{"id":1716,"date":"2021-12-14T08:42:00","date_gmt":"2021-12-14T08:42:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1716"},"modified":"2022-02-22T09:32:19","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:19","slug":"19-nollaig-2021-c-an-ceathru-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1716","title":{"rendered":"19 Nollaig 2021 (C) An Ceathr\u00fa Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Cr\u00edost i bhf\u00e1istine. An T\u00e9 At\u00e1 le Teacht<\/em><\/li><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(M\u00edoc\u00e1 5:1-4). <em>Is asatsa a thiocfaidh chugam an t\u00e9 a bheidh ina cheann urra ar Iosrael. <\/em>Ba chomhaimsearach leis an bhf\u00e1idh \u00cdse\u00e1ia \u00e9 an f\u00e1idh M\u00edoc\u00e1, a mhair \u00f3n l\u00e1r go deireadh an ocht\u00fa c\u00e9ad roimh Chr\u00edost. Murab ionann agus \u00cdse\u00e1ia, a th\u00e1inig \u00f3 uasal aicme Iar\u00fasail\u00e9im, th\u00e1inig M\u00edoc\u00e1 \u00f3n bhaile beag tuaithe M\u00f3raisteach ag spoir sl\u00e9ibhe I\u00fada thiar theas \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im. Bh\u00ed an bheirt fh\u00e1idh seo ar aonfhocal ag c\u00e1ineadh peac\u00faileacht I\u00fada agus Iar\u00fasail\u00e9im, agus ag f\u00f3gairt dh\u00edoltas D\u00e9 a bheadh le teacht go cinnte. Ach bh\u00ed de dhifr\u00edocht seo eatorthu mar seo: b\u00edodh nach bhf\u00e9adfadh \u00cdse\u00e1ia glacadh le treascairt na cathrach naofa ag a naimhde pag\u00e1nacha, gur fh\u00f3gar M\u00edoc\u00e1 go poibli go nd\u00e9anfa\u00ed gort treafa de Sh\u00ed\u00f3n agus fothrach de Iar\u00fasail\u00e9im (M\u00edoc\u00e1 3:11). Ba fheasach M\u00edoc\u00e1 go maith go raibh todhcha\u00ed ag pobal D\u00e9 tar \u00e9is p\u00edon\u00f3is, agus fi\u00fa deoraiochta. Bheidis riamh ina phobal tofa D\u00e9, le gr\u00e1 aige d\u00f3ibh. Bh\u00ed an-mheas ag an bpobal ar oracail Mh\u00edoc\u00e1 agus in aoiseanna tar \u00e9is Mh\u00edoc\u00e1 f\u00e9in rinneadh iad a leathn\u00fa agus cuireadh leo chun d\u00f3chas sa todhcha\u00ed a choth\u00fa. Ar uairibh, maidir le t\u00e9acs faoi leith den Leabhar n\u00edl s\u00e9 soil\u00e9ir an \u00f3 Mh\u00edoc\u00e1 f\u00e9in \u00e9 n\u00f3 forbairt de r\u00e1iteas leis. Ceann de na fh\u00e1istin\u00ed sa Leabhar n\u00e1 go mbeadh san am le teacht l\u00e1rionad domhanda ag Iar\u00fasail\u00e9im ag f\u00f3gairt teachtaireacht na s\u00edoch\u00e1na don domhan uile (M\u00edoc\u00e1 4:1-4). Beadh an Tiarna ina r\u00ed ar Chnoc S\u00ed\u00f3n. Feiceann Leabhar M\u00edoc\u00e1 chomh maith todhcha\u00ed ghl\u00f3rmhar do theaghlach Dh\u00e1iv\u00ed (l\u00e9acht an lae inniu), le ceannaire, Meisias, nach dtagann \u00f3 ardchathair Iar\u00fasail\u00e9im, ach cos\u00fail le D\u00e1iv\u00ed f\u00e9in, \u00f3 bhaile na Beithile, gur beag \u00e9 i measc clanna I\u00fada. T\u00e9ann sinsearacht an cheannaire, an Mheisias, as Beithil na cianta cairbreacha siar, go D\u00e1iv\u00ed f\u00e9in, c\u00faig ch\u00e9ad bliain n\u00f3 mar sin sul ar tugadh an fh\u00e1istine seo faoi. Tr\u00ed mheafar cuirtear Iosrael i l\u00e1thair mar bhean thorrach, ag s\u00fail leis an sl\u00e1n\u00fa agus breith an Mheisias. Is \u00ed m\u00e1thair Iosrael at\u00e1 le breith a thabhairt don r\u00ed, mac Dh\u00e1iv\u00ed, a bheidh ina \u00fadar s\u00edoch\u00e1na go cr\u00edocha na cruinne.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 79[80]). <em>Cuir ar ais sinn, a Dhia. Taispe\u00e1in d\u00fainn d\u2019aghaidh ghrianmhar agus sl\u00e1naigh sinn, a Thiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Eabhraigh 10:5-10). <em>F\u00e9ach, t\u00e1im ag teacht chun do thoil a dh\u00e9anamh. <\/em>T\u00e1 briathra tosaigh an tsleachta seo, a chuirtear ar bheola Chr\u00edost ag teacht isteach sa saol d\u00f3, t\u00f3gtha as Salm 40 (Salm 39 in uimhri\u00fa na dt\u00e9acsanna Gr\u00e9igise agus Laidine). Tosa\u00edonn an Salm le gabh\u00e1il bu\u00edochais toisc an salmaire a bheith sabh\u00e1ilte \u00f3 thriobl\u00f3id, agus leanann urna\u00ed i gc\u00f3ir cabhrach ar sin. Tar \u00e9is d\u00f3 bu\u00edochas a ghabh\u00e1il leir\u00edonn an salmaire mian a chro\u00ed toil D\u00e9 a dh\u00e9anamh, rud a thaitn\u00edonn n\u00edos m\u00f3 le Dia na iobairt\u00ed de r\u00e9ir Dl\u00ed a chine. Mar chuid den t\u00e9acs faoi \u00edobairt agus ofr\u00e1il a deirtear nach toil le Dia iad, sa t\u00e9acs Eabhraise baineann an salmaire feidhm as r\u00e1iteas diamhair: \u201cThochail t\u00fa cluasa dom (a Thiarna)\u201d, i leagan Ghaeilge B\u00edobla Naofa agus Bedell: \u201cd\u2019oscail t\u00fa mo chluasa\u201d. Cuireann an leagan Gr\u00e9igise de na Sailm, a bhaineann an Litir chuig na hEabhraigh \u00fas\u00e1id as i l\u00e9acht an lae inniu, an t-aistri\u00fach\u00e1n seo air: \u201cd\u2019ullmhuigh t\u00fa corp dom\u201d. N\u00edl s\u00e9 soil\u00e9ir cad ba bhr\u00ed don salmaire i Salm 40:8 le \u201crolla an leabhair\u201d ina raibh an t-ord\u00fa faoi thoil D\u00e9 scr\u00edofa. D\u2019\u00fadar na litreach chuig na hEabhraigh b\u2019ionann \u201crolla an leabhair\u201d, n\u00f3 \u201can Leabhar\u201d, is d\u00f3cha, agus an Seantiomna go l\u00e9ir t\u00f3gtha mar fh\u00e1istine, mar thairngreacht, faoi Chr\u00edost agus a chuid oibre. Toil D\u00e9 a dh\u00e9anamh agus an \u00edobairt a bhain leis sa deireadh thiar, ba shin bun agus barr bheatha Chr\u00edost. C\u00e9ad bhriathra Chr\u00edost ag teacht isteach sa saol seo, a chom\u00f3raimid um Nollaig, ba iad: \u201cT\u00e1im ag teacht, a Dhia, chun do thoil a dh\u00e9anamh\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 1:39-45). <em>Conas a tharla seo domsa, m\u00e1thair mo Thiarna a theacht chugam? <\/em>Seo an cuntas faoi chuairt Mhuire go hEiliosaibeit sna cnoic, sa cheantar sl\u00e9ibhteach i I\u00fad\u00e1ia. Braitheann an fad idir Nazarat agus Iar\u00fasail\u00e9im ar an treo a th\u00f3gtar, p\u00e9 acu a th\u00e9itear direach tr\u00edd san tSam\u00e1ir, n\u00f3 ar bhealach n\u00edos faide soir. T\u00e1 an bealach d\u00edreach thart ar 120 cillim\u00e9adar, n\u00f3 75 m\u00edle, aistear a th\u00f3gfadh thart ar ceithre l\u00e1. N\u00ed bheadh teach Eiliosaibeit r\u00f3-fhada \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im, b\u00edodh nach eol d\u00fainn go beacht c\u00e1 raibh s\u00e9. (N\u00edl s\u00e9 deimhin go raibh s\u00e9 in Ain Karim, an l\u00e1thair oilithreachta chuige do Chaitlicigh inniu.) Ach n\u00edorb sp\u00e9is do L\u00fac\u00e1s n\u00f3 do chuid mh\u00f3r againn inniu na ceisteanna sin. Is fianaise an t-aistear seo ar dhaonnacht Mhuire \u2013 le comghairdeachas a dh\u00e9anamh le Eiliosaibeit agus le cabhr\u00fa lei, ag fanacht lei b\u2019fh\u00e9idir gur rugadh a mac (Eoin). Cuireann L\u00fac\u00e1s point\u00ed eile os \u00e1r gcomhair chomh maith. Ceann d\u00edobh n\u00e1 an r\u00e9amhtheachtaire Eoin i mbroinn a mh\u00e1thar ag beann\u00fa don Sl\u00e1naitheoir \u00cdosa, eisean i mbroinn a mh\u00e1thar chomh maith. Ansin t\u00e1 Eiliosaibeith ag f\u00f3gairt d\u00ednit Mhuire go hard mar mhathair an tSl\u00e1naitheora, in mbriathra Eiliosaibeit mar \u201cmh\u00e1thair mo Thiarna\u201d, agus f\u00f3s Muire mar eiseaml\u00e1ir fhoirfe an chreidmhigh Chr\u00edosta\u00ed, \u201cIs m\u00e9anar di seo a chreid\u201d, murab ionann agus a fear c\u00e9ile Zach\u00e1rias a raibh amhras air.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><\/strong><em> Cr\u00edost i bhf\u00e1istine. An T\u00e9 At\u00e1 le Teacht.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">T\u00e1 a fhios againn go labhra\u00edonn an Tiomna Nua faoi Chr\u00edost mar chomhl\u00edonadh, mar fh\u00edoradh, na dtairngreachta\u00ed, agus tugann an Tiomna Nua f\u00ed\u00fa d\u00fainn t\u00e9acsanna de na scriopt\u00fair a chomhl\u00edonadh i mbeatha, i mb\u00e1s agus in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus sna t\u00edolachtha\u00ed a bhronn s\u00e9 ar an Eaglais. Deir L\u00fac\u00e1s linn gur labhair \u00cdosa mar seo tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3 le beirt d\u00e1 dheisceabail ar an mb\u00f3thtar d\u00f3ibh go hEm\u00e1us: <strong>\u201c\u2018<\/strong>A dhaoine gan tuiscint at\u00e1 d\u00far \u00f3 chro\u00ed chun a bhfuil r\u00e1ite ag na f\u00e1ithe sa chreidi\u00faint! N\u00e1rbh fhol\u00e1ir go bhfulaingeoidh an Criost na nithe \u00fad chun go dtiocfadh s\u00e9 isteach ina ghl\u00f3ir?\u2019 Agus ag tos\u00fa d\u00f3 \u00f3 Mhaois agus \u00f3 na f\u00e1ithe uile, mh\u00edningh s\u00e9 d\u00f3ibh na nithe a bh\u00ed sna scriopt\u00fair mar gheall air f\u00e9in\u201d (L\u00fac\u00e1s 24:25-27). Ba dheas le duine a fh\u00e1il amach cad iad go beacht na t\u00e9acsanna sin de na Scriopt\u00fair a mh\u00ednigh s\u00e9 d\u00f3ibh a bheith ag tagairt d\u00f3 f\u00e9in. Ionann an focal \u201cCr\u00edost\u201d agus an Ghreigis ar \u201cMeisias\u201d, gur br\u00ed leo araon n\u00e1 \u201cUngthach\u201d. Agus is \u00e9 an tUngthach <em>par excellence <\/em>is stair Iosrael n\u00e1 Mac Dh\u00e1iv\u00ed a bh\u00ed geallta d\u2019Iosrael. Ach is soil\u00e9ir \u00f3 bhriathra sin \u00cdosa i L\u00facas gur leithne go m\u00f3r n\u00e1 na t\u00e9acsanna faoi Mhac Dh\u00e1iv\u00ed an r\u00e9amhinsint fa\u00f3in \u201cgCr\u00edost\u201d at\u00e1 i gceist sna scriopt\u00fair, t\u00e9acsanna faoi Ghiolla an Tiarna agus roinnt mhaith eile.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Feitheamh Iosrael le Mac Dh\u00e1iv\u00ed, an Meisias, an T\u00e9 At\u00e1 le Teacht<\/em>. Ba chuid t\u00e1bhachtach de thraidisi\u00fan Iosrael D\u00e1iv\u00ed r\u00ed, agus a r\u00edtheaghlach; agus nuair n\u00e1rbh ann don r\u00edtheaghlach a thuilleadh lean as feitheamh le teacht Mac Dh\u00e1iv\u00ed, an tUngthach, an Meisias. Thosaigh an traidisi\u00fan le gealltanas D\u00e9 do Dh\u00e1iv\u00ed thart ar an mbliain 1000 roimh Chr\u00edost, go mbeadh a shliocht agus a r\u00edtheaghlach buan. Thug an gealltanas sin seasmhacht do r\u00edtheaghlach I\u00fada fad ab ann d\u00f3. Ceili\u00faradh st\u00e1das theach Dh\u00e1iv\u00ed sa liot\u00fairge agus i sailm. Nuair a bh\u00ed s\u00e9 i mbaol, chosain an f\u00e1idh \u00cdse\u00e1ia \u00e9, agus gheall go mbeadh chomharbacht aige. Ach c\u00fais d\u00edom\u00e1 ab ea an chuid is m\u00f3 d\u00e1 r\u00edthe. N\u00ed raibh ar chumas stara\u00ed amh\u00e1in den Bh\u00edobla ach beirt d\u00edobh a mholadh idir Dh\u00e1iv\u00ed f\u00e9in ag dul faoi don r\u00edtheaghlach. Le treascairt I\u00fada agus deora\u00edocht na Baibeal\u00f3ine sa bhliain 586 bh\u00ed cr\u00edoch le ritheaghlach Dh\u00e1iv\u00ed, ach d\u2019fhan gealltanas D\u00e9 chuige go f\u00f3ill. Ba \u00e9 r\u00ed deiridh I\u00fada n\u00e1 Zedec\u00ed\u00e1, ar bhr\u00ed leis an ainm \u201c(Is \u00e9) An Tiarna mo fh\u00edr\u00e9antacht\u201d, agus le linn a r\u00e9imis thairngir an f\u00e1idh Irimia (Irimi\u00e1 23:5-6) go raibh an Tiarna le Beang\u00e1n, g\u00e9ag, f\u00edr\u00e9anta, a ard\u00fa do Dh\u00e1iv\u00ed agus gurbh \u00e9 an t-ainm a bh\u00e9arfa\u00ed air na \u201cAn Tiarna (I\u00e1v\u00e9) \u00e1r bhf\u00edr\u00e9antacht\u201d. Bh\u00ed tairngreachta\u00ed den chl\u00f3 c\u00e9anna ag a chomhaimsearach, an f\u00e1idh Eizic\u00e9il. Nuair a fhill na Gi\u00fadaigh ar a dt\u00edr dh\u00fachais tar \u00e9is na deora\u00edochta ceapadh Zarab\u00e1ibil de shliocht Dh\u00e1iv\u00ed mar ghobharn\u00f3ir ar I\u00fada agus bh\u00edothas ag s\u00fail go raibh athbheo ar theaglach Dhaiv\u00ed, agus, b\u2019fh\u00e9idir \u00f3n am sin, d\u00e9antar athinsint in Irimi\u00e1 33:15-16 (mar l\u00e9acht do Ch\u00e9ad Domhnach den Aidbhint i mbliana) ar fh\u00e1istine Irimi\u00e1 23:5-6 faoin mBeang\u00e1n le hard\u00fa do Dh\u00e1iv\u00ed. Ach im\u00edonn Zarab\u00e1ibil de thoirt den st\u00e1itse, toisc amhras impireacht na Peirse faoi is d\u00f3cha.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ina dhiaidh sin n\u00ed cloistear a thuilleadh faoi theacht Mhac Dh\u00e1iv\u00ed i bhfoins\u00ed staire an Bh\u00edobla, b\u00edodh go raibh na gealltanais ann i gc\u00f3nai sna scriopt\u00fair. Bh\u00ed c\u00faraim\u00ed eile seachas ateacht theaghlach Dh\u00e1iv\u00ed le cur as do phobal I\u00fada. A bhu\u00ed do fhoins\u00ed \u00fara as Qumran t\u00e1 solas nua caite ar fheitheamh na nGi\u00fadach ar an T\u00e9 a bh\u00ed le Teacht, agus sin i dt\u00e9acsanna a cumadh \u00f3 l\u00e1r na dara haoise roimh Chr\u00edost i leith, a cumadh c\u00e9aduair ag an gr\u00fapa cr\u00e1ifeach Gi\u00fadach na hEis\u00e9anaigh b\u2019fh\u00e9idir. Sna t\u00e9acsanna d\u00e9anacha Gi\u00fadacha seo baintear \u00fasaid as an t\u00e9arma foirme\u00e1lta Meisias agus t\u00e1 \u00e9ags\u00falacht suntasach ann faoin bpearsa n\u00f3 pearsana a rabhthas ag feitheamh leis, n\u00f3 leo, le Meisias amh\u00e1in n\u00f3 le beirt d\u00edobh \u2013 Meisias \u00c1r\u00f3n (sagart\u00fail) agus Meisias Iosrael (r\u00edoga), Meisias Dh\u00e1iv\u00ed agus Meisias I\u00f3saef (n\u00f3 Efraim), forbairt a leanann ar aghaidh taobh amuigh de Qumran agus i scr\u00edbhinn\u00ed raib\u00edneacha n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Bh\u00edothas ag feitheamh chomh maith le ateacht an fh\u00e1idh \u00c9ilis, mar Ardsagart. Bh\u00edothas ag s\u00fail thar aon rud eile le pearsa daonna r\u00edoga a thabharfadh fuascailt a bheadh san am c\u00e9anna poilitici\u00fail, eacnama\u00edoch, agus spiorad\u00e1lta don phobal Gi\u00fadach, agus tr\u00edothu sin s\u00edoch\u00e1in, rath, agus f\u00edr\u00e9antacht don chine daonna go l\u00e9ir.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Nuair a th\u00e1inig \u00cdosa, \u00f3 theaghlach Dhaiv\u00ed, an T\u00e9 a bh\u00ed le Teacht, ba mh\u00f3 n\u00e1 Solamh, ba mh\u00f3 n\u00e1 D\u00e1iv\u00ed n\u00f3 na f\u00e1istin\u00ed faoi Mhac Dh\u00e1iv\u00ed \u00e9, agus chomhl\u00edon s\u00e9, n\u00ed hamh\u00e1in a d\u00faradh faoin mBeang\u00e1n le hard\u00fa do Dh\u00e1ivi ach gach a bh\u00ed scr\u00edofa f\u00e1oi sna Scr\u00edopt\u00fair go l\u00e9\u00edr; eisean a raibh n\u00ed hamh\u00e1in Iosrael ach an cine daonna ag s\u00fail leis.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cr\u00edost &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1366,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1716","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1716","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1716"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1716\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1721,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1716\/revisions\/1721"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1366"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1716"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1716"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1716"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}