{"id":1775,"date":"2022-03-28T08:55:00","date_gmt":"2022-03-28T08:55:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1775"},"modified":"2022-02-22T09:31:48","modified_gmt":"2022-02-22T09:31:48","slug":"3-aibrean-2022-c-an-cuigiu-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1775","title":{"rendered":"3 Aibrean 2022 (C) An C\u00faigi\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>T\u00fas le r\u00e9 nua le tr\u00f3caire D\u00e9.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>R\u00e9amhr\u00e1 do na l\u00e9achta\u00ed. <\/em>F\u00f3gra\u00edonn Dia r\u00e9 \u00far d\u00e1 phobal i mbraighdeanas agus deir s\u00e9 leo dearmad a dh\u00e9anamh de r\u00e9 at\u00e1 thart le aghaidh a thabhairt ar bheatha nua ghl\u00f3rmhar ina dt\u00edr dh\u00fachais. Mar an gc\u00e9anna le P\u00f3l, tar \u00e9is saol d\u00edcheallach misin\u00e9ireachta, is mian leis an b\u00f3thar at\u00e1 gafa aige a ligean i ndearmad agus lu\u00ed amach ar an mb\u00f3thar at\u00e1 roimhe faoi dh\u00e9in na sprice, bheith aontaithe le Cr\u00edost ar neamh. T\u00e1 r\u00e9 nua tr\u00f3caire f\u00f3gartha go ci\u00fain ag \u00cdosa ina chomhr\u00e1 mar gheall ar an mbean a rugadh uirthi in adhaltranas.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 43:16-21). <em>F\u00e9ach an nua\u00edocht at\u00e1 \u00e1 cur i gcr\u00edch agam, agus d\u00e9anfaidh m\u00e9 tart mo phobail tofa a chosc. <\/em>An l\u00e9acht se\u00f3 is cuid de aitheasc D\u00e9 tr\u00edna fh\u00e1idh an Dara h\u00cdse\u00e1ia \u00ed do phobal Iosrael, i mbraighdeanas na Baibeal\u00f3ine d\u00f3ibh. Labhair an f\u00e1idh c\u00e9anna go minic leo ar an \u00e1bhar c\u00e9anna: bh\u00ed an Tiarna a nDia lena saoradh agus iad a thabhairt siar abhaile tr\u00edd an fh\u00e1sach go dt\u00ed a dt\u00edr dh\u00fachais. Tosa\u00edonn an t-aitheasc fada gur chuid de an l\u00e9acht seo leis briathra seo D\u00e9: \u201cAnois, seo mar a deir an Tiarna, do chruthaitheoir, a Iac\u00f3ib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: N\u00e1 b\u00edodh eagla ort, \u00f3ir t\u00e1 t\u00fa fuascailte agam; ghlaoigh m\u00e9 ort i d\u2019ainm, agus is liomsa th\u00fa. M\u00e1 ghabhann t\u00fa tr\u00ed uisc\u00ed doimhne, t\u00e1imse leat; m\u00e1 ghabhann t\u00fa tr\u00ed aibheanacha, n\u00ed bh\u00e1ithfidh siad th\u00fa. M\u00e1 shi\u00falann t\u00fa tr\u00edd an tine, n\u00ed dh\u00f3faidh t\u00fa th\u00fa f\u00e9in, n\u00e1 n\u00ed loiscfidh an lasair th\u00fa. \u00d3ir is mise an Tiarna do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d\u2019fhuascailteoir\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I sl\u00ed amh\u00e1in is imeacht, exodus, nua amhail an ceann \u00f3n \u00c9igipt an fhuascailt nua seo, ach leagtar b\u00e9im sna t\u00e9acsanna seo nach bhfuil an turas \u00f3n \u00c9igipt inchom\u00f3rtais leis an turas nua siar seo. I dt\u00fas na l\u00e9achta seo cuireann Dia s\u00edos i modh ginear\u00e1lta ar an gc\u00e9ad turas sin, a sti\u00faraigh Dia f\u00e9in \u2013 tr\u00edd an fharraige, thar an bh\u00f3chna l\u00e1idir, ag seoladh na gcarbad agus na gcapall chun catha le hiad a mh\u00fachadh sa mhuir mar a bheadh barrach d\u00f3ite. Ach ba shin t\u00fas le hIosrael mar phobal, agus n\u00ed mor d\u2019Iosrael dearmad a dh\u00e9anamh de anois, mar t\u00e1 r\u00e9 nua, nua\u00edocht, ag gobadh amach d\u00f3ibh, le turas tr\u00edd an fh\u00e1sach idir an Bheabal\u00f3in agus a dt\u00edr dhuchais agus na hiontais a ghabhann leis. Deir Dia go mbeidh pobal nua dealfa aige d\u00f3 f\u00e9in san Iosrael nua seo, pobal a dh\u00e9anfaidh a mholadh a aithr\u00eds.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 125[126]). <em>Rinne an Tiarna na h\u00e9achta\u00ed d\u00fainn! Bh\u00ed \u00e1thas orainn go deimhin.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Filipigh 3:8-14). <em>Le bheith cos\u00fail leis ina bh\u00e1s, air\u00edm gur caillteanas gach uile rud ar son Cr\u00edost.<\/em> Bh\u00ed P\u00f3l i ng\u00e9ibheann, in Eifesas b\u2019fh\u00e9idir<em>, <\/em>nuair a scr\u00edobh s\u00e9 an litir chuig na Filipigh. I dt\u00e9acs na litreach roimh l\u00e9acht an lae inniu tugann s\u00e9 rabhadh don na Filipigh bheith san airdeall faoi dhaoine \u00e1irithe, go h\u00e1irithe Gi\u00fadaigh a bh\u00ed ag iarraidh cur isteach orthu le n\u00f3sanna Gi\u00fadacha de r\u00e9ir dealraimh, \u00e1 ma\u00edomh gurbh iad f\u00e9in pobal d\u00edlis D\u00e9, ag ma\u00edomh as an gcolainn agus an timpeallghearradh. Tugann sin P\u00f3l le ma\u00edomh go bhfuil ar a chumas f\u00e9in mao\u00edmh as an gcolainn chomh maith, ach n\u00ed dh\u00e9anann mar is faoi an\u00e1il an Spioraid, seachas le muin\u00edn sa cholainn, a adhrann seisean agus na Cr\u00edostaithe Dia agus is as \u00cdosa Cr\u00edost at\u00e1 a muin\u00edn. Ach tugann P\u00f3l a dhinti\u00fair mar Gh\u00edudach. I dtaca le f\u00edr\u00e9antacht chreidimh \u00f3 thaobh an Dl\u00ed Ghi\u00fadaigh de bh\u00ed s\u00e9 gan ch\u00e1im. Ach leanannn s\u00e9 air lena r\u00e1, d\u00edreach roimh l\u00e9acht an lae inniu, go raibh na bunt\u00e1ist\u00ed sin a bh\u00ed aige \u00e1irithe anois gur caillteanas glan iad mar gheall ar Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Th\u00e1inig an t-athr\u00fa sin air lena choinne le Cr\u00edost ar an mb\u00f3thar chun na Damaisce. I l\u00e9acht an lae inniu tugann s\u00e9 an bua thar barr air sin: aithne a chur ar \u00cdosa Cr\u00edost, a Thiarna \u2013 n\u00ed eolas faoi Chr\u00edost, ach aithne phearsanta air. N\u00ed eisp\u00e9aras don aon uair amh\u00e1in a bh\u00ed sa teagmh\u00e1il le Cr\u00edost ach rud lean\u00fanach, agus ag scr\u00edobh na litreach seo d\u00f3 deir s\u00e9 nach raibh uaidh an tr\u00e1th sin ach aithne a chur ar Chr\u00edost agus ar \u00e9ifeacht a ais\u00e9ir\u00ed agus bheith p\u00e1irteach le Criost ina phiol\u00f3idi agus cos\u00fail leis ina bh\u00e1s. Ba mh\u00f3r an rud an coinne sin le Cr\u00edost agus le gr\u00e1sta D\u00e9, nuair a rug Cr\u00edost \u201cgreim\u201d air. Ach n\u00edor chuir glaoch sin D\u00e9, n\u00f3 an ghairm chun na naofachta, saorthoil Ph\u00f3il ar ceal. Bh\u00ed air comhoibri\u00fa le gr\u00e1sta D\u00e9 ina thuras chun na foirfeachta. Leanann s\u00e9 air, deir s\u00e9, leis an duais a bhreith leis mar go bhfuil beirthe air f\u00e9in ag Cr\u00edost. Ag machnamh ar a bheatha deir P\u00f3l nach raibh s\u00e9 tagtha chun foirfeachta go f\u00f3ill; ba \u00ed an sprioc n\u00e1 gl\u00f3ir neimhe agus beatha le Cr\u00edost sa saol eile. Ag machnamh d\u00f3 ar dheireadh shaolr\u00e9 Ph\u00f3ilm a laoch agus a \u00edoc\u00f3n, cuireann \u00fadar an Dara Litir chuig Tiom\u00f3id na briathra seo ar bheola Ph\u00f3il: \u201cT\u00e1 uair mo scar\u00fana buailte liom. T\u00e1 an comhrach maith tugtha agam, t\u00e1 mo r\u00e1s rite, t\u00e1 an creideamh coinnithe agam. T\u00e1 craobh na f\u00edr\u00e9antachta in \u00e1irithe agam feasta agus bronnfaidh an Tiarna f\u00e9in, an breitheamh c\u00f3ir, orm \u00ed an l\u00e1 sin\u201d (2 Tiom\u00f3id 4:6-8). Sa litir seo chuig na Filipigh n\u00edl uair na scar\u00fana buailte le P\u00f3l go f\u00f3ill, ach is mian leis an b\u00f3thar at\u00e1 gafa aige, b\u00f3thar fada misin\u00e9ireachta, a ligean i ndearmad agus lu\u00ed amach ar an mb\u00f3thar at\u00e1 roimhe agus lean\u00faint air faoi dh\u00e9in na sprice n\u00f3 go mbeadh an duais bainte amach aige. Ach le linn a bheatha, tar \u00e9is d\u00f3 bheith faoi dhl\u00ed na nGi\u00fadach, n\u00ed h\u00ed a fhir\u00e9antacht f\u00e9in at\u00e1 anois aige, an fh\u00edr\u00e9antacht a ghabh le comhl\u00edonadh an Dl\u00ed, dl\u00ed na nGi\u00fadach, ach an fhir\u00e9antacht a ghabhann le creideamh i gCr\u00edost, a thagann \u00f3 Dhia agus at\u00e1 bunaithe ar an gcreideamh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Eoin 8:1-11). <em>An duine agaibh at\u00e1 gan pheaca, b\u00edodh s\u00e9 ar an gc\u00e9ad duine ag caitheamh clocha lei. <\/em>Is cuid de chan\u00f3in an Bh\u00edobla an t\u00e9asc seo, ach n\u00ed d\u00f3igh gur cuid d\u00edlis de Shoisc\u00e9al Eoin \u00e9. N\u00edl s\u00e9 ar f\u00e1il sna l\u00e1mhscr\u00edbhinn\u00ed is \u00e1rsa den Soisc\u00e9al, n\u00f3 i roinnt mhaith sean-aistri\u00fach\u00e1n. \u00d3 thaobh st\u00edle de t\u00e1 s\u00e9 n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed do Shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is n\u00e1 do Eoin, agus i dt\u00e9acsanna \u00e1irithe is i L\u00fac\u00e1s at\u00e1 s\u00e9 le f\u00e1il. Seans gur t\u00e9acs neamhsple\u00e1ch a bh\u00ed ann i dtosach, a cuireadh isteach in \u00e1iteanna difri\u00fala n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Ach is cuma faoi sin; is cuid den Bh\u00edobla, faoi inspior\u00e1id an Spioraid Naoimh, \u00e9, le teachtaireacht bhuan \u00f3 \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<p>Maidir leis an dt\u00e9acs f\u00e9in agus an tagairt do ord\u00fa Mhaois faoin adhaltranas, dar leis an Peintiteoch (= Maois; L\u00e9ivitic 20:10; Deotranaim\u00ed 22:22-24) i gc\u00e1s adhaltranais idir fhear p\u00f3sta agus bean ph\u00f3sta, go bhfuil siad araon le cur chun b\u00e1is, agus i gc\u00e1s gur maighdean gheallta agus adhaltranas i gcathair at\u00e1 i gceist t\u00e1 an bheirt le cur chun b\u00e1is le clocha. Ach is d\u00f3cha go raibh breis curtha leis na dl\u00edthe sin tr\u00edd na haoiseanna. N\u00ed thugann \u00cdosa freagra ar an gceist a chuireann na scr\u00edobhaithe agus Fairist\u00ednigh air. N\u00ed fios go beacht an bhr\u00ed a thabhairt do \u00cdosa ag scr\u00edobh ar an talamh (luaite faoi dh\u00f3, roimh briathra \u00cdosa d\u00f3ibh agus ina dhiaidh); tagairt b\u2019fh\u00e9idir do Irimi\u00e1 17:13: \u201cIad sin a thr\u00e9igeann th\u00fa, a Thiarna, beidh siad scr\u00edofa insan talamh\u201d. Briathra \u00cdosa \u201cAn t\u00e9 at\u00e1 gan pheaca\u201d b\u2019fh\u00e9idir gur cuireadh iad do lucht dhaortha na mn\u00e1 machnamh a dh\u00e9anamh ar a saol pearsanta f\u00e9in, ag teacht lena d\u00fairt \u00cdosa in \u00f3c\u00e1id eile faoi gan breith a thabhairt (Matha 7:1-12), chr\u00edochna\u00edonn leis na briathra seo: \u201cNithe ar bith ab \u00e1il libh daoine a dh\u00e9anamh daoibhse, d\u00e9anaig\u00ed amhlaidh sin d\u00f3ibh: sin \u00e9 an dl\u00ed agus na f\u00e1ithe\u201d. D\u00fairt \u00cdosa leis an bhean nach raibh s\u00e9 chun \u00ed a dhaoradh, ach deireann lei gan peaca a dh\u00e9anamh ar\u00eds. Glactar leis go bhfuil aithr\u00ed d\u00e9anta aici, n\u00f3 fi\u00fa gur mhaith \u00cdosa d\u00e1 peaca\u00ed \u00ed.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>Machnamh agus An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><\/strong><em> T\u00fas le r\u00e9 nua le tr\u00f3caire D\u00e9.<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>I gcursa\u00ed polait\u00edochta agus eaglasta is gn\u00e1thach le daoine a bheith ag s\u00fail le r\u00e9 nua, agus t\u00e1 \u00e1bhar machnaimh againn ar na c\u00farsa\u00ed sin l\u00e9achta\u00ed an lae inniu.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is maith an rud f\u00eds do r\u00e9 nua, agus a fhios a bheith againn gur geal le Dia sin a bheith amhlaidh. Bh\u00ed s\u00e9 ag cur a leith\u00e9id de fhis os comhair a phobail f\u00e9in go minic. N\u00ed m\u00f3r a mheabhr\u00fa chomh maith nach i gc\u00f3nai, n\u00f3 fi\u00fa nach minic, a fh\u00edoraitear fis, mar baineann a tabhairt i gcr\u00edch le c\u00fains\u00ed staire agus comhoibri\u00fa daonna. Ba l\u00e9ir \u00e9 sin ach go h\u00e1irithe maidir leis na f\u00e1istin\u00ed a rinneadh do Iosrael agus a fhanann mar sin mar spreagadh do chreidmhigh agus eile an\u00edos tr\u00edd an stair.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Teachtaireacht mh\u00f3r eile \u00f3 shoisc\u00e9al an lae inniu na tr\u00f3caire D\u00e9, gur sampla \u00e1lainn di seasamh \u00cdosa maidir leis an bhean a rugadh uirthi in adhaltranas agus a bhriathra ar an \u00e1bhar. Leagann an Eaglais f\u00e9in b\u00e9im faoi leith ar thr\u00f3caire D\u00e9 len\u00e1r linn f\u00e9in agus a riachtana\u00ed is ata an teachtaireacht seo do shaol \u00e1r linne fein, sa saol polati\u00fail agus eaglasta.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 an Seantiomna agus an Tiomna Nua loml\u00e1n de thagairt\u00ed do thr\u00f3caire D\u00e9, agus leis an fhianaise a mheas mar is c\u00f3ir n\u00ed dochar scagadh a dh\u00e9anamh ar an sc\u00e9al.<\/p>\n\n\n\n<p>Is Dia Dia, Dia an tr\u00f3caire agus an Neach Naofa, agus t\u00e1 tagairt do thr\u00f3caire D\u00e9 go minic ceangailte le foighne D\u00e9 agus glaoch chun aithr\u00ed \u00f3n bpeaca i gcomht\u00e9acsanna ina bhfuil Dia ag labhairt lena phobal f\u00e9in n\u00f3 le ball de.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I dt\u00e9acsanna eile labhra\u00edonn Dia, n\u00f3 labhartar faoi Dhia, mar an tAthair ar Neamh a bhfuil gr\u00e1 aige do ch\u00e1ch agus a gc\u00faram orthu. Is mar sin a labhra\u00edonn \u00cdosa faoi ghr\u00e1 do naimhde (Matha 5:43-48): \u201cChuala sibh go nd\u00faradh: \u2018B\u00edodh gr\u00e1 agat do do chomharsa agus fuath agat do da namhaid\u2019. Ach is \u00e9 a deirimse libh, b\u00edodh gr\u00e1 agaibh do do naimhde agus gu\u00edg\u00ed ar son bhur ng\u00e9arleant\u00f3ir\u00ed; sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair at\u00e1 ar neamh, a chuireann faoi deara d\u00e1 ghrian \u00e9ir\u00ed ar olc agus ar mhaith agus a fhearann b\u00e1isteach ar ch\u00f3ir agus ar mh\u00edch\u00f3ir. B\u00edg\u00ed foirfe, d\u00e1 bhr\u00ed sin, faoi mar at\u00e1 bhur nAthair neamha\u00ed foirfe\u201d. T\u00e1 gr\u00e1 ag an Athair ar neamh do mhuintir uile dhomhan an lae inniu, p\u00e9 acu a chreideann siad ann, n\u00f3 ar chuma leo ann n\u00f3 as d\u00f3, n\u00f3 a sh\u00e9anann \u00e9 bheith ann agus ar ghr\u00e1in leo fi\u00fa tagairt d\u00e1 ainm. T\u00e1 s\u00e9 t\u00e1bhachtach don chine daonn a bheith tr\u00f3caireach d\u00e1 ch\u00e9ile, do imircigh, d\u00f3ibh si\u00fad faoi leatrom n\u00f3 fi\u00fa faoi mh\u00edchumas. Is deas gur mar sin at\u00e1 do chuid mhaith de dhaonra eagraithe an domhain, ach is beag tr\u00f3caire at\u00e1 i gcodanna eile de idir choga\u00ed agus eile.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach t\u00e1 guth D\u00e9 agus \u00cdosa ag gr\u00edosadh an domhan le f\u00eds do r\u00e9 n\u00edos fearr.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>Is f\u00e9idir na leachta\u00ed seo leanas as Bliain A a \u00fas\u00e1id mar mhalairt l\u00e9achta\u00ed<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Ezic\u00e9al 37:12-14). <em>Cuirfidh m\u00e9 mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh. <\/em>F\u00eds an fh\u00e1idh do phobal Iosrael i ndeora\u00edocht na Baibeal\u00f3ine sa s\u00e9\u00fa c\u00e9ad roimh Chr\u00edost at\u00e1 againn anseo. Bh\u00ed na deoraithe \u00e1 r\u00e1: \u201cT\u00e1 \u00e1r gcn\u00e1mha seargtha agus \u00e1r nd\u00f3chas caillte; t\u00e1 deireadh linn\u201d. Bh\u00ed an Teampall scriosta, cathair Iar\u00fasail\u00e9im treascartha agus t\u00edr I\u00fada b\u00e1naithe. Ag caint go meafarach, bh\u00edodar amhail is d\u00e1 mbeidis b\u00e1saithe, faoi chr\u00e9, san uaigh. Deir Dia leo sa sliocht seo nach amhlaidh at\u00e1. T\u00e1 s\u00e9 chun a phobal, a fh\u00e9achann air f\u00e9in amhail is a bheith san uaigh, a th\u00f3gaint \u00f3na n-uaigheanna, agus spiorad na beatha a chur iontu ar\u00eds, le go mbeadh beatha \u00far acu ina dt\u00edr dh\u00fachais. Ais\u00e9ir\u00ed an phobail at\u00e1 anseo. Nil tagairt ann do ais\u00e9ir\u00ed pearsanta na colainne. N\u00edor th\u00e1inig an creideamh san ais\u00e9ir\u00ed sin chun tosaigh in Iosrael ach thart ar an bhliain 200 roimh Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 129[130]). <em>Is ag an Tiarna at\u00e1 tr\u00f3caire, agus t\u00e1 fuascailt aige go fl\u00fairseach.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 8:8-11). <em>Spiorad an t\u00e9 a th\u00f3g \u00cdosa \u00f3 mhairbh, t\u00e1 s\u00e9 lonnaithe ionaibh.<\/em> D\u00e9anann P\u00f3l codarsnacht idir an cholainn agus an Spiorad. Ionann an cholainn agus n\u00e1d\u00far lag an duine, agus an meon contr\u00e1rtha do Dhia agus a bhaineann leis agus at\u00e1 claon chun peaca. Iad sin at\u00e1 faoi r\u00e9ir a leith\u00e9id n\u00ed f\u00e9idir leo Dia a sh\u00e1samh, dar le P\u00f3l. N\u00ed hamhlaidh do na creidmhigh a bhfuil Spiorad D\u00e9 acu, iontu, Spiorad a thugann an bheatha nua d\u00f3ibh. Mar a deir P\u00f3l c\u00fapla v\u00e9arsa (8:14) i ndiaidh na l\u00e9achta seo: \u201cIad sin a mb\u00edonn Spiorad D\u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa is clann D\u00e1 iad sin\u201d. Samhla\u00edonn P\u00f3l an corp marbh de bharr an pheaca, marbh de bhr\u00ed go bhfuil s\u00e9 le b\u00e1s a fh\u00e1il go fisici\u00fail agus gur \u00fairlis don pheaca \u00e9. Ach t\u00e1 cumhacht, f\u00f3rsa, eile chun na beatha sa chorp c\u00e9anna, is \u00e9 sin le r\u00e1 an Spiorad at\u00e1 acu tar \u00e9is d\u00f3ibh a bheith f\u00edr\u00e9anaithe tr\u00ed chreideamh i gCr\u00edost. Th\u00f3g Dia \u00cdosa \u00f3 na mairbh tr\u00edna chumhacht f\u00e9in gan teora, agus is \u00e9 Spiorad D\u00e9, le cumhacht sin D\u00e9, at\u00e1 lonnaithe i gcorp, i bpearsa, b\u00e1smhar na gcreidmheach a thugann beatha nua d\u00f3ibh, le deimhin bua a fh\u00e1il ar an bpeaca abhus agus an bheatha sh\u00edorai a bheith acu ina dhiaidh sin.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 11:1-45). <em>Mise an tAis\u00e9ir\u00ed agus an Bheatha. <\/em>T\u00e1 an l\u00e9acht fhada seo ar aon dul leis na cinn a bh\u00ed againn <strong>in mbliain A le dh\u00e1 Dhomhnach anuas<\/strong>, ina bhaineann \u00cdosa feidhm as eachtra \u00e9igin den saol seo le ceacht faoi r\u00fandiamhair a phearsa f\u00e9in a mh\u00faineadh, mar shampla an Sam\u00e1ireach mn\u00e1 agus tobar I\u00e1c\u00f3b agus an t-uisce nua (an Spiorad) a bh\u00ed s\u00e9 f\u00e9in le tabhairt; leigheas an duine a rugadh dall \u00f3n bhroinn agus \u00cdosa mar sholas an domhain; agus inniu glaoch Lazaras \u00f3 mhairbh agus \u00cdosa mar an tAis\u00e9ir\u00ed agus an Bheatha. Bh\u00ed \u00cdosa c\u00e1irdi\u00fail le teaghlach na B\u00e9at\u00e1ine (thart ar 3 cilim\u00e9adar \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im), M\u00e1ire, Marta agus Lazaras. Ar chloisint faoi thinneas Lasaras d\u2019\u00cdosa d\u00fairt s\u00e9 nach chun b\u00e1is ach le go dtabhaharfa\u00ed gl\u00f3ir do Mac D\u00e9 (sin le r\u00e1 d\u00f3 f\u00e9in) tr\u00edd an ngalar sin. N\u00ed th\u00e9ann s\u00e9 go Lasaras l\u00e1ithreach, ach ligeann s\u00e9 d\u00f3 b\u00e1s a fhail. Bh\u00ed Lasaras ceithre l\u00e1 b\u00e1saithe nuair a shrois \u00cdosa an tuama. Deireann \u00cdosa le Marta go n-\u00e9ireoidh a dhearth\u00e1ir ar\u00eds, agus d\u00e9anann Marta gn\u00edomh creidimh san ais\u00e9ir\u00ed \u2013 ach sa l\u00e1 deireanach. Is ansin a thagann buaicphointe na l\u00e9achta ag \u00cdosa: t\u00e1 an t-ais\u00e9ir\u00ed tagtha cheana ina phearsa f\u00e9in: \u201cMise an tAis\u00e9ir\u00ed agus an Bheatha\u201d<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>C.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghr\u00e1sta ionainn n\u00e1 laige an n\u00e1d\u00fair<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Uaireanta cuirtear i leith \u00cdosa gur beag an tuiscint a bh\u00ed aige ar laige an n\u00e1d\u00fair dhaonna nuair a chuir s\u00e9 bac ioml\u00e1n ar an colscaradh. Is trom i sl\u00ed an misean a leag s\u00e9 ar a lucht lean\u00fana nuair a sheol s\u00e9 amach iad mar sholas an domhain agus mar shalann na tal\u00fan. D\u2019fh\u00e9ach an eaglais \u00f3g ar an misean a bh\u00ed aici d\u00edreach mar arb thoil le h\u00cdosa \u00e9. Ba sholas \u00farnua don domhan an eaglais, an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhra\u00edonn P\u00f3l go deas faoin misean uasal sin agus an laige dhaonna ag scr\u00edobh chuig na Corantaigh faoin \u00e1bhar d\u00f3 (2 Corantaigh 4:6-7): \u201cAn Dia a d\u00fairt, \u2018B\u00edodh solas ag lonradh as an dorchadas\u2019, is \u00e9 an Dia c\u00e9anna \u00e9 a chuir solas ag lonradh in\u00e1r gcro\u00ed-ne d\u2019fhonn eolas na gl\u00f3ire diaga ar chuntan\u00f3s Chr\u00edost a chur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn. Is i bpr\u00f3ca\u00ed cr\u00e9 at\u00e1 an tseoid seo i gcoime\u00e1d againn, d\u2019fhonn a chruth\u00fa gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn f\u00e9in \u00ed\u201d. Ag scr\u00edobh chuig na Filipigh d\u00f3, meabhra\u00edonn P\u00f3l faoi mar ar umhlaigh \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in, ag glacadh riocht an scl\u00e1bha, agus ansin imp\u00edonn s\u00e9 orthu a sl\u00e1n\u00fa a shaothr\u00fa faoi uamhan agus faoi eagla, toisc gur \u00f3 chomhoibri\u00fa le Dia a thagann an sl\u00e1n\u00fa, agus nach uainn f\u00e9in amh\u00e1in. Agus is \u00e9 Dia at\u00e1 ag spreagadh idir r\u00fan agus gn\u00edomh sna creidmhigh de r\u00e9ir a dhea-thola f\u00e9in (Filipigh 2:12-13). Sa litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh, mar is l\u00e9ir \u00f3 shliocht an lae inniu, leagann P\u00f3l b\u00e9im n\u00edos m\u00f3 ar laige an n\u00e1d\u00fair agus ar an gclaonadh chun peaca. Ach, ar\u00eds, t\u00e1 an bh\u00e9im is m\u00f3 aige ar bhua Chr\u00edost, tr\u00edd an Spiorad Naomh, ar an bpeaca agus ar an laige sin.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ag teacht go dt\u00ed \u00e1r laethanta f\u00e9in: go minic d\u00e9antar an eaglais a ch\u00e1ineadh faoina h-iliomad rialacha. T\u00e1 a leith\u00e9id de ch\u00e1ineadh sothuigthe go minic, ach ar uairibh is faoi theagasc Chr\u00edost f\u00e9in agus an tsoisc\u00e9il a bh\u00edtear ag casaoid. Sa ch\u00e1s seo, maidir le teachtaireacht an tsoisc\u00e9il \u00e1 craobhscaoileasdh ag an Eaglais, n\u00ed rialacha iontu f\u00e9in at\u00e1 i gceist, ach iad sin mar chuid den bheatha Chr\u00edosta\u00ed, agus sin faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh agus faoi chumhacht ghr\u00e1sta D\u00e9. N\u00ed thuigtear an sc\u00e9al faoi bheatha na hEaglaise, fi\u00fa ina laig\u00ed, gan toimhse seo na r\u00fandiamhaire a thabhairt isteach.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 iarracht de shean-teagasc Pelagius ann inniu, agus sin an n\u00e1d\u00far daonna gan a bheith ag tabhairt aird go leor ar a laige f\u00e9in maidir le c\u00farsa\u00ed m\u00f3r\u00e1lta, agus neamhaird a dh\u00e9anamh den gh\u00e1 at\u00e1 le gr\u00e1sta D\u00e9. Is fi\u00fa cluas a thabhairt f\u00f3s ar theagasc Ph\u00f3il.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le hagallamh le saol an lae inniu de, i diosp\u00f3ireachta\u00ed faoi leas\u00fa na heaglaise agus a leith\u00e9id\u00ed de, agus ar leas\u00fa ar chuid d\u00e1 cleachtadh a meastar bheith as d\u00e1ta, agus in \u00e9adan shaoirse an duine mar a thuigtear saoirse inniu, n\u00ed dochar cuid d\u00e1 bhfuil r\u00e1ite thuas a mheabhr\u00fa: solas an tsoisc\u00e9il agus cumhacht an Spioraid Naoimh agus ghr\u00e1sta D\u00e9.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: T\u00fas &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1775","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1775","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1775"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1775\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1782,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1775\/revisions\/1782"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1775"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1775"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1775"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}