{"id":177,"date":"2014-03-14T06:59:28","date_gmt":"2014-03-14T06:59:28","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=177"},"modified":"2014-03-14T06:59:28","modified_gmt":"2014-03-14T06:59:28","slug":"16-marta-2014-a-dara-diomhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=177","title":{"rendered":"16 M\u00e1rta 2014 (A) Dara Diomhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<h2>16 M\u00e1rta 2014 (A) Dara Diomhnach den Charghas<\/h2>\n<h3>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n<h3>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae; Gl\u00f3ir Chr\u00edost agus gairm chun fianaise<\/h3>\n<h3>C. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3>C\u00e9ad L\u00e9acht (Genesis 12:1-4). Glaoch Abr\u00e1h\u00e1m, athair Phobal D\u00e9. Leis an dt\u00e9acs seo tosa\u00edonn sc\u00e9al phobal Iosrael.<\/h3>\n<p>R\u00e9amhstair a bh\u00ed sa mh\u00e9id a ghabh roimhe i Genesis caibidil 1 go 11. N\u00ed h\u00e9 go bhfuil sp\u00e9is i gc\u00farsa\u00ed staire sa sliocht seo. Seasann s\u00e9 amach \u00f3 ch\u00falra ar bith staire sa d\u00f3igh go labhra\u00edonn s\u00e9 la gach aois. N\u00edl ach beirt i gceist: Dia agus Abr\u00e1h\u00e1m, gan aon chur s\u00edos ar ch\u00fains\u00ed anama, aigne n\u00f3 staire \u00f3 thaobh Abr\u00e1h\u00e1m de. Glaonn Dia agus tugann Abr\u00e1h\u00e1m freagra air, gan ceist, gan coinn\u00edollacha. Sa mh\u00e9id seo t\u00e1 gairm Abr\u00e1h\u00e1m cos\u00fail le an glaoch a thug \u00cdosa ar a ch\u00e9ad dheisceabail ag Muir na Gail\u00edle. D\u2019fhreagair misin\u00e9ir\u00ed \u00e1r dt\u00edre f\u00e9in an glaoch c\u00e9anna le dul thar lear \u00f3na dt\u00edr dh\u00fachais agus a muintir f\u00e9in leis an dea-sc\u00e9al a scaipeadh i dt\u00edortha eile. Ach le filleadh ar Abr\u00e1h\u00e1m. Geallann Dia go mbeidh beannacht D\u00e9 air agus ar a shliocht, agus gur tr\u00edd a dh\u00e9anfaidh cin\u00edocha uile an domhain iad f\u00e9in a bheann\u00fa (\u201cGo raibh beannacht D\u00e9 orainn mar a bh\u00ed s\u00ed ar Abraham\u201d), n\u00f3 gur tr\u00edd a bheann\u00f3far ciniocha uile an domhain. Is f\u00e9idir ceachtar den d\u00e1 bhr\u00ed sin a bhaint as an dt\u00e9acs Eabhraise. Ar nd\u00f3igh, is eol d\u00fainn uile gur t\u00e9acs l\u00e1rnach \u00e9 seo don Tiomna Nua agus an bheannacht ar chin\u00edocha an domhain a th\u00e1inig tr\u00ed \u00cdosa, s\u00edol Abr\u00e1h\u00e1m.<\/p>\n<h3>Salm le Freagra (Salm 32[33]). Tabhair d\u00fainn do bhuanghr\u00e1, a Thiarna, de r\u00e9ir an d\u00f3chais a chuirimid ionat.<\/h3>\n<h3>Dara L\u00e9acht (2 Tim\u00f3teus 1:8-10). Glaonn Dia orainn agus soils\u00edonn sinn.<\/h3>\n<p>T\u00e1 ceangal ag an l\u00e9acht seo leis an gc\u00e9ad cheann (glaoch agus gairm \u00f3 Dhia) agus leis an Soisc\u00e9al (gl\u00f3ir Chriost). I gcomhth\u00e9acs na litreach seo t\u00e1 P\u00f3l ag moladh do Thim\u00f3teus, easbag nua-cheaptha, gan bheith c\u00fathalach in admh\u00e1il an chreidimh, n\u00e1 laghr\u00edoch toisc P\u00f3l bheith i gh\u00e9ibheann, ach tabhartas D\u00e9 a mh\u00fascailt ann f\u00e9in. Mar an spiorad a thug Dia d\u00fainn n\u00ed spiorad na meatachta \u00e9, ach spiorad na cumhachta, an ghr\u00e1 agus na f\u00e9insmachta, spiorad a spreagann le bheith r\u00e9idh fulaingt ar son an tsoisc\u00e9il, agus deimhin a dh\u00e9anamh ar uaisleacht na gairme at\u00e1 againn sa chreideamh. Cumhacht D\u00e9 at\u00e1 sa chreideamh, cumhacht a shaor sinn de r\u00e9ir r\u00e9amh-phlean D\u00e9, n\u00ed de bharr \u00e1r n-oibreacha f\u00e9in. Labhra\u00edonn P\u00f3l faoi dh\u00f3 anseo faoin nglaoch agus an ghairm a fuair Cr\u00edostaithe. Is gairm naofa \u00ed, mar tagann s\u00ed \u00f3 Dhia, \u00fadar na naofachta. R\u00e9amh-phlean D\u00e9 a bh\u00ed anseo \u00f3n s\u00edora\u00edocht anall, ach a foils\u00edodh anois, sa Tiomna Nua, \u201ctr\u00ed theacht, foilsi\u00fa, (sa Ghreigis epifaneia) dealrathach, lonrach, Chr\u00edost\u201d. Go hiondual is \u00e9 teacht Chr\u00edost ag deireadh an tsaoil le breithi\u00fanas a thabhairt is br\u00ed leis an bhfocal Gr\u00e9igise sin (\u201cteacht, foilsi\u00fa\u201d) sa Tiomna Nua. Anseo is d\u00e1 theacht ar an saol seo, ina bheatha agus ina aiseir\u00ed, a dh\u00e9anann s\u00e9 tagairt. Bh\u00ed a theacht dealraitheach do sh\u00faile an chreidimh. Bh\u00ed s\u00e9 dealraitheach, lonrach, ina athr\u00fa cl\u00fa, a bhfuil cur s\u00edos ar sa soisc\u00e9al inniu.<\/p>\n<h3>An Soisc\u00e9al (Matha 17:1-9). Shoilsigh a ghn\u00fais ar n\u00f3s na gr\u00e9ine.<\/h3>\n<p>Tagann an mh\u00edr seo den Soisc\u00e9al faoi athr\u00fa cl\u00f3 Chr\u00edost tar \u00e9is admh\u00e1il Pheadair i gceantar Ch\u00e9asar\u00e1ia Philip gurb \u00e9 an Meisias (an Cr\u00edost) \u00e9 \u00cdosa agus tar \u00e9is a d\u00fairt \u00cdosa lena dheisceabail faoina ph\u00e1is agus a ais\u00e9ir\u00ed. Sheol \u00cdosa a thri\u00far aspsal Peadar, S\u00e9amus agus Eoin suas ar sliabh ard ar leithrigh. N\u00ed thugtar ainm an tsl\u00e9ibhe d\u00fainn. Hermon, seachas Tab\u00f3r, a bheadh ann, toisc sin a bheith n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed do Ch\u00e9asar\u00e1ia. Th\u00e1inig athr\u00fa cl\u00f3 ar \u00cdosa, r\u00e9amhshamhail den ghl\u00f3ir a bheadh aige tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3. Chonnaic an tri\u00far aspal sin Maois agus \u00c9il\u00edas ag comhr\u00e1 le h\u00cdosa. Finn\u00e9ithe n\u00f3 ionadaithe de stair naofa Iosrael ab ea iad, agus don chaidreamh tr\u00ed na haoiseanna idir Dhia agus a phobal naofa. Bh\u00ed gach ar sheas Maois (an Dl\u00ed) agus na f\u00e1ithe d\u00f3 le comhl\u00edonadh in \u00cdosa. Bh\u00ed an comhluadar sin, na hAspail, Maois, \u00c9il\u00edas agus Dia i l\u00e1thair ar an sliabh sin. Comhartha agus samhail de laithreacht D\u00e9 an scamall. Ionann \u00e9 i sl\u00ed agus na sp\u00e9artha oscailte ag baisteadh \u00cdosa. Agus ar\u00eds tagann an gl\u00f3r, gl\u00f3r an Athar gurb \u00e9 \u00cdosa a Mhac dar thug s\u00e9 gnaoi, ach an babhta seo cuirtear dh\u00e1 fhocal breise leis: \u201c\u00c9istig\u00ed leis\u201d. Tabharfaidh na haspail agus an eaglais fianaise tr\u00edd an stair s\u00edos do ghl\u00f3ir sin \u00cdosa, an claochl\u00fa dealraitheach, lonrach, a th\u00e1inig air agus a bheidh ann i gc\u00f3na\u00ed do sh\u00faile an chreidimh.<\/p>\n<h3>B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae; Gl\u00f3ir Chr\u00edost agus gairm chun fianaise<\/h3>\n<p>Teist, l\u00e9iri\u00fa, ghl\u00f3ir Chr\u00edost tar \u00e9is a ais\u00e9ir\u00ed a bh\u00ed a gclaochl\u00fa Chr\u00edost ar an Sliabh. B\u00edonn an l\u00e9argas sin de ghl\u00f3ir Chr\u00edost againn i gc\u00f3nai san eaglais. D\u00fairt Criost f\u00e9in an t\u00e9 a fheiceann \u00e9 go bhfeiceann s\u00e9 an tAthair. Foils\u00edonn \u00cdosa an tAthair. Chuaigh an fh\u00edrinne sin i bhfeidm go m\u00f3r ar an aspal P\u00f3l. Mar a scr\u00edobh s\u00e9 chuig na Coirintigh (2 Coirintigh 4:6): \u201cAn Dia a d\u00fairt: \u2018Biodh solas ag lonradh as an dorchadas,\u2019 is \u00e9 an Dia c\u00e9anna \u00e9 a chuir solas ag lonradh in\u00e1r gcro\u00ed-ne d\u2019fhonn eolas na gl\u00f3ire diaga ar chuntan\u00f3s Chr\u00edost a chur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn\u201d. Sa dara l\u00e9acht inniu t\u00e1 tagairt do l\u00e1thaireacht lonrach \u00cdosa Cr\u00edost in\u00e1r measc.<\/p>\n<p>T\u00e1 Cr\u00edost beo i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an tr\u00edna ghr\u00e1sta agus tr\u00edd an Spiorad Naomh. T\u00e1 s\u00e9 ag lonradh tr\u00edna theagasc sna soisc\u00e9il, sna Bi\u00e1ide, sa Seanm\u00f3ir ar an Sliabh. Th\u00e1inig s\u00e9 chun an bheatha a thabhairt d\u00e1 lucht lean\u00fana agus don saol, agus \u00ed a thabhairt go fial. Tugann an creideamh sin i gclaochl\u00fa Chr\u00edost, agus a lucht lean\u00fana tr\u00ed ghr\u00e1sta, f\u00eds d\u00fainn, f\u00eds at\u00e1 thar a bheith t\u00e1bhachtach an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus f\u00edseanna eile nach Cr\u00edosta\u00ed iad \u00e1 mbr\u00fa isteach orainn.<\/p>\n<p>\u00c1bhar machmaimh eile a thugann an dara l\u00e9acht d\u00fainn n\u00e1 cuireadh, fol\u00e1ireamh b\u2019fh\u00e9idir, gan bheith c\u00fathalach faoi chreideamh sa bhf\u00eds sin faoi lonradh D\u00e9, agus bheith r\u00e9idh fianaise a thabhairt d\u00ed mar a oireann.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>16 M\u00e1rta 2014 (A) Dara Diomhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-177","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/177","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=177"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/177\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=177"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=177"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=177"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}