{"id":1832,"date":"2022-05-30T07:50:00","date_gmt":"2022-05-30T07:50:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1832"},"modified":"2022-05-17T08:34:39","modified_gmt":"2022-05-17T08:34:39","slug":"5-meitheamh-2022-c-domhnach-cincise","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1832","title":{"rendered":"5 Meitheamh 2022 (C) Domhnach Cinc\u00edse"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong><em>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae:<\/em><\/strong> <em>An Spiorad Naomh, F\u00e9ini\u00falacht chine agus chreidimh<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na nAspal 2:1-11). <em>L\u00edonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt. <\/em>T\u00e1 cur s\u00edos sa l\u00e9acht seo ar eachtra\u00ed a th\u00e1rla sa l\u00e1 a dtugaimid Domhnach Cinc\u00edse air. Whitsunday a thugtar air as B\u00e9arla, sin le r\u00e1 White Sunday toisc na h\u00e9ada\u00ed a bh\u00edodh \u00e1 n-iompar acu si\u00fad a bh\u00ed tar \u00e9is a mbaisteadh an l\u00e1 sin. Is sa Ghr\u00e9igis a scr\u00edobhadh Gn\u00edomhartha na nAspal agus is <em>pentecostes<\/em>. \u201can caogad\u00fa\u201d a tugadh ar an l\u00e1 ansin, is \u00e9 sin le r\u00e1 an caogad\u00fa l\u00e1 tar \u00e9is na C\u00e1sca. An Laidin a bheadh ar an bhfocal \u201ccaogad\u00fa\u201d n\u00e1 <em>Quinquagesima<\/em>, agus bh\u00ed sin mar theideal ar an bhf\u00e9ile in amanta in Eaglais an Iarthair. As an bhfocal Laidine sin a th\u00e1inig ainm na f\u00e9ile seo isteach sa Ghaeilge \u2013 sa Sean-Ghaeilge \u201ccingciges\u201d, a athraigh tr\u00ed sh\u00e9imhi\u00fa agus chailli\u00faint an \u201cg\u201d deiridh go dt\u00ed Cinc\u00eds na Nua-Ghaeilge. Ceann \u00e9 de thr\u00ed fh\u00e9ile na nGi\u00fadach an Pentecostes, an Chinc\u00eds, a bh\u00ed le ceili\u00faradh le soll\u00fantas faoi leith. An ch\u00e9ad cheann d\u00edobh n\u00e1 an Ch\u00e1isc. F\u00e9ile na Cinc\u00edse ag na Gi\u00fadaigh i dt\u00fas b\u00e1ire is d\u00f3cha gur f\u00e9ile an fh\u00f3mhair a bh\u00ed ann, agus an t-arbhar aib\u00ed. In aimsir Chr\u00edost is cos\u00fail go raibh bronntanas an Dl\u00ed \u00f3 Dhia do Mhaois \u00e1 cheili\u00faradh ann.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Teacht an Spioraid Naoimh ar na hAspail agus ar an eaglais, amhail deascabh\u00e1il Chriost go deasl\u00e1mh an Athar (a cheili\u00faramar an Domhnach seo caite) is f\u00edrinne, r\u00fandiamhair, \u00e9 ar f\u00e9idir a l\u00e9iri\u00fa mar sin, mar r\u00fandiamhair, n\u00f3 a r\u00edomhadh mar eachtra le h-aireacht\u00e1il le c\u00e9adfa\u00ed na colainne. De r\u00e9ir shoisc\u00e9al Naomh Eoin (Eoin 20:22) bhronn \u00cdosa an Spiorad Naomh ar na hAspail (aon aspail d\u00e9ag) Domhnach C\u00e1sca f\u00e9in, sa seomra uachtarach agus na doirse faoi ghlas. Sa l\u00e9acht seo inniu t\u00e1 L\u00fac\u00e1s ag cur s\u00edos ar thosach na hEaglaise agus an mhisin Chr\u00edosta\u00ed do na Gi\u00fadaigh agus don domhan m\u00f3r.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa l\u00e9acht \u00e1irithe seo inniu t\u00e1 dh\u00e1 radharc. Sa ch\u00e9ad cheann deirtear go raibh \u201csiad go l\u00e9ir le ch\u00e9ile ar aon l\u00e1thair\u201d. Is d\u00f3cha gurb iad na hAspail, na mn\u00e1 \u00e1irithe, maraon le Muire m\u00e1thair \u00cdosa agus br\u00e1ithre \u00cdosa, at\u00e1 i gceist agus iad f\u00f3s sa seomra uachtarach, faoi ghlas, ar eagla na nG\u00ed\u00fadach, agus iad ag gu\u00ed gan staonadh le teacht an Spioraid a gheall \u00cdosa d\u00f3ibh roimh imeacht uathu d\u00f3. Athraigh c\u00farsa\u00ed go tobann le teacht an Spioraid orthu. Baineann L\u00fac\u00e1s feidhm as \u00edomh\u00e1nna traidisi\u00fanta le seo a l\u00e9iri\u00fa: s\u00e9ide\u00e1n gaoithe m\u00f3ire agus tine. Siombal at\u00e1 an labhairt i dteangacha difri\u00fala, b\u2019fh\u00e9idir, ar an chumhacht nua chun an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt. Tabharfaidh an Spiorad deimhni\u00fa inmhe\u00e1nach d\u00f3ibh faoi Chr\u00edost agus an dualgas a leag s\u00e9 orthu.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00f3gann an dara radharc taobh amuigh den seomra uachtarach sinn. C\u00e9ad seanm\u00f3ireacht an tsoisc\u00e9il at\u00e1 ann agus bun\u00fa na hEaglaise. Don fh\u00e9ile sin bheadh Gi\u00fadaigh chr\u00e1ifeacha \u00f3 gach cearn den impireacht R\u00f3mh\u00e1nach in Iar\u00fasail\u00e9im. Tugann L\u00fac\u00e1s liosta d\u00edobh ar threo tuathail, \u00f3n oirthear siar: P\u00e1irtigh agus eile (\u00f3n Iar\u00e1in agus Iar\u00e1ic an lae inniu), an tuaisceart (T\u00fairc an lae inniu), an tIarthar, an \u00c9igipt agus c\u00f3sta thuaisceart na hAifrice, chomh maith leis an R\u00f3imh. B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil L\u00fac\u00e1s ag f\u00e9achaint ar an Chinc\u00eds sin mar athr\u00fa ioml\u00e1n ar Th\u00far Bhaib\u00e9il. Ar aon chuma, le teacht sin an Spioraid t\u00e1 t\u00fas curtha le misean na hEaglaise don domhan m\u00f3r.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Salm le Freagra (Salm 103[104]. <em>Cuir amach do Spiorad, a Thiarna, agus d\u00e9an aghaidh na tal\u00fan a athnuachan.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 8:8-17). <em>An mhuintir a mb\u00edonn Spiorad D\u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa is clann ag Dia iad. <\/em>Sa litir seo chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh cuireann P\u00f3l go minic \u201ccolainn\u201d i gcodarsnacht le \u201cspiorad\u201d. Leis an bhfocal \u201ccolainn\u201d (agus an aid\u00edocht \u201ccolla\u00ed\u201d) n\u00ed h\u00ed an cholainn mar bhall den n\u00e1d\u00far daonna at\u00e1 i gceist aige ach an n\u00e1d\u00far daonna go hioml\u00e1n sa mh\u00e9id is at\u00e1 s\u00e9 lag, leithleasach, tugtha d\u00e1 leas fein amh\u00e1in, an cholainn tugtha do ainmhianta peac\u00fala. T\u00e1 mion-chur s\u00edos ag P\u00f3l ar seo sa chaibideal roimhe seo (caibideal 7). Nuair is \u00e1il leis an n\u00e1d\u00far lag seo an mhaith a dh\u00e9anamh is \u00e9 an t-olc a bh\u00edonn ina ghaobhar (R\u00f3mh 7:21). Creideamh agus r\u00fandiamhair Chr\u00edost n\u00ed hamh\u00e1in go dtugann siad f\u00eds nua ar an \u201ccholainn\u201d, an saol abhus agus sa ts\u00edorra\u00edocht ach f\u00f3s tr\u00ed chumhacht, tr\u00ed ghr\u00e1sta, an Spioraid Naoimh, tugann siad an neart maireacht\u00e1il d\u00e1 r\u00e9ir. An n\u00e1d\u00far lag seo ar a thugann P\u00f3l \u201ccorp\u201d, \u201ccorp b\u00e1smhar\u201d, \u201ccolainn\u201d air, an n\u00e1d\u00far seo gona ainmhianta, t\u00e1 s\u00e9 contr\u00e1rthach don bheatha Chr\u00edosta\u00ed, neamhinni\u00falach lei. An bheatha nua inmhe\u00e1nach de r\u00e9ir ghairm D\u00e9, bronntanas \u00f3n Spiorad Naomh \u00ed; aonta\u00edonn s\u00ed le Dia sinn tr\u00ed bheatha nua. Cumhacht sin D\u00e9 a bh\u00ed ag feidhmi\u00fa in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus ina a dheascabh\u00e1il, an r\u00fandiamhair ar a raibh caint an Domhnach seo caite, t\u00e1 s\u00ed ag feidhmi\u00fa chomh maith sna creidmhigh ag tabhairt beatha nua abhus agus sa ts\u00edorra\u00edocht. Is \u00e9 an Spiorad a thugann an fh\u00edorbheatha inmhe\u00e1nach. Mar a mheabhra\u00edonn P\u00f3l d\u00fainn: \u201cAn mhuintir a mb\u00edonn Spiorad D\u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa is clann ag Dia iad\u201d. M\u00faineann an Spiorad \u00e1r n-uaisleacht Chr\u00edosta\u00ed d\u00fainn. Tugann s\u00e9 le fios d\u00fainn gur mac n\u00f3 in\u00edon le Dia gach duine againn, faoi mar is Mac D\u00e9 \u00cdosa f\u00e9in, ag glaoch ar a Athair mar a rinne s\u00e9 i Geits\u00e9amana\u00ed (Marcas 4:16; Galataigh 4:6), \u201cAbba, A Athair\u201d, leis an bhfocal Airimise <em>Abba,<\/em> \u201cAthair\u201d. T\u00e1 an ghl\u00f3ir i nd\u00e1n d\u00fainn in bhfochair Chr\u00edost; is oidhr\u00ed D\u00e9 sinn ina theannta, ach n\u00ed gan dua: n\u00ed m\u00f3r d\u00fainn bheith p\u00e1irteach ina ph\u00e1is, le bheith p\u00e1irteach ina ghl\u00f3ir.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Malairt Dara L\u00e9achta <\/em>(1 Corantaigh 12:3-7, 12-13). <em>San aon Spiorad amh\u00e1in is ea a baisteadh isteach in aon chorp amh\u00e1in sinn go l\u00e9ir. <\/em>Cuireann t\u00e9acsanna an Tiomna Nua s\u00edos i sl\u00edte \u00e9ags\u00fala ar r\u00f3l l\u00e1rnach an Spioraid Naoimh i mbeatha an duine aonair agus i mbeatha na hEaglaise ina hioml\u00e1ine. Tugtar ainmneacha \u00e9ags\u00fala ar an bpearsa dhiaga sin chomh maith, ina measc i Soisc\u00e9al Naomh Eoin an S\u00f3l\u00e1sa\u00ed, an Paracl\u00e9id, an t-abhc\u00f3ide a thugann deimhne inmhe\u00e1nach faoina gcreideamh do na f\u00edr\u00e9in i gcoinne freas\u00fara agus g\u00e9arlean\u00fana. I scr\u00edbhinn\u00ed eile den Tiomna Nua tugtar air Spiorad \u00cdosa, Spiorad an Chr\u00edost ais\u00e9irithe agus ghl\u00f3irithe, a thugann t\u00edolactha\u00ed \u00e9ags\u00fala agus carasma\u00ed faoin Eaglais d\u00e1 baill. I l\u00e9acht an lae inniu tugann P\u00f3l liosta de roinnt de na t\u00edolactha\u00ed sin. Ar t\u00fas t\u00e1 t\u00edolacadh an chreidimh, is \u00e9 sin le r\u00e1 a admh\u00e1ileann gurbh \u00e9 \u201c\u00cdosa an Tiarna\u201d. Admh\u00e1il chreidimh an-luath \u00ed seo, ceann at\u00e1 tr\u00e9an le br\u00ed. Ionann \u00ed agus a admh\u00e1il go bhfuil \u00cdosa \u00e9irithe \u00f3 na mairbh, ina shu\u00ed ar dheasl\u00e1mh an Athar agus go dtugann s\u00e9 bronntanas an Spioraid Naoimh ar an Eaglais. Ardbhronntanas an Spioraid Naoimh \u00e9 an creideamh. Ansin tugann P\u00f3l le fios go bhfuil r\u00f3lanna \u00e9agsula le l\u00edonadh sa chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed agus tugann an Spiorad Naomh t\u00edolactha\u00ed \u00e9ags\u00fala le sin a thabhairt chun cr\u00edche. Leagann s\u00e9 b\u00e9im ar seo, nach do leas an duine aonair amh\u00e1in iad seo, ach do leas an chomhluadair ina ioml\u00e1ine, leas na hEaglaise. Ag r\u00e1 sin d\u00f3 d\u00e9anann s\u00e9 compar\u00e1id idir an pobal Cr\u00edosta\u00ed agus an corp daonna, ina chomhl\u00e1na\u00edonn baill \u00e9ags\u00fala an choirp a ch\u00e9ile. Cuireann an baisteadh Cr\u00edosta\u00ed b\u00e9im ar an aontacht seo, ina ghlacann gach aoinne an Spiorad c\u00e9anna, nach bhfuil \u00e1it ann do dhifr\u00edochta\u00ed maidir le st\u00e1das soisialta, daor n\u00f3 saor, scl\u00e1bha\u00ed n\u00f3 cathr\u00f3ir.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 20:19-23). <em>Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, t\u00e1imse do bhur gcursa uiaim freisin. Glacaig\u00ed an Spiorad Naomh. <\/em>Tharla an eachtra seo tr\u00e1thn\u00f3na Dhomhnach C\u00e1sca, an l\u00e1 f\u00e9in inar \u00e9irigh \u00cdosa \u00f3 na mairbh. D\u00edreach roimh an sliocht seo bh\u00ed cuntas ag Eoin faoi mar a theaspe\u00e1in \u00cdosa ais\u00e9irithe \u00e9 f\u00e9in do Mh\u00e1ire Mhaigdil\u00e9ana go luath maidin C\u00e1sca, \u00e1 r\u00e1 lei an sc\u00e9al sin a thabhairt d\u00e1 bhr\u00e1ithre, agus rinne M\u00e1ire sin do na deisceabail. Ansin tr\u00e1thn\u00f3na an lae sin thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00e1 dheisceabail, agus iad taobh istigh de dhoirse iata, ar eagla d\u00e1 naimhde. Ag teacht tr\u00edd na doirse iata l\u00e9irigh \u00cdosa go raibh corp ais\u00e9irithe aige, ach an corp inar cuireadh chun b\u00e1is \u00e9 ar an gcrois, leis na cr\u00e9achta ina l\u00e1mha agus a cliath\u00e1n. \u00d3c\u00e1id shol\u00fanta \u00ed seo ina thugann \u00cdosa \u00fadar\u00e1s do na deisceabail a bh\u00ed rognaithe aige lean\u00faint lena mhisean ar talamh. Bh\u00ed lean\u00fanachas le bheith ann idir an misean a bh\u00ed faighte ag \u00cdosa \u00f3na Athair agus a misean si\u00fad tugtha d\u00f3ibh ag \u00cdosa f\u00e9in. D\u2019an\u00e1laigh \u00cdosa orthu, agus t\u00e1id anois amhail a bheith baiste sa Spiorad Naomh mar bhar\u00e1ntas go bhfuil siad ag lean\u00faint le misean \u00cdosa f\u00e9in. Fuair \u00cdosa b\u00e1s ar son maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed. Mar a d\u00fairt s\u00e9 sna briathra at\u00e1 againn i gcoisreacan an Aifrinn: bh\u00ed a chuid fola le dortadh chun maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed. Anois, an tr\u00e1thn\u00f3na sin Domhnach C\u00e1sca, le bronntanas an Spioraid Naoimh leanfar ar aghaidh leis an obair shl\u00e1naithe sin tr\u00edna dheisceabail agus an Eaglais.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Malairt Shoisc\u00e9il (<\/em>Eoin 14:15-16, 23-26). <em>Iarrfaidh m\u00e9 m\u2019Athair \u00e9, agus tabharfaidh s\u00e9 Cabhr\u00f3ir eile daoibh.<\/em><em>Cuirfidh an Spiorad Naomh i gcuimhne daoibh ar inis m\u00e9 daoibh.<\/em>Cuid de aitheasc \u00cdosa ag f\u00e1gaint sl\u00e1in ag a dheisceabail at\u00e1 anseo. I gcionn tamaill bhig n\u00ed bheidh s\u00e9 le feice\u00e1il a thuilleadh ag an domhan gan creideamh (\u201can saol\u201d mar a thugann an Soisc\u00e9al seo air) lena s\u00faile cinn. Ach beidh \u00cdosa f\u00f3s le feice\u00e1il ag na deisceabail; beidh radharc acu air, de bharr bhronntanas an chreidimh. I sl\u00ed, gan \u00cdosa, bheadh na deisceabail mar dh\u00edlleachta\u00ed, ach n\u00ed mar sin a bheidh, mar tiocfaidh \u00cdosa ar ais chucu i sl\u00ed nua, le c\u00f3na\u00ed iontu agus iad a aont\u00fa leis an Athair. Geallann \u00cdosa go bhfuil s\u00e9 chun paraicl\u00e9id eile a thabhairt d\u00f3ibh. An focal Gr\u00e9igise sin <em>parakletos,<\/em> t\u00e1 br\u00edonna \u00e9ags\u00fala ar f\u00e9idir a bhaint as. An ceann is bun\u00fasa\u00ed n\u00e1 abhc\u00f3ide, neach a dh\u00e9anfadh iad a chosaint i gc\u00fairt dl\u00ed nuair a bheadh l\u00edomhaint\u00ed \u00e1 nd\u00e9anamh ina gcoinne. Nuair a bh\u00ed \u00cdosa f\u00e9in leo ba pharaicl\u00e9id d\u00f3ibh \u00e9. Sin \u00e9 an f\u00e1th go ndeireann s\u00e9 go bhfuil s\u00e9 le abhc\u00f3ide eile a chur chucu. An Spiorad Naomh at\u00e1 i gceist ag \u00cdosa. Mar aon leis an bhr\u00ed abhc\u00f3ide, is f\u00e9idir an focal c\u00e9anna a thuiscint mar Chosant\u00f3ir, mar Chabhr\u00f3ir, agus S\u00f3l\u00e1sa\u00ed. Is istigh i gcoinsias na gcreidmheach, na ndeisceabal, a bheidh an t-abhc\u00f3ide, an Cosant\u00f3ir, an Cabhr\u00f3ir, an S\u00f3l\u00e1sa\u00ed, ag feidhmi\u00fa, agus is \u00e9 \u201can saol\u201d, lucht an dichreidimh, na c\u00faiseoir\u00ed. Leagann \u00cdosa an-bh\u00e9im ar an ghr\u00e1 d\u00f3. N\u00ed rud teib\u00ed an gr\u00e1 sin. Ionann \u00e9 agus a aitheanta a choinne\u00e1il. Do Shoisc\u00e9al seo Eoin t\u00e1 dh\u00e1 aithne ag \u00cdosa: creideamh ann agus gr\u00e1 \u2013 gr\u00e1 d\u00f3 agus don chomharsa. Aonta\u00edonn na haitheanta sin an deisceabal le h\u00cdosa agus leis an&nbsp; Athair \u2013 gr\u00e1 a thugann tuiscint ar \u00cdosa, a thaispe\u00e1nfaidh \u00e9 f\u00e9in d\u00f3 \u2013 i gcaidreamh diamhair. Labhr\u00e1ionn an l\u00e9acht faoin ngr\u00e1 at\u00e1 ag \u00cdosa d\u00e1 dheisceabail agus d\u00e1 Athair, agus faoi ghr\u00e1 an Athar d\u00f3ibh si\u00fad.T\u00e1 siad go l\u00e9ir aontaithe i mbriathar \u00cdosa, sa Pharacl\u00e9id, sa chabhr\u00f3ir, san abhc\u00f3ide, sa chosant\u00f3ir, sa Spiorad Naomh a bhfuil an tAthair le seoladh chucu. Leagtar b\u00e9im mh\u00f3r ar \u201cbhriathar\u201d, n\u00f3 \u201cbriathra\u201d \u00cdosa. T\u00e1 br\u00ed throm leis an bhfocal \u00e1irithe seo anseo. Ionann briathar \u00cdosa agus a aithne, aithne le creideamh a bheith in \u00cdosa f\u00e9in agus gr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 cheile, gr\u00e1 an chomharsa. Is Paracl\u00e9id eile an Spiorad Naomh. Is nasc \u00e9 idir na deisceabail agus \u00cdosa. M\u00fainfidh s\u00e9 gach rud d\u00f3ibh, faoina d\u00fairt \u00cdosa agus na t\u00e1tail at\u00e1 le baint astu maidir le creideamh in \u00cdosa agus san Eaglais, ach freisin maidir lena gcur i gcr\u00edch le gr\u00e1 \u00cdosa f\u00e9in. F\u00e1gann \u00cdosa le huacht d\u00e1 dheisceabail a sh\u00edoch\u00e1in, s\u00edoch\u00e1in chro\u00ed a thagann mar bhronntanas an Spioraid Naoimh, bronntanas \u00f3 \u00cdosa anois ar dheis an Athar, s\u00edoch\u00e1in nach f\u00e9idir le cruatan n\u00e1 g\u00e9arlean\u00faint ar bith a bhaint d\u00edobh, n\u00f3 de lucht lean\u00fana \u00cdosa ar feadh na staire. C\u00fais \u00e1thais, mar sin, filleadh \u00cdosa ar an Athair.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>B. <em>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>An Spiorad Naomh, F\u00e9ini\u00falacht chine agus chreidimh<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Crutha\u00edonn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in \u00cdosa, \u00cdosa f\u00e9in agus an Athair s\u00edos tr\u00edd an stair. Tugann s\u00e9 le tuiscint d\u00f3ibh gur clann don Athair iad. Foils\u00edonn s\u00e9 d\u00f3ibh gl\u00f3ir \u00cdosa, f\u00eds den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann s\u00e9 an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhf\u00e9ini\u00falacht Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 f\u00e9ini\u00falacht chine ann leis, &nbsp;agus ar uairibh ionann \u00ed agus f\u00e9ini\u00falacht chreidimh, nuair a bh\u00edonn an creideamh c\u00e9anna ag an cine go l\u00e9ir agus an cine faoi bhr\u00fa \u00f3n dtaobh amuigh. I gc\u00e1s mar sin t\u00f3gtar an creideamh mar chuid den chine agus n\u00ed bhionn aon teannas idir Eaglais agus an st\u00e1t. Is mar sin a bh\u00ed in \u00c9irinn roimh neamhsple\u00e1chas d\u00ed agus i mblianta tosaigh an st\u00e1it nua. Is mar sin at\u00e1 f\u00f3s sa Ghr\u00e9ig. Baol m\u00f3r at\u00e1 ag gabh\u00e1il leis seo n\u00e1 go leigtear i ndearmad gur r\u00fandiamhair go bun\u00fasach \u00ed an Eaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine r\u00e9idh teacht i ngleic le athraithe i meon daoine n\u00f3 sa t-socha\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; In \u00c9irinn anois t\u00e1 an r\u00e9 sin thart agus n\u00ed m\u00f3r do phobal na hEaglaise abhus f\u00e9ini\u00falacht chreidimh a choth\u00fa, eolas n\u00edos fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh, an tAbhc\u00f3id, Spiorad na f\u00edrinne a thabharfaidh gl\u00f3ir do Chr\u00edost tr\u00ed chreideamh beo na hEaglaise.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1082,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1832","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1832","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1832"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1832\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1839,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1832\/revisions\/1839"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1082"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1832"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1832"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1832"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}