{"id":1762,"date":"2022-03-07T17:10:00","date_gmt":"2022-03-07T17:10:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1762"},"modified":"2022-02-22T09:31:52","modified_gmt":"2022-02-22T09:31:52","slug":"13-march-2022-c-dara-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1762","title":{"rendered":"13 March 2022 (C) Dara Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Athr\u00fa crutha an Chr\u00edosta\u00ed i gCr\u00edost. Daingnithe sa gCreideamh<\/em><\/li><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Genesis 15:5-12, 17-18). <em>D\u00e9anann Dia conradh le hAbrah\u00e1m f\u00edr\u00e9an. <\/em>Nuair a ghlaoigh Dia ar Abr\u00e1m c\u00e9aduair (a dh\u00e9anfar athr\u00fa ar a ainm n\u00edos d\u00e9anai go Abrah\u00e1m) \u00f3 \u00dar na gCaild\u00e9ach, gheall s\u00e9 d\u00f3 go nd\u00e9anfadh s\u00e9 n\u00e1isi\u00fan m\u00f3r de agus gur tr\u00edd a dh\u00e9anfadh cin\u00edocha uile an domhain iad f\u00e9in a bheann\u00fa (n\u00f3 gur tr\u00edd a bheann\u00f3far iad) (Genesis 12:2-3). Blianta ina dhiaidh sin, b\u00edodh go raibh Abr\u00e1m gan mac n\u00f3 oidhre, rinne Dia an gealltanas c\u00e9anna d\u00f3. Chreid Abr\u00e1m sa Tiarna agus mheas an Tiarna mar fh\u00edr\u00e9antacht aige \u00e9 sin. Is d\u00f3cha gurb \u00e9 is br\u00ed leis an t\u00e9arma \u201cf\u00edr\u00e9antacht\u201d anseo n\u00e1 staid anam Abr\u00e1m, ag glacadh go humhal le gealltanas D\u00e9 d\u2019ainneoin easpa aon fhianaise ina fh\u00e1bhar, sin le r\u00e1 aon fhianaise seachas d\u00edlseacht D\u00e9. Do Chr\u00edostaithe is ceann de mh\u00f3rth\u00e9acsanna an tSeantiomna \u00e9 seo. Baineann P\u00f3l feidhm as lena l\u00e9iri\u00fa gur tr\u00ed chreideamh i gCr\u00edost a thagann an sl\u00e1n\u00fa, seachas tr\u00ed \u201coibreacha an Dl\u00ed\u201d, cleachtadh Dl\u00ed na nGi\u00fadach. Baineann S\u00e9amas (S\u00e9amus 2:26) feidhm as, mar aon le t\u00e9acsanna eile, le l\u00e9iri\u00fa gur marbh an creideamh gan dea-oibreacha.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; L\u00e1rth\u00e9ama na l\u00e9achta, ag tr\u00e1cht ar chonradh D\u00e9 le Abr\u00e1m, is ceann de na t\u00e9acsanna is t\u00e1bhachta\u00ed den tSeantiomna \u00e9. Mar ch\u00falra don chonradh seo t\u00e1 gn\u00e1sanna f\u00edor\u00e1rsa, ceann d\u00edobh n\u00e1 \u00edobairt ainmhithe \u00e1irithe, agus iad a roinnt ina dh\u00e1 chuid, agus ag su\u00edomh na ranna roinnte i ndh\u00e1 l\u00edne, iad ag tabhairt aghaidh ar a ch\u00e9ile. Shi\u00faladh p\u00e1irtithe an chonartha idir an d\u00e1 line, agus an bhr\u00ed a bh\u00ed leis seo n\u00e1 d\u00e1 bhfeallfadh ceachtar den d\u00e1 ph\u00e1irt\u00ed ar th\u00e9arma\u00ed an chonartha agus na mionna\u00ed a ghabh leis, go mbeidis gearrtha i gcodanna faoi mar a bh\u00ed ainmhithe an chonartha. N\u00edl s\u00e9 soil\u00e9ir cad is br\u00ed leis an \u00e9anlaith chreiche a th\u00e1inig anuas ar na conablaigh: naimhde b\u2019fh\u00e9idir a raibh ar intinn acu an conradh a scrios. Ina thromchodladh misti\u00fail bh\u00ed aisling ag Abr\u00e1m de Dhia ag d\u00e9anamh an chonartha (Dia curtha in i\u00fal ag an fhoirn\u00e9is deataigh tine agus an l\u00f3chrann ar lasadh ag gabh\u00e1il idir na codanna roinnte). Sa chodladh misti\u00fail sin bheadh gealltanas D\u00e9 faighte ag Abr\u00e1m faoi thodhcha\u00ed ghl\u00f3rmhar d\u00e1 shliocht (le seilbh na tal\u00fan \u00f3n N\u00edl go dt\u00ed an Eofrait).<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; San fh\u00eds sin ar an gconradh agus todhcha\u00ed a sh\u00edl, a shleachta, ina dh\u00e9anfadh cin\u00edocha uile an domhain iad f\u00e9in a bheann\u00fa (n\u00f3 ina mbeidis beannaithe) (Genesis 22:18), d\u2019fh\u00e9adfadh gl\u00faine ina dhiaidh sin tagairt a fheice\u00e1il ann do sh\u00edol Abrah\u00e1m agus Dh\u00e1iv\u00ed, an Meisias. I diosp\u00f3ireacht maidir le \u00e1it Abrah\u00e1m ina gcreideamh agus a n-oidhreacht, d\u00fairt \u00cdosa leis na Gi\u00fadaigh (Eoin 8:56): \u201cRinne Abrah\u00e1m bhur n-athair l\u00fach\u00e1ir go bhfeicfeadh s\u00e9 mo l\u00e1-sa. Chonaic, agus bhi \u00e1thas air\u201d. B\u2019fh\u00e9idir go raibh codladh sin misti\u00fail Abrah\u00e1m ina aigne ag \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 26[27]]). <em>Is \u00e9 an Tiarna mo sholas agus mo shl\u00e1n\u00fa.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Filipigh 3:17-4:1). <em>Cuirfidh Cr\u00edost athr\u00fa crutha ar \u00e1r gcorp \u00e1 mh\u00fanl\u00fa i gcos\u00falacht a choirp ghl\u00f3rmhair f\u00e9in. <\/em>N\u00edos luaithe sa chaibideal as a dt\u00f3gtar an sliocht seo, cuireann P\u00f3l an eaglais i bFilipe ar a hairdeall faoi thionchair \u00f3n dtaobh amuigh den chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed. Luaigh s\u00e9 go raibh na bunt\u00e1isti a bh\u00ed aige f\u00e9in curtha uaidh aige ionas le bheith d\u00edlis do Chr\u00edost. Sa l\u00e9acht seo imp\u00edonn s\u00e9 orthu aithris a dh\u00e9anamh air f\u00e9in, agus ar na daoine eile a dh\u00e9anann de r\u00e9ir an tsampla a thug s\u00e9 d\u00f3ibh. N\u00edl aon cheist faoi aon \u00e9ir\u00ed in airde \u00f3 thaobh Ph\u00f3il anseo. Anois deir s\u00e9 leo go deorach go bhfuil m\u00f3r\u00e1n at\u00e1 ina naimhde do chros Chr\u00edost lena ngn\u00edomhartha m\u00edn\u00e1ireacha, ina n-eaglais f\u00e9in, i bhFilipe n\u00ed fol\u00e1ir. N\u00ed shonra\u00edonn s\u00e9 c\u00e9 hiad na gn\u00edomhartha m\u00edn\u00e1ireacha at\u00e1 i gceist, ach gur nithe a bhain lei an saol seo iad, a mhalairt de bheatha na bhf\u00edor-Cr\u00edostaithe gurbh \u00e9 neamh a mbaile d\u00fachais, a dt\u00edr dh\u00fachais. Ba choil\u00edneacht R\u00f3mh\u00e1nach Filipe agus ba mh\u00f3r an rud saor\u00e1nacht R\u00f3mh\u00e1nach a bheith ag duine. Bh\u00ed P\u00f3l f\u00e9in br\u00f3d\u00fail as; saor\u00e1nacht a bh\u00ed aige \u00f3 dh\u00fachas (Gn\u00edomhartha 21:39; 22:28). Seans go raibh na Cr\u00edostaithe saolta sin leis na gn\u00edomhartha m\u00edn\u00e1ireacha \u00e1 meas f\u00e9in ach go h\u00e1irithe mar shaor\u00e1naigh R\u00f3mh\u00e1nacha, ag meas gurbh \u00ed an tsaor\u00e1nacht saolta R\u00f3mh\u00e1nach sin an rud ba th\u00e1bhachta\u00ed. B\u2019fh\u00e9idir go raibh baint acu, i sl\u00ed thar a bh\u00ed ceadaithe do chreidmhigh, ag c\u00f3isir\u00ed i dteampaill phag\u00e1nacha, ag meas nach raibh sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed ach sl\u00ed bheatha amh\u00e1in i measc d\u00edorma\u00ed polaiti\u00fala eile. As sin casann P\u00f3l ar an t\u201csaor\u00e1nacht\u201d cheart Chr\u00edosta\u00ed, gur ar neamh a dt\u00edr dh\u00fachais mar a bheidh a gcoirp uir\u00edsle dhaonna aithrithe le bheith cos\u00fail le corp gl\u00f3rmhar Chr\u00edost. Seo claochl\u00fa coirp sa saol eile. Ach n\u00edor ch\u00f3ir dearmad a dh\u00e9anamh de go bhfuil r\u00e1ite as P\u00f3l in \u00e1it eile (2 Corantaigh 3:18) go bhfuil claochl\u00fa ag teacht ar chreidmhigh cheana f\u00e9in sa saol seo, ag dul \u00f3na gcruth f\u00e9in chun cos\u00faileacht, \u00edomh\u00e1, Chr\u00edost, \u00f3n ngl\u00f3ir is l\u00fa go dt\u00ed an gl\u00f3ir is airde, agus sin faoi lu\u00ed Spiorad an Tiarna.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 9:28-36). <em>Sa ghu\u00ed d\u2019\u00cdosa, th\u00e1inig athr\u00fa cl\u00f3 ar a ghn\u00fais. <\/em>I ngach ceann de na tr\u00ed shoisc\u00e9al tosaigh, Matha, Marcas agus L\u00fac\u00e1s, t\u00e1 cur s\u00edos ar chlaochl\u00fa \u00cdosa, ar an athrach cl\u00f3 ar a ghn\u00fais agus a chuid \u00e9adach \u00e9irithe gl\u00e9geal lonrach. Tharla an eachtra s\u00e9 l\u00e1 (ocht l\u00e1 i L\u00fac\u00e1s) tar \u00e9is admh\u00e1il chreideamh na nAspal in \u00cdosa i gCaesairiaPhilib. Is fi\u00fa tabhairt faoi deara na b\u00e9imeanna sonracha at\u00e1 i gcuntas L\u00fac\u00e1is den eachtra. Ceann d\u00edobh n\u00e1 an bh\u00e9imar urna\u00ed \u00cdosa, mar at\u00e1 in \u00e1iteanna eile sa tSoisc\u00e9al seo. Chuaigh \u00cdosa agus an tri\u00far aspal faoi leith an sliabh suas chun gu\u00ed, agus \u00cdosa ag gu\u00ed th\u00e1inig athrach cl\u00f3 ar a ghn\u00fais. An bheirt at\u00e1 ag caint le h\u00cdosa, t\u00e1 siad san ord ceart (murab ionann i Matha agus Marcas) \u2013 Maois agus \u00c9lias. Rud sonrach do L\u00fac\u00e1s n\u00e1 \u00e9irim a gcomhr\u00e1 le h\u00cdosa \u2013 imeacht (exodus) \u00cdosa (\u00f3n saol) a bh\u00ed le tabhairt chun cr\u00edche in Iar\u00fasail\u00e9im. B\u2019ionann b\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed \u00cdosa agus exodus nua an tsl\u00e1naithe d\u2019\u00cdosa agus don Eaglais. Beidh a chorp claochlaithe, athraithe go crot gl\u00f3irithe, mar chuspa do choirp a lucht lean\u00fana d\u00edlis agus gl\u00f3irithe ar neamh. T\u00e1 tagairt d\u00f3 sin sa dara l\u00e9acht inniu.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Bh\u00ed tionchar m\u00f3r n\u00edos d\u00e9ana\u00ed ag an eisp\u00e9aras sin ar an sliabh naofa. Thug Maois and \u00c9ilias, an Dl\u00ed agus na F\u00e1ithe, fianaise d\u2019\u00cdosa agus thugadar don Eaglais tuiscint n\u00edos doimhne ar aontacht fhoilsi\u00fa phlean D\u00e9 tr\u00edd an tSeantiomna agus an Tiomna Nua. D\u00e9anann Dara Litir Naomh Pheadar (2 Peadar 1:17-19) tagairt d\u00f3. D\u2019fh\u00e1g s\u00e9 an briathar f\u00e1idhi\u00fail n\u00edos iontaofa acu.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Athr\u00fa crutha an Chr\u00edosta\u00ed i gCr\u00edost. Daingnithe sa gCreideamh<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Ceili\u00farann an Eaglais f\u00e9ile Chlaochl\u00fa an Tiarna gach bliain ar an 6 L\u00fanasa. Tugtar an r\u00fandiamhair sin chun cuimhne san Aifreann inniu chomh maith, ach i gcomhth\u00e9acs thuras \u00cdosa go hIar\u00fasail\u00e9im, Cailbhire, agus an ais\u00e9ir\u00ed maidin Dhomhnach C\u00e1sca. D\u2019fh\u00e9ach traidisi\u00fan sa Bh\u00edobla, agus traidisi\u00fan i measc na nGi\u00fadach, ar aghaidh do chlaochl\u00fa, athr\u00fa chorp na bhf\u00edr\u00e9an sa saol le teacht, d\u00f3chas at\u00e1 le fail sa Tiomna Nua chomh maith (feic 1 Corantaigh 15:40-44; 2 Corantaigh 3:18). Mar a luadh sna n\u00f3ta\u00ed ar an dara l\u00e9acht thuas, t\u00e1 an claochl\u00fa sin ag feidhmi\u00fa cheana sa saol seo, mar a bhfuil creidmhigh \u00e1 n-athr\u00fa go h\u00edomh\u00e1 \u00cdosa Cr\u00edost \u00f3 ghl\u00f3ir go gl\u00f3ir ag gr\u00e1sta Spiorad \u00cdosa ais\u00e9irithe (2 Corantaigh 3:18). Tugann an t-athr\u00fa sin orthu gan patr\u00fan an tsaoil seo a lean\u00faint ach malairt meoin a chur orthu f\u00e9in tr\u00ed athnuachan aigne, i sl\u00ed go n-aithneoidis cad is toil le Dia, agus a gcoirp a thoirbhirt ina n-\u00edobairt bheo thaitneamhach do Dhia, sin \u00e9 a n-adhradh spiorad\u00e1lta (R\u00f3mh\u00e1naigh 12:1-2).<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 \u00e1bhar saibhir machnaimh againn i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu. N\u00ed g\u00e1 ach c\u00fapla pointe a lua anseo. (1) An aontacht a fheiceann an creideamh a bheith ag rith i bhfoilsi\u00fa D\u00e1 sa tSeantiomna agus sa r\u00fandiamhair a foils\u00edodh in \u00cdosa. Gealladh d\u2019Abrah\u00e1m go mbeadh na cin\u00edocha uile beannaithe tr\u00edd, \u201cina sh\u00edol\u201d, agus ba \u00e9 Cr\u00edost an s\u00edol sin. B\u2019fh\u00e9idir go bhfaca Abrah\u00e1m ina fhis gl\u00f3ir Chr\u00edost; (2) Mar a luadh n\u00edos luaithe, meabhra\u00edonn claochl\u00fa Cr\u00edost d\u00fainn \u00e1thr\u00fa an chreidmhigh faoi ghr\u00e1sta D\u00e9 anseo ar talamh, agus athr\u00fa crutha i gcos\u00faileacht choirp ghl\u00f3rmhar Chr\u00edost ar neamh.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; (3) Mar tr\u00ed\u00fa h\u00e1bhar machnaimh is f\u00e9idir linn compar\u00e1id a dh\u00e9anamh idir phatr\u00fan na beatha Cr\u00edosta\u00ed a chuireann P\u00f3l os comhair na bhFilipeach leis an admh\u00e1il a dh\u00e9anann s\u00e9 leo go deorach go bhfuil a l\u00e1n creidmheach san eaglais sin a bhfuil a gcleachtadh, cleachtadh n\u00e1ireach, i bhfad \u00f3n bharrshamhail a leag s\u00e9 amach d\u00f3ibh. N\u00edor athtraigh c\u00farsa\u00ed san \u00e1bhar seo r\u00f3-mhor thar na blianta. Ach mar sin f\u00e9in bh\u00ed an bua ag an bharrshamhail Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu, agus eachtra chlaochl\u00fa Chr\u00edost, teachtaireacht d\u00fainn agus gairm d\u00e1r l\u00e1 f\u00e9in, agus is i an teachtaireacht sin n\u00e1 sinn a bheith daingean i gcreideamh Chr\u00edost. Ghr\u00e1igh Dia an domhan chomh m\u00f3r sin gur thug s\u00e9 a Aonghin Mic uaidh chun an gr\u00e1 sin a thaispe\u00e1int agus a ch\u00faram do gach duine aonair againn. Is teachtaireacht \u00ed r\u00fandiamhair Claochl\u00fa Chr\u00edost d\u00fainn chomh maith \u00e1it an Scriopt\u00fair in\u00e1r mbeatha agus i mbeatha na hEaglaise a aithint. T\u00e1 tinfeadh, inspior\u00e1id, D\u00e9 i ngach scriopt\u00far; is nasc \u00e9 leis an am at\u00e1 thart agus d\u00e9anann s\u00e9 daingean sinn sa chreideamh in aon deacracht a thagann in\u00e1r dtreo san am i l\u00e1thair.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Athr\u00fa &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1762","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1762","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1762"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1762\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1768,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1762\/revisions\/1768"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1762"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1762"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1762"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}