{"id":1797,"date":"2022-04-18T09:13:00","date_gmt":"2022-04-18T09:13:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1797"},"modified":"2022-02-22T09:31:43","modified_gmt":"2022-02-22T09:31:43","slug":"24-aibrean-2022-c-dara-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1797","title":{"rendered":"24 Aibrean 2022 (C) Dara Domhnach den Chaisc"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>F\u00e9ile Thr\u00f3caire D\u00e9<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: <em>(1) \u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo nach bhfaca agus a chreid\u201d; <\/em>(2) Domhnach Th\u00f3caire D\u00e9<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (Gn\u00edomhartha na nAspal 5:12-16). Chuaigh l\u00edon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna n\u00edba mh\u00f3 i m\u00e9id. Seo ceann dena achoimr\u00ed \u00edd\u00e9alacha de bheatha na hEaglaise \u00f3ige in Iar\u00fasail\u00e9im ar ghean le L\u00fac\u00e1s, \u00fadar an leabhair seo, a chur \u00f3s \u00e1r gcomhair. Bh\u00ed an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed luath seo faoi ardmheas ag an pobal agus bh\u00ed l\u00edon na gcreidmheach ag dul i m\u00e9id \u00f3 l\u00e1 go ch\u00e9ile. Meabhra\u00edonn L\u00fac\u00e1s d\u00fainn chomh maith an \u00e1it l\u00e1rnach a bh\u00ed ag Peadar. Ba shin laethanta tosaigh na h Eaglaise tar \u00e9is teacht an Spioraid Naoimh, sul ar rinneadh soil\u00e9ir impleachta\u00ed an chreidimh i gCr\u00edost mar Shl\u00e1naitheoir don domhan uile, Gi\u00fadach agus eile, gan an Teampall n\u00e1 Dl\u00ed Mhaoise. Bheadh sin le teacht nuair a ghluais an Eaglais amach \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im thar cr\u00edocha Iosrael. Bheadh ar an tion\u00f3l Cr\u00edosta\u00ed in Iar\u00fasail\u00e9im a chuid f\u00e9in de na deacrachta\u00ed a bhain leis sin a fhulaingt.<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le Freagra (Salm 117[118]). Tugaig\u00ed bu\u00edochas don Tiarna toisc gur maith \u00e9: \u00f3ir maireann a ghr\u00e1 de sh\u00edor.<\/p>\n\n\n\n<p>Dara L\u00e9acht (Apacailipsis 1:9-13, 17-19). Ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh an s\u00edora\u00edochta. Ar feadh Domhnacha\u00ed na C\u00e1sca is \u00e9 a bheidh sa dara l\u00e9acht n\u00e1 sleachta as Leabhar Apacailipsis Eoin, Is \u00e9 at\u00e1 in apacailipsis n\u00e1 se\u00e1nra, cine\u00e1l, gn\u00e9 de litr\u00edocht na nGi\u00fadach in a bhfuil foilsi\u00fa diaga tr\u00ed idirghabh\u00e1la\u00ed faoi rudai le titim amach go luath. Sampla sontasach den se\u00e1nra seo n\u00e1 Leabhar Dain\u00e9il den Seantiomna, a scr\u00edobhadh le uchtach a thabhairt do na Gi\u00fadaigh a bh\u00ed i mbaol b\u00e1is de bharr gh\u00e9arlean\u00fana. Buntr\u00e9ith, teachtaireacht l\u00e1rnach, leabhair Dain\u00e9il agus Eoin, agus na scr\u00edbhinn\u00ed apacailipteacha i gcoitine n\u00e1 go bhfuil Dia i gc\u00f3na\u00ed i gceannas agus nach f\u00e9idir le aon cumhacht dhaonna a r\u00e9im a chur as riocht. Bh\u00ed an fh\u00eds seo ag Eoin nuair a bh\u00ed s\u00e9 i ngeibheann faoin impire Domitianus (A.D. 80-96) in oile\u00e1n beag Patmos (thart ar deich m\u00edle faoi c\u00faig bhfairsinge) sa Mhuir Aeg\u00e9ach de bharr a chreidimh i gCr\u00edost. Scr\u00edbinn\u00ed l\u00e9annta, go minic l\u00e1n de shiomb\u00f3lachas, tagairt\u00ed aduaine agus eile at\u00e1 sna apacailipteacha, tagairt\u00ed a thuig an ghl\u00fain ar scr\u00edobhadh d\u00f3ibh iad c\u00e9aduair ach nach amhlaidh d\u00fainne. D\u00f3ibh si\u00fad ar mhaith leo Apacailipsis Eoin ina ioml\u00e1ine a l\u00e9amh. moltar intreoir ceart d\u00f3 a \u00fas\u00e1id. N\u00ed g\u00e1 sin do na l\u00e9achta\u00ed a roghna\u00edotar don Ch\u00e1isc seo. T\u00e1 siad soil\u00e9ir agus sothuigthe. Maidir le l\u00e9acht an lae inniu, bh\u00ed eisp\u00e9aras eacstaiseach ag Eoin. Thaibhsigh \u00cdosa ais\u00e9irithe (Mac an Duine) d\u00f3 mar bhreitheamh, le culaith sagartacha (r\u00f3ba, \u00e9ide fhada) agus culaith r\u00edoga (crios orga). L\u00e9irigh \u00cdosa d\u00f3 gurb aige a bh\u00ed an chumhacht go l\u00e9ir: eisean an T\u00e9 at\u00e1, an T\u00fas agus an Deireadh (teidil a thug Dia Iosrael air f\u00e9in, Ise\u00e1ia 44:6; 48:1). Briathra iad seo le miseanch agus spreagadh a thabhairt do Eoin in oile\u00e1n Patmos agus don Eaglais agus do Chr\u00edostaithe i ngach aois agus iad faoi gh\u00e9arlean\u00faint de aon saghas.<\/p>\n\n\n\n<p>Soisc\u00e9al (Eoin 20:19-31). Ocht l\u00e1 ina dhiaidh sin, th\u00e1inig \u00cdosa. An ch\u00e9ad chuid den l\u00e9acht seo cuireann s\u00ed s\u00edos ar eachtra a tharla tr\u00e1thn\u00f3na Dhomhnach na C\u00e1sca. L\u00e9irigh an Sl\u00e1naitheoir ais\u00e9irithe \u00e9 f\u00e9in do na haspail, agus deimhn\u00edonn d\u00f3ibh go raibh s\u00e9 \u00e9irithe d\u00e1ir\u00edre ina dhaonnacht ag taispe\u00e1int d\u00f3ibh a l\u00e1mha agus a chosa gonta. D\u2019an\u00e1iligh s\u00e9 orthu agus thug d\u00f3ibh an Spiorad Naomh agus an chumhacht peaca\u00ed a mhaitheamh. N\u00ed raibh an t-aspal Tom\u00e1s i l\u00e1thair an Domhnach sin agus d\u00fairt s\u00e9 nach gcreidfeadh s\u00e9 gan fianaise gurb \u00e9 an t\u00cdosa a c\u00e9asadh a bh\u00ed i gceist.. T\u00e1 an dara heachtra againn sa dara cuid den l\u00e9acht, eachtra a tharla an Domhnach tar \u00e9is na C\u00e1sca. Admha\u00edonn Tom\u00e1s creideamh n\u00ed hamh\u00e1in in \u00cdosa ais\u00e9irithe mar Thiarna, ach f\u00f3s mar Dhia: \u201cMo Thiarna agus mo Dhia\u201d. Seo \u00ed an dara h\u00e1it i Soisc\u00e9al seo Eoin ina admha\u00edtear creideamh in \u00cdosa mar Dhia, in ndiagacht Chr\u00edost. Is \u00e9 an ceann eile n\u00e1 sa bhrollach (Eoin 1:1): \u201cBh\u00ed an Briathar ann i dt\u00fas b\u00e1ire \u2026 agus ba Dhia an Briathar\u201d. C\u00fais mhisnigh do chreidmhigh i ngach aois freagra \u00cdosa ar Thom\u00e1s. N\u00ed measa as iad na m\u00edlte bliain n\u00edos d\u00e9ana\u00ed n\u00e1 mar a bh\u00ed Tom\u00e1s an Domhnach \u00fad: \u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo nach bhfaca agus a chreid\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>(1) \u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo nach bhfaca agus a chreid\u201d.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramad\u00f3ir in agallamh tr\u00e1th faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair s\u00e9 gur bhre\u00e1 leis d\u00e1 mbeadh buailte aige le h\u00cdosa. N\u00ed fios c\u00e9n cheist a bheadh curtha aige ar \u00cdosa n\u00e1 ar fhreagra \u00cdosa air. Cuireadh chun aithr\u00ed is d\u00f3cha! N\u00ed hionann an c\u00e1s sa mh\u00e9id a bhaineann le creidmhigh de. T\u00e9imis thar nais go dt\u00ed an seomra uachtarach sin, le h\u00cdosa agus Tom\u00e1s, a chreid i ndiagacht Chiost agus \u00e9 i l\u00e1thair. I mbriathra Chr\u00edost is m\u00e9anar d\u00f3ibh si\u00fad a chreideann ann i ngach aois, agis i ngach \u00e1it, go deireadh an domhain. N\u00ed beannaithe Tom\u00e1s n\u00e1 iad. Tr\u00ed sh\u00faile an chreidimh t\u00e1 Cr\u00edost i l\u00e1thair faoi mar a bh\u00ed do Thom\u00e1s le s\u00faile aiceanta. T\u00e1 seo ag dul leis an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa ina achain\u00ed don Athair ag an Suip\u00e9ar Deiridh: \u201cN\u00ed ar a son-san amh\u00e1in [a lucht lean\u00fana an tr\u00e1th \u00fad] at\u00e1im ag gu\u00ed, ach, mar an gc\u00e9anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr\u00edna mbriathar\u201d (Eoin 17:20). Don luath-eaglais, agus don eaglais i ngach aois, t\u00e1 \u00cdosa i ngar \u2013 n\u00edos gaire n\u00e1 an doras \u2013 ag tabhairt sol\u00e1is, misnigh agus spreagtha. Mar seo a labhair Peadar faoi \u00cdosa ina litir do Chr\u00edosta\u00edthe a bh\u00ed ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCr\u00edost: \u201cN\u00ed fhaca sibh \u00e9, ach tugann sibh gra d\u00f3; n\u00ed fheiceanna sibh anois f\u00e9in \u00e9, ach creideann sibh ann, agus is l\u00fach\u00e1ireach sibh le h\u00e1thas gl\u00f3rmhar dolabhartha\u201d (1 Peadar 1:8). Is cuid d\u00edlis den Tiomna Nua agus den Chr\u00edostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chr\u00edost. T\u00e1 sin go l\u00e9ir curtha go deas i nd\u00e1n Gaeilge faoin chomhairle don duine \u00f3g at\u00e1 tagaithe anuas chugainn sa bh\u00e9aloideas agus i scr\u00edbhinn: \u201cA dhuine at\u00e1 i dt\u00fais do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat \u2026 N\u00e1 santaigh r\u00e1ite baois\u2019 n\u00e1 an dream go mb\u00edd acu; <em>sara dtiocfaidh iomad ded\u2019 aois, <strong>b\u00edodh aithne ar Chr\u00edost agat\u201d.<\/strong><\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Inniu chomh maith Domhnach Thr\u00f3caire D\u00e9, f\u00e9ile a thionscain an P\u00e1pa Eoin P\u00f3l II sa bhliain 2000 (mar thoradh ar fh\u00eds a bh\u00ed ag an tSi\u00far Ph\u00f3lannach Faustina Kowalska). In aitheasc don fh\u00e9ile seo sa bhliain 2001 (uimhir C den chiorcal thr\u00ed bliana, mar at\u00e1 i mbliana) d\u00fairt an P\u00e1pa: \u201c\u2019N\u00e1 b\u00edodh eagla oraibh. Is mise an T\u00fas agus an Deireadh, an Neach beo; is beo dom ar feadh na s\u00edora\u00edochta\u2019\u201d. Chualamar na briathra sol\u00e1sacha seo sa Dara L\u00e9acht t\u00f3gtha as Apacailipsis Eoin. Tugann siad cuireadh d\u00fainn \u00e1r n-amharc a thabhairt ar Chr\u00edost le bheith deimhin go bhfuil s\u00e9 in\u00e1r dteannta, ag tabhairt uchtaigh d\u00fainn.. Do gach aoinne, is cuma c\u00e9 comh casta agus dr\u00e1mata an staid ina bhfuil s\u00e9, deireann Cr\u00edost Ais\u00e9irithe: \u2018N\u00e1 b\u00edodh eagla ort. Fuair m\u00e9 b\u00e1s ar an gCrois ach t\u00e1im anois beo go deo\u2019. \u2026 D\u00fairt \u00cdosa leis an tSi\u00far Faustina l\u00e1 amh\u00e1in: \u2018N\u00ed bheidh s\u00edoch\u00e1in ag an gcine daonna go deo go dt\u00ed go gcasfaidh siad chugamsa le muin\u00edn as mo thr\u00f3caire\u2019. Tr\u00f3caire D\u00e9! Seo \u00ed an bronntanas a fhaigheann an Eaglais \u00f3 Chr\u00edost ais\u00e9irithe agus a thairgeann s\u00ed don chine daonna ag breacadh seo an tr\u00ed\u00fa m\u00edlaoise\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>(3) Agallamh le saol an lae inniu<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Tr\u00f3caire D\u00e9! T\u00e1 an Seantiomna (go h\u00e1irithe Leabhar na Salm) agus an Tiomna Nua l\u00e1n de thagairt\u00ed d\u00ed. Ach t\u00e1 sciar \u00e1irithe gl\u00f3rach de shaol an lae inniu a mha\u00edonn gurb \u00e9 a mhalairt is f\u00edor \u2013 gur \u00e9adr\u00f3caire do shaoirse an chine dhaonna an creideamh i nDia, agus gur faoiseamh uaidh bheith r\u00e9idh lena leith\u00e9id de theagasc. Is cuid de seo den codarsnacht at\u00e1 ann idir theagasc Chr\u00edost agus na hEaglaise agus fheals\u00fanacht \u00e1irithe reatha. Mar an gc\u00e9anna maidir leis an dt\u00e9ama \u201csaoirse\u201d. Is fada siar an cur agus c\u00faiteamh faoi seo, go dt\u00ed feals\u00fanacht na Gr\u00e9ige, traidisi\u00fan Iosrael, agus an Tiomna Nua. Dar le h\u00cdosa ionann creideamh ann f\u00e9in agus saoirse cheart. T\u00e1 a l\u00e1n inniu a aont\u00f3dh leis an bhfile a d\u00fairt: \u201cBuarach (r\u00f3pa ceangailte) ar m\u2019aigne Eaglais D\u00e9\u201d. N\u00ed chun na ceisteanna seo a phl\u00e9 at\u00e1im anseo, ach iad a ard\u00fa. N\u00ed m\u00f3r aird a thabhairt orthu, agus agallamh a choth\u00fa idir l\u00e9achtai an Domhnaigh agus ceisteanna reatha.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>F\u00e9ile Thr\u00f3caire D\u00e9 Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1082,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1797","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1797","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1797"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1797\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1800,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1797\/revisions\/1800"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1082"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1797"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1797"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1797"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}