{"id":1707,"date":"2021-12-07T08:37:00","date_gmt":"2021-12-07T08:37:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1707"},"modified":"2022-02-22T09:32:20","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:20","slug":"12-nollaig-2021-c-an-triu-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1707","title":{"rendered":"12 Nollaig 2021 (C) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Bheith l\u00fac\u00e1ireach i gc\u00f3nai. T\u00e1 an Tiarna i gc\u00f3ngar.<\/em><\/li><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(S\u00f3fania 3:14-18). <em>T\u00f3gfaidh an Tiarna g\u00e1rtha \u00e1thais ar do shon faoi mar a dh\u00e9antar ar l\u00e1 an tsolll\u00fantais. <\/em>D\u00e9anfar an l\u00e9acht seo a mheas n\u00edos fearr m\u00e1 l\u00e9itear \u00ed i gcoinne a c\u00falra bunaidh i Leabhar S\u00f3fania. T\u00e1 baili\u00fach\u00e1n oracal i Leabhar S\u00f3fania, agus t\u00e1 an ch\u00e9ad cheann d\u00edobh ag f\u00f3gairt l\u00e9irscriosta ar I\u00fada de bharr an sincr\u00e9iteachais reiligi\u00fanda at\u00e1 ann, adhradh d\u00e9ithe br\u00e9ige mar aon le cultas D\u00e9 Iosrael. Ina dhiaidh sin leathna\u00edonn breithi\u00fanas D\u00e9 go n\u00e1isi\u00fain eile at\u00e1 ciontach chomh maith, le filleadh ansin le treoraithe an phobail in Iar\u00fasail\u00e9im agus I\u00fada a dhaoradh \u2013 na breithiuna, na f\u00e1ithe agus na sagairt, na sagairt toisc go dtruaill\u00edonn siad nithe naofa agu go s\u00e1ra\u00edonn siad an dl\u00ed \u2013 gan breith n\u00f3 teagasc c\u00f3ir a thabhairt is d\u00f3cha. Ach glanfaidh an Tiarna Iar\u00fasail\u00e9im, ag t\u00f3gaint as a l\u00e1r a cuid bladhmair\u00ed uaibhreacha agus ag f\u00e1gaint pobal bocht uir\u00edseal istigh ann, fu\u00edlleach Iosrael a lorg\u00f3dh d\u00eddean in ainm an Tiarna.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is cuid de bheatha an chreidmhigh an peaca, an bhagairt \u00f3 Dhia agus pion\u00f3s uaidh, ach n\u00ed th\u00f3gann sin \u00f3 phlean D\u00e9 don chine daonna aagus d\u00e1 phobal tofa. Plean agus beart D\u00e9 d\u00e1 phobal, t\u00e1 siad sin curtha in i\u00fal sa salm a chuireann cr\u00edoch le Leabhar S\u00f3fania agus gur \u00e9irim l\u00e9acht an lae inniu \u00e9. T\u00e1 briathra d\u00f3chais agus s\u00f3l\u00e1is d\u00edrithe ar Iar\u00fasail\u00e9im, ar a dtugtar anseo In\u00edon Sh\u00ed\u00f3n i st\u00edl an Bh\u00edobla. Glactar leis go mbeidh an pobal nua seo bocht uir\u00edseal, ag lorg d\u00eddin sa Tiarna. N\u00edor ch\u00f3ir go nd\u00e9anfadh peaca\u00ed n\u00f3 faill\u00edocha sa r\u00e9 a ghabh thart, ba chuma c\u00e9 chomh trom n\u00f3 chomh n\u00e1ireach iad, lagmhisneach a thabhairt. Is \u00ed teachtaireacht D\u00e9 n\u00e1 gur choir gluaiseacht ar aghaidh \u00f3 r\u00e9 agus peaca\u00ed den am at\u00e1 thart. T\u00e1 peaca\u00ed maite. L\u00e1rth\u00e9ama den salm agus den l\u00e9acht seo n\u00e1 l\u00fach\u00e1ir agus gartha \u00e1thais. T\u00e1 an Tiarna i measc a phobail, an Tiarna le cumhacht aige r\u00e9 nua a chruth\u00fa, le l\u00fach\u00e1ir agus uchtach a thabhairt. N\u00ed hamh\u00e1in gur ch\u00f3ir d\u00e1 phobal rim\u00e9ad a bheith air, ach f\u00f3s a mheabhr\u00fa go bhfuil an Tiarna f\u00e9in, a nDia, ina measc agus go nd\u00e9anfaidh s\u00e9 gairdeas go spleodrach mar gheall ar a phobal, ag t\u00f3gaint gartha \u00e1thais ar a shon, faoi mar a dh\u00e9antar ar l\u00e1 an tsoll\u00fantais. Ba ch\u00f3ir gur ch\u00fais \u00e1thais \u00e9 a fhios tr\u00ed chreideamh a bheith againn go bhfuil Dia i l\u00e1thair ag tabhairt maithi\u00fanais ar pheaca\u00ed de r\u00e9 at\u00e1 thart agus ag tabhairt cumhachta don r\u00e9 nua.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 12). <em>G\u00e1irig\u00ed le h\u00e1thas agus le l\u00fach\u00e1ir, \u00f3ir is m\u00f3r \u00e9 i do l\u00e1r Neach Naofa Iosrael.<\/em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Filipigh 4:4-7). <em>N\u00ed fada uainn an Tiarna. <\/em>Scr\u00edobh P\u00f3l an litir seo chuig na Filipigh le linn do bheith i bprios\u00fan, in Efesus b\u2019fh\u00e9idir, agus i mbaol b\u00e1is. D\u00e1ir\u00edre. is f\u00e9idir anam Ph\u00f3il a bhrath sa litir seo ag spr\u00e9 uaidh \u00e1thas agus l\u00fach\u00e1ir i gCr\u00edost. Ina thuairim ba bhronntanas \u00f3n Spiorad Naomh an l\u00fach\u00e1ir sin, mar a scr\u00edobh s\u00e9 chuig na Teasal\u00f3naigh, eaglais i gcomhsaranacht Filipe mar ar bhunaigh s\u00e9 eaglais tamall gearr tar \u00e9is d\u00f3 an ceann a bhun\u00fa i bFilipe. Mheabhraigh s\u00e9 le h\u00e1thas do na Teasal\u00f3naigh faoin \u00e1bhar seo: \u201cd\u2019ainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn i l\u00fach\u00e1ir an Spioraid Naoimh, sa tsl\u00ed go bhfuil sibh mar shampla do na chreidmhigh sa Mhacad\u00f3in agus in Ach\u00e1ia\u201d (1 Teasal\u00f3naigh 1:6). Eascra\u00edonn an l\u00fach\u00e1ir seo \u00f3 bhronntanas an chreidimh, agus \u00f3n r\u00e9 nua at\u00e1 tagaithe leis. D\u00e9anann s\u00ed aithris ar Chr\u00edost f\u00e9in, a rinne gairdeas sa Spiorad, agus a ghabh bu\u00edochas leis an Athair, Tiarna neimhe agus tal\u00fan gur cheil s\u00e9 r\u00fandiamhra na r\u00edochta ar lucht eagna agus \u00e9irime agus gur fhoilsigh s\u00e9 do na\u00edon\u00e1in iad (L\u00fac\u00e1s 10:21). Ba ch\u00f3ir go mbeadh \u00e1thas agus l\u00fach\u00e1ir Chr\u00edosta\u00ed ag spr\u00e9 amach \u00f3 chreidmhigh, go mbeadh a n-\u00ad<em>epieikeia<\/em> (focal Gr\u00e9igise saibhir i mbr\u00edonna), a gcneastacht, a gcaoimhe, a bhfoighne, le feice\u00e1il ag c\u00e1ch. Is \u00e9 is bun leis an dearcadh dearfach seo go l\u00e9ir n\u00e1 nach \u201cfada uainn an Tiarna\u201d; t\u00e1 an Tiarna i gc\u00f3ngar; n\u00ed h\u00e9 go bhfuil a ateacht i gc\u00f3ngar, ach go bhfuil s\u00e9 i l\u00e1thair i gcumhacht, ag tabhairt leis s\u00edoch\u00e1in agus \u00e1thas at\u00e1 os cionn \u00e1r dtuisceana, l\u00e1ithreacht diaga a dh\u00e9antar beo tr\u00edd an urna\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 3:10-18). <em>Cad ata le d\u00e9anamh againn? <\/em>T\u00e1imid i dtr\u00e9imhse na hAidbhinte, ag feitheamh le teacht Chriost, agus i ngach bliain sa Dara agus sa Tr\u00ed\u00fa Domhnach cuireann an Soisc\u00e9al os \u00e1r gcomhair Eoin Baiste, an R\u00e9amhtheachtaire, a ch\u00e9ad thug chun solais go raibh \u00cdosa tagaithe, Chraobhscaoil Eoin Baiste aithr\u00ed. I Soisc\u00e9al an lae inniu d\u00e9anann s\u00e9 soil\u00e9ir d\u00f3ibh si\u00fad a thagann chuige cad a bh\u00ed le d\u00e9anamh acu le go mbeadh an n-aithr\u00ed d\u00e1ir\u00edre.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><\/strong><em> Bheith l\u00fac\u00e1ireach i gc\u00f3nai. T\u00e1 an Tiarna i gc\u00f3ngar.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Go traidisi\u00fanta i liot\u00fairge na hAidbhinte tugadh Domhnach <em>Gaudete\u00b8 <\/em>Domhnach na L\u00fach\u00e1ire, ar an tr\u00ed\u00fa Domhnach den Aidbhint agus bh\u00ed t\u00e9acs an lae inniu \u00f3n litir chuid na Filipigh mar loinneog don Iontr\u00f3id ann. Baineann liot\u00fairge Aifreann an lae seo go hioml\u00e1n leis an \u00e1thas agus an l\u00fach\u00e1ir ar ch\u00f3ir a bheith l\u00e1rnach don bheatha Chr\u00edosta\u00ed, Ba ch\u00f3ir go mbeadh le feice\u00e1il sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed na su\u00e1ilc\u00ed a luann P\u00f3l in a litir chuig na Filipigh, cneastacht, caoimhe, foighne, tuiscint d\u00e1 ch\u00e9ile, bunaithe ar an gcreideamh go bhfuil Dia, Cr\u00edost, an Spiorad Naomh, i l\u00e1thair, a Spiorad Naomh a thugann an deimhne go bhfuil an bua ag Criost ar laig\u00ed an tsaoil agus go bhfuil s\u00e9 i l\u00e1thair leis an bua sin a dhaingni\u00fa. Is finn\u00e9 an bheatha Chr\u00edosta\u00ed d\u00f3 sin go l\u00e9ir. Is solas an domhain iad lucht lean\u00fana Chr\u00edost. Is l\u00f3chrann agus lampa iad do l\u00e1ithreacht D\u00e9 sa domhan, faoi mar is finn\u00e9 Lampa an tSanct\u00f3ra do l\u00e1ithreacht Chr\u00edost san Eocairist. Is finn\u00e9 an beatha Chr\u00edosta\u00ed faoi \u00e1thas agus l\u00fach\u00e1ir go bhfuil an Tiarna Dia i gc\u00f3ngar agus go bhfuil sl\u00e1n\u00fa tagaithe i gCr\u00edost faoi mar is toil le Dia sin.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le agallamh le ceisteanna an lae san \u00e1bhar seo, n\u00ed dochar a mheabhr\u00fa go bhfuil roinnt mhaith de shaol \u00e1r linne a dhi\u00falta\u00edonn glacadh le creideamh i l\u00e1ithreacht D\u00e9 n\u00f3 le sl\u00e1n\u00fa \u00f3 Dhia. T\u00e1thar ann a th\u00e9ann thar di\u00falti\u00fa amh\u00e1in le sl\u00e1n\u00fa a lorg gan Dia n\u00f3 gan aon reiligi\u00fan eagraithe, go m\u00f3r m\u00f3r an Eaglais Chaitliceach. Is finn\u00e9 do l\u00e1ithreacht Chr\u00edost agus D\u00e9 Lampa an tSanct\u00f3ra, agus cuireann an lampa sin as do saoithe \u00e1irithe. Is t\u00e9ama geal le scr\u00edbhneoir\u00ed \u00e1irithe sl\u00e1n\u00fa gan Dia, mar shampla an dramad\u00f3ir Tom Murphy ina dhr\u00e1ma <em>The Sanctuary Lamp.<\/em> I m\u00edr faoin dramad\u00f3ir agus an dr\u00e1ma sin sa su\u00edomh idirl\u00edn <em>Wikipedia<\/em> deirtear go bhfuil s\u00e9 ag ini\u00fachadh sa dr\u00e1ma seo an cath i gcoinne nihileachais agus faigheann s\u00e9 modh sl\u00e1naithe agus d\u00f3chais i gcumas an chine dhaonna tr\u00f3caire agus gr\u00e1 a thaispe\u00e1int agus spiorad\u00e1ltacht indibhidi\u00fail a aimsi\u00fa. D\u00e9antar den Lampa \u00edomh\u00e1 de sholas anam an duine aonair gan baint le dogma n\u00e1 reiligi\u00fan.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Labhair an P\u00e1pa Benedict XVI faoin \u00e1bhar at\u00e1 i gceist againn in aitheasc d\u00e1 chuid faoin Domhnach seo d\u2019oilithrigh sa R\u00f3imh sa bhliain 2007. D\u00fairt s\u00e9: \u201cLeir\u00edonn r\u00fandiamhair na Beithile Dia-linn d\u00fainn, Dia gar d\u00fainn agus n\u00ed hamh\u00e1in sa chiall sp\u00e1is agus ama; t\u00e1 s\u00e9 c\u00f3ngarach d\u00fainn toisc gur \u201cph\u00f3s\u201d s\u00e9, mar a dh\u00e9arf\u00e1, \u00e1r ndaonnacht. Th\u00f3g s\u00e9 air f\u00e9in \u00e1r staid dhaonna; ba mhian leis bheith cos\u00fail linn i ngach rud seachas an peaca le go mbeimidne cos\u00fail leis sin. Is mar sin a eascra\u00edonn an l\u00fach\u00e1ir Chriosta\u00ed \u00f3n deimhne seo: t\u00e1 Dia c\u00f3ngarach, t\u00e1 s\u00e9 linne, san \u00e1thas agus sa bhr\u00f3n, i dtinneas agus i sl\u00e1inte, mar chara agus mar ch\u00e9ile d\u00edlis. Agus maireann an l\u00fach\u00e1ir seo fi\u00fa i dtriobloidi agus i bhfulaingt. Ni mhaireann s\u00ed sa dromchla amh\u00e1in; lonnaionn si i ndoimhne an duine a chuireann a iontaobh i nDia agus a chuireann muinin ann, Cuireann daoine \u00e1irithe an cheist: An f\u00e9idir a leith\u00e9id de l\u00fach\u00e1ir a bheith againn inniu?\u201d Freagra na ceiste n\u00e1 gur f\u00e9idir. Mar chrioch ar a aitheasc deir an P\u00e1pa: \u201cIonann bheith sona le Dia agus bheith gr\u00e1mhar mar Dhia, bheith cabharthach mar \u00e9, ag tabhairt seirbh\u00edse do dhaoine eile mar \u00e9. Is ea; tagann gr\u00e1 isteach ina gcroithe si\u00fad a th\u00e9ann i gcabhair orthu si\u00fad at\u00e1 uir\u00edseal agus bocht. Lonna\u00edonn Dia iontu si\u00fad a thugann gr\u00e1 mar sin agus b\u00edonn l\u00fach\u00e1ir ar a n-anamacha. Ach, in a ionad sin, m\u00e1 dh\u00e9anann daoine \u00edol den sonas cailleann siad a sl\u00ed agus t\u00e9ann s\u00e9 rite orthu an l\u00fach\u00e1ir ar a labhra\u00edonn \u00cdosa a aimsi\u00fa. Ar mh\u00ed-\u00e1mhara\u00ed an tsaoil is \u00e9 seo a chuirtear i l\u00e1thair ag cultuir a chuireann sonas an duine aonair in \u00e1it D\u00e9, meoin aigne a fhaigheann a sprioc i lorg pl\u00e9isi\u00fair ar ais n\u00f3 ar \u00e9igin, ag scaipeadh \u00fas\u00e1id droganna mar mhodh \u00e9alaithe, ag lorg tearman i bparthas br\u00e9ige, a l\u00e9ir\u00edtear n\u00edos d\u00e9ana\u00ed a bheith go hioml\u00e1n mealltach\u201d.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bheith l\u00fac\u00e1ireach i gc\u00f3nai. T\u00e1 an Tiarna i &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1366,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1707","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1707","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1707"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1707\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1713,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1707\/revisions\/1713"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1366"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1707"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1707"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1707"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}