{"id":184,"date":"2014-04-05T20:35:56","date_gmt":"2014-04-05T20:35:56","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=184"},"modified":"2014-04-05T20:35:56","modified_gmt":"2014-04-05T20:35:56","slug":"6-aibrean-2014-a-an-cuigiu-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=184","title":{"rendered":"6 Aibre\u00e1n 2014 (A) An C\u00faigi\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<h3>6 Aibre\u00e1n 2014 (A) An C\u00faigi\u00fa Domhnach den Charghas<\/h3>\n<h2>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h2>\n<h2>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h2>\n<h2>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Is treise cumhacht an Spioraid<\/h2>\n<h2>B.Naoimh agus an ghr\u00e1sta ionainn n\u00e1 laige an n\u00e1d\u00fair<\/h2>\n<h2>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h2>\n<h2>C\u00e9ad L\u00e9acht (Ezic\u00e9al 37:12-14). Cuirfidh m\u00e9 mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh.<\/h2>\n<p>F\u00eds an fh\u00e1idh do phobal Iosrael i ndeora\u00edocht na Baibeal\u00f3ine sa s\u00e9\u00fa c\u00e9ad roimh Chr\u00edost at\u00e1 againn anseo. Bh\u00ed na deoraithe \u00e1 r\u00e1: \u201cT\u00e1 \u00e1r gcn\u00e1mha seargtha agus \u00e1r nd\u00f3chas caillte; t\u00e1 deireadh linn\u201d. Bh\u00ed an Teampall scriosta, cathair Iar\u00fasail\u00e9im treascartha agus t\u00edr I\u00fada b\u00e1naithe. Ag caint go meafarach, bh\u00edodar amhail is d\u00e1 mbeidis b\u00e1saithe, faoi chr\u00e9, san uaigh. Deir Dia leo sa sliocht seo nach amhlaidh at\u00e1. T\u00e1 s\u00e9 chun a phobal, a fh\u00e9achann air f\u00e9in amhail is a bheith san uaigh, a th\u00f3gaint \u00f3na n-uaigheanna, agus spiorad na beatha a chur iontu ar\u00eds, le go mbeadh beatha \u00far acu ina dt\u00edr dh\u00fachais. Ais\u00e9ir\u00ed an phobail at\u00e1 anseo. Nil tagairt ann do ais\u00e9ir\u00ed pearsanta na colainne. N\u00edor th\u00e1inig an creideamh san ais\u00e9ir\u00ed sin chun tosaigh in Iosrael ach thart ar an bhliain 200 roimh Chr\u00edost.<\/p>\n<h2>Salm le Freagra (Salm 129[130]). Is ag an Tiarna at\u00e1 tr\u00f3caire, agus t\u00e1 fuascailt aige go fl\u00fairseach.<\/h2>\n<h2>Dara L\u00e9acht (R\u00f3mh\u00e1naigh 8:8-11). Spiorad an t\u00e9 a th\u00f3g \u00cdosa \u00f3 mhairbh, t\u00e1 s\u00e9 lonnaithe ionaibh.<\/h2>\n<p>D\u00e9anann P\u00f3l codarsnacht idir an cholainn agus an Spiorad. Ionann an cholainn agus n\u00e1d\u00far lag an duine, agus an meon contr\u00e1rtha do Dhia agus a bhaineann leis agus at\u00e1 claon chun peaca. Iad sin at\u00e1 faoi r\u00e9ir a leith\u00e9id n\u00ed f\u00e9idir leo Dia a sh\u00e1samh, dar le P\u00f3l. N\u00ed hamhlaidh do na creidmhigh a bhfuil Spiorad D\u00e9 acu, iontu, Spiorad a thugann an bheatha nua d\u00f3ibh. Mar a deir P\u00f3l c\u00fapla v\u00e9arsa (8:14) i ndiaidh na l\u00e9achta seo: \u201cIad sin a mb\u00edonn Spiorad D\u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa is clann D\u00e1 iad sin\u201d. Samhla\u00edonn P\u00f3l an corp marbh de bharr an pheaca, marbh de bhr\u00ed go bhfuil s\u00e9 le b\u00e1s a fh\u00e1il go fisici\u00fail agus gur \u00fairlis don pheaca \u00e9. Ach t\u00e1 cumhacht, f\u00f3rsa, eile chun na beatha sa chorp c\u00e9anna, is \u00e9 sin le r\u00e1 an Spiorad at\u00e1 acu tar \u00e9is d\u00f3ibh a bheith f\u00edr\u00e9anaithe tr\u00ed chreideamh i gCr\u00edost. Th\u00f3g Dia \u00cdosa \u00f3 na mairbh tr\u00edna chumhacht f\u00e9in gan teora, agus is \u00e9 Spiorad D\u00e9, le cumhacht sin D\u00e9, at\u00e1 lonnaithe i gcorp, i bpearsa, b\u00e1smhar na gcreidmheach a thugann beatha nua d\u00f3ibh, le deimhin bua a fh\u00e1il ar an bpeaca abhus agus an bheatha sh\u00edorai a bheith acu ina dhiaih sin.<\/p>\n<h2>An Soisc\u00e9al (Eoin 11:1-45). Mise an tAis\u00e9ir\u00ed agus an Bheatha.<\/h2>\n<p>T\u00e1 an l\u00e9acht fhada seo ar aon dul leis na cinn a bh\u00ed againn le dh\u00e1 Dhomhnach anuas, ina bhaineann \u00cdosa feidhm as eachtra \u00e9igin den saol seo le ceacht faoi r\u00fandiamhair a phearsa f\u00e9in a mh\u00faineadh, mar shampla an Sam\u00e1ireach mn\u00e1 agus tobar I\u00e1c\u00f3b agus an t-uisce nua (an Spiorad) a bh\u00ed s\u00e9 f\u00e9in le tabhairt; leigheas an duine a rugadh dall \u00f3n bhroinn agus \u00cdosa mar sholas an domhain; agus inniu glaoch Lazaras \u00f3 mhairbh agus \u00cdosa mar an tAis\u00e9ir\u00ed agus an Bheatha. Bh\u00ed \u00cdosa c\u00e1irdi\u00fail le teaghlach na B\u00e9at\u00e1ine (thart ar 3 cilim\u00e9adar \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im), M\u00e1ire, Marta agus Lazaras. Ar chloisint faoi thinneas Lasaras d\u2019\u00cdosa d\u00fairt s\u00e9 nach chun b\u00e1is ach le go dtabhaharfa\u00ed gl\u00f3ir do Mac D\u00e9 (sin le r\u00e1 d\u00f3 f\u00e9in) tr\u00edd an ngalar sin. N\u00ed th\u00e9ann s\u00e9 go Lasaras l\u00e1ithreach, ach ligeann s\u00e9 d\u00f3 b\u00e1s a fhail. Bh\u00ed Lasaras ceithre l\u00e1 b\u00e1saithe nuair a shrois \u00cdosa an tuama. Deireann \u00cdosa le Marta go n-\u00e9ireoidh a dhearth\u00e1ir ar\u00eds, agus d\u00e9anann Marta gn\u00edomh creidimh san ais\u00e9ir\u00ed \u2013 ach sa l\u00e1 deireanach. Is ansin a thagann buaicphointe na l\u00e9achta ag \u00cdosa: t\u00e1 an t-ais\u00e9ir\u00ed tagtha cheana ina phearsa f\u00e9in: \u201cMise an tAis\u00e9ir\u00ed agus an Bheatha\u201d<\/p>\n<h2>B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghr\u00e1sta ionainn n\u00e1 laige an n\u00e1d\u00fair<\/h2>\n<p>Uaireanta cuirtear i leith \u00cdosa gur beag an tuiscint a bh\u00ed aige ar laige an n\u00e1d\u00fair dhaonna nuair a chuir s\u00e9 bac ioml\u00e1n ar an colscaradh. Is trom i sl\u00ed an misean a leag s\u00e9 ar a lucht lean\u00fana nuair a sheol s\u00e9 amach iad mar sholas an domhain agus mar shalann na tal\u00fan. D\u2019fh\u00e9ach an eaglais \u00f3g ar an misean a bh\u00ed aici d\u00edreach mar arb thoil le h\u00cdosa \u00e9. Ba sholas \u00farnua don domhan an eaglais, an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhra\u00edonn P\u00f3l go deas faoin misean uasal sin agus an laige dhaonna ag scr\u00edobh chuig na Coirintigh faoin \u00e1bhar d\u00f3 (2 Coirintigh 4:6-7): \u201cAn Dia a d\u00fairt, \u2018B\u00edodh solas ag lonradh as an dorchadas\u2019, is \u00e9 an Dia c\u00e9anna \u00e9 a chuir solas ag lonradh in\u00e1r gcro\u00ed-ne d\u2019fhonn eolas na gl\u00f3ire diaga ar chuntan\u00f3s Chr\u00edost a chur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn. Is i bpr\u00f3ca\u00ed cr\u00e9 at\u00e1 an tseoid seo i gcoime\u00e1d againn, d\u2019fhonn a chruth\u00fa gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn f\u00e9in \u00ed\u201d. Ag scr\u00edobh chuig na Filipigh d\u00f3, meabhra\u00edonn P\u00f3l faoi mar ar umhlaigh \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in, ag glacadh riocht an scl\u00e1bha, agus ansin imp\u00edonn s\u00e9 orthu a sl\u00e1n\u00fa a shaothr\u00fa faoi uamhan agus faoi eagla, toisc gur \u00f3 chomhoibri\u00fa le Dia a thagann an sl\u00e1n\u00fa, agus nach uainn f\u00e9in amh\u00e1in. Agus is \u00e9 Dia at\u00e1 ag spreagadh idir r\u00fan agus gn\u00edomh sna creidmhigh de r\u00e9ir a dhea-thola f\u00e9in (Filipigh 2:12-13). Sa litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh, mar is l\u00e9ir \u00f3 shliocht an lae inniu, leagann P\u00f3l b\u00e9im n\u00edos m\u00f3 ar laige an n\u00e1d\u00fair agus ar an gclaonadh chun peaca. Ach, ar\u00eds, t\u00e1 an bh\u00e9im is m\u00f3 aige ar bhua Chr\u00edost, tr\u00edd an Spiorad Naomh, ar an bpeaca agus ar an laige sin.<\/p>\n<p>Ag teacht go dt\u00ed \u00e1r laethanta f\u00e9in: go minic d\u00e9antar an eaglais a ch\u00e1ineadh faoina h-iliomad rialacha. T\u00e1 a leith\u00e9id de ch\u00e1ineadh sothuigthe go minic, ach ar uairibh is faoi theagasc Chr\u00edost f\u00e9in agus an tsoisc\u00e9il a bh\u00edtear ag casaoid. Sa ch\u00e1s seo, maidir le teachtaireacht an tsoisc\u00e9il \u00e1 craobhscaoileasdh ag an Eaglais, n\u00ed rialacha iontu f\u00e9in at\u00e1 i gceist, ach iad sin mar chuid den bheatha Chr\u00edosta\u00ed, agus sin faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh agus faoi chumhacht ghr\u00e1sta D\u00e9. N\u00ed thuigtear an sc\u00e9al faoi bheatha na hEaglaise, fi\u00fa ina laig\u00ed, gan toimhse seo na r\u00fandiamhaire a thabhairt isteach.<\/p>\n<p>T\u00e1 iarracht de shean-teagasc Pelagius ann inniu, agus sin an n\u00e1d\u00far daonna gan a bheith ag tabhairt aird go leor ar a laige f\u00e9in maidir le c\u00farsa\u00ed m\u00f3r\u00e1lta, agus neamhaird a dh\u00e9anamh den gh\u00e1 at\u00e1 le gr\u00e1sta D\u00e9. Is fi\u00fa cluas a thabhairt f\u00f3s ar theagasc Ph\u00f3il.<\/p>\n<p>Maidir le hagallamh le saol an lae inniu de, i diosp\u00f3ireachta\u00ed faoi leas\u00fa na heaglaise agus a leith\u00e9id\u00ed de, agus ar leas\u00fa ar chuid d\u00e1 cleachtadh a meastar bheith as d\u00e1ta, agus in \u00e9adan shaoirse an duine mar a thuigtear saoirse inniu, n\u00ed dochar cuid d\u00e1 bhfuil r\u00e1ite thuas a mheabhr\u00fa: solas an tsoisc\u00e9il agus cumhacht an Spioraid Naoimh agus ghr\u00e1sta D\u00e9.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>6 Aibre\u00e1n 2014 (A) An C\u00faigi\u00fa Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-184","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/184","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=184"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/184\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=184"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=184"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=184"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}