{"id":1753,"date":"2022-02-28T17:02:00","date_gmt":"2022-02-28T17:02:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1753"},"modified":"2022-02-22T09:32:16","modified_gmt":"2022-02-22T09:32:16","slug":"6-marta-2022-c-an-chead-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1753","title":{"rendered":"6 M\u00e1rta 2022 (C) An Ch\u00e9ad Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Teachtaireacht an Charghais. An Chr\u00e9 l\u00e1rnach Chr\u00edosta\u00ed. Creideamh, reiligi\u00fan agus Spiorad\u00e1ltac<\/em><em>ht<\/em><\/li><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Deotranaim\u00ed 26:4-10). <em>Admh\u00e1il chreidimh an phobail thofa. <\/em>Sa leicsean\u00e1ir, mar is l\u00e9ir \u00f3n dteideal seo, agus ag scol\u00e1ir\u00ed an Bh\u00edobla, amharctar ar an sliocht \u00e1irithe seo mar \u201cCr\u00e9, admh\u00e1il chreidimh, an phobail thofa\u201d. Cabhr\u00f3idh s\u00e9 linn teachtaireacht an tsleachta agus a chiall a thuiscint n\u00edos fearr m\u00e1 dh\u00e9anaimid \u00e9 a l\u00e9amh taobh istigh d\u00e1 chomhth\u00e9acs i Leabhar Deotranaim\u00ed. Is m\u00edr \u00e9 de liot\u00fairge agus de aitheasc spreagtha a thug Maois do phobal Iosrael roimh theacht d\u00f3ibh f\u00f3s i seilbh Th\u00edr Tairngire. Ach feictear ar chlann Iosrael a bheith cheana i seilbh na tire a gealladh d\u00e1 sinsir, agus cuirtear Maois i l\u00e1thair ag r\u00e1 leo cuimhneamh ar a gcuid staire at\u00e1 thart agus faoi mar ar shabh\u00e1il an Tiarna iad \u00f3n scl\u00e1bha\u00edocht. Amhail is d\u00e1 mbeadh s\u00e9 ag f\u00e9achaint ar aghaidh i bhf\u00eds, deir Maois le hIosrael (san uimhir uatha): \u201cNuair a thiocfaidh t\u00fa isteach sa t\u00edr a bhfuil an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, nuair a bheidh seilbh agat air agus t\u00fa i do ch\u00f3na\u00ed ann, n\u00ed fol\u00e1ir duit na c\u00e9adtortha\u00ed d\u2019fh\u00f3mhair na hithreach a bhainfidh t\u00fa sa t\u00edr a thabharfaidh an Tiarna do Dhia duit a chur i leataobh d\u00e1 ainm. N\u00ed fol\u00e1ir duit dul chun an tsagairt a bh\u00edonn in oifig ag an am agus a r\u00e1 leis: \u2018F\u00f3gra\u00edm inniu don Tiarna mo Dhia gur th\u00e1inig m\u00e9 chun na t\u00edre a mhionnaigh an Tiarna d\u00e1r n-aithreacha a thabharfadh s\u00e9 d\u00fainn\u2019\u201d. Nuair a th\u00f3gfadh an sagart an cliabh agus \u00e9 a leagan os comhair alt\u00f3ir an Tiarna, bh\u00edodar leis an admh\u00e1il \u00e1lainn chreidimh at\u00e1 i l\u00e9acht a lae inniu a dh\u00e9anamh. Bheadh cuimhneamh acu ar a n-athair, a sinsear, Iac\u00f3b, athair Dh\u00e1 Threibh D\u00e9ag Iosrael. Glaotar \u201cAramach F\u00e1in\u201d ar Iac\u00f3b. Agus Aramach de r\u00e9ir chine a bh\u00ed i Ribeac\u00e1, m\u00e1thair I\u00e1c\u00f3b, agus i L\u00e1b\u00e1n, a uncail. I dt\u00fas a r\u00e9, sul a raibh r\u00edochta\u00ed acu, ba n\u00f3madaigh, f\u00e1naithe, iad na hAramaigh, agus bhi Iac\u00f3b ag f\u00e1na\u00edocht gan teach gan t\u00edr amhail dhuine d\u00edobh. T\u00e9ann an chr\u00e9, an admh\u00e1il chreidimh seo, ar aghaidh lena ndaoirse san \u00c9igipt a lua agus a mheabhr\u00fa faoi mar ar shabh\u00e1il Dia iad, \u00e1 dtabhairt chun saoirse agus saibhris. N\u00edor ch\u00f3ir d\u00f3ibh riamh dearmad a dh\u00e9anamh ar c\u00e9rbh as d\u00edobh agus faoi ch\u00faram D\u00e9 orthu, agus sin go l\u00e9ir a admh\u00e1il ag ofr\u00e1il na c\u00e9adtortha\u00ed d\u00f3ibh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Fhreagra <\/em>(Salm 90[91]). <em>B\u00ed liom, a Thiarna, in am na triobl\u00f3ide.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 10:8-13). <em>Admh\u00e1il chreidimh an Chr\u00edosta\u00ed. <\/em>Sa leicsean\u00e1ir t\u00e1 mar theideal ar an l\u00e9acht seo: \u201cCr\u00e9 an Chr\u00edosta\u00ed\u201d. Mar sin f\u00e9in t\u00e1 friotal na Cr\u00e9 chomh doil\u00e9ir sin nach fol\u00e1ir \u00e9 bheith d\u00edch\u00f3idithe, mar a dh\u00e9arf\u00e1, do Chr\u00edostaithe an lae inniu, agus b\u2019fh\u00e9idir do gl\u00faine go luath tar \u00e9is bheatha Ph\u00f3il f\u00e9in, le go dtuigf\u00ed \u00e9. Is \u00e9 l\u00e1rphointe na Cr\u00e9 na: \u201cM\u00e1 admha\u00edonn t\u00fa i do bh\u00e9al gurbh \u00e9 \u00cdosa an Tiarna agus m\u00e1 chreideann t\u00fa i do chro\u00ed gur thug Dia \u00f3 mhairbh \u00e9, sl\u00e1n\u00f3far th\u00fa\u201d (R\u00f3mh\u00e1naigh 10:9), leis an m\u00edni\u00fa seo air: \u201cMar is sa chro\u00ed a bh\u00edonn an creideamh a fh\u00edr\u00e9ana\u00edonn agus sa bh\u00e9al a bhionn an admh\u00e1il a shl\u00e1na\u00edonn\u201d. Dar le daoine n\u00f3 gr\u00fapa\u00ed \u00e1irithe amhail Cr\u00edostaithe Athbhreithe agus Cr\u00edostaithe Cinc\u00edseacha, is leor seo mar admh\u00e1il chreidimh beag beann ar aon Eaglais eagraithe. Ionann sin agus dearmad glan a dh\u00e9anamh de chomhth\u00e9acs na Cr\u00e9 agus an Eaglais eagraithe a bhfuil tagairt sa litir seo d\u00ed. Go gairid ina dhiaidh an l\u00e9acht seo scr\u00edobhann P\u00f3l sa litir ch\u00e9anna (R\u00f3mh. 10:14): \u201cAch conas a ghlaofaidis ar an t\u00e9 n\u00e1r chreid siad ann? Agus conas a chreidfidis sa t\u00e9 n\u00e1r chuala siad tr\u00e1cht air? Agus conas a chloisfidis tr\u00e1cht air gan duine \u00e1 fh\u00f3gairt d\u00f3ibh? Agus conas a dh\u00e9anfadh daoine \u00e9 a fh\u00f3gairt mura gcuirtear amach iad chuige sin?\u201d Sna t\u00e9acsanna seo t\u00e1 tagairt do fh\u00edr\u00e9antacht sa chro\u00ed, agus sl\u00e1n\u00fa san admh\u00e1il. Baineann f\u00edr\u00e9antacht leis an saol seo, sl\u00e1n\u00fa leis an saol eile, mar bhuaic ar an fh\u00edr\u00e9antacht agus an saol seo.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I ndiaidh na mbriathra breise sin, is f\u00e9idir filleadh ar th\u00e9asc an lae inniu. Eascra\u00edonn foirmli\u00fa th\u00e9acs na Cr\u00e9 \u00f3n imn\u00ed agus buaireamh a bh\u00ed ar Ph\u00f3l toisc gur dhi\u00faltaigh a phobal f\u00e9in, na Gi\u00fadaigh, glacadh le Cr\u00edost, an Meisias. Tiomna\u00edonn s\u00e9 tr\u00ed chaibideal (R\u00f3mh\u00e1naigh 9-11) do phl\u00e9 na faidhbe agus na r\u00fandiamhaire sin. Tuigtear foirmli\u00fa dl\u00fa na Cr\u00e9 Cr\u00edosta\u00ed seo nuair a l\u00e9itear \u00ed tar \u00e9is an tsleachta a chuaigh d\u00edreach roimhe (R\u00f3mh\u00e1naigh 10:1-7). Ag labhairt faoina phobal ion\u00fain Gi\u00fadach f\u00e9in n\u00e1r chreid, deir P\u00f3l: \u201cGo deimhin, a bhr\u00e1ithre agus a shi\u00faracha, is \u00e9 mian mo chro\u00ed \u00e9 agus mo ghu\u00ed chun D\u00e9 orthu go sl\u00e1nofa\u00ed iad. Tugaim fianaise orthu go bhfuil d\u00edograis acu do Dhia ach nach d\u00edograis dea-eolais \u00e9. Mar nuair n\u00e1r aithin siad f\u00edr\u00e9antacht D\u00e9 ach iad ag iarraidh a bhf\u00edr\u00e9antacht f\u00e9in a bhun\u00fa, n\u00edor gh\u00e9ill siad d\u2019fh\u00edr\u00e9antacht D\u00e9. Mar is \u00e9 Cr\u00edost buaic (cr\u00edoch) an Dl\u00ed chun f\u00edr\u00e9antachta an uile dhuine a chreideann ann\u201d. Admha\u00edonn P\u00f3l go fonnmhar go raibh d\u00edograis agus d\u00fathracht ag a ph\u00f3bal Gi\u00fadach f\u00e9in chun D\u00e9, faoi mar a bh\u00ed aige f\u00e9in sul ar iompa\u00edodh \u00e9 chun Chr\u00edost. Ach bh\u00ed an d\u00edograis seo d\u00edrithe ar an Dli Gi\u00fadach. Sa bhreis ar seo, deir P\u00f3l nach raibh an d\u00edograis seo dea-eolach, lena chialla\u00edonn s\u00e9 nach raibh s\u00ed oscailte do l\u00e1ithreacht ghn\u00edomhach D\u00e9 i gCr\u00edost. N\u00ed raibh s\u00e9 dea-eolach toisc n\u00e1r ghlac s\u00ed le Cr\u00edost, ar ab ionann \u00e9 do Ph\u00f3l agus don Eaglais Chr\u00edosta\u00ed agus buaic agus cr\u00edoch an Dl\u00ed, riaradh D\u00e9 tr\u00ed Dhl\u00ed Mhaois agus gach ar sheas s\u00e9 d\u00f3, buaic sa chiall gurb \u00e9 Cr\u00edost an aidhm ar a raibh an Dl\u00ed d\u00edrithe, agus cr\u00edoch sa chiall gur th\u00e1inig deireadh leis an Dl\u00ed, le riaradh D\u00e9 sin, le Cr\u00edost. Luann P\u00f3l cuid de th\u00e9acs as Deotranaim\u00ed 30:14: \u201cT\u00e1 an briathar in ngar duit, t\u00e1 s\u00e9 i do bh\u00e9al agus i do chro\u00ed\u201d, agus dearbha\u00edonn gurb \u00ed teachtaireacht an tSoisc\u00e9il, an creideamh a fhogra\u00edonn s\u00e9 f\u00e9in, an briathar sin. Ansin d\u00e9anann P\u00f3l imeartas focal ar an d\u00e1 th\u00e9arma l\u00e1rnacha: beola agus cro\u00ed, admh\u00e1il chreidimh leis na beola (sa bhaisteadh) agus ag creidi\u00faint sa chro\u00ed. An bh\u00e9im at\u00e1 aige anseo n\u00e1 gur tr\u00ed chreideamh i gCriost, seachas tr\u00ed ghn\u00edomhartha an Dl\u00ed Ghi\u00fadaigh n\u00f3 tr\u00ed thraidisi\u00fan ar bith eile, a fh\u00edr\u00e9antar Criostaithe, a dh\u00e9antar baill de theaghlach nua D\u00e9 iad, le bheith in ann glaoch ar Dhia mar \u201cAthair\u201d. Cuireann an creideamh i gCr\u00edost an sl\u00e1nu ar f\u00e1il do ch\u00e1ch, is cuma faoi st\u00e1das soisialta, chine, dhath n\u00f3 ghn\u00e9as,<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 4:1-13). <em>Seoladh \u00cdosa faoi lu\u00ed an Spioraid san fh\u00e1sach \u00e1 phromhadh ag an diabhal. <\/em>An sliocht seo \u00f3n Soisc\u00e9al, soisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is i mbliana, faoi phromhadh \u00cdosa san fh\u00e1sach, l\u00e9itear \u00e9 sa ch\u00e9ad Domhnach seo den Charghas gach bliain le tabhairt len\u00e1r n-aire an s\u00e9as\u00far naofa seo at\u00e1 ag tos\u00fa. Is fi\u00fa an l\u00e9acht seo a thuiscint ina shu\u00edomh sa Soisc\u00e9al f\u00e9in, d\u00edreach tar \u00e9is bhaiste \u00cdosa. Ag a bhaisteadh sa Iord\u00e1in, nuair a bh\u00ed \u00cdosa ag gu\u00ed, thuirling an Spiorad Naomh air agus th\u00e1inig gl\u00f3r an Athar \u00f3 na flaithis \u00e1 r\u00e1: \u201cIs t\u00fa mo Mhac muirneach; is duitse a thug m\u00e9 gnaoi\u201d. Agus ansin th\u00e1inig \u00cdosa, agus \u00e9 l\u00e1n de Spiorad Naomh, ar ais \u00f3n Iord\u00e1in agus seoladh \u00e9 faoi lu\u00ed an Spioraid san fh\u00e1sach. Tosa\u00edonn an diabhal a chuid cathaithe leis na briathra: \u201cM\u00e1s t\u00fa Mac D\u00e9\u201d. F\u00f3gra\u00edodh \u00cdosa mar Mhac D\u00e9 ag a bhaisteadh, agus cuirtear cath\u00fa air, promhtar \u00e9, leas a bhaint as an st\u00e1das sin, le m\u00edort\u00failti a dh\u00e9anamh le s\u00e1samh a thabhairt d\u00e1 ocras, le glacadh leis an diabhal mar thiarna ar an domhan agus st\u00e1das a ghlacadh uaidh, agus l\u00e9im mh\u00edort\u00failteach fheice\u00e1lach a th\u00f3gaint \u00f3 bhinn an Teampaill (m\u00edor\u00failt a a dh\u00e9anfadh an Meisias de r\u00e9ir thraidisi\u00fan amh\u00e1in Gi\u00fadach, de r\u00e9ir dealraimh). An ch\u00e9ad \u00c1dhamh sa ghairdin, b\u00edodh gur daonna \u00e9, gh\u00e9ill s\u00e9 do chath\u00fa an d\u00edabhail a bheith cos\u00fail le Dia. Deanfaidh \u00cdosa, an Dara h\u00c1dhamh, a mhalairt. Mar a chuireann an luath-iomann Cr\u00edosta\u00ed \u00e9 (Filipigh 2:6-11): \u00cdosa, a bh\u00ed i riocht D\u00e9 \u00f3 dh\u00fachas, n\u00edorbh \u00e9ad\u00e1il leis bheith ar chomhch\u00e9im le Dia, ach lom s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in agus chuir air riocht an scl\u00e1bha, agus th\u00e1inig chun bheith ina dhuine mar ch\u00e1ch eile. Cuireadh cath\u00fa ar \u00cdosa, promhadh \u00e9, mar gach neach daonna eile, ach amh\u00e1in n\u00e1r gh\u00e9ill s\u00e9. Glaotar ar Cr\u00edostaithe bheith ar aon mheon le h\u00cdosa Criost.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Teachtaireacht an Charghais. An Chr\u00e9 l\u00e1rnach Chr\u00edosta\u00ed. Creideamh, reiligi\u00fan agus Spiorad\u00e1ltac<\/em><em>ht<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Tugann l\u00e9achtai an lae inniu deis d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar ch\u00fapla f\u00edrinne l\u00e1rnacha den Chr\u00edosta\u00edocht. Glaonn an Chr\u00e9 sa ch\u00e9ad l\u00e9acht ar Iosrael machnamh a dh\u00e9anamh ar mhaitheas D\u00e9 d\u00f3ibh san am a bh\u00ed thart. Is \u00ed teachtaireacht na Cr\u00e9 sa dara l\u00e9acht n\u00e1 go bhfuil r\u00e9 \u00e1irithe de stair Iosrael thart le teacht Chriost. Sa chreideamh, agus i seirbh\u00eds D\u00e9 bheo, is \u00e9 an rud t\u00e1bhachtach n\u00e1 beatha i gCr\u00edost agus an fh\u00edr\u00e9antacht, an caidreamh ceart le Dia, a thugann s\u00e9. D\u00e9anann P\u00f3l codarsnacht idir na hiarrachta\u00ed f\u00edr\u00e9antacht d\u00e1r gcuid f\u00e9in a bhuan\u00fa agus an fh\u00edr\u00e9antacht a thagann \u00f3 Dhia. An rud t\u00e1bhachtach sa r\u00e9 Chr\u00edosta\u00ed nua n\u00e1 creideamh i gCr\u00edost agus a ainm a admh\u00e1il go hoscailte. Ionann an creideamh sin agus glacadh le saothar D\u00e9 in \u00cdosa agus gniomh\u00fa Chr\u00edost ar son an duine aonair agus na hEaglaise a bhunaigh s\u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Rud a eascra\u00edonn as t\u00e9acs Ph\u00f3il sa litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh sa dara l\u00e9acht faoi admh\u00e1il i do bh\u00e9al gurbh \u00e9 \u00cdosa an Tiarna agus creidi\u00faint i do chro\u00ed gur thug Dia \u00f3 mhairbh \u00e9 go sl\u00e1n\u00f3far th\u00fa, n\u00e1 tuairim daoine \u00e1irithe gur leor sin mar chreideamh beag beann ar aon eaglais. T\u00e9ann daoine eile n\u00edos faide n\u00e1 sin \u00e1 ma\u00edomh gur leor do dhuine spiorad\u00e1ltacht, agus gur rud di\u00faltach an reiligi\u00fan, n\u00f3 creideamh, gur deas n\u00f3 gur geal leo spiorad\u00e1ltacht, ach nach gcleachtann siad \u201creiligi\u00fan\u201d, amhail freastal ar eaglais n\u00f3 cleachtadh creidimh, go bhfuil gaol n\u00f3 caidreamh acu le Dia tr\u00ed spiorad\u00e1ltacht, gan reiligi\u00fan. T\u00e1 a thuilleadh ann a leagann b\u00e9im ar spiorad\u00e1ltacht, mar thr\u00e9ith n\u00f3 gn\u00edomh\u00fa den spiorad daonna, gan aon tagairt do Dhia. Sin cuid den saol ina mhairimid. Is deas, ar nd\u00f3igh, an sp\u00e9is i spiorad an duine agus sa spiorad\u00e1ltacht. Ach do chreidmhigh Chriosta\u00ed ionann f\u00edor-spiorad\u00e1ltacht agus gn\u00edomh\u00fa an Spioraid Naoimh, a thugann bronntanas an chreidimh, agus an mhuin\u00edn, n\u00f3 d\u00e1nacht, glaoch ar Dhia mar Athair. Tugann an spiorad\u00e1ltacht seo caidreamh le Dia, le Cr\u00edost, leis an Spiorad Naomh in Eaglais Chr\u00edost \u2013 reiligi\u00fan, nasc le Dia, \u00e9 sin de r\u00e9ir bhunbhr\u00ed fhr\u00e9amh an fhocail Laidine sin <em>religio, <\/em>\u201cNasc\u201d<em>.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I ndiaidh an mhachnaimh sin is f\u00e9idir linn filleadh ar thr\u00e9imhse an Charghais agus a teachtairachta\u00ed \u00e9ags\u00fala. N\u00ed tr\u00e1th do ruda\u00ed seachtracha amh\u00e1in, saic\u00e9adach agus luaithreach, \u00e9 an Carghas. Is tr\u00e9imhse dachad l\u00e1 \u00e9 le machnamh a dh\u00e9anamh ar an r\u00fandiamhair Chr\u00edosta\u00ed, ar an mbeatha Chr\u00edosta\u00ed i gCr\u00edost, ar dh\u00ednit na pearsan daonna agus na cont\u00fairt\u00ed ann d\u00f3, agus ar fhreagra D\u00e9 tr\u00ed Chriost ar na ceisteanna sin. Is gairm \u00e9 an Carghas droim l\u00e1imhe a thabhairt do luachanna br\u00e9agacha, agus casadh ar theachtaireacht an tSoisc\u00e9il. Is tr\u00e1th \u00e9 an Carghas do mhachnamh agus do dheabh\u00f3id. D\u00e9antar an creideamh a choth\u00fa tr\u00ed dheab\u00f3id, deabh\u00f3id phearsanta agus phobail, p\u00e9 acu sa phar\u00f3iste n\u00f3 sa teaghlach. N\u00ed g\u00e1 go mbeadh deabh\u00f3id feice\u00e1lach. Is f\u00e9idir lei a bheith pearsanta agus ci\u00fain, amhail machnamh ar an Aoine ar ghlaoch \u00cdosa \u00e9 a lean\u00faint, agus in on\u00f3ir na P\u00e1ise staonadh \u00f3 fheoil (iasc n\u00f3 rud eile in a hionad) ag an bpr\u00edomh-bh\u00e9ile. Agus t\u00e1 sl\u00edte iomad\u00fala eile ann.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teachtaireacht &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1753","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1753","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1753"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1753\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1807,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1753\/revisions\/1807"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1753"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1753"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1753"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}