{"id":1774,"date":"2022-03-21T08:55:00","date_gmt":"2022-03-21T08:55:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1774"},"modified":"2022-02-22T09:31:49","modified_gmt":"2022-02-22T09:31:49","slug":"27-marta-2022-c-an-ceathru-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1774","title":{"rendered":"27 M\u00e1rta 2022 (C) An Ceathr\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/em><\/strong><\/li><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad l\u00e9acht <\/em>(I\u00f3sua 5:9-12). <em>Tar \u00e9is de phobal D\u00e9 teacht isteach sa talamh a gealladh d\u00f3ibh, ceili\u00farann siad an Ch\u00e1isc.<\/em> Chaith clann Iosrael daichead bliain san fh\u00e1sach, \u00e1it neamhthorth\u00fail mar a raibh an manna mar l\u00f3n acu. Bh\u00edodar ar a sl\u00ed go t\u00edr Can\u00e1n a ghealladh do na hAithreacha, Abrah\u00e1m agus a shliocht mar oidhreacht, go t\u00edr tairngire. Anois tar \u00e9is d\u00f3ibh an Iord\u00e1in a thrasn\u00fa bh\u00ed ceann scr\u00edbe bainte amach acu. Pobal D\u00e9 iad agus bh\u00ed orthu comhartha an chonartha, an timpeallghearradh, a bheith orthu. De r\u00e9ir deallraimh n\u00ed raibh sin amhlaidh san fh\u00e1sach, agus b\u2019fh\u00e9idir san \u00c9igipt. Anois ar theacht i seilbh a n-oidhreachta rinneadh iad a thimpeallghearradh. Bh\u00ed n\u00e1ire, aithis, an chos ar bolg, scl\u00e1bha\u00edocht, agus gach ar sheas an \u00c9igipt d\u00f3ibh, bainte d\u00edobh. An ch\u00e9ad ch\u00e9im eile mar phobal D\u00e9 n\u00e1 an Ch\u00e1isc a cheili\u00faradh, rud a rinneadar de r\u00e9ir ghn\u00e1sanna Dli Mhaoise, le ar\u00e1n tirim agus arbhar triomaithe, t\u00edortha. Bh\u00edodar anois i dt\u00edr ina mbeadh \u201cmil agus uachtar ag gluaiseacht ina slaoda\u201d. D\u2019ith siad de thoradh th\u00edr Can\u00e1n, agus th\u00e1inig deireadh leis an manna, an bia a chothaigh iad san fh\u00e1sach. Bh\u00ed t\u00fas curtha le r\u00e9 nua ina stair.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le freagra<\/em> (Salm 33[34]). <em>Blaisig\u00ed agus f\u00e9achaig\u00ed a fheabhas at\u00e1 an Tiarna<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara l\u00e9acht<\/em> (2 Corantaigh 5:17-21).<em>Thug Dia sinn chun athmhuintearais leis f\u00e9in tr\u00ed Chr\u00edost. <\/em>Is f\u00e9idir teachtaireacht na l\u00e9achta seo a mheas n\u00edos fearr nuair a shu\u00edotar i gcaibidil thosaigh na litreach seo chuig na Corantaigh \u00ed. T\u00e1 an tAspal P\u00f3l gafa idir a thuiscint f\u00e9in ar bhr\u00ed ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus an chonartha nua agus c\u00farsai daonna agus saolta na heaglaise i gCoraint. Bh\u00ed teannas \u00e1irithe idir an eaglais, n\u00f3 bu\u00edon san eaglais, i gCoraint agus a n-aspal P\u00f3l. Cuireadh i leith Ph\u00f3il nach raibh s\u00e9 mac\u00e1nta, tr\u00e9dhearcach, leo. Tugann P\u00f3l aird ar a bhfuil le r\u00e1 acu, ach t\u00e1 an litir l\u00e1n de theagasc faoin chonradh nua agus saothar an Spioraid Naoimh sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed. De bharr an teannais agus a gcuid amhrais faoi f\u00e9in, iarann P\u00f3l an bhfuil s\u00e9 anois riachtanach go dtabharfadh duine \u00e9igin litir creidi\u00fanais d\u00f3 agus P\u00f3l a chur in aithne d\u00f3ibh. Scr\u00edobhann s\u00e9 an mh\u00edr \u00e1lainn seo (2 Corantaigh 3:1-3): \u201cAn g\u00e1 d\u00fainn, d\u00e1la daoine \u00e1irithe eile, litreacha creidi\u00fanais a thabhairt ch\u00fagaibhse n\u00f3 iad a fh\u00e1il uaibh? Is sibhse \u00e1r litir chreidi\u00fanais agus \u00ed scr\u00edofa ar \u00e1r gcro\u00ed agus \u00ed le haithint agus le l\u00e9amh ag c\u00e1ch uile. Is follas don saol gur litir \u00f3 Chr\u00edost sibh at\u00e1 arna scr\u00edobh againne ach nach le d\u00fach a scr\u00edobhadh \u00ed ach le Spiorad D\u00e9 bheo, agus nach ar th\u00e1ibhl\u00e9id chloiche a greanadh \u00ed ach ar thaibhl\u00e9id an chro\u00ed dhaonna\u201d. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar an fh\u00edrinne Chr\u00edosta\u00ed go bfhuil saol nua, cruth\u00fa nua, ann le ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. D\u2019fh\u00e9ach s\u00e9 uair amh\u00e1in ar \u00cdosa, \u201c\u00cdosa na staire\u201d, mar dhuine den domhan, den saol, seo a cuireadh chun b\u00e1is mar choirpeach. Rinne s\u00e9 Cr\u00edost a mheas de r\u00e9ir chaighde\u00e1in shaolta. Lena chreideamh in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, n\u00ed dh\u00e9anann s\u00e9 Cr\u00edost n\u00e1 neach ar bith eile a mheas de r\u00e9ir chaighde\u00e1in shaolta a thuilleadh. Is anseo a thosa\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu. An duine at\u00e1 i bp\u00e1irt le Cr\u00edost \u201cis duine \u00e9 at\u00e1 cruthaithe as an nua\u201d, mar adeir an leagan nua Gaeilge, ach le bheith n\u00edos beaichte, \u201cis cruth\u00fa \u00farnua \u00e9\u201d. T\u00e1 an sean-saol, gan cumhacht Chr\u00edost, an Naomh-Spioraid agus gr\u00e1sta D\u00e9, imithe. M\u00edn\u00edonn P\u00f3l a bhfuil r\u00e1ite aige. Ionann an r\u00e9 nua, an \u201ccruth\u00fa\u201d nua, tr\u00ed bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed agus athmhuintearas d\u00e9anta idir Dia agus an cine daonna. C\u00faram Ph\u00f3il agus na heaglaise n\u00e1 an t-athmhuintearas sin a fh\u00f3gairt. Is ambasad\u00f3ir\u00ed d\u00f3 sin iad, agus n\u00ed hamh\u00e1in le briathra ach f\u00f3s lena mbeatha, le athmhuintearas idir na Corantaigh agus P\u00f3l, agus eatarthu f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al<\/em> (Luc\u00e1s 15:1-3, 11-32). <em>Bh\u00ed an dearth\u00e1ir seo agat marbh agus t\u00e1 e beo ar\u00eds, bh\u00ed s\u00e9 caillte agus fuarthas \u00e9.<\/em> De ghn\u00e1th tugtar mar theideal ar an bparabal seo \u201cAn Mac Drabhl\u00e1sach\u201d. I gcomhth\u00e9acs Shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is, is \u00e9 an ceann deiridh \u00e9 de thr\u00ed pharabail gur s\u00f3rt teidil d\u00f3ibh \u201cCaillte agus Faighte\u201d: caora amh\u00e1in as c\u00e9ad, drachma amh\u00e1in as deich, mac amh\u00e1in as beirt caillte agus faighte. T\u00e1 siad go l\u00e9ir d\u00edrithe ar dhaoine (Fairis\u00ednigh agus scr\u00edobhaithe) a ch\u00e1in \u00cdosa toisc a mhuintearas le bailitheoir\u00ed c\u00e1nach (poibleac\u00e1naigh) agus peacaigh, sin le r\u00e1 daoine a ghearr iad f\u00e9in amach as modh beatha na nGi\u00fadach faoi chonradh Mhaoise. N\u00ed h\u00e9 gur aontaigh \u00cdosa lena seasamh si\u00fad. Ba chaillte iad. D\u2019aithin an t-athair ceart agus saor-thoil an mhic ab \u00f3ige chun a ph\u00e1irt san oidhreacht. B\u2019fh\u00e9idir gur sh\u00e9an an mac sin creideamh a chine; chr\u00edochnaigh s\u00e9 i dtalamh phag\u00e1nach ag aoireacht mhuc, beithigh nach raibh ceadaithe do Ghi\u00fadaigh. Siombal den Athair ar neamh an t-athair, a bh\u00ed ag faire le filleadh a mhic. Tuigimid don mhac ba shine \u00f3 thaobh an n\u00e1d\u00fair dhaonna de. Ach n\u00edorb ionann l\u00e9argus D\u00e9, an tAthair ar Neamh.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/strong><em>Fill, Fill, a R\u00fain \u00d3. Fill ar do oidhreacht Chr\u00edosta\u00ed<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Is ioma\u00ed sin \u00e1bhar machnaimh a thugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu d\u00fainn. T\u00e1 tr\u00ed chinn ar f\u00e9idir a \u00e1ireamh.<\/p>\n\n\n\n<p>(1) Is fada idir C\u00e1isc \u00fad Leabhair I\u00f3sua, ithe de thoradh th\u00edr Can\u00e1n agus an Tiomna Nua agus an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann. I sl\u00ed amh\u00e1in bh\u00ed an t\u00edr tairngire, seilbh na tal\u00fan, bainte amach ag clann Iosrael, seilbh ar a dtugtar chomh maith \u201can suaimhneas\u201d, no \u201c\u00e1itreamh suaimhnis\u201d. Le himeacht ama b\u2019ionann \u201can talamh\u201d agus an oidhreacht. Ceann de na Bi\u00e1id\u00ed n\u00e1 gur m\u00e9anar d\u00f3ibh seo at\u00e1 ceansa mar tiocfaidh siad i seilbh na tal\u00fan (aistri\u00fach\u00e1n eile: \u201cgeobhaidh siad an talamh mar oidhreacht\u201d). T\u00e1 an glaoch ann d\u00fainn i gc\u00f3na\u00ed teacht is seilbh na tal\u00fan, na hoidhreachta, sin ach a bheith d\u00edlis do ghuth D\u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>(2) Gairid roimh \u00e9ir\u00ed as oifig d\u00f3, mheabhraigh an P\u00e1pa Benedict XVI d\u00fainn agus sinn in agallamh le saol an lae inniu, go bhfuil an eaglais sa saol ach nach den saol seo \u00ed. Tagann seo go m\u00f3r lena d\u00fairt P\u00f3l leis na Corantaigh. Bh\u00ed s\u00e9 in agallamh leo, agus ag d\u00e9anamh airde d\u00e1 gcuid cheisteanna agus eile, ach i gc\u00f3na\u00ed ag meabhr\u00fa d\u00f3ibh gur cruth\u00fa nua, beatha chruthaithe as an nua, bheith i bp\u00e1irt le Cr\u00edost. Ag freagairt do bhriathra Ph\u00f3il, n\u00ed f\u00e9idir an eaglais, n\u00e1 cursai creidimh, a mheas de r\u00e9ir caighde\u00e1in shaolta. Is geal leis na me\u00e1in c\u00farsa\u00ed eaglasta de shaghas \u00e1irithe, go h\u00e1irithe ar cheisteanna gn\u00e9is agus scannail, a phl\u00e9, ach n\u00edor ch\u00f3ir ligint d\u00f3ibh aird a thabhairt \u00f3 na ceisteanna l\u00e1rnacha den bheatha Chr\u00edostai \u2013 gr\u00e1sta D\u00e9, urna\u00ed, na sacraimint\u00ed, aithr\u00ed, Cr\u00edost beo san eaglais agus ruda\u00ed den s\u00f3rt sin.<\/p>\n\n\n\n<p>(3) <em>Fill, Fill, a R\u00fain \u00d3. Fill ar do oidhreacht Chr\u00edosta\u00ed. <\/em>T\u00e1 a l\u00e1n le foghlaim \u00f3 pharabal \u201cAn Mac Drabhl\u00e1sach\u201d. Bh\u00edodh \u00cdosa in agallamh caoin le daoine a bh\u00ed ar an imeall an tr\u00e1th \u00fad, ar an imeall ar ch\u00fais amh\u00e1in n\u00f3 ar ch\u00fais eile. Bh\u00ed caidreamh acu lena ch\u00e9ile. N\u00ed deirtear linn c\u00e9rbh \u00e9 an t-\u00e1bhar comhr\u00e1 eatarthu. Ar fhilleadh, ar a bheith faighte tar \u00e9is a bheith caillte, at\u00e1 an bh\u00e9im sa parabal. Inniu san eaglais agus sa domhan m\u00f3r t\u00e1 a l\u00e1n daoine mar an mac ab \u00f3ige sin, a n-oidhreacht, an eaglais, agus b\u2019fh\u00e9idir creideamh i nDia f\u00e9in tr\u00e9igthe acu, agus gan smaoineamh ag a l\u00e1n d\u00edobh go bhfuilid caillte. Ceann de mh\u00f3r-cheisteanna n\u00e1 conas teagmh\u00e1il a dh\u00e9anamh leo si\u00fad, lena l\u00e9ir\u00ed\u00fa d\u00f3ibh gur trua a n-oidhreacht a bheith tr\u00e9igthe acu. Ach t\u00e1 Dia l\u00e1idir \u2013 c\u00fais mhisnigh sin d\u00fainn. Glaoch d\u00fainn achain\u00ed a chur chun D\u00e9 ar a son.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Is f\u00e9idir na leachta\u00ed seo leanas as Bliain A a \u00fas\u00e1id mar mhalairt l\u00e9achta\u00ed<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>6 M\u00e1rta Malairt l\u00e9achta\u00ed (A): An Ceathr\u00fa Domhnach den Charghas<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <em>\u00cdosa agus an Eaglais solas an tsaoil<\/em><\/li><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (1 Samu\u00e9l 16:1, 6-7, 10-13). <em>Ungtar D\u00e1iv\u00ed ina r\u00ed ar Iosrael<\/em>. Cuireann an l\u00e9acht seo s\u00edos ar faoi mar ar roghnaigh Dia an t-\u00f3g\u00e1nach D\u00e1iv\u00ed, mac Iese, mar r\u00ed. Sheol s\u00e9 an f\u00e1idh Samu\u00e9l leis an \u00f3g\u00e1nach D\u00e1iv\u00ed a ungadh. Is \u00f3n bhfocal Eabhraise sin \u201cungadh\u201d, <em>maisach,<\/em> trid an Ghr\u00e9igis a thagann an focal Cr\u00edost (\u201cungtha\u201d) agus an ainmfhocal Meisias. Le briathar \u00f3 Dhia bh\u00ed S\u00f3l ungtha cheana ag Samu\u00e9l ar Iosrael an Tuaiscirt, ach theip air mar r\u00ed agus bh\u00ed s\u00e9 curtha i leataobh ag Dia. Leagann an sliocht seo b\u00e9im ar seo gur thr\u00ed shaor-dheon\u00fa D\u00e9 a rogna\u00edodh D\u00e1iv\u00ed mar r\u00ed anois, n\u00ed de bharr a thr\u00e9ithe f\u00e9in. N\u00ed raibh san ungadh seo ach gn\u00edomh samhaltach, nach mbeidh feidhm leis ach n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Chaith D\u00e1ivi seal in arm Sh\u00f3il, sul ar thogh treibh I\u00fada \u00e9 mar r\u00ed ar I\u00fada. I ndiaidh bh\u00e1s Sh\u00f3il toghadh mar r\u00ed ar I\u00fada agus Iosrael an Tuaiscirt \u00e9, agus rinne Dia conradh leis go mbeadh a r\u00edtheaghlach buan go deo, creideamh agus d\u00f3chas as ar fh\u00e1s an feitheamh leis an Meisias, d\u00f3chas a chomhl\u00edon Cr\u00edost. Ungadh sin Dh\u00e1ivi an t-\u00f3g\u00e1nach ag an bhf\u00e1idh Samu\u00e9l, chuir s\u00e9 t\u00fas leis an ghluaiseacht sin faoi Dh\u00e1iv\u00ed agus Mhac D\u00e1iv\u00ed go bhfuil tagairt ann i soisc\u00e9al an lae inniu ag \u00cdosa Mac an Duine, a thug radharc don dall.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 22[23])<em> Is \u00e9 an Tiarna m\u2019aoire, n\u00ed bheidh aon n\u00ed de dh\u00edth orm.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht<\/em> (Eifisigh 5:8-12). <em>\u00c9irigh \u00f3na mairbh agus soilseoidh Criost th\u00fa<\/em>. D\u00fairt \u00cdosa lena dheisceabail gurb sholas an domhain agus salann na tal\u00fan iad. Th\u00f3g an eaglais \u00f3g briathra seo Chr\u00edost go d\u00e1ir\u00edre, mar is l\u00e9ir \u00f3 litreacha Ph\u00f3il agus \u00f3 scr\u00edbhinn\u00ed eile an Tiomna Nua. Bh\u00ed teachtaireacht seo Chr\u00edost le craobhscaoileadh i dteagasc agus i gcleachtadh na hEaglaise. F\u00e9achadh ar an bpag\u00e1ntacht agus a bhain lena cuid teagaisc agus cleachtaidh mar dhorchadas. Cuireadh sin in i\u00fal i ndeasghn\u00e1th an bhaiste: aistri\u00fa \u00f3 dhorchadas na pag\u00e1ntachta go solas an tsoisc\u00e9il a bh\u00ed ann, n\u00f3, b\u2019fh\u00e9idir, ba chirte a r\u00e1 gur aont\u00fa le Cr\u00edost, an bheatha agus an solas, a bh\u00ed ann. Bh\u00ed an bheatha nua sin le l\u00e9iri\u00fa don saol, don domhan, le beatha de r\u00e9ir an tsoisc\u00e9il, ag tabhairt toraidh i ngach cine\u00e1l maitheasa agus fir\u00e9antachta agus f\u00edrinne. Bheadh teagasc n\u00edos beaichte n\u00e1 sin acu, ar nd\u00f3igh, ar na su\u00e1ilc\u00ed faoi leith le cleachtadh agus na du\u00e1ilc\u00ed le seachaint. Leagtar b\u00e9im ar thr\u00e9dhearcacht sa saol poibl\u00ed agus san eaglais \u2014 le eolas a bheith ag Cr\u00edostaithe ar dhorchadas agus peaca\u00ed sa saol. Tugann lonradh an tsoisc\u00e9il chun solais iad \u2013 rud is f\u00edor ar nd\u00f3igh faoi pheaca\u00ed agus mh\u00e1chail san eaglais f\u00e9in. Ag deireadh na l\u00e9achta t\u00e1 rann, n\u00f3 leath-rann, a t\u00f3gadh is docha as sean-iomann Cr\u00edosta\u00ed nach ann d\u00f3 a thuilleadh, a ghlaonn ar chodlat\u00e1n, duine ina chodladh n\u00f3 ina leath-chodladh, \u00e9ir\u00ed \u00f3 staid ar a dtugtar an b\u00e1s air, b\u00e1s an pheaca, n\u00f3 dorchadas an d\u00ed-chreidimh, go soilsi\u00fa \u00f3 Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 9:1-41). <em>D\u2019imigh s\u00e9, n\u00edgh s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in agus d\u2019fhill agus a radharc aige<\/em>. L\u00e9acht an-fhada at\u00e1 i soisc\u00e9al an lae inniu, ina bhfuil eachtra\u00ed difri\u00fala. T\u00e1 siad nasctha le ch\u00e9ile leis an t\u00e9ama l\u00e1ir gurb sholas an domhain \u00e9 \u00cdosa. Is n\u00f3s le Eoin t\u00e9ama creidimh a nascadh le eachtra \u00e9igin: an Domhnach seo caite an t-uisce beo a thugann \u00cdosa leis an Sam\u00e1ireach mn\u00e1 agus an tobar; an Domhnach seo an dall \u00f3n mbroinn agus \u00cdosa mar sholas. In aimsir Chr\u00edost (agus f\u00f3s inniu b\u2019fh\u00e9idir) i meon daoine conacthas nasc idir m\u00e1chail choirp agus peaca, sa ch\u00e1s seo peaca na dtuismitheoir\u00ed n\u00f3 peaca an linbh f\u00e9in sa bhroinn. S\u00e9anann \u00cdosa gurb amhlaidh a bh\u00ed, ach le gl\u00f3ir D\u00e9 a l\u00e9iri\u00fa tr\u00edd an mhior\u00failt a bh\u00edothas le d\u00e9anamh. Gan coinne, tugann \u00cdosa t\u00e9ama na l\u00e9achta isteach: is \u00e9 sin \u00e9 f\u00e9in mar sholas an tsaoil. Measadh an uair sin gur raibh tr\u00e9ithe leighis sa seile, agus smear \u00cdosa seile agus l\u00e1ib ar sh\u00faile an daill, gan \u00e9 a leigheas, agus d\u00fairt leis an dall dul go dt\u00ed Linn iomr\u00e1iteach in Iar\u00fasail\u00e9im go raibh an t-ainm Sil\u00f3m air, ainm ar bhr\u00ed leis san Airimis agus san Eabhrais \u201cSeolta\u201d, \u201ccurtha amach\u201d, \u00e1it ar leigheasadh an dall. D\u00e9antar an ceangal sin anseo, mar ba \u00e9 \u00cdosa an \u201cSil\u00f3m\u201d ceart, an T\u00e9 a bh\u00ed seolta amach \u00f3n Athair. Tar \u00e9is ar leigheasadh an dall lean ceisteanna faoi chonas a tharla an leigheas, ar dt\u00fas idir na comharsana, ansin i measc na bhFairis\u00edneach toisc gur ar an Sab\u00f3id a rinneadh an leigheas, rud a bh\u00ed in \u00e9adan Dl\u00ed Mhaois dar leo. Bh\u00ed an dall a leigheasadh ag tabhairt fianaise i dtaobh \u00cdosa, gur cara le Dia agus f\u00e1idh a bh\u00ed ann. Ansin glaonn na \u201cGi\u00fadaigh\u201d, na h\u00fadar\u00e1is Ghi\u00fadacha, ar thuismitheoir\u00ed an daill a leigheasadh le fios f\u00e1tha an leighis a fh\u00e1il, \u00e1it a bhfuil tagairt do chinneadh na nGi\u00fadach d\u00e9anta cheana f\u00e9in faoi aoinne a admh\u00f3dh gurb \u00e9 \u00cdosa an Cr\u00edost a dh\u00edbirt as an tsionag\u00f3g. Tagairt at\u00e1 anseo, is d\u00f3cha, do dh\u00edbirt Chr\u00edostaithe as an tsionag\u00f3g a tharla n\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa stair, tar \u00e9is threascairt Iar\u00fasail\u00e9im. Glaodar ar an duine a rugadh dall \u00e9 f\u00e9in, a thug fianaise do \u00cdosa mar chara D\u00e9, agus chaitheadar amach \u00e9. Chuala \u00cdosa sin agus bhuail s\u00e9 leis agus chuir ceist air ar chreid s\u00e9 i Mac an Duine agus chuir s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in in aithne mar Mhac an Duine. Chreid an t\u00e9 a rugadh dall in \u00cdosa agus rinne om\u00f3s d\u00f3. T\u00e1 cr\u00edoch ag an l\u00e9acht mar ar thosaigh s\u00e9, \u00e1 r\u00e1 gur th\u00e1inig \u00cdosa le breithi\u00fanas a thabhairt ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>. <em>\u00cdosa agus an Eaglais solas an tsaoil.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>T\u00e1 tr\u00ed phointe soil\u00e9ir ag eascairt as liot\u00fairge agus l\u00e9achta\u00ed an lae inniu a thugann \u00e1bhar saibhir machnaimh agus agallaimh d\u00fainn.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An ch\u00e9ad cheann d\u00edobh n\u00e1 gurb \u00e9 solas an tsaoil \u00e9 \u00cdosa. Is chuige sin a seoladh isteach sa saol \u00e9 \u00f3n Athair. Eisean an T\u00e9 a seoladh. \u201can Seolta\u201d, <em>Sil\u00f3m<\/em>, a leigheasann an dall. Th\u00e1inig s\u00e9 le go mbeadh radharc ghl\u00f3ir an Athar ag an domhan. T\u00e1 sin sol\u00e9ir \u00f3 shoisc\u00e9al an lae inniu, agus \u00f3na l\u00e1n \u00e1iteanna eile sa Tiomna Nua. Is cuid l\u00e1rnach de theachtaireacht an Tiomna Nua \u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>An dara pointe n\u00e1 nach do bheatha \u00cdosa ar talamh amh\u00e1in an m\u00e9id sin. Roghnaigh s\u00e9 aspail and deisceabail le go mbeadh an dea-sc\u00e9al sin \u00e1 fh\u00f3gairt go cr\u00edocha deiridh an domhain go deireadh an tsaoil. Solas an domhain agus salann na tal\u00fan iad lucht lean\u00fana \u00cdosa. Sin mar a thuig, agus mar a chraobhscaoil, an Eaglais \u00f3 th\u00fas an soisc\u00e9al. Is r\u00fandiamhair an tsl\u00e1naithe \u00ed an eaglais ina teagasc agus i mbeatha na bhf\u00edr\u00e9an.<\/p>\n\n\n\n<p>Tugann sin go dt\u00ed an tr\u00ed\u00fa pointe sinn: agallamh ag an eaglais lei f\u00e9in agus le saol an lae inniu. N\u00ed m\u00f3r don eaglais \u00ed f\u00e9in a leas\u00fa de sh\u00edor leis an toradh a thabhairt a thugann an solas uaidh, gach cine\u00e1l maitheasa agus f\u00edr\u00e9antachta agus f\u00edrinne. Go minic inniu nuair a labhartar faoi leas\u00fa na heaglaise is iad \u201cna struct\u00fair\u201d at\u00e1 i gceist, go m\u00f3r m\u00f3r sa Vatac\u00e1in, an \u201ccuria\u201d ach go h\u00e1irithe. B\u00edodh go bhfuil t\u00e1bhacht leis sin, n\u00ed h\u00e9 sin an leas\u00fa go pr\u00edomha at\u00e1 i gceist, ach athr\u00fa i meon agus i gcleachtadh na bhf\u00edr\u00e9an le go mbeidis de r\u00e9ir an tsoisc\u00e9il, le fianaise a thabhairt do \u00cdosa. Pointe eile san agallamh seo n\u00e1 go bhfeiceann roinnt mhaith daoine inniu ar an rud a dtugann creidmhigh \u201csolas\u201d air mar dhorchadas, sheanaimsearthacht.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: A.L\u00e9achta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1774","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1774","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1774"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1774\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1781,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1774\/revisions\/1781"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1774"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1774"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1774"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}