{"id":176,"date":"2014-03-08T00:09:43","date_gmt":"2014-03-08T00:09:43","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=176"},"modified":"2014-03-08T00:09:43","modified_gmt":"2014-03-08T00:09:43","slug":"9-marta-2014-a-cead-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=176","title":{"rendered":"9 M\u00e1rta 2014 (A) C\u00e9ad Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">9 M\u00e1rta 2014 (A) C\u00e9ad Domhnach den Charghas<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bua Chr\u00edost agus aontacht leis<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">C\u00e9ad L\u00e9acht (Genesis 2:7-9; 3:1-7). Cruth\u00fa agus peaca an tsinsir.<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">T\u00e1 dh\u00e1 shliocht gairid sa l\u00e9acht seo a th\u00e9ann lena bhfuil le r\u00e1 ag P\u00f3l sa dara l\u00e9acht. Cuireann an ch\u00e9ad sliocht s\u00edos ar chruth\u00fa, n\u00f3 ar chumadh, an duine (san Eabhrais adam) de chr\u00e9 na tal\u00fan (san Eabhrais adamah), le laige an duine dhaonna a chur in i\u00fal. T\u00e1 cur i l\u00e1thair picti\u00fartha againn anseo ar chruth\u00fa, n\u00f3 chumadh, an duine: duine as ithir ina sh\u00e9ideann Dia an\u00e1il na beatha ina phollair\u00ed, agus ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine. Agus bh\u00ed todhcha\u00ed shuntasach in aigne D\u00e9 don duine. Phlandaigh s\u00e9 parthas, gaird\u00edn, in \u00c9idin, san oirthear d\u00f3. Logainm \u00e9 \u00c9idin, nach fios (agus gur cuma) c\u00e1 raibh s\u00e9. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed do Ghi\u00fadaigh agus do Chr\u00edosta\u00edthe b\u2019ionann \u00c9idin agus Parthas, ar talamh n\u00f3 ar neamh. Chuir Dia \u00c1dhamh sa ghaird\u00edn sin le saorchead toradh a ithe as gach crann sa ghaird\u00edn, seachas crann fhios na maitheasa agus an oilc. B\u2019sin an t-aon aithne dhi\u00faltach a bh\u00ed air, lena umhla\u00edocht do Dhia a phromhadh. Cuireann an B\u00edobla s\u00edos chomh maith ar ar chruth\u00fa \u00c9abha, c\u00e9ile c\u00fanta a dhiongbh\u00e1la do \u00c1dhamh, ach f\u00e1gtar ar l\u00e1r sa l\u00e9acht seo \u00e9 gan aire a th\u00f3gaint \u00f3n d\u00e1 phointe l\u00e1rnacha: cruth\u00fa agus peaca an tsinsir. .<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Cuireann an dara m\u00edr s\u00edos ar an gcath\u00fa a cuireadh ar na sinsir sin. Ag dul le cur i l\u00e1thair picti\u00fartha an tsleachta tugtar an nathair nimhe ar an gcathaitheoir. N\u00edos deana\u00ed sa traidisi\u00fan Gi\u00fadach agus Cr\u00edosta\u00ed t\u00f3gadh gurb \u00e9 Satan, an Diabhal, \u00e9. T\u00e1 s\u00e9 glic, agus fios a cheirde aige conas cath\u00fa a chur. Deir s\u00e9 le \u00c9abha go raibh Dia ag buaileadh bob orthu agus d\u00e1 n-\u00edosfaidis as an chrann go mbeidis cos\u00fail le d\u00e9ithe agus fios na maitheadsa agus an oilc acu. D\u2019itheadar an toradh (tugadh \u00fall air n\u00edos d\u00e9ana\u00ed) agus oscailt s\u00fal a bh\u00ed ann d\u00f3ibh, n\u00ed cos\u00fail le d\u00e9ithe ach mar daoine laga, gan ionracas. Roimh an bpeaca bh\u00edodar ionraic, agus lomnocht, ach gan aon n\u00e1ire orthu. Anois chonaiceadar go rabhadar nocht, agus n\u00e1ire orthu \u00f3 thaobh gn\u00e9is agus laige an n\u00e1d\u00fair dhaonna. Bh\u00ed an tubaiste tite amach d\u00e1 mbarr agus r\u00e9 nua anr\u00f3 ann don chine daonna.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 50[51]). D\u00e9an tr\u00f3caire orainn, a Dhia, mar gur pheaca\u00edomar.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Dara L\u00e9acht (R\u00f3mh\u00e1naigh 5:12-19). An \u00e1it ar mh\u00e9adaigh ar an bpeaca is m\u00f3 f\u00f3s a mh\u00e9adaigh ar an ngr\u00e1sta.<\/h3>\n<p>Ag machnamh thart ar an mbliain 30 roimh Chr\u00edost ar chuntas an Bh\u00edobla ar chruth\u00fa an duine agus ar an bpeaca a lean \u00e9, scr\u00edobh \u00fadar Leabhar na hEagna (2:23-24) gur chruthaigh Dia an duine chun nachn bhfaigheadh s\u00e9 b\u00e1s go deo. Ar dheilbh a n\u00e1d\u00fair f\u00e9in a rinne s\u00e9 \u00e9. Tr\u00ed \u00e9ad an diabhail th\u00e1inig an b\u00e1s isteach sa saol, agus is iad na daoine at\u00e1 i bpairt leis-sean a bhlaisfidh \u00e9. I l\u00e9acht an lae inniu roinneann P\u00f3l linn a mhachnamh ar chuntas c\u00e9anna sin leabhar Genesis ar \u00c1dhamh, an ch\u00e9ad \u00c1dhamh (duine), ach le compar\u00e1id a dh\u00e9anamh leis an leigheas ar an dtubaiste a dh\u00e9anann Cr\u00edost, an dara \u00c1dhamh. Th\u00e1inig an b\u00e1s, b\u00e1s an anama agus an choirp, isteach sa saol tr\u00ed pheaca an tsinsir. Cuireann an sliocht an peaca agus an b\u00e1s in\u00e1r l\u00e1thair mar fh\u00f3rsa\u00ed pearsanaithe. Bh\u00ed, agus t\u00e1, an cine daonna go l\u00e9ir gafa i sl\u00ed \u00e9igin i peaca sin an tsinsir. Sl\u00ed amh\u00e1in le sin a mh\u00edni\u00fa n\u00e1 tr\u00edd an dteagasc tradisi\u00fanta ar pheac an an tsinsir, ach n\u00edl s\u00e9 deimhin go raibh ain ina aigne ag P\u00f3l. Ar aon chuma t\u00e1 ceangal i sl\u00ed \u00e9igin ag gach peaca pearsanta le peaca sin an tsinsir sa gh\u00e1ird\u00edn. Ach mar a d\u00faramar, n\u00ed sin is pr\u00edomh-ch\u00faram do Ph\u00f3l, ach an leigheas a thug Cr\u00edost, an Dara \u00c1dhamh, ar an dtubaiste tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9. Mar adeir P\u00f3l ag deireadh na l\u00e9achta: \u201cFaoi mar a rinneadh peacaigh de mh\u00f3r\u00e1n tr\u00ed easumhla\u00edocht an aon duine amh\u00e1in (\u00c1dhamh), ar an gcuma ch\u00e9anna d\u00e9anfar f\u00edr\u00e9in de mh\u00f3r\u00e1n tr\u00ed umhla\u00edocht an aon duine amh\u00e1in\u201d (Cr\u00edost). .<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (Matha 4:1-11). D\u00e9anann \u00cdosa troscadh ar feadh daichead l\u00e1 agus cuirtear cath\u00fa air.<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">T\u00e1imid ag t\u00fas (inid) an Charghais inniu, agus i sliocht an tsoisc\u00e9il t\u00e1imid ag t\u00fas bheatha phoibl\u00ed Chr\u00edost, d\u00edreach tar \u00e9is a bhaisteadh le Eoin Baiste. Mar a d\u00fairt Matha linn, d\u00edreach tar \u00e9is a bhaiste do \u00cdosa, oscla\u00edodh na flaithis d\u00f3 agus chonaic s\u00e9 Spiorad D\u00e9 ag teacht anuas agus ag tuirlingt air. Agus th\u00e1inig gl\u00f3r (an Athar) \u00f3na flaithis a d\u00fairt: \u201cIs \u00e9 seo mo Mhac muirneach d\u00e1r thug m\u00e9 gnaoi\u201d. Is \u00e9 an Spiorad c\u00e9anna sin, Spiorad an Athar, a sheol \u00cdosa isteach san fhasach le promhadh ag an diabhal. Ba chuid de phlean D\u00e9 d\u2019\u00cdosa an promhadh sin. Cuireann an daichead l\u00e1 agus o\u00edche i gcuimhne d\u00fainn, mar a rinne do na l\u00e9itheoir\u00ed tosaigh, coinne Mhaois le Dia ar Shliabh Sina agus an daichead bliain ag Israel san fh\u00e1sach ar a shl\u00ed go dt\u00ed T\u00edr Tairingre. Promhadh Iosrael san fh\u00e1sach sin agus pheacaigh s\u00e9. Bh\u00ed s\u00e9 m\u00eddh\u00edlis do Dhia. Maois Nua agus Iosrael Nua \u00e9 \u00cdosa agus beidh an bua aige ar an diabhal, an cathaitheoir. Cuirfear cath\u00fa ar \u00cdosa ar feadh a shaoil; ag Peadar f\u00e9in nuair a rinne s\u00e9 iarracht \u00cdosa a chur \u00f3 phian na croise. D\u00fairt \u00cdosa le Peadar: \u201cSiar im dhiaidh, a Sh\u00e1tain! Is ceap tuisle dom th\u00fa, mar n\u00ed hiad smaointe D\u00e9 at\u00e1 id aigne ach smaointe daoine\u201d. Cuireann an diabhal chun a chuid oibre le stuaim. Glacann s\u00e9 le guth an Athar \u00f3 neamh ag an baisteadh gur Mac D\u00e9 \u00e9 \u00cdosa, agus iarann air leas a bhaint as a ghradam le mior\u00failt\u00ed, fi\u00fa ag baint \u00fas\u00e1ide as t\u00e9acs den Bh\u00edobla. Tugann \u00cdosa freagra air faoi thr\u00ed le t\u00e9acsanna as Leabhar Deotrainim\u00ed, ina raibh tagairt do Iosrael san fh\u00e1sach. Is \u00ed is aidhm don sliocht seo faoi throscadh agus chath\u00fa ar \u00cdosa n\u00e1 sinn a dh\u00e9anamh deimhin de gur duine dinn f\u00e9in \u00e9 \u00cdosa, a shi\u00fail in\u00e1r measc, mar a chuirtear go soil\u00e9ir \u00e9 sa Litir chuig na hEabhraigh: N\u00edorbh fhol\u00e1ir d\u2019Iosa bheith cos\u00fail lena bhr\u00e1ithre i ngach sl\u00ed ionas go mbeadh s\u00e9 ina arsagart tr\u00f3caireach d\u00edlis i seirbhis De. Aidhm eile don l\u00e9acht n\u00e1 a mheabhr\u00fa d\u00fainne, braithre agus deirfi\u00faracha Chriost, Cr\u00edost san fhasach agus ina a throscadh a th\u00f3gaint mar eiseaml\u00e1ir in\u00e1r mbeatha le urna\u00ed agus troscadh le go mbeadh toradh in\u00e1r l\u00e1 f\u00e9in ar a rinne \u00cdosa d\u00fainn. .<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bua Chr\u00edost agus aontacht leis<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">T\u00e1 \u00e1bhar machnaimh ann d\u00fainn i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu, agus bonn chomh maith do agallamh le saol an lae inniu. T\u00e1imid ag t\u00fas an Charghais, agus sa saol sibhialta cuirtear an cheist ar ch\u00f3ir d\u00fainn scor le deasghn\u00e1tha agus eile a bhaineann leis an Carghas i saol tuata, saolta, d\u00ed-eaglais\u00edoch seo an lae inniu. B\u00edodh a rogha acu si\u00fad, ach do chreidmhigh n\u00ed m\u00f3r ceacht an Charghais a choime\u00e1d os comhair \u00e1r n-aigne, is \u00e9 sin gur ann f\u00f3s don pheaca, do chath\u00fa, bheatha, b\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus a bhua ar na bpeaca agus an laige dhaonna. Is ann chomh maith don chath\u00fa de gach saghas d\u00fainne daoine daonna. Gu\u00edmid gach l\u00e1 ar Dhia gan sin a ligint in gcath\u00fa. T\u00e1 cathuithe de shaghasanna iomad\u00fala ann inniu: le drom a thabhairt do chreideamh i gCr\u00edost n\u00f3 i nDia, le maireacht\u00e1il de r\u00e9ir luachanna an lae at\u00e1 contrartha don Soisc\u00e9al agus do theagasc na hEaglaise seachas clo\u00ed leo, maidir le c\u00farsa\u00ed an teaghlaigh, naofacht an choirp de r\u00e9ir teagasc an Tiomna Nua agus mar sin de. T\u00e1 an Eaglais f\u00e9in ag machnamh ar na c\u00farsa\u00ed i l\u00e1thair na huaire.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">D\u2019iarr \u00cdosa tr\u00e1th ar a dheisceabail faire a dh\u00e9anamh in aonacht leis. T\u00e1 a leith\u00e9id de chuireadh againn anois ag t\u00fas an Charghais: machnamh a dheanamh feadh thr\u00e9imhse an Charghais ar chreideamh i gCr\u00edost agus san eaglais, agus bheith aontaithe le Cr\u00edost sa chreideamh sin le staonadh de shaghas \u00e9igin, lena mheabhr\u00fa d\u00fainn f\u00e9in nach dtagann beatha n\u00f3 borradh san eaglais gan urna\u00ed agus troscadh de shaghas \u00e9igin. Ag smaoineamh a d\u00fairt \u00cdosa le Peadar: B\u00edodh smaointe D\u00e9 againn seachas smaointe daoine.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>9 M\u00e1rta 2014 (A) C\u00e9ad Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-176","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/176","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=176"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/176\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=176"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=176"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=176"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}