{"id":1739,"date":"2022-02-15T11:38:08","date_gmt":"2022-02-15T11:38:08","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1739"},"modified":"2022-02-22T09:32:18","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:18","slug":"20-feabhra-2022-c-an-seachtu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1739","title":{"rendered":"20 Feabhra 2022 (C) An Seacht\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\" type=\"A\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>B.<strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\" type=\"A\"><li><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><em><\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>&nbsp;(1 Samu\u00e9l 26:2, 7-9. 12-13, 22-23). <em>Chuir an Tiarna th\u00fa isteach i mo l\u00e1imh, ach n\u00ed sh\u00ednfinn mo l\u00e1mh amach i d\u2019aghaidh. <\/em>Fear taghdach, teasa\u00ed, ab ea S\u00f3l c\u00e9ad r\u00ed treabhanna Iosrael, treabhanna an Tuaiscirt. Bh\u00ed s\u00e9 i gcaismirt go minic leis na Filist\u00ednigh agus bh\u00ed \u00e9ad air le D\u00e1iv\u00ed &nbsp;as treabh I\u00fada an deiscirt a raibh ag &nbsp;\u00e9ir\u00ed n\u00edos fearr leis i gcoinne na bhFilist\u00edneach n\u00e1 \u00e9 f\u00e9in, Bh\u00ed amhras ar S\u00f3l chomh maith go mbainfeadh D\u00e1iv\u00ed a r\u00edocht de n\u00f3 d\u00e1 mhac agus oidhre I\u00f3n\u00e1t\u00e1n agus bheartaigh s\u00e9 D\u00e1iv\u00ed a chur chun b\u00e1is. Theith D\u00e1iv\u00ed agus a bhu\u00edon trodair\u00ed &nbsp;go dt\u00ed na sl\u00e9ibhte Zif in I\u00fada ar an dtaobh thiar den Mhuir Mharbh. Sceith duine de mhuintir Zif le S\u00f3l c\u00e1 raibh D\u00e1iv\u00ed, agus th\u00e1inig S\u00f3l lena bhu\u00edon armtha le D\u00e1iv\u00ed a ghabh\u00e1il. Th\u00e1inig D\u00e1iv\u00ed ar an eolas faoi sin agus th\u00e1inig s\u00e9 le Abisai, a nia, mac a dhearth\u00e1ir, cara dilis d\u00f3 agus p\u00e1irt aige ina bhu\u00edon troda, th\u00e1inig siad tr\u00ed arm Sh\u00f3l san o\u00edche go campa an r\u00ed f\u00e9in. Le bheith sabh\u00e1lta bh\u00ed S\u00f3l i gcro\u00ed l\u00e1ir a airm chosanta, &nbsp;agus a shle\u00e1, comhartha a chumhachta mar r\u00ed,&nbsp; s\u00e1ite sa talamh aige in aice lena cheann. Bh\u00ed Abner, ceannaire arm Sh\u00f3il, agus na saighdi\u00fair\u00ed m\u00f3r timpeall ar Sh\u00f3l. Bh\u00ed an deis anois ag D\u00e1iv\u00ed a namhaid S\u00f3l a mhar\u00fa, ach bh\u00ed s\u00e9 d\u00e9anta soil\u00e9ir cheana aige nach mbeadh s\u00e9 ciontach l\u00e1mh a leagan ar an r\u00ed, ungthach an Tiarna, D\u2019fh\u00e1gfadh s\u00e9 b\u00e1s an r\u00ed faoi Dhia f\u00e9in, c\u00fains\u00ed n\u00e1d\u00fartha n\u00f3 naimhde an r\u00ed.&nbsp; D\u2019iarr Abisai de Dh\u00e1iv\u00ed ligint d\u00f3 S\u00f3l a ghream\u00fa den talamh le buille amh\u00e1in de shle\u00e1 Sh\u00f3il f\u00e9in, ach fuair s\u00e9 an freagra c\u00e9anna \u00f3 Dh\u00e1iv\u00ed. Ina ionad sin th\u00f3g D\u00e1iv\u00ed an tsle\u00e1 agus an cruisc\u00edn uisce agus d\u2019imigh s\u00e9 leis go h\u00e1it sh\u00e1bh\u00e1lta ar bharr chnoic agus ghlaoigh s\u00e9 ar dhuine de shaighdi\u00fair\u00ed an r\u00ed teacht agus an tsle\u00e1 a bhaili\u00fa agus a chur in i\u00fal don re faoi mar ar shabh\u00e1il D\u00e1iv\u00ed a bheatha.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Taispe\u00e1ineann an sliocht seo d\u00fainn faoi mar a nocht duine, D\u00e1iv\u00ed, &nbsp;\u00f3n tSeantiomna tr\u00f3caire d\u00e1 namhaid, agus tugann seo le fios an f\u00e1th gur roghna\u00edodh an mh\u00edr seo de tSeantiomna le dul le l\u00e9acht an tSoisc\u00e9il inniu ina l\u00e9ir\u00edonn \u00cdosa c\u00e9 chomh riachtanach is at\u00e1 s\u00e9 bheith tr\u00f3caireach faoi mar at\u00e1 Dia an tAthair gr\u00e1mhar tr\u00f3caireach.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 102[103]). <em>Is<\/em> <em>gr\u00e1mhar tr\u00f3caireach \u00e9 an Tiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Corantaigh15:45-49). <em>Faoi mar a cuireadh cl\u00f3 an duine thalmha\u00ed orainn, cuirfear cl\u00f3 an duine neamha\u00ed orainn mar an gc\u00e9anna. <\/em>Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 P\u00f3l ag druidim le deireadh a bhfuil le r\u00e1 aige ar ais\u00e9ir\u00ed na marbh agus ais\u00e9ir\u00ed na colainne sa todhcha\u00ed. T\u00e1 dh\u00e1 fh\u00edrinne nach m\u00f3r d\u00f3 aire a thabhairt d\u00f3ibh: an corp tadhail sa saol seo a fhaigheann b\u00e1s (a chuirtear [sa chr\u00e9, a sh\u00edola\u00edtear mar a chuireann s\u00e9 \u00e9), sin an corp n\u00e1d\u00fartha agus an corp osn\u00e1d\u00fartha, &nbsp;spiorad\u00e1lta ar neamh. Cuireann s\u00e9 s\u00edos ar an fhadhb tamall beag i ndiaidh na&nbsp; l\u00e9achta seo (v\u00e9arsa 50): \u201cIs \u00e9 at\u00e1 a r\u00e1 libh, a bhr\u00e1ithre agus a shi\u00faracha, nach f\u00e9idir do fhuil agus d\u2019fheoil r\u00edocht D\u00e9 a shealbh\u00fa mar oidhreacht &nbsp;n\u00e1 n\u00ed f\u00e9idir rud somhillte an domhillteacht a shealbh\u00fa\u201d. Agus pas beag roimh an l\u00e9acht seo scr\u00edobh s\u00e9 faoin samhail idir adhlacadh (cur i gcr\u00e9) and choirp agus an ais\u00e9ir\u00ed. Cuirtear (i gcr\u00e9, s\u00edola\u00edtear) i somhillteacht, \u00e9ireofar i ndomhilteacht; cuirtear in eason\u00f3ir, \u00e9ireofar i ngl\u00f3ir; cuirtear i laige, \u00e9ireofar i neart. Cuirtear&nbsp; ina chorp n\u00e1d\u00fartha, \u00e9ireoidh s\u00e9 ina chorp osn\u00e1d\u00fartha. M\u00e1 t\u00e1 corp n\u00e1d\u00fartha ann t\u00e1 corp osn\u00e1d\u00fartha ann chomh maith. T\u00e1 \u201canam\u201d sa chorp n\u00e1d\u00fartha; t\u00e1 \u201cspiorad\u201d, spiorad&nbsp; D\u00e9 b\u2019fh\u00e9idir, sa chorp osn\u00e1d\u00fartha.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I l\u00e9acht an lae inniu tugann s\u00e9 a mh\u00edni\u00fa, n\u00f3 sol\u00e9ieri\u00fa, ar sin tr\u00edd an chuntas ar mh\u00fanl\u00fa an ch\u00e9ad fhir, an ch\u00e9ad \u00c1dhaimh, as chr\u00e9 na tal\u00fan, le corp so-mharaithe agus &nbsp;\u00cdosa, an Dara \u00c1dhamh, a bhfuil an Spiorad beo aige. Protat\u00edopanna iad de den re nua le Cr\u00edost. Mar a deir P\u00f3l i l\u00e9acht an lae inniu: \u201cFaoi mar a cuireadh cl\u00f3 an duine thalmha\u00ed orainn, cuirfear cl\u00f3 an duine neamha\u00ed orainn mar an gc\u00e9anna\u201d. \u00c1dhamh an clo talmha\u00ed, \u00cdosa an cl\u00f3 eile.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 6:27-38). &nbsp;<em>B\u00edg\u00ed sibhse atruach mar at\u00e1 bhur nAthair atruach.<\/em>&nbsp; An Domhnach seo caite l\u00e9adh na Bi\u00e1ide de r\u00e9ir L\u00fac\u00e1is. D\u00edreach ina dhiaidh sin tagann an tSeanm\u00f3ir de r\u00e9ir L\u00fac\u00e1is, gan \u00ed ar an Sliabh mar a bh\u00ed ag Matha ach ar thalamh r\u00e9idh, agus t\u00e1 t\u00fas na Seanm\u00f3ra sin \u00e1 l\u00e9amh san Aifreann inniu. T\u00e1 leagan L\u00fac\u00e1is den tSeanm\u00f3ir gairid. Tosa\u00edonn s\u00e9 inniu le b\u00e9im l\u00e1idir ar ghr\u00e1 d\u00e1 naimhide, agus ina dhiaidh sin sliocht faoi gan breithi\u00fanas a thabhairt. T\u00e1 sort parabail ag gabh\u00e1il leis seo, leis an teachtaireacht gan breith a thabhairt a shoil\u00e9iri\u00fa, a l\u00e9ifear an Domhnach seo chugainn. Ina dhaidh sin t\u00e1 sliocht ar chrann agus a thortha\u00ed, idir mhaith agus olc. Is siombail den phearsa dhaonna an crann, agus luaitear gurb \u00e9 cro\u00ed an duine is foinse den mhaitheas agus den olc. Cuirtear cr\u00edoch leis an tSeanm\u00f3ir le rabhadh \u00f3 \u00cdosa d\u00e1 dheiseabail faoina theagasc a chur i ngn\u00edomh: \u201cCad chuige a ghlaonn sibh orm \u2018A Thiarna, a Thiarna\u2019 agus nach nd\u00e9anann sibh a ndeirim?\u201d, agus le freagra ar sin ag d\u00e9anamh compar\u00e1id le freagra i ngn\u00edomh d\u00e1 bhriathra n\u00f3 a mhalairt le teach t\u00f3gtha ar charraig n\u00f3 ar thalamh gan bonn faoi.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann l\u00e9acht an lae inniu glaoch ar d\u00f3igh \u00f3 \u00cdosa d\u00e1 chuid deisceabail bheith tr\u00f3caireach, atruach, truachro\u00edch as mios\u00far, gr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 naimhde, bheith go maith d\u00f3ibh sin a bhfuil fuath acu d\u00f3ibh, beannacht d\u00f3ibh si\u00fad a thugann mallacht orthu, gu\u00ed orthu si\u00fad a thugann droc-\u00edde doibh, iasacht a thabhairt gan s\u00fail le rud a fh\u00e1il ar ais, sa tsl\u00ed seo le bheith ina chlann don Athair, don T\u00e9 is Airde, \u00f3ir b\u00edonn seisean l\u00e1ch&nbsp; le daoine diomu\u00edocha agus drochdhaoine. T\u00e1 modh seo maireacht\u00e1la le bheith thar mar a bheifi ag dr\u00e9im leis \u00f3 dhaoine eile. An tSeanm\u00f3ir, mar a thugann L\u00fac\u00e1s d\u00fainn \u00ed, tugann s\u00ed d\u00fainn l\u00e9argas ar a mhisean f\u00e9in mar a bh\u00ed s\u00e9 ina aigne ag \u00cdosa, is \u00e9 sin le r\u00e1 go mbeadh a dheisceabail d\u00edlis d\u00e1 theagasc agus d\u00e1 ngairm f\u00e9in uaidh mar fhin\u00e9ithe don domhan m\u00f3r don fh\u00eds a bh\u00ed aige do chine daonna \u00far.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Gairm na Seanm\u00f3ra do phobal na gcreidmheach; a tionchar sa tsochai shiabhualta agus saolta.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>N\u00ed g\u00e1 m\u00f3r\u00e1n a r\u00e1 faoi theachtaireacht na Seanm\u00f3ra do Eaglais, do phobal na gcreidmheach san Eaglais, is \u00e9 sin maireach\u00e1il dair\u00edre de r\u00e9ir an tSoisc\u00e9il agus spiorad na Seanm\u00f3ra, mar a mheabhra\u00edonn Comhairle na Vatac\u00e1ine d\u00fainn.<\/p>\n\n\n\n<p>Is cuid de theachtaireacht na Seanm\u00f3ra l\u00e9argas roinnt mhaith de mheon phobail an lae inniu, maithi\u00fanas seachas d\u00edoltas, fi\u00fa sna prios\u00fain. Rud l\u00e1rnach d\u00ednit an duine aonair.<\/p>\n\n\n\n<p>\u00c1bhar di Mhachnamh \u00e9 seo go l\u00e9ir, ach n\u00ed h\u00ed seo an \u00e1it a thuilleadh a r\u00e1 faoi.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: L\u00e9achta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1082,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1739","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1739","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1739"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1739\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1741,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1739\/revisions\/1741"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1082"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1739"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1739"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1739"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}