed c\u00faige (teatrarc) ar chr\u00edocha \u00f3 thuaidh agus thoir \u00f3n Ghail\u00edl, cr\u00edocha ar thug \u00cdosa cuairt orthu ar uairibh. Cr\u00edoch \u00e9 Aibil\u00e9in\u00e9 i gceantar na Damaisce nach luaitear i sc\u00e9ala na Soisc\u00e9al. Bh\u00ed Annas ina ardsagart \u00f3 6 go 15 AD, agus C\u00e1iafas \u00f3 18 go 36 AD. Choime\u00e1d an d\u00e1 theach Annas-C\u00e1iafas an ardsagartacht eatorthu i dtr\u00e9imhse uile r\u00e9imeas d\u00edreach na R\u00f3imhe ar I\u00fad\u00e1ia \u00f3 6 AD go treascairt an Teampaill agus cr\u00edoch le ministreacht na sagartachta sa bhlian 70 AD. Cuirtear Eoin Baiste (Eoin mac Zach\u00e1rias) i l\u00e1thair mar fh\u00e1idh, le gairm \u00f3 bhriathar D\u00e9. Bhain a chuid seanm\u00f3ireachta le glaoch chun aithr\u00ed. L\u00fac\u00e1s amh\u00e1in i measc na soisc\u00e9alaithe a luann na point\u00ed eitici\u00fala i seanm\u00f3ireacht Eoin Baiste. Cuirtear s\u00edos go mion ar sheanm\u00f3ireacht Eoin agus a bh\u00e1s ag l\u00e1mha H\u00e9ar\u00f3d Antipas ag an stara\u00ed iomr\u00e1iteach Ios\u00e9fus. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 go ndeacha seanm\u00f3ireacht Eoin i bhfeidhm go m\u00f3r ar lucht a chomhaimsire.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><em>B.<\/em><strong><em>Machnamh agus An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae.<\/em><\/strong><em> \u00d3 fh\u00eds go f\u00edric. Cuntas na Soisc\u00e9al agus an Stair<\/em><em>.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Machnamh. Barrashamhail agus r\u00e9altacht. <\/em>Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu deis agus cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar an \u00e1it do fh\u00eds, id\u00e9alacht, barrashamhail agus don r\u00e9altacht i mbeatha an duine aonair agus i saol an phobail. Baineann an ch\u00e9ad leacht inniu go m\u00f3r le f\u00eds D\u00e9, do Iar\u00fasail\u00e9im, M\u00e1thair S\u00ed\u00f3n, agus a misean don domhan. Is samhail \u00ed Iar\u00fasail\u00e9im de phobal Iosrael. Ba fhada i gc\u00e9in an r\u00e9altacht, c\u00farsa\u00ed mar a bh\u00edodar, \u00f3n bhf\u00eds sin. N\u00ed raibh aon fhilleadh gl\u00f3rmhar, sofheicthe ann. N\u00edor \u00edsl\u00edodh gach cnoc agus ardshliabh n\u00e1 n\u00edor lionadh isteach na gleannta. N\u00ed m\u00f3r a bhfuil san fh\u00eds seo a l\u00e9amh in \u00e9ineacht le stair Iosrael. Ach an fh\u00eds seo faoi Mh\u00e1thair S\u00ed\u00f3n, is f\u00edor \u00ed faoin Eaglais, agus faoi cad is \u00e1il le Dia faoi naofacht na hEaglaise. Mar is l\u00e9ir \u00f3n dara l\u00e9acht inniu, bh\u00ed f\u00eds ag P\u00f3l de bheatha Chr\u00edosta\u00ed agus ghabh s\u00e9 bu\u00edochas le Dia go raibh an fh\u00eds sin comhl\u00edonta i gceann amh\u00e1in d\u00e1 eaglais\u00ed \u00f3ga cheana f\u00e9in agus ghu\u00ed s\u00e9 chun D\u00e9 go leanfadh c\u00farsai mar sin. T\u00e1 teachtaireacht domhain aige sin d\u00fainn go l\u00e9ir inniu, ag meabhr\u00fa d\u00fainn cad \u00ed mar ghairm Chr\u00edosta\u00ed at\u00e1 againn, agus a riachtana\u00ed is at\u00e1 s\u00e9 urna\u00ed le bu\u00edochas a chur suas chun D\u00e9 go mbeadh beatha gach duine aonair againn, agus beatha na hEaglaise go l\u00e9ir, inniu ag teacht de r\u00e9ir na f\u00edse sin. Meabhra\u00edonn an l\u00e9acht \u00f3n Soisceal d\u00fainn go bhfuil an teachtaireacht Chriosta\u00ed bunaithe go daingean sa r\u00e9altacht, sa stair. Leagann L\u00fac\u00e1s b\u00e9im air seo, rud a thugann deis agus cuireadh d\u00fainn roinnt ceisteanna a bhaineann leis, a ch\u00edoradh san \u201cAgallamh\u201d a leanann anseo.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Agallamh. <\/em><em>Insint na Soisc\u00e9al agus an Stair. <\/em>Is tr\u00e1th cr\u00e1ifeachta \u00ed an Nollaig: breith \u00cdosa sa Bheithil, ar \u00f3c\u00e1id daon\u00e1irimh faoi Quirinius (Cuir\u00edon), gobharn\u00f3ir ar an tS\u00edr (Soisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is), an m\u00e1ins\u00e9ar, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh D\u00e9, saoithe, draoithe, Mag\u00ed \u00f3n Oirthear, agus mar sin de; teicheadh don E\u00edgipt, insint\u00ed L\u00fac\u00e1is i sc\u00e9al na\u00edonacht \u00cdosa ar dheacair a r\u00e9iteach le insint Mhatha. Tr\u00e1th \u00e9 aimsir na Nollag chomh maith ina arda\u00edtear ceisteanna sna me\u00e1in agus ina a l\u00e9ir\u00edtear cl\u00e1racha le pl\u00e9 maidir le stairi\u00falacht, n\u00f3 a mhalairt, de na heachtra\u00ed a chuirtear in\u00e1r l\u00e1thair sna na\u00edonsc\u00e9alta i Matha caibidil 1-2 agus i L\u00facas caibidil 1-2, insint\u00ed nach bhfuil le f\u00e1il i Soisc\u00e9al Mharcais. T\u00e1 codarsnacht ann idir na hinsint\u00ed sin maidir le h\u00cdosa sna caibidil sin agus an cur i l\u00e1thair diagachta faoi \u00cdosa mar an Bhriathar ar rinneadh feoil de i r\u00e9amhr\u00e1 Shoisc\u00e9al Eoin a l\u00e9itear L\u00e1 Nollag. Tugann sin go l\u00e9ir deis agus cuireadh d\u00fainn an aird is cu\u00ed a thabhairt ar an deabh\u00f3id agus ar an tuiscint chritici\u00fail ar mh\u00fanl\u00fa thraidisi\u00fan na Soisc\u00e9al agus ar an fhorbairt a th\u00e1inig sa luatheaglais ar ghaol \u00cdosa le Dia an tAthair, Dia a Athair. T\u00e1 seo ag teacht leis an moladh a thug \u00fadar Ch\u00e9ad Litir Naomh Peadar d\u00e1 phobal, agus d\u00fainn go l\u00e9ir: \u201cB\u00edg\u00ed r\u00e9idh i gc\u00f3na\u00ed le cosaint a dh\u00e9anamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an d\u00f3chas at\u00e1 ionaibh; ach d\u00e9anaig\u00ed amhlaidh le cneastacht agus le hurraim\u201d (1 Peadar 3:15). Is f\u00e9idir linn achoimre a dh\u00e9anamh ar na cheisteanna sin anseo i gc\u00faig ranna, mar seo: 1. M\u00fanl\u00fa thraidisi\u00fan na Soisc\u00e9al; 2. Na\u00edonsc\u00e9alta Mhatha agus L\u00fac\u00e1is; 3. Stairi\u00falacht thraidisi\u00fan l\u00e1rnach na Soisc\u00e9al; 4. \u00cdosa na staire; agus 5. Cr\u00edost an chreidimh.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">i. <em>M\u00fanl\u00fa thraidisi\u00fan na Soisc\u00e9al. <\/em>Tosa\u00edonn cuntas gach ceann de na ceithre soisc\u00e9il faoi mhinistreacht phoibl\u00ed \u00cdosa le cur s\u00edos ar sheanm\u00f3ireacht Eoin Baiste agus ar bhaisteadh \u00cdosa. D\u2019fh\u00f3gair \u00cdosa teacht r\u00edocht D\u00e9, rinne s\u00e9 seanm\u00f3ireacht, m\u00edor\u00failti, bh\u00ed s\u00e9 c\u00e1irdi\u00fail leo si\u00fad ar an imeall, bhailigh s\u00e9 deisceabail m\u00f3r timpeall air f\u00e9in, agus uathu sin roghnaigh s\u00e9 baill \u00e1irithe (ar a dtugtar de ghn\u00e1th aspail) ar thug s\u00e9 d\u00f3ibh a mhisean agus a chuid cumhachta\u00ed f\u00e9in; c\u00e9asedh ar an gcrois \u00e9 in Iar\u00fasail\u00e9im agus thaispe\u00e1in s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in d\u00e1 lucht lean\u00fana tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3. N\u00edl aon fhianaise againn gur scr\u00edobh \u00cdosa f\u00e9in tada, n\u00f3 gur thug s\u00e9 ord\u00fa d\u00e1 lucht lean\u00fana cuntas a thabhairt ar a shaothar agus ar an misean a bh\u00ed aige. Tar \u00e9is deascabh\u00e1il \u00cdosa thuig an luatheaglais in Iar\u00fasail\u00e9im go raibh orthu lena d\u00fairt agus a rinne \u00cdosa le linn a shaol poibl\u00ed go dt\u00ed a dheascabh\u00e1il a fh\u00f3gairt, agus sin \u00f3n uair a bh\u00ed Eoin ag baisteadh ar aghaidh. T\u00e1 seo soil\u00e9ir \u00f3n m\u00e9id a d\u00fairt Peadar faoi dhuine a thoghadh le \u00e1it I\u00fadas a ghlacadh (Gn\u00edomhartha 1:21-22): \u201cN\u00ed fol\u00e1ir, d\u00e1 bhr\u00ed sin, do dhuine acu si\u00fad a bh\u00ed ar aon bhu\u00edon linne fad a bh\u00ed an Tiarna \u00cdosa ag si\u00fal in\u00e1r measc, \u00f3n uair a bh\u00ed Eoin ag baisteadh go dt\u00ed an l\u00e1 \u00fad ar t\u00f3gadh suas uainn \u00e9, n\u00ed fol\u00e1ir do dhuine acu si\u00fad a bheith ina fhinn\u00e9 linn ar a ais\u00e9ir\u00ed\u201d. I luathsheanm\u00f3ireacht seo na hEaglaise n\u00ed bheadh aon ph\u00e1irt i gcuntas faoi bhreith \u00cdosa, a na\u00edonacht n\u00f3 a shaol roimh bhaisteadh Eoin. Maidir le h\u00cdosa bheadh a r\u00e1itis agus a ghn\u00edomhartha coime\u00e1dta i gcuimhne agus seachadta ag an luatheaglais, ach athinste i sl\u00ed a chuirfeadh in oiri\u00faint iad do ch\u00fains\u00ed nua. I rith na tr\u00e9imhse seo chomh maith bheadh forbairt ann ar thuiscint ghaol \u00cdosa leis an Athair agus bheadh a r\u00f3l mar shl\u00e1naitheoir agus idirghabh\u00e1lai curtha isteach mar chuid de mh\u00fanl\u00fa thraidisi\u00fan na Soisc\u00e9al. Bh\u00ed an m\u00fanl\u00fa sin de sh\u00edor ag dul ar aghaidh, gurbh \u00e9 an Ceathr\u00fa Soisc\u00e9al (Eoin) an staid dheirneach den fhorbairt seo, is d\u00f3cha. Is \u00e9 soisc\u00e9al Mharcais an ch\u00e9ad cheann de na soisc\u00e9il a scr\u00edobhadh, agus is d\u00f3cha go leanann seisean creatlach na luathsheanm\u00f3ireachta, ag tos\u00fa le baisteadh Eoin, agus in \u00e9agmais na\u00edonsc\u00e9alta. Mar fhear eagair tugann Marcas creat d\u00e1 shaothar, ar uairibh (mar shampla laethanta deiridh \u00cdosa) creat de r\u00e9ir ama, agus do chodanna eile de creat ama agus t\u00edreola\u00edochta, gur m\u00f3 \u00f3 phlean an eagarth\u00f3ra seachas \u00f3 thaobh beachtais \u00e9 b\u2019fh\u00e9idir.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">ii. <em>Na\u00edonsc\u00e9alta Mhatha agus L\u00fac\u00e1is. <\/em>T\u00e1 na na\u00edonsc\u00e9alta at\u00e1 againn i soisc\u00e9il Mhatha agus L\u00fac\u00e1is neamhsple\u00e1ch \u00f3 chuntas l\u00e1rnach na soisc\u00e9al sin. N\u00edorb chuid de sheanm\u00f3ireacht na luatheaglaise iad. N\u00ed h\u00e9asca a dheimhni\u00fa an traidisi\u00fan beacht at\u00e1 taobh thiar d\u00edobh, n\u00f3 an amhlaidh gur saorcheapad\u00f3ireacht diagachta aileag\u00f3ireach, f\u00e1thchiallach, n\u00f3 a leith\u00e9id at\u00e1 iontu. D\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 bheith go raibh traidisi\u00fain faoi bhreith Chr\u00edost agus a na\u00edonacht \u00e1 seachadadh i measc a mhuintire (br\u00e1ithre agus a si\u00faracha \u00cdosa mar shampla). N\u00ed m\u00f3r\u00e1n at\u00e1 i bpairt idir chuntais Mhatha agus L\u00fac\u00e1is, seachas breith \u00cdosa sa Bheithil agus gini\u00faint mhaighdean\u00fail (gan athair daonna)\u2013\u00e9 sin soil\u00e9ir i Matha (Matha 1:18-24), thar a bheith d\u00f3ch\u00fail i L\u00fac\u00e1s (L\u00fac\u00e1s 1:26-38, go h\u00e1irithe 1:35). Is sp\u00e9is faoi leith ag Matha comhl\u00edonadh na dtairngreachta\u00ed i ngini\u00faint \u00cdosa, ina bhreith agus a na\u00edonacht, agus admh\u00e1il a st\u00e1das mar r\u00ed na nGi\u00fadach ag a bhreith ag saoithe pag\u00e1nacha (Mag\u00ed).<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An teachtaireacht l\u00e1rnach at\u00e1 ag L\u00fac\u00e1s (sna sleachta a l\u00e9itear O\u00edche agus L\u00e1 Nollag) n\u00e1 an bhr\u00ed at\u00e1 ann do lucht lean\u00fana Chr\u00edost i mbreith Chr\u00edost: na flaithis ar oscailt (na haingil; faoi mar a bh\u00ed i mbaisteadh \u00cdosa agus ag an Claochl\u00fa), sc\u00e9ala na n-aoir\u00ed faoin dteachtaireacht \u00f3 neamh faoi r\u00fandiamhair \u00cdosa, agus Muire \u00e1 taisceadh ina cro\u00ed agus ag machnamh ar na nithe sin, Muire m\u00e1thair \u00cdosa mar eiseaml\u00e1ir an chreidmhigh do L\u00fac\u00e1s, ag machnamh ar r\u00fandiamhair \u00cdosa mar is dual do gach Cr\u00edosta\u00ed. N\u00ed d\u00f3cha go bhfuil an creatlach ina shu\u00edonn L\u00fac\u00e1s breith Chr\u00edost, in \u00e9ineacht le daon\u00e1ireamh Quirinius (Cuir\u00edon), stair\u00eduil. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed a tharla sin, sa bhliain 6 AD, nuair a rinneadh proibhinse R\u00f3mh\u00e1nach de I\u00fad\u00e1ia. Ach n\u00ed cumad\u00f3ireacht \u00f3 thaobh L\u00fac\u00e1is na na\u00edonsc\u00e9alta sin. Is r\u00ed-chos\u00fail go bhfuair s\u00e9 iad, n\u00f3 an t-abhar iontu, \u00f3n chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed in Iar\u00fasail\u00e9im.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ba choir na na\u00edonsc\u00e9alta a mheas faoi mar ar ch\u00e9adcheapadh iad \u2013 n\u00ed go bun\u00fasach mar stair ach mar \u00e1bhar machnaimh ar r\u00fandiamhair Chr\u00edost, p\u00e9 acu ina na\u00edon\u00e1n d\u00f3 n\u00f3 ina shaol poibl\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">iii. <em>Stairi\u00falacht thraidisi\u00fan l\u00e1rnach na Soisc\u00e9al.<\/em> Rinneadh traidisi\u00fan na soisc\u00e9al a mh\u00fanl\u00fa ag creidmhigh i gCr\u00edost tar \u00e9is thr\u00e9imhse an ais\u00e9irithe agus na deascabh\u00e1la. D\u00f3ibh si\u00fad, bh\u00ed \u00cdosa, anois ar dheasl\u00e1mh an Athar ar neamh, i l\u00e1thair leo agus tr\u00edd an Spiorad Naomh ag threor\u00fa na hEaglaise. An m\u00e9id a raibh cuimhne orthu faoi \u00cdosa, faoina a bhriathra, a theagasc, a mh\u00edor\u00failt\u00ed, rinneadh iad a sheacadadh ag creidmhigh, do chreidmhigh. Is f\u00e9idir l\u00e9argas ar seo a fh\u00e1il s cheist \u00cdosa ar a dheisceabail \u201cC\u00e9 h\u00e9 a deir sibhse m\u00e9?\u201d i Marcas 8:29 ar thug Peadar an freagra (de r\u00e9ir Marcais): \u201cIs t\u00fa an Cr\u00edost\u201d, agus d\u2019ordaigh \u00cdosa d\u00f3ibh go g\u00e9ar gan labhairt mar gheall air le haon duine. I soisc\u00e9al Mhatha (16:13) t\u00e1 admh\u00e1il chreidimh Pheadair agus freagra \u00cdosa n\u00edos saibhre n\u00e1 sin. Ansin is \u00ed ceist \u00cdosa n\u00e1: \u201cC\u00e9 h\u00e9 a deir daoine Mac an Duine?\u201d, ar thugann Peadar freagra de r\u00e9ir Mhatha: \u201cIs t\u00fa an Cr\u00edost, mac D\u00e9 bheo\u201d, ar a thugann \u00cdosa mar fhreagra: \u201cIs m\u00e9aner duit, a Sh\u00edom\u00f3in Bar I\u00f3na. \u00d3ir n\u00ed fuil n\u00e1 feoil a d\u2019fhoilsigh duit \u00e9 ach m\u2019Athair at\u00e1 ar neamh. Agus deirimse leatsa gur t\u00fa Peadar agus is ar an gcarraig seo a th\u00f3gfaidh m\u00e9 m\u2019eaglais, agus n\u00ed bhuafaidh geata\u00ed ifrinn uirthi. Agus tabharfaidh m\u00e9 duit eochracha r\u00edocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheangla\u00edonn t\u00fa ar talamh beidh s\u00e9 ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann t\u00fa ar talamh beidh s\u00e9 scaoilte ar neamh\u201d. Chuir \u00cdosa mar acht ar na deisceabail ansin gan a r\u00e1 le duine ar bith gurbh \u00e9 f\u00e9in an Cr\u00edost, an Meisias. Dealra\u00edonn s\u00e9 go mbaineann foirmli\u00fa seo Mhatha le forbairt Chr\u00edosta\u00ed n\u00edos d\u00e9ana\u00ed ar phearsa Chr\u00edost agus ar fhoilsi\u00fa r\u00fandiamhair an tsl\u00e1naithe tr\u00edd.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cuirtear \u00cdosa i l\u00e1thair sna soisc\u00e9il mar chro\u00edl\u00e1r an chreidimh Chr\u00edosta\u00ed. Ach is mian le staraithe, p\u00e9 acu creidmhigh n\u00f3 neamh-chreidmhigh iad, a dheimhni\u00fa cad \u00e9 an t-eolas is f\u00e9idir a bheith againn ar cad go d\u00edreach a d\u00fairt agus a rinne \u00cdosa, ag baint \u00fas\u00e1ide as na soisc\u00e9il agus t\u00e9acsanna eile mar fhoins\u00ed staire, seachas foins\u00ed creidimh. Ar an dtogra seo tugtar \u201cAr T\u00f3ir \u00cdosa na Staire\u201d, brainse taighde at\u00e1 go m\u00f3r faoi r\u00e9im le breis agus c\u00e9ad bliain anuas, agus f\u00f3s len\u00e1r linn f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">iv. <em>\u00cdosa na Staire<\/em>. Is \u00ed is br\u00ed le \u201ch\u00cdosa na Staire\u201d, mar a d\u00faramar, n\u00e1 pearsa, gn\u00edomhartha agus briathra \u00cdosa mar is eol d\u00fainn iad \u00f3 na t\u00e9acsanna a bhaineann le h\u00e1bhar (go m\u00f3r m\u00f3r na soisc\u00e9il, go h\u00e1irithe na tr\u00ed cinn tosaigh \u2013 na Sionoptaigh), t\u00e9acsanna ar f\u00e9idir le scol\u00e1ir\u00ed glacadh leo mar fhoins\u00ed staire, is cuma an le creideamh n\u00f3 in easpa chreidimh na daoine sin: Caitlicigh chr\u00e1ifeacha, Protast\u00fanaigh liobar\u00e1lacha, Gi\u00fadaigh, agn\u00f3isithe, ainchreidmhigh agus eile. T\u00e1 an taighde sin d\u00e9anta agus seo an m\u00e9id ar f\u00e9idir aont\u00fa leis \u00f3 na t\u00e9acsanna sin mar fhoins\u00ed staire faoi \u00cdosa: gurbh ann d\u00f3, mhair s\u00e9, rinne s\u00e9 seanm\u00f3ireacht sa Ghailil, agus in Iar\u00fasail\u00e9im chomh maith; bhailigh s\u00e9 bu\u00edon deisceabal thart timpeall air, agus ina measc si\u00fad bh\u00ed gr\u00fapa faoi leith (d\u00e1r\u00e9ag b\u2019fh\u00e9idir); in aistear deiridh aige go hIar\u00fasail\u00e9im d\u2019\u00e9irigh idir \u00e9 agus na h\u00fadar\u00e1is chreidimh ansin, mar gheall ar theagasc d\u00e1 chuid ar an Teampall de r\u00e9ir dealraimh; dhaor na h\u00fadar\u00e1is chreidimh sin \u00e9; thug an gobharn\u00f3ir R\u00f3mh\u00e1nach breith an bh\u00e1is air agus c\u00e9asadh ar an gcrois \u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach \u201c\u00cdosa na Staire\u201d seo ar a dh\u00e9antar an m\u00e9id sin taighde inniu, is teib\u00edocht agus constr\u00e1id, t\u00f3g\u00e1n, \u00e9. Ba mh\u00f3r go m\u00f3r an \u201cf\u00edor-\u00cdosa\u201d, an phearsa f\u00e9in, n\u00e1 ar f\u00e9idir cur le ch\u00e9ile faoi ag an chritic stairi\u00fail. Pearsa carasmatach a bh\u00ed ann a tharraing chuige f\u00e9in bu\u00edon de dheisceabail thiomanta, a leanfadh lena shaothar agus a mhisean tar \u00e9is d\u00f3 bheith c\u00e9asta, agus an deimhne acu go raibh s\u00e9 ais\u00e9irithe \u00f3 na mairbh, gur fhoilsigh s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in do fhinn\u00e9ithe tofa, go raibh s\u00e9 ina shu\u00ed ar dheasl\u00e1mh an Athar agus go raibh an Spiorad Naomh seolta aige ar a lucht lean\u00fana.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">v. <em>Cr\u00edost an Chreidimh.<\/em> De r\u00e9ir Shoisc\u00e9al Eoin (16:12-13) duirt \u00cdosa lena dheisceabail: \u201cT\u00e1 m\u00f3r\u00e1n eile le r\u00e1 agam libh, ach n\u00ed fh\u00e9adann sibh iad a fhulaingt anois; ach nuair a thiocfaidh s\u00e9 si\u00fad, Spiorad na F\u00edrinne, d\u00e9anfaidh s\u00e9 eolas daoibh chun an uile fh\u00edrinne. \u00d3ir n\u00ed as f\u00e9in a labhr\u00f3idh; labhr\u00f3idh s\u00e9 na nithe a chuala s\u00e9, agus inseoidh s\u00e9 daoibh na nithe at\u00e1 le teacht\u201d. Ag Caesairia Philib chuir \u00cdosa an cheist s\u00e9 ar a dheisceabail: \u201cC\u00e9 h\u00e9 a deir na daoine mise?\u201d agus \u201cC\u00e9 h\u00e9 a deir sibhse m\u00e9?\u201d Ba \u00e9 luathchreideamh an hEaglaise n\u00e1 gur ardaigh an tAthair Cr\u00edost ag a ais\u00e9ir\u00ed agus a dheascabh\u00e1il agus gur bhronn s\u00e9 air ainm at\u00e1 os cionn gach ainm, is \u00e9 sin le r\u00e1 \u201can Tiarna\u201d, teideal a bhfuil admh\u00e1il chreidimh istigh ann: \u00cdosa ardaithe, ina shu\u00ed ag deasl\u00e1mh an Athar agus ag seoladh an Spioraid ar an Eaglais. Chuaigh machnamh ar an ghaol idir \u00cdosa le Dia an tAthair, agus sin taobh istigh de aondiachas docht Gi\u00fadach, ar aghaidh san luath-Eaglais. Faoi dheireadh na ch\u00e9ad aoise bh\u00ed \u00cdosa \u00e1 adhradh mar Dhia, mar a l\u00e9ir\u00edtear go soil\u00e9ir a Soisc\u00e9al Eoin, mar shampla Eoin 10:30: \u201cIs aon mise agus an tAthair\u201d. I dt\u00fas agus i gcr\u00edoch Shoisc\u00e9al Eoin t\u00e1 admh\u00e1il creidimh in ndiagacht \u00cdosa: \u201cBa Dhia an Briathar\u201d (Eoin 1:1). D\u00e9anann Tom\u00e1s an admh\u00e1il ch\u00e9anna do Chr\u00edost ag a dheireadh: \u201cMo Thiarna agus mo Dhia\u201d (Eoin 20:28). T\u00e9ann Eoin n\u00edos faide le admh\u00e1il creidimh i bheith-ann s\u00edora\u00ed Chr\u00edost mar an Briathar: \u201cBh\u00ed an Briathar ann i dt\u00fas b\u00e1ire agus bh\u00ed an Briathar in \u00e9ineach le Dia agus ba Dhia an Briathar\u201d (Eoin 1:1). Cuireann an Litir chuig na hEabhraigh (a l\u00e9itear ag Aifreann L\u00e1 Nollag) b\u00e9im ar ghaol dl\u00fath Chr\u00edost le Dia. Is \u00e9 \u201csc\u00e1il a ghl\u00f3ire agus cl\u00f3 a shubstainte\u201d \u00e9 (Eabhraigh 1:3). D\u00e9anann an litir ch\u00e9anna (1:8-9), fi\u00fa, tagairt do Chr\u00edost mar \u201cDhia\u201d. Ach ceisteanna a bh\u00ed f\u00f3s le freagairt n\u00e1 n\u00e1d\u00far ghaol seo \u00cdosa le Dia: an raibh s\u00e9 ointeila\u00edoch, meitifisici\u00fail, n\u00f3 meafarach amh\u00e1in. Lean g\u00e9arch\u00e9im ar na ceisteanna a arda\u00edodh faoin \u00e1bhar seo i bhfoirm eiriceachta, Airiasachas (ainmnithe \u00f3na \u00fadar Arius thart ar 250-336) a sh\u00e9an diagacht cheart Chr\u00edost, ag ma\u00edomh nach raibh Mac D\u00e9 s\u00edora\u00ed ach go raibh s\u00e9 cruthaithe ag an Athair as neamhn\u00ed mar \u00fairlis do chruth\u00fa an domhain, agus mar sin n\u00e1rb Dia \u00e9 \u00f3 n\u00e1d\u00far, ach an d\u00ednit a bh\u00ed aige mar Mhac D\u00e9 gur tugadh d\u00f3 \u00ed ag an Athair mar gheall ar a fh\u00edr\u00e9antacht a bh\u00ed r\u00e9amhfheicthe. Lean an teagasc seo ag leathn\u00fa agus ag suaitheadh na hEaglaise (go h\u00e1irithe san Oirthear). Le s\u00edoch\u00e1in a thabhairt isteach shainmh\u00ednigh an Ch\u00e9ad Chomhairle Eac\u00faim\u00e9ineach ag Nicea (325 AD) teagasc na hEaglaise sa Chr\u00e9 at\u00e1 f\u00f3s \u00e1 h\u00fas\u00e1id: \u201cCreidim in nDia \u2026 agus in \u00cdosa Cr\u00edost \u2026 Dia \u00f3 Dhia \u2026f\u00edorDhia \u00f3 fh\u00edorDhia; an t\u00e1 a gineadh agus nach ndearnadh, agus at\u00e1 comhshubstainti\u00fail (d\u2019aon substaint) leis an Athair; is tr\u00edd a rinneadh an uile n\u00ed\u201d. Ag briseadh le traidisi\u00fan, bhain an Eaglais feidhm as t\u00e9arma feals\u00fanachta (\u201ccomhshubstainti\u00fail\u201d) lena teagasc a dh\u00e9anamh soil\u00e9ir. N\u00ed raibh t\u00e9arma a oirfeadh sa Bh\u00edobla le f\u00e1il.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.Machnamh agus An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1366,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1703","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1703","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1703"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1703\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1704,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1703\/revisions\/1704"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1366"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1703"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1703"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1703"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}