{"id":1730,"date":"2021-12-26T06:00:00","date_gmt":"2021-12-26T06:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1730"},"modified":"2022-02-22T09:32:18","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:18","slug":"26-nollaig-2021-c-feile-an-teaghlaigh-naofa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1730","title":{"rendered":"26 Nollaig 2021 (C) F\u00e9ile an Teaghlaigh Naofa"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>\u201cB\u00edodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bp\u00f3sadh agus n\u00e1 truaill\u00edtear \u00e9\u201d.<\/em><\/li><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(1 Sam\u00fa\u00e9l 1:20-22, 24-28). <em>Tugtar Sam\u00fa\u00e9l suas don Tiarna lena shaol uile.<\/em> Seo \u00ed F\u00e9ile an teaghlaigh Naofa, \u00cdosa, Muire agus I\u00f3saef, agus mar ch\u00e9ad l\u00e9acht t\u00e1 eachtra againn \u00f3 theaglach \u00f3 luathstair Iosrael, in aimsir na mBreithi\u00fana roimh laethanta Dh\u00e1iv\u00ed. Is faoi Hanna \u00ed, bean ch\u00e9ile Elc\u00e1n\u00e1. Bh\u00ed Hanna aimrid agus ba chuis n\u00e1ire moire di nach raibh ar a cumas leanbh a ghini\u00faint. Thug s\u00ed cuairt ar an Tiarna ag an taibearnacal mar a raibh \u00c1irc an Chonartha i S\u00edl\u00f3, agus El\u00ed an sagart ag feidhmi\u00fa ann. Bh\u00ed Hanna an-bhuartha agus thug s\u00ed m\u00f3id mar seo, \u00e1 r\u00e1: \u201cA Thiarna na Slua! M\u00e1 thugann t\u00fa aird ar bhuaireamh do bhan\u00f3glaigh \u2026agus leanbh mic a thabhairt do do bhan\u00f3glach tabharfaidh mise \u00e9 don Tiarna lena shaol uile\u201d. D\u2019\u00e9ist an Tiarna lena hurna\u00ed agus ghabh s\u00ed gin agus rug s\u00e9 mac agus thug s\u00ed Sam\u00fa\u00e9l mar ainm air, i gcuimhne ar fhreagra an Tiarna (<em>seam\u00e1<\/em> an Eabhrais ar \u201cd\u2019\u00e9ist\u201d, \u201cchuala\u201d). An bhliain d\u00e1r gcionn ghabh Elc\u00e1n\u00e1, fear c\u00e9ile Hanna, agus a chlann suas go \u00edobairt bhliant\u00fail (n\u00ed luaitear a ainm) i S\u00edl\u00f3 ach d\u2019fhan Hanna ag baile gur baineadh Sam\u00fa\u00e9l dern ch\u00edoch. Ansin chuaigh Hanna agus na hiobairti ba dhual so S\u00edl\u00f3 agus tugadh an leanbh don sagart El\u00ed, agus mheabhraigh Hanna d\u00f3 an urna\u00ed a chuir s\u00ed suas chun D\u00e9 tr\u00ed bhliain roimhe sin agus thug s\u00ed suas an leanbh Sam\u00fa\u00e9l do Dhia lena shaol.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Roghna\u00edtear an l\u00e9acht seo le dul leis an leacht \u00f3n soisc\u00e9al in Aifreann an lae inniu, ina bhfuil eachtra faoi thuismitheoir\u00ed (Muire agus I\u00f3saef) i dTeampall Iar\u00fasail\u00e9im.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 83[84]). <em>Is meaner d\u00e1 nd\u00e9anann c\u00f3na\u00ed i do theach, a Thiarna,<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Eoin 3:1-2, 21-24). <em>Glaotar clann D\u00e9 orainn, agus is amhlaidh sinn. <\/em>Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 t\u00e9ama\u00ed at\u00e1 ar f\u00e1il go minic sa Ch\u00e9ad Litir seo le Naomh Eoin agus i Shoisc\u00e9al Eoin chomh maith. Ceann d\u00edobh seo n\u00e1 \u201can saol\u201d, agus is \u00e9 is br\u00ed leis an t\u00e9arma seo sa litr\u00edocht seo n\u00e1 iad sin nach toil leo glacadh le teachtaireacht \u00cdosa n\u00f3 at\u00e1 ina naimhde di. An comhluadar Cr\u00edosta\u00ed, mar a chuireann an litir seo agus an traidisiun lena bhaineann s\u00e9 s\u00edos air, ionann \u00e9 agus bu\u00edon creidmheach at\u00e1 daingean agus deimhnithe ina gcreideamh i gCriost, deimhnithe ag an Spiorad Naomh at\u00e1 ag lonn\u00fa iontu.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D\u00e9anann an teagasc Criosta\u00ed at\u00e1 faighte acu agus an deimhneacht l\u00e1idir cinnte iad nach amhlaidh amh\u00e1in go nglaotar clann D\u00e9 d\u00edobh ach gur clann D\u00e9 d\u00e1ir\u00edre iad, creideamh agus deimhneacht nach f\u00e9idir a bheith ag daoine taobh amuigh, p\u00e9 acu tugtar \u201can saol\u201d n\u00f3 ainm ar bith eile orthu. Tugann bronntanas an chreidimh eolas agus aithne ar Dhia d\u00fainn cheana f\u00e9in sa saol seo. Tr\u00edd an gcreideamh is f\u00e9idir \u00cdosa a \u201cfheice\u00e1il\u201d cheana f\u00e9in mar an Tiarna ais\u00e9irithe, agus Mac D\u00e9. Ach t\u00e1 s\u00fail ar aghaidh cheana f\u00e9in ag creidmhigh ar an l\u00e1 sin thar an saol tadhaill seo ina fheicfidh siad Dia d\u00edreach mar at\u00e1 s\u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; L\u00e1rphointe i Soisc\u00e9al Eoin agus i gC\u00e9ad Litir seo Eoin n\u00e1 gur gr\u00e1 \u00e9 Dia, gr\u00e1 D\u00e9 d\u00fainn. Leagann briathra tosaigh l\u00e9acht an lae inniu b\u00e9im ar sin: an gr\u00e1 at\u00e1 ag an Athair d\u00fainn, go nglaofa\u00ed clann D\u00e9 orainn, agus is amhlaidh sinn. Tar \u00e9is na briathra tosaigh, tagann t\u00e9acs nach bhfuil soil\u00e9ir ar fad d\u00fainn, ach a bhain de r\u00e9ir dealraimh le ceist \u00e9igin a ba ch\u00faram d\u00f3ibh si\u00fad ar d\u00edr\u00edodh an litir seo chugaibh c\u00e9aduair. T\u00e9arma l\u00e1rnach don roinn seo n\u00e1 an focal \u201ccoinsias\u201d (n\u00f3 \u201ccro\u00ed\u201d mar at\u00e1 sa bhunleagan). Sa Bh\u00edobla n\u00ed l\u00e1rionad moth\u00fach\u00e1in an cro\u00ed, ach ionad smaointe, f\u00e9inaithne, agus f\u00e9ineolais.Tugann an Spiorad Naomh tuiscint do na creidmhigh gur clann D\u00e9 iad agus labhra\u00edonn an mh\u00edr seo faoin ghr\u00e1 i ngn\u00edomh agus i bhf\u00edrinne a bheith ag d\u00e9anamh an aithne seo n\u00edos doimhne. I gc\u00e1s go bhfuil amhras ann faoin \u00e1bhar sin, tagann Dia i gcabhair ar na creidmhigh, agus tugann s\u00e9 misneach d\u00f3ibh seasamh ina l\u00e1thair agus glaoch air, leis an gcinnteacht go n-\u00e9isteofar leo. Ansin filleann an t\u00e9acs ar chomhl\u00edonadh aitheanta D\u00e9 agus maireacht\u00e1il faoi mar is toil le Dia. De ghn\u00e1th nuair a luaitear \u201caitheanta\u201d, na Deich nAitheanta a thagann chun cuimhne d\u00fainn. Ach sa t\u00e9acs seo dh\u00e1 aithne at\u00e1 i gceist: creideamh in \u00cdosa Cr\u00edost mar Mhac D\u00e9 agus an aithne gr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 ch\u00e9ile. T\u00e1 an t\u00e9acs go l\u00e9ir ag caint faoi bheatha aontaithe le Dia, le bheith deimhin de go maireann Dia ionainn (i ngach duine aonair, agus mar phobal Cr\u00edosta\u00ed), beatha dhiaga a dh\u00e9anann an Spiorad Naomh sinn deimhin de, an Spiorad sin gur bronntanas m\u00f3r \u00f3 Dhia d\u00fainn \u00e9. An sliocht seo, is t\u00e9acs gur \u00e1bhar machnaimh \u00e9 ar an urna\u00ed agus ar ghr\u00e1 D\u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Malairt Ch\u00e9ad L\u00e9achta<\/em> (S\u00edrach 3:2-6, 12-14). <em>An t\u00e9 ar a bhfuil eagla an Tiarna, tugann s\u00e9 on\u00f3ir d\u00e1 thuismitheoir\u00ed. <\/em>Deir an cheathr\u00fa aithne (Ecsodus 20:12): \u201cTabhair do d\u2019athair agus do do mh\u00e1thair on\u00f3ir i dtreo go mba fada iad do laethanta an talamh\u201d. Bh\u00ed an p\u00f3sadh faoi ard-on\u00f3ir in Iosrael. Tugann Ben Sira (gur fearr aithne air mar Ecclesiasticus, \u201can t-eaglaiseach\u201d) a mhachnamh d\u00fainn ar an aithne mh\u00f3r seo. Bh\u00ed scoil eagna\u00edochta ag Ben Sira in Iar\u00fasail\u00e9im (thart ar 180 roimh Chr\u00edost) do dhalta\u00ed \u00f3ga ar sp\u00e9is leo, agus achmhain mhaoine acu, an roinn seo de sha\u00edocht Iosrael a ch\u00edoradh. Cuid d\u00edlis de eagna\u00edocht seo n\u00e1 taith\u00ed ar shaol an duine aonair, ar an chomhluadar daonna agus an saol m\u00f3r. T\u00e1 machnamh seo Ben Sira ar an gceathr\u00fa aithne l\u00e1n de dhaonacht, de thaise agus de thr\u00f3caire. \u00c1bhar sonais agus aoibhnis meas mhuintir theaghlaigh ar a ch\u00e9ile. T\u00e1 luach saothair \u00f3 Dhia ag baint leis chomh maith agus d\u00e9anann s\u00e9 leorghn\u00edomh ar na peaca\u00ed. Ach n\u00ed c\u00fais \u00e1thais i gc\u00f3na\u00ed d\u00edlse seo don cheathr\u00fa aithne, le hom\u00f3s don athair agus don m\u00e1thair. Ionann \u00e9 agus glacadh len\u00e1r muintir agus \u00e1r ngaolta faoi mar at\u00e1 siad lena laig\u00ed agus n\u00f3sanna aisteacha agus eile. N\u00ed m\u00f3r tuiscint, trua agus taise as bheith d\u00f3ibh i mbreoiteacht agus ina seanaois, agus glaotar ar baill \u00f3ga sl\u00e1inti\u00fala teaghlaigh tuiscint a bheith acu ar na fadhbanna a thagann le seanaois. Cur s\u00edos iontach i leabhar den Seantiomna an l\u00e9acht seo ar faoi mar is c\u00f3ir aire a thabhairt do ch\u00farsai an teaghlaigh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 127[128]). <em>Is aoibhinn do ch\u00e1ch lerb eagal an Tiarna agus a shi\u00falann ina shl\u00edte.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Malairt Dara L\u00e9achta<\/em> (Colosaigh 3:12-21). <em>Saol an teaghlaigh sa Tiarna \u00cdosa. <\/em>Lean\u00faint an aghaidh an l\u00e9acht seo ar an gcur s\u00edos \u00edontach at\u00e1 ag P\u00f3l (Colosaigh 3:1-11) ar an mbeatha Chr\u00edosta\u00ed, an bheatha i gCr\u00edost, faoi mar is mian le Dia \u00ed a bheith. Foinse agus eiseaml\u00e1ir d\u00f3 an Cr\u00edost ais\u00e9irithe. Cuid den n\u00e1d\u00far daonna laig\u00ed agus loiceadh, mar ab eol do phobal Cr\u00edosta\u00ed Cholosae sul ar tionta\u00edodh go Cr\u00edost iad. Leis an baiseadh agus le ceangal le Cr\u00edost a ghabh leis bh\u00ed seo go l\u00e9ir taobh thiar d\u00edobh. Leis an baisteadh chuir lucht lean\u00fana Chr\u00edost n\u00e1d\u00far \u00far ortu f\u00e9in, agus t\u00e1 sin de sh\u00edor \u00e1 athnuachtan, le h\u00e9ir\u00ed n\u00edos cos\u00fala le Cr\u00edost, n\u00edos m\u00f3 in iomh\u00e1 D\u00e9. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar seo i l\u00e9acht an lae inniu. Pobal tofa, muirnach, D\u00e9 an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed. Ta gr\u00e1 ag Dia d\u00f3ibh. Ba ch\u00f3ir beatha nua mar chulaith \u00e9adaigh a bheith ag an bpobal; seo le r\u00e1, l\u00e1chas, trua cro\u00ed, uir\u00edsle, ceansacht agus foighne, agus bheith r\u00e9idh maithi\u00fanas a tahbairt nuair a thiteann aighneas amach. S\u00fa\u00e1ilc\u00ed t\u00e1bhachtacha iad sin at\u00e1 curtha orthu mar chulaith, agus ba ch\u00f3ir iad bheith snaidhmthe le ch\u00e9ile le gr\u00e1, an gr\u00e1 a choime\u00e1dann iad go l\u00e9ir le ch\u00e9ile mar chrios. Sa mh\u00e9id seo d\u2019fh\u00e9adfadh P\u00f3l bheith ag smaoineasmh ar an m\u00e9id a scr\u00edobh s\u00e9 chuig na Coirintigh faoin \u00e1bhar (1 Coirintigh 13:4-7): \u201cB\u00edonn gr\u00e1 foighneach agus b\u00edonn s\u00e9 l\u00e1ch &#8230; B\u00edonn s\u00e9 l\u00e1n d\u2019fhadfhulgaint, l\u00e1n de chreideamh, l\u00e1n de dh\u00f3chas agus l\u00e1n d\u2019fhoighne\u201d. Ansin leagann P\u00f3l b\u00e9im ar c\u00e9 chomh t\u00e1bhachtach is at\u00e1 s\u00e9 go mbeadh creidmhigh ar an eolas faoi shaibhreas a n-oidhreachta Cr\u00edosta\u00ed, agus a ngr\u00e1 di agus a meas uirthi a chur in i\u00fal d\u00e1 ch\u00e9ile. T\u00e1 sin pas beag teib\u00ed, ach i gcoinne an ch\u00falra sin tr\u00e1chtann P\u00f3l go hachomair ar na prionsabail ar ch\u00f3ir d\u00f3ibh bheith mar threoir ar bheatha shoisialta na gCr\u00edosta\u00edthe san r\u00e9 \u00e1irithe sin. Tosa\u00edonn seo leis an teaghlach, inar ch\u00f3ir meas, gr\u00e1 agus cine\u00e1ltas bheith mar phrionsabail sti\u00fartha. Le tuismitheoiri deireann s\u00e9 gan a leana\u00ed a chr\u00e1, le heagla go gcuirf\u00ed drochmhisneach orthu,<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; \u00c1bhar machnaimh \u00e9 seo go l\u00e9ir do fh\u00e9ile seo an Teaghlaigh Naofa, eiseaml\u00e1ir do gach teaghlach Cr\u00edosta\u00ed. Nuair a chuir P\u00f3l barrshamhail, id\u00e9al, na beatha Cr\u00edosta\u00ed os comhair eaglais Cholosae, n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 go raibh an eaglais sin ag maireacht\u00e1il go hioml\u00e1n de r\u00e9ir na barrshamhla sin. D\u2019fh\u00e9adfadh a mhalairt a bheith f\u00edor, agus go raibh P\u00f3l ag tabhairt na heiseaml\u00e1ire chun cuimhne de bhr\u00ed go raibh teannas, scoilteanna agus naimhdeas \u00e1irithe taobh istigh den eaglais sin.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 2:41-52). <em>Faigheann a thuismitheoir\u00ed \u00cdosa ina shu\u00ed i measc na m\u00e1istr\u00ed. <\/em>Seo \u00ed an mh\u00edr dheiridh de na\u00edonsc\u00e9alta Shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is, agus cr\u00edochna\u00edonn siad mar ar thosaigh siad (le Zachairias) i dTeampall Iar\u00fasail\u00e9im. Sa mh\u00edr seo, amhail sna cinn eile, leagann L\u00fac\u00e1s b\u00e9im ar a thugtha is a bh\u00ed Muire agus I\u00f3saef do dh\u00edlseacht do Dhl\u00ed Mhaois, do chleachtadh chreideamh a gcine. Len\u00e1r linn f\u00e9in, agus go traidisi\u00fanta, ar shroisint tr\u00ed bhliain d\u00e9ag tagann buachaill in aois (<em>bar mitzah<\/em>, \u201cmac na haithne\u201d) dl\u00ed Mhaois agus a bhaineann leis a chleachtadh, oilithreachta\u00ed agus eile san \u00e1ireamh. Sa ch\u00e9ad aois, de r\u00e9ir dealraimh, glacadh gurbh ag aois a d\u00f3 dh\u00e9ag a thosaigh sin, agus mar sin th\u00f3g Muire agus I\u00f3saef an buachaill \u00cdosa leo do oilithreacht na C\u00e1sca. Bheadh siad ag gluaiseacht i mbu\u00edonta, complachta\u00ed. \u00c9irim an chuntais seo n\u00e1 a leiri\u00fa go nochtann \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in mar Mhac D\u00e9, mac a Athar, seachas ball de theaghlach Mhuire agus I\u00f3saef \u00ed Nasarat amha\u00edn. I gceann de chl\u00f3sanna an Teampaill glacann \u00cdosa p\u00e1irt i diosp\u00f3ireachta\u00ed agus cuireann iontas ar mh\u00e1istr\u00ed an l\u00e9inn ansin lena cheisteanna agus a fhreagra\u00ed. N\u00ed thugar aon sonra\u00ed f\u00fathu sin d\u00fainn. Is d\u00f3cha gur nocht s\u00e9 \u00fadar\u00e1s lena d\u00fairt s\u00e9. Biodh go bhfuil tagairt ag L\u00fac\u00e1s do ghiniuint mhaighdean\u00fail \u00cdosa, labhra\u00edonn s\u00e9 anseo, agus in \u00e1iteanna eile, faoi thuismitheoir\u00ed \u00cdosa agus faoi I\u00f3saef mar a athair, gn\u00e1thfhriotal teaghlaigh is d\u00f3cha, is \u00ed Muire seachas I\u00f3saef a chuireann an cheist ar \u00cdosa faoin imn\u00ed a chuir s\u00e9 orthu. Is \u00e9 freagra \u00cdosa uirthi buaicphointe an chuntais ar fad: \u201cCad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i ngn\u00f3tha (n\u00f3: i dteach) m\u2019Athar n\u00e1rbh fhol\u00e1ir dom bheith?\u201d Is f\u00e9idir ceachtar den d\u00e1 aistri\u00fach\u00e1n \u201ci ngn\u00f3tha\u201d n\u00f3 \u201ci dteach\u201d (m\u2019Athar) a chur ar an mbunleagan Gr\u00e9igise, ach is ionann ciall d\u00f3ibh: an misean a thug m\u2019Athair dom, n\u00f3 i dteach m\u2019Athar, an Teampall, agus gach ar sheasann sin d\u00f3, Dia i l\u00e1thair ar domhan, an Teampall mar theach urnaithedon uile chine ar domhan. N\u00ed <em>fol\u00e1ir<\/em> d\u2019\u00cdosa bheith bainteach leis sin; t\u00e1 riachtanas leagtha air, faoi mar a dh\u00e9arfaidh \u00cdosa n\u00edos d\u00e9ana\u00ed leis na sluaite a bhi ag iarraidh \u00e9 a choime\u00e1d l\u00e1mh le Cafarn\u00e1um: \u201cN\u00ed <em>fol\u00e1ir<\/em> dom dea-sc\u00e9al r\u00edocht D\u00e9 a fh\u00f3gairt do na cathracha eile, \u00f3ir is chuige sin a cuireadh amach m\u00e9\u201d (L\u00fac\u00e1s 4:43). An r\u00e1iteas sin faoi ghn\u00f3tha (n\u00f3 Teach) a Athar, ba iad sin na c\u00e9ad bhriathra a labhair \u00cdosa de r\u00e9ir na Soisc\u00e9al. Chuir \u00cdosa \u00e9 fein i l\u00e1thair leo mar Mhac D\u00e9. N\u00edor thuig Muire agus I\u00f3saef an focal a labhair \u00cdosa leo \u2013 n\u00ed nach ionadh d\u00fainn. Bh\u00ed dh\u00e1 heaghlach, i sl\u00ed, i gceist anois: teaghlach neimhe, \u00cdosa agus a Athair, agus teaghlach Nazarat mar ar oileadh \u00cdosa. Le r\u00fandiamhair a bhainte le Dia foilsithe, filleann \u00cdosa ar a dhaonnacht ar talamh, go teaghlach Nazarat le bheith, mar is dual don \u00f3g\u00e1nanch daonna, umhal, faoi smacht, a thuismitheoir\u00ed. T\u00e1 Muire, mar chreidmheach eiseaml\u00e1ireach, i l\u00e1thair r\u00fandiamhaire nach dtuigeann s\u00ed go hioml\u00e1n, agus thaiscigh s\u00ed go d\u00edlis na nithe sin ina cr\u00f3i. Agus leanann \u00cdosa leis ag f\u00e1s agus ag dul ar aghaidh in eagna agus i ngr\u00e1sta i l\u00e1thair D\u00e9 agus daoine.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><\/strong><em> \u201cB\u00edodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bp\u00f3sadh agus n\u00e1 truaill\u00edtear \u00e9\u201d.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>N\u00ed g\u00e1 a mheabhr\u00fa d\u2019aoinne go bhfuil an teaghlach agus an posadh faoi bhr\u00fa m\u00f3r inniu, le reifreann ar an bp\u00f3sadh comhghn\u00e9is, posadh idir beirt fhear n\u00f3 beirt bhan,<\/p>\n\n\n\n<p>agus sin in ainm comhionnanais, comhionnanas leis an bposadh traidisiunta idir fhear agus bhean. Agus ansin t\u00e1 teaghlaigh de shaghasanna \u00e9ags\u00fala ann, mar shampla teaghlach aontuismitheora. Is cuid \u00e9 seo de ghluaiseacht domhain san Iarthar a fh\u00e9achann ar an bp\u00f3sadh traidisi\u00fanta mar chuid de r\u00e9 at\u00e1 thart agus at\u00e1 ag obair le foirm nua den bheatha phoibl\u00ed a thabhairt isteach a bheadh beag beann ar an m\u00fanla traidisi\u00fanta. Tugann sin go l\u00e9ir cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar bhriathra na Litreach chuig na hEabhraigh d\u00fainn: \u201cB\u00edodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bp\u00f3sadh agus n\u00e1 truaill\u00edtear \u00e9\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D\u2019fh\u00e9adfadh an t\u00e9acs seo a chur ag machnamh sinn ar thabhacht an ph\u00f3sta Chr\u00edosta\u00ed don tsocha\u00ed, do na p\u00e1ist\u00ed agus do mh\u00f3r\u00e1n ruda\u00ed eile. Ch\u00edor Comhairle na Vatac\u00e1ine an cheist go han-mhaith ina <em>Bunreacht Past\u00faireach ar an Eaglais i Saol an Lae Inniu <\/em>(7 Nollaig 1965)<em>, <\/em>go h\u00e1irithe sa mh\u00edr \u201cD\u00ednit an Ph\u00f3sta agus an Teaghlaigh. P\u00f3sadh agus an Teaghlach i Saol an Lae inniu\u201d (paragraif 47-52). Na briathra seo mar shampla (paragraph 52): \u201cIs s\u00f3rt scoile \u00e9 an teaghlach do dhaonnacht n\u00edos doimhne. Ach le go mbeadh an bl\u00e1th\u00fa is cu\u00ed ar a bheatha agus an misean at\u00e1 aige, t\u00e1 g\u00e1 ag an teaghlach le teacht le ch\u00e9ile s\u00e9imh de aign\u00ed agus beartas comhoibrithe na gc\u00e9il\u00ed, fir ch\u00e9ile agus mn\u00e1 c\u00e9ile, mar aon le comhoibri\u00fa saothrach na dtuismitheoir\u00ed in oiliuint na bp\u00e1ist\u00ed. \u2026 Is mar sin a fheidhm\u00edonn an teaghlach, ina thagann gl\u00faine \u00e9ags\u00fala le ch\u00e9ile agus a chabhra\u00edonn le ch\u00e9ile le f\u00e1s n\u00edos eagna\u00ed de sh\u00edor agus le cearta pearsanta agus riachtanais eile den bheata shoisialta a thabhairt le ch\u00e9ile, feidhm\u00edonn s\u00e9 mar bhunchloch don tsocha\u00ed. D\u00e1 bhr\u00ed sin ba choir d\u00f3ibh sin uile a bhfuil tionchar acu ar an bpobal agus ar ghr\u00fapa\u00ed soisialta saothr\u00fa go h\u00e9ifeachtach ar son leas an ph\u00f3sta agus an teaghlaigh\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is m\u00f3r at\u00e1 c\u00farsa\u00ed athraithe sa socha\u00ed \u00f3 fhoils\u00edodh na briathra sin sa bhliain 1965. Inniu n\u00ed fol\u00e1ir don teaghlach Cr\u00edostai aird a thabhairt ar an saol mar at\u00e1 s\u00e9 agus iarrachta\u00ed cu\u00ed a dh\u00e9anamh leis an creideamh a dhaingni\u00fa sa mh\u00e9id agus is f\u00e9idir, ag bheith feasach ar na tionchair \u00e9ags\u00fala at\u00e1 ag feidhmi\u00fa. N\u00ed thagann an baol is m\u00f3 \u00f3 na m\u00f3r-athraithe sa tsocha\u00ed f\u00e9in, ach \u00f3 athr\u00fa meoin agus anama na clainne. M\u00e1s t\u00e1bhachtach an teaghlach do sheachadadh an chreidimh, n\u00ed leor scoileanna creidimh, scoileanna Caitliceacha fi\u00fa, a bheith ann. T\u00e1 br\u00fa ann gan creideamh Caitliceach a mh\u00faineadh sna ranganna. Tuigfidh tuismitheor\u00ed c\u00e9 chomh deacair is at\u00e1 s\u00e9 creideamh agus cr\u00e1ifeacht a mh\u00faineadh sa bhaile, ach bheadh s\u00e9 inmholta aire a thabhairt d\u00f3 sin. Agus mar aon leis sin t\u00e1 na fadhbanna ann maidir le homaighn\u00e9asacht agus eile. T\u00e1 aird na heaglaise tarraingthe ar na ceisteanna sin anois, agus n\u00ed m\u00f3r discr\u00e9id mh\u00f3r don teaghlach maidir leo. Bh\u00ed teaghlach Naofa Nazarat idir dh\u00e1 shaol maidir leis an og\u00e1nach \u00cdosa. Bheadh tuiscint acu do fhadhbanna teaghlaigh an lae inniu.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: \u201cB\u00edodh &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1730","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1730","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1730"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1730\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1733,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1730\/revisions\/1733"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1730"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1730"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1730"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}