{"id":1787,"date":"2022-04-04T09:06:00","date_gmt":"2022-04-04T09:06:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1787"},"modified":"2022-02-22T09:31:46","modified_gmt":"2022-02-22T09:31:46","slug":"10-abrean-2022-c-domhnach-na-pailme","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1787","title":{"rendered":"10 Abrean 2022 (C) Domhnach na Pailme"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>T\u00e9ama:<\/em><\/strong><em> Ceansacht Chr\u00edost d\u00e1r ngr\u00edosadh<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>An M\u00f3rshi\u00fal<\/em> (L\u00fac\u00e1s 19:28-40). <em>\u00cdosa ag teacht isteach go hIar\u00fasail\u00e9im<\/em>. T\u00e1 an sliocht seo faoi theacht \u00cdosa isteach go hIar\u00fasail\u00e9im le f\u00e1il i ngach ceann de na tr\u00ed shoisc\u00e9il shionaptacha, Matha, Marcas agus L\u00fac\u00e1s. Thug an eachtra le tuiscint do lucht lean\u00fana Chr\u00edost an fh\u00e1istine ag an f\u00e1idh Zacairia (9:9-10) faoi theacht an r\u00ed, an Meisias, go humhail go hIer\u00fasail\u00e9im, ag marc\u00e1iocht ar asal \u2013 b\u00edodh nach luaitear an fh\u00e1istine sin ag L\u00fac\u00e1s. Mheasfadh duine gur mior\u00failt a bh\u00ed ann faoi aimsi\u00fa an asail agus c\u00e9 chomh h\u00e9asca a scaoil an t-\u00fain\u00e9ir leis an bheirt dheisceabal \u00e9, ach b\u2019fh\u00e9idir go raibh aithne ag \u00cdosa air cheana. Bh\u00ed Cnoc na nOl\u00f3g, B\u00e9atfag\u00e9 agus B\u00e9at\u00e1ine congarach do Iar\u00fasail\u00e9im, agus t\u00e1 a fhios againn go raibh c\u00e1irde ag \u00cdosa ansin. Rud sontasach faoin l\u00e9acht seo n\u00e1 nach cheileann \u00cdosa a thuilleadh gurb \u00e9 an Meisias, r\u00ed Iosrael, \u00e9. Tugann a lucht lean\u00fana \u00e9 sin faoi deara agus tugann siad om\u00f3s cu\u00ed d\u00f3. Is fi\u00fa sainleagan seo L\u00fac\u00e1is a chur i gcompar\u00e1id lena bhfuil aige faoi bhreith Chr\u00edost agus gl\u00f3r na n-aingeal \u00f3 neamh. Faoi mar a bh\u00ed na h-aoir\u00ed i mBeithil bhi lucht lean\u00fana Chr\u00edost anois l\u00e1n d\u2019\u00e1thas mar gheall ar a raibh de mhior\u00failt\u00ed feicthe acu (f\u00e9ach ar L\u00fac\u00e1s 2:20). Ag Matha agus Marcas seo cr\u00edoch le moladh an phobail: \u201cHosanna sna harda\u201d. Athra\u00edonn L\u00fac\u00e1s sin go: \u201cS\u00edoch\u00e1in san flaithis, agus gl\u00f3ir in uachtar neimhe\u201d, mar a chan cuallacht de shlua na bhflaitheas ag breith Chr\u00edost sa Bheithil (L\u00fac\u00e1s 2:13-14). Bh\u00ed s\u00edoch\u00e1in tagaithe anois d\u00f3ibh si\u00fad a ghlacfadh le Cr\u00edost i gcreideamh. N\u00edor thuig Iar\u00fasail\u00e9im conas an ts\u00edoch\u00e1in sin a ghlacadh, rud a thug ar \u00cdosa gol d\u00e1 bharr, mar a leanann an sliocht seo ar aghaidh (L\u00facas 19:41-44).<\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Eas\u00e1ias 50:4-7). <em>N\u00edor cheil m\u00e9 mo ghn\u00fais ar mhasla, mar t\u00e1 a fhios agam nach mbeidh m\u00e9 meallta. <\/em>Seo \u00e9 dara hAmhr\u00e1n ghiolla an Tiarna (mar a thugtar orthu) as ceithre chinn. (Na cinn eile Eas\u00e1ias 42:1-4; 49:1-6; 52:13-53:12.) N\u00ed fios go beacht c\u00e9rb \u00e9 an duine a bh\u00ed in aigne an fh\u00e1idh nuair a chum s\u00e9 na duanta seo: an bhfuil s\u00e9 ag labhairt ina agus faoina phearsa f\u00e9in, ag pearsan\u00fa Iosrael, n\u00f3 faoi dhuine f\u00f3s le teacht. Is cuma faoin cheist \u00e1irithe seo. Is l\u00e9ir go bhfuil siad fioraithe in \u00cdosa Cr\u00edost, ina bheatha agus ina bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed. Cuireann an duan seo s\u00edos go h\u00e1lainn agus go beacht ar a phearsa agus ar an mhisean a bh\u00ed aige. Bh\u00ed an bua \u00f3 Dhia aige fulaingt agus tuiscint a bheith aige d\u00f3ibh si\u00fad a bh\u00ed \u00e1 ch\u00e9asadh n\u00f3 a bh\u00ed traochta. Fulainga\u00edonn s\u00e9 go foighdeach an m\u00e9id is toil le Dia a chur air, agus muin\u00edn ioml\u00e1n aige as Dia go mbeidh toradh ar a shaothar.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 21[22]). <em>A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thr\u00e9ig t\u00fa m\u00e9?<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Filipigh 2:6-11). Duan an-\u00e1rsa Cr\u00edosta\u00ed \u00e9 seo, a bhaineann P\u00f3l \u00fas\u00e1id as le bheith ina eiseaml\u00e1ir do Chr\u00edostaithe conas aithris a dh\u00e9anamh ar \u00cdosa. Is d\u00f3cha go bhfuil an duan ag d\u00e9anamh codarsnacht idir \u00cdosa, an t\u00c1dhamh nua agus an an ch\u00e9ad \u00c1dhamh i nGaird\u00edn Pharthais. B\u00edodh gur duine daonna, i gcl\u00f3 daonna, a bh\u00ed sa ch\u00e9ad \u00c1dhamh ghlac s\u00e9 le ghuth an diabhail, na nathrach nimhe, agus shantaigh s\u00e9 bheith mar Dhia, agus loit plean D\u00e9. A mhalairt ar fad le h\u00cdosa, a bh\u00ed i gcl\u00f3 D\u00e9 ach a \u00edsligh \u00e9 f\u00e9in, go b\u00e1s fi\u00fa na croise. An t-ainm a bronnadh ag Dia ar \u00cdosa n\u00e1 \u201cTiarna\u201d. Ionann \u201cTiarna\u201d agus Cr\u00edost c\u00e9asta, ais\u00e9irithe, ar dheasl\u00e1imh an Athar faoi ghl\u00f3ir, agus an T\u00e9 a thugann uaidh an Spiorad Naofa don eaglais. Cr\u00e9 ann f\u00e9in an teideal seo \u201cTiarna\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Leagan gearr)(L\u00fac\u00e1s 23:1-47). An leagan gearr, an mh\u00edr dheiridh de, at\u00e1 sa sliocht seo. T\u00e1 leagan ioml\u00e1n L\u00fac\u00e1is a dh\u00e1 oiread n\u00edos faide n\u00e1 seo. Tosa\u00edonn an leagan seo le triail \u00cdosa i l\u00e1thair Phiol\u00e1it, gobharn\u00f3ir na Roimhe ar I\u00fad\u00e9a agus Iar\u00fasail\u00e9im. Ag triail \u00cdosa ag ardchomhairle na nGi\u00fadach is diamhasla a cuireadh ina leith. Anois ag iarraidh breith an bh\u00e1is \u00f3 Phiol\u00e1it c\u00faiseamh poiliti\u00fail a cuireadh ina leith, ag gr\u00edos\u00fa chun ceannairce agus ag toirmeasc c\u00edos a \u00edoc le C\u00e9asar. Bh\u00ed H\u00e9ar\u00f3d Antipas, teitrearc na Gail\u00edle, in Iar\u00fasail\u00e9im don fh\u00e9ile. Bh\u00ed eolas aige si\u00fad ar chl\u00fa \u00cdosa sa Ghail\u00edl cheana f\u00e9in. N\u00ed g\u00e1 cur s\u00edos ar mhion-shonra\u00ed na l\u00e9achta seo. Is fi\u00fa aird a thabhairt ar ch\u00fapla sain-ghn\u00e9 L\u00fac\u00e1is ann. Ba n\u00f3s ag Dante teidil ghonta as Laidin n\u00f3 Iod\u00e1ilis a thabhairt ar laochra agus i\u00f3c\u00f3in d\u00e1 chuid. Ar L\u00fac\u00e1s thug s\u00e9 <em>Scriba mansuetudinis Christi<\/em>, \u201cScr\u00edobha\u00ed chneastacht Cr\u00edost\u201d. T\u00e1 L\u00fac\u00e1s tugtha do bh\u00e9im a leagaint ar chneastacht an tSl\u00e1naitheora. T\u00e1 tr\u00ed shampla de sin le sonr\u00fa sa l\u00e9acht seo. Ar a shl\u00ed chun Cailbhire, agus an complacht ban \u00e1 chaoineadh, d\u00fairt \u00cdosa leo gan bheith ag gol mar gheall air f\u00e9in, ach mar gheall orthu f\u00e9in toisc an uaf\u00e1is a bh\u00ed le teacht (de bharr \u00e9ir\u00ed amach in \u00e9adan na R\u00f3imhe). Arna chur ar an chrois d\u00f3 d\u2019iarr s\u00e9 ar a Athair maitheamh d\u00f3ibh san ba chiontach lena ch\u00e9asadh, ag gabh\u00e1il mar leithsc\u00e9al nach raibh a fhios acu cad a bh\u00ed siad \u00e1 dh\u00e9anamh. Agus roimh f\u00e1il bh\u00e1is d\u00f3 d\u00fairt s\u00e9 leis an choirpeach aithreach go mbeadh s\u00e9 in \u00e9ineacht leis an l\u00e1 sin f\u00e9in i bParthas.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/strong><em>Ceansacht Chr\u00edost d\u00e1r ngr\u00edosadh<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 \u00e1bhar saibhir machnaimh i l\u00e9acha\u00ed an lae inniu, agus den chuid is m\u00f3 de labhra\u00edonn siad uathu f\u00e9in ach iad a l\u00e9amh agus s\u00fail againn ar shaol agus ch\u00fains\u00ed \u00e1r linne f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa ch\u00e9ad agus sa dara l\u00e9acht t\u00e1 giolla, seirbh\u00edseach, an Tiarna agus \u00cdosa f\u00e9in curtha os \u00e1r gcomhair mar eiseaml\u00e1ir, an giolla a bhfuil teanga an aos l\u00e9inn aige toisc gur fhoghlaim s\u00e9 \u00f3n m\u00e9id a fhulaing s\u00e9, agus a thug d\u00f3 an tuiscint freagra a thabhairt do t\u00e9 at\u00e1 traochta. Sin bua m\u00f3r a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu\u2014go bhfuil d\u00ednit sa bhr\u00f3n, san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an tsaoil. D\u00e9antar cur s\u00edos go minic i dt\u00edortha \u00e1irithe ar \u201cchine\u00e1l na beatha\u201d, \u201cthe quality of life\u201d, amhail is nach mbeadh br\u00ed, ciall, leis an bheatha dhaonna muna mbeadh s\u00ed gan fhulaingt, gan fhadhb. T\u00f3gtar easba seo den \u201cquality of life\u201d mar leithsc\u00e9al do eotan\u00e1is. T\u00e1 a fhios againn go bhfuil sc\u00e9al d\u00e1 leith\u00e9id casta, ach mar sin f\u00e9in is fi\u00fa a mheabhr\u00fa go bhfuil d\u00ednit ag baint le gach gn\u00e9 den saol daonna.<\/p>\n\n\n\n<p>Ceacht eile a thagann chugainn \u00f3n ch\u00e9ad l\u00e9acht agus \u00f3n soisc\u00e9al, faoi Ph\u00e1is \u00c1r dTiarna, n\u00e1 ceansacht Chr\u00edost agus a gairm chugainn a bheith tuisceanach d\u00e1 ch\u00e9ile. Leag an P\u00e1pa Prionsias b\u00e9im ar a leith\u00e9id de sin agus thug na me\u00e1in chumars\u00e1ide an-aird d\u00f3. T\u00e1 teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag \u00cdosa a fuair b\u00e1s don saol seo againne go f\u00f3ill. Gu\u00edmis go mbeadh toradh f\u00f3nta ar aspalacht an Ph\u00e1pa Proin<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1787","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1787","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1787"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1787\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1793,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1787\/revisions\/1793"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1787"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1787"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1787"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}