{"id":1750,"date":"2022-02-21T17:04:23","date_gmt":"2022-02-21T17:04:23","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1750"},"modified":"2022-02-22T09:32:17","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:17","slug":"27-feabhra-2022-c-an-tochtu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1750","title":{"rendered":"27 Feabhra 2022 (C) An tOcht\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\" type=\"A\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>B.<strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/em><\/strong> Glaine chro\u00ed agus discr\u00e9id sa chaint. Teachtaireacht do chreidmhigh, do pholaiteoir\u00ed agus eile.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\" type=\"A\"><li><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><em><\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>&nbsp;(S\u00edorach 27:4-7). <em>N\u00e1 mol aon duine go beidh deireadh r\u00e1ite aige.<\/em> Is fearr aithne ar &nbsp;Sh\u00edorach i dtraidisi\u00fan an Iarthair mar Ecclesiasticus. Ba scr\u00edobha\u00ed \u00e9, m\u00fainteoir eagna. Ina shaothar f\u00e9in (38:24-39:11) d\u00e9anann s\u00e9 codarsnacht idir ghairm an scr\u00edobha\u00ed, a ghairm f\u00e9in, agus ceirdeanna agus eala\u00edona eile. T\u00e1 eagna an scr\u00edobha\u00ed ag brath ar shaoire \u00f3 obair; an t\u00e9 at\u00e1 ar bheag\u00e1n c\u00faraim, \u00e9ireoidh s\u00e9 eagna\u00ed. D\u00e9anfaidh s\u00e9 taisteal sa choigr\u00edoch, agus d\u00e9anann s\u00e9 promhadh ar mhaith agus olc i measc daoine (38:24; 39:4). Bheadh iompar daoine i measc a chine f\u00e9in tabhartha faoi deara ag S\u00edorach agus machnamh d\u00e9anta air, agus t\u00e1 toradh an mhachnaimh sin tugtha aige d\u00fainn ina leabhar.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cuireann an sliocht seo b\u00e9im ar an gcaint mar l\u00e9iriu ar phearsantacht duine. Sa v\u00e9arsa tosaigh cuirtear an t\u00e1 a labhra\u00edonn i gcom\u00f3rtas le criathar. Nuair an dh\u00e9antar an criathar a croitheadh f\u00e1gtar, n\u00f3 feictear, an dramha\u00edl ann, agus is mar sin a dh\u00e9antar lochtanna an duine a fheice\u00e1il ina chuid cainte. Sa dara compar\u00e1id cuirtear an duine a labhra\u00edonn i gcom\u00f3rtas le sorn n\u00f3 \u00e1ith, in a dh\u00e9antar saothar potaire a thast\u00e1il, is mar sin a thriailtear duine tr\u00ed bh\u00edthin a chomhr\u00e1. Sa tr\u00ed\u00fa compar\u00e1id d\u00e9antar com\u00f3rtas idir duine a labhra\u00edonn agus crann in \u00fallord. Tugtar breith ar chaighde\u00e1n an chrainn as an toradh a bh\u00edonn uaidh. Mar an gc\u00e9anna leis an duine; taispe\u00e1nann &nbsp;a bhriathra claonta an chro\u00ed. An t\u00e1tal a bheadh le tog\u00e1il as na compar\u00e1id\u00ed seo, dar le S\u00edorach, n\u00e1 nach c\u00f3ir duine a mholadh go dt\u00ed go bhfuil labhartha aige, de bhr\u00ed gur tr\u00ed a chaint a thast\u00e1iltear \u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp; &nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00edos luaithe (20:5-8) t\u00e1 cur s\u00edos ag S\u00edorach faoi bheith tostach n\u00f3 ag caint: \u201cB\u00edonn duine ann a fhanann ina thost agus faigheann s\u00e9 c\u00e1il na heagna; b\u00edonn duine eile b\u00e9alscaoilteach, agus tugtar fuath d\u00f3. Fanann duine ina thost mar nach mb\u00edonn freagra aige; fanann duine eile ina thost mar go mb\u00edonn fios na faille aige. Fanfaidh an saoi ina thost n\u00f3 go dtaga a uain; ach an bladhgaire baoth, n\u00ed aims\u00edonn s\u00e9 an uain cheart. Beidh an ghr\u00e1in ar an t\u00e9 a bh\u00edonn r\u00f3chainteach, agus tabharfar fuath don t\u00e9 a th\u00e9ann thar f\u00f3ir le caint\u201d.&nbsp; Is f\u00e9idir le S\u00edorach fi\u00fa a r\u00e1 (20:18): \u201cIs fearr tuisle ar an tsr\u00e1id n\u00e1 tuaiplis ar an teanga; mar sin a thagann tubaiste sa mhullach ar dhroch\u2011dhaoine gan mhoill\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u00e9antar an teacs \u00e1irithe seo a roghn\u00fa le dul le Soisc\u00e9al an lae inniu de bhr\u00ed go bhfuil tagairt intu araon ar chrann agus a thoradh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 91[92]). <em>Is maith an rud \u00e9 th\u00fa a cheili\u00faradh, a Thiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Corantaigh15:4-58).&nbsp;&nbsp; <em>Thug s\u00e9 an bua d\u00fainn tr\u00ed&nbsp; \u00cdosa&nbsp; Cr\u00edost.<\/em> Sa l\u00e9acht seo cuireann P\u00f3l cr\u00edoch lena bhfuil le r\u00e1 aige faoi ais\u00e9ir\u00ed na colainne le g\u00e1ir faoin bhua ag deireadh an tsaoil. Ba mhinic do Ph\u00f3l sa chaibideal seo bheith ag caint faoin chorp somharfa ar talamh agus an corp domharfa tar eis an ais\u00e9ir\u00ed, nuair at\u00e1 an domharfacht curtha ar an gcorp mar \u00e9ide. Sa sliocht seo baineann s\u00e9 \u00fas\u00e1id as dh\u00e1 th\u00e9acs \u00f3n Seantiomna ag cur s\u00edos d\u00f3 ar an mbua deiridh ar na mb\u00e1s. Ceann d\u00edobh n\u00e1 \u00cdse\u00e1ia 25:8, as an cuid den Leabhar sin ar a dtugtar Apacailipsis \u00cdse\u00e1ia ina dh\u00e9antar ceili\u00faradh ar an gc\u00f3isir mheisiasach le teacht ina&nbsp; cuirfidh Dia an b\u00e1s ar ceal go deo. T\u00e1 an ceann eile \u00f3 H\u00f3is\u00e9 213:14 ina deir Dia: \u201cA bh\u00e1is, c\u00e1 bhfuil do chealg?\u201d, ach nach bhfuil an aidhm ch\u00e9anna ag an t\u00e9asc ansin mar at\u00e1 ag P\u00f3l, ach ag glaoch ar an mb\u00e1s pearsantaithe teacht le pion\u00f3s a ghearradh ar Iosrael m\u00eddh\u00edlis. Nar a dh\u00e9anann P\u00f3l in \u00e1iteanna eile, &nbsp;tugann s\u00e9 anseo m\u00edni\u00fa ar na t\u00e9acsanna seo, sin le r\u00e1 gurb \u00e9 an peaca cealg an bh\u00e1is; is \u00e9 an peaca a thugann ann don bh\u00e1s, faoi mar a rinne s\u00e9 i gc\u00e1s \u00c1dhaimh, agus faigheann an b\u00e1s a chumhacht \u00f3n Dl\u00ed seachtrach, taobh amuigh den duine, Dl\u00ed a thugann le fios cad is ceart agus m\u00edcheart ann gan cumhacht a thabhairt an mhaith a chur i gcr\u00edch. Is dearbh\u00fa an t\u00e9acs den bhua deiridh tr\u00ed Chr\u00edost, rud a ghlaonn orainn bu\u00edochas&nbsp; a ghabh\u00e1il le Dia.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed rud teib\u00ed \u00e9 seo go l\u00e9ir do Ph\u00f3l. Is bonn a bhf\u00fail r\u00e1ite aige do dh\u00f3chas, ag glaoch do bhuanseasmhacht sa chomhrac Cr\u00edosta\u00ed agus a fhios ag creidmhigh nach saothar in aisce p\u00e9 rud a dh\u00e9anann siad i gcomhar leis an Tiarna.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 6:39-45). <em>Is as iomarca an chro\u00ed a labhra\u00edonn an b\u00e9al. <\/em>D\u00e1 dt\u00f3gfa\u00ed leis f\u00e9in amh\u00e1in \u00e9 d\u2019fh\u00e9adfadh c\u00e9ad r\u00e1iteas na l\u00e9achta seo cur as d\u00fainn, ceann ina bhfuil parabal n\u00f3 compar\u00e1id idir bheirt dhall: \u201cAn feidir do dhall bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach dtitfidh siad araon sa d\u00edog?\u201d M\u00e1 th\u00f3gtar sa chomhth\u00e9acs \u00e9, &nbsp;is \u00e9 is d\u00f3cha\u00ed is br\u00ed leis n\u00e1 go bhfuil tagairt ann do mh\u00fainteoir\u00ed Cr\u00edosta\u00ed nach bhfuil oideachas ceart faighte acu ar a gcreideamh. D\u00e9anann an ch\u00e9ad abairt ina dhiaidh sin tagairt do mhuinteoir\u00ed, m\u00e1istr\u00ed, &nbsp;&nbsp;agus deisceabail. Nuair a bh\u00edonn deireadh foghlamtha aige b\u00edonn gach deisceabal mar a mh\u00e1istir. Cuireann an t\u00e9acs in i\u00fal d\u00fainn an tabhacht a bhain le teagasc an chreidimh do L\u00fac\u00e1s, agus mar a thuigfeadh L\u00fac\u00e1s \u00e9, do Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Filleann an t\u00e9acs ina dhiaidh sin ar \u00e1bhar a bhfuil b\u00e9im leagtha air cheana f\u00e9in ag \u00cdosa, is \u00e9 sin gan breith a thabhairt, go m\u00f3r m\u00f3r breith gan bheith feasach ar a laige ag an t\u00e9 a dh\u00e9anann an bhreith.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 cr\u00edoch leis an sliocht go l\u00e9ir le h\u00e1bhar a bhfuil b\u00e9im throm air sa tSeanm\u00f3ir, agus go minic ag \u00cdosa f\u00e9in i Soisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is, is e sin le r\u00e1 t\u00e1bhacht glaine an chr\u00f3i, \u00f3ir is as iomarca an chro\u00ed a labhra\u00edonn an b\u00e9al,<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong>Glaine chro\u00ed agus discr\u00e9id sa chaint. Teachtaireacht do chreidmhigh, do pholaiteoir\u00ed agus eile.<\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 teachtaireacht i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu do chreidmhigh agus do dhaoine eile sa saol poibl\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Is do chreidmhigh, do dheisceabail \u00cdosa ach go h\u00e1irithe, &nbsp;teachtaireacht na l\u00e9achta \u00f3n Soisc\u00e9al, mar is d\u00f3ibh si\u00fad a ch\u00e9ad d\u00edr\u00edodh an tSeanm\u00f3ir de r\u00e9ir L\u00fac\u00e1is. Leag \u00cdosa b\u00e9im thar an ghn\u00e1th ar an ghlaine chro\u00ed.&nbsp; De r\u00e9ir Bi\u00e1id amh\u00e1in i Matha (Matha 5:8)&nbsp; d\u00fairt \u00cdosa: \u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo at\u00e1 glan \u00f3 chro\u00ed, \u00f3ir feicfidh siad Dia\u201d. N\u00ed hamh\u00e1in go bhfeicfidh siad \u00e9 sa r\u00e9 le teacht, ach beidh s\u00e9 in gc\u00f3na\u00ed le feic\u00e9ail, i l\u00e1thair ar iomad sl\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Chuir na Fairis\u00ednigh agus grup\u00e1i eile de na Gi\u00fadaigh b\u00e9im i nglaine sheachtrach, &nbsp;n\u00edoch\u00e1n na l\u00e1mha, an taobh amuigh de shoithigh agus mar sin de. Ch\u00e1in \u00cdosa go g\u00e9ar iad, agus mh\u00ednigh s\u00e9 d\u00e1 dheisceabail c\u00e9n f\u00e1th sin (Marcas 7:<strong>20-23)<\/strong> \u201cD\u00fairt s\u00e9: \u2018An rud a thagann amach as an duine, sin \u00e9 a dh\u00e9anann neamhghlan an duine. \u00d3ir is \u00f3n taobh istigh, amach as cro\u00ed na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta dr\u00faise, gada\u00edochta\u00ed, d\u00fanmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachta\u00ed, cealg, ainriantacht, formad, ithiomr\u00e1, d\u00edomas, amad\u00e1ntacht. Is \u00f3n taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus d\u00e9anann siad neamhghlan an duine.\u2019\u201d T\u00e1 an bh\u00e9im ch\u00e9anna le moth\u00fa tr\u00edd an Tiomna Nua go l\u00e9ir. Is solas an domhain iad lucht lean\u00fana Chr\u00edost, agus lonra\u00edonn an solas sin tr\u00ed ghn\u00edomha \u00f3 chro\u00ed glan.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach n\u00ed do chreidmhigh amh\u00e1in teachtaireacht Shoisc\u00e9al an lae inniu.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glaine &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1076,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1750","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1750","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1750"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1750\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1756,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1750\/revisions\/1756"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1076"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1750"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1750"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1750"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}