{"id":1861,"date":"2022-06-27T08:15:00","date_gmt":"2022-06-27T08:15:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1861"},"modified":"2022-05-17T08:34:13","modified_gmt":"2022-05-17T08:34:13","slug":"3-iuil-2022-c-ceathru-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1861","title":{"rendered":"3 I\u00fail 2022 (C) Ceathr\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>N\u00ed m\u00f3r f\u00eds, aisling gheal, leis an bheatha Chr\u00edosta\u00ed a choth\u00fa.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 66:10-14). <em>Cuirfidh m\u00e9 ag trialll uirthi ina habhainn an ts\u00edochain. <\/em>T\u00f3gtar an sliocht seo as chaibideal deiridh agus clabhs\u00far leabhair \u00cdse\u00e1ia. Sa mh\u00edr seo den leabhar t\u00e1 Dia ag tabhairt s\u00f3l\u00e1is agus ag coth\u00fa creidimh agus d\u00f3chais a phobail&nbsp; le f\u00eds r\u00e9 gl\u00f3rmhaire le teacht, r\u00e9 ina mbeidh clabhs\u00far lei le sp\u00e9artha nua agus talamh nua \u00e1 gcruth\u00fa ag Dia. Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 clann Iosrael pearsantaithe mar an chathair naofa Iar\u00fasail\u00e9im. Glaoitear ar an bpobal sin l\u00fach\u00e1ir a bheith orthu ma aon le hIar\u00fasail\u00e9im, &nbsp;agus gairdeas mar gheall uirthi, faoi mar ar chaoineadar a c\u00e1s i laethanta a dubr\u00f3in. An ts\u00edoch\u00e1in agus an s\u00e9an a ghealltar di t\u00e1 siad curtha i gcom\u00f3rtas le tuille abhann. Gl\u00f3ir na gcin\u00edocha (pag\u00e1nacha) a bheidh inti, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir aici, le saibhreas na gcin\u00edocha ag teacht chuici (f\u00e9ach \u00cdse\u00e1ia 61:6). Tabharfaidh&nbsp; M\u00e1thair Iar\u00fasail\u00e9im s\u00f3l\u00e1s d\u00e1 clann, n\u00f3 ba chirte a r\u00e1 tabharfaidh Dia Iosrael at\u00e1 taobh thiar de seo go l\u00e9ir, Dia at\u00e1 curtha i l\u00e1thair anseo mar mh\u00e1thair. Cr\u00edochna\u00edonn an l\u00e9acht le n\u00f3ta d\u00f3chais: beidh an s\u00e9an agus an sonas ag pobal D\u00e9. Leireofar l\u00e1mh an Tiarna d\u00e1 sheirbh\u00edsigh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 65[66]). <em>D\u00e9anaig\u00ed gairdeas do Dhia, a th\u00edortha uile.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (Galataigh 6:14-18). <em>T\u00e1 marcanna \u00e1r dTiarna \u00cdosa Cr\u00edost ar iompar agam ar mo chorp. <\/em>T\u00e1 an l\u00e9acht seo t\u00f3gtha as chaibideal deiridh Naomh Ph\u00f3il chuig na Galataigh, litir ina a raibh air aghaidh a thabhairt ar Chr\u00edostaithe Gi\u00fadacha a bh\u00ed ag iarraidh pobal \u00f3g Cr\u00edosta\u00ed a thiontaigh s\u00e9 \u00f3n phag\u00e1nachas a thabhairt orthu f\u00e9in timpeallghearradh agus cleachtadh Dhli Mhaoise, \u00e1 mheas go raibh sin riachtanach don sl\u00e1n\u00fa. Ina n-\u00e9adan si\u00fad lu\u00edonn P\u00f3l b\u00e9im ar fh\u00edrinne l\u00e1rnach an chreidimh &nbsp;i gCr\u00edost, is \u00e9 sin b\u00e1s Chr\u00edost ar an gcrois agus a aiseir\u00ed. Tharraing d\u00edlse Ph\u00f3il don fh\u00edrinne l\u00e1rnach sin g\u00e9arlean\u00faint air \u00f3 thaobhanna \u00e9ags\u00fala ar a dtugann s\u00e9 \u201can saol\u201d. Ionann \u201can saol\u201d d\u00f3 i sl\u00ed agus laige dhaonna, agus na f\u00f3rsa\u00ed, c\u00fainsa\u00ed agus tosca \u00e9ags\u00fala a chuireann in aghaidh phlean sl\u00e1naithe D\u00e9 tr\u00ed bh\u00e1s Chr\u00edost ar an gcrois agus a ais\u00e9ir\u00ed. Sna v\u00e9arsa\u00ed d\u00edreach roimh an l\u00e9acht seo c\u00e1ineann P\u00f3l go g\u00e9ar an bh\u00e9im a chuireann na Giudaigh ar thimpeallghearradh na colainne, agus an ghl\u00f3ir a fhaigheann siad sa cholainn. Ansin i l\u00e9acht an lae inniu casann P\u00f3l ar an gc\u00fais cheart mha\u00edte, is \u00ed sin an chrois ina bhfaigheann Cr\u00edost b\u00e1s, agus an r\u00fandiamhair in a bhfaightear an bua ar na f\u00f3rsa\u00ed go l\u00e9ir at\u00e1 in a naimhde do Chr\u00edost (\u201can saol\u201d i dt\u00e9arma\u00ed Ph\u00f3il). Ag f\u00e9achtaint ar na cursa\u00ed mar seo do Ph\u00f3l, is cuma ann n\u00f3 as don timpeallghearradh. An t-aon rud a bhfuil t\u00e1bhacht leis n\u00e1 cruth\u00fa nua i gCr\u00edost tr\u00ed r\u00fandiamhair na croise agus an&nbsp; ais\u00e9ir\u00ed, gach duine a bheith ina chr\u00e9at\u00far \u00farnua. C\u00e9 nach ndeireann P\u00f3l anseo cad is br\u00ed leis an chruth\u00fa nua seo, bheadh s\u00e9 soileir \u00f3na bhfuil scr\u00edofa aige faoin bheatha Chr\u00edosta\u00ed sa litir seo agus ina litreacha eile. Gu\u00edonn s\u00e9 s\u00edoch\u00e1in orthu si\u00fad a ghlacann lena a theagasc agus \u201car Iosrael D\u00e9\u201d, briathra ar chiall leo, is d\u00f3cha, iad si\u00fad a chreideann i gCriost \u00f3 Iosrael agus \u00f3 na cin\u00edocha (pag\u00e1naigh), pobal nua D\u00e9. Maidir leis na \u201cmarcanna \u00e1r dTiarna \u00cdosa Cr\u00edost\u201d a luann P\u00f3l a bheith ar iompar ar a chorp aige, is docha gurb iad na \u201cmarcanna\u201d seo, an cruatan, a fhulaing, s\u00e9 le linn a sheirbhis don soisc\u00e9al, sin go l\u00e9ir in aontacht le Cr\u00edost c\u00e9asta.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 10:1-12, 17-20). <em>Fanfaidh bhur s\u00edoch\u00e1in aige. <\/em>N\u00ed dochar a mheabhr\u00fa gur cuid an sliocht seo den chuntas ar thuras \u00cdosa \u00f3 Chesair\u00e1ia Philip agus an Ghail\u00edl go Iar\u00fasail\u00e9im agus a bh\u00e1s, a \u201card\u00fa \u00f3n saol\u201d, a ghl\u00f3iri\u00fa, ar a raibh cur s\u00edos i Soisc\u00e9al an Domhnaigh seo caite, Turas \u00e9 go dt\u00ed a ais\u00e9ir\u00ed agus \u00f3c\u00e1id a dheascabh\u00e1la nuair a d\u00fairt s\u00e9 a bhriathra deiridh lena aspail n\u00e1rb fhol\u00e1ir aithr\u00ed agus maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed a fh\u00f3gairt ina ainm do na n\u00e1isi\u00fain uile, ag tos\u00fa \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im. T\u00e1 cuntas ag Matha, Marcas agus L\u00fac\u00e1s ar mhisean an D\u00e1r\u00e9ag ag \u00cdosa, an D\u00e1r\u00e9ag seolta amach le \u00fadar\u00e1s \u00cdosa fein leis an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt, spioraid mh\u00edghlana a chaitheamh amach agus na heasl\u00e1in a leigheas. Is ag L\u00fac\u00e1s amh\u00e1in at\u00e1 an cuntas faoin \u201cseacht\u00f3 d\u00f3 (n\u00f3 seacht\u00f3) eile\u201d, seachas an D\u00e1r\u00e9ag, lena bheag n\u00f3 a mh\u00f3r an t-\u00fadar\u00e1s agus an misean c\u00e9anna acu agus a bh\u00ed ag an D\u00e1r\u00e9ag. T\u00e1 an uimhir seacht\u00f3 d\u00f3 (n\u00f3 seacht\u00f3) roghnaithe d\u2019aon ghn\u00f3: sin l\u00edon na gcin\u00edocha (na n\u00e1isi\u00fan neamh-Ghi\u00fadacha) de r\u00e9ir traidisi\u00fan an Bh\u00edobla. Beidh bun\u00fas ag misean na hEaglaise ar a rinne \u00cdosa f\u00e9in. Tugann an misean chun cuimhne a dheacair is at\u00e1 an misean agus teirce na misin\u00e9ir\u00ed, agus a riachtana\u00ed is at\u00e1 ata urna\u00ed lena l\u00edon a mh\u00e9ad\u00fa. Meabhra\u00edtear d\u00f3ibh na deacrachta\u00ed a bheidh rompu, iad mar uain i meacs faolchon, ag f\u00f3gairt dea-sc\u00e9ala na s\u00edoch\u00e1na agus an athmhuintearais. N\u00ed m\u00f3r d\u00f3ibh a gcuid \u00e9ada\u00ed agus modh beatha&nbsp; a bheith simpl\u00ed, a bheith s\u00e1sta leis an bia a thugtar d\u00f3ibh sna t\u00edthe a chuirtear f\u00e1ilte rompu iontu, agus gan a bheith ag dul go teach eile ar t\u00f3ir bia n\u00edos fearr. Bh\u00ed an teachtaireacht ch\u00e9anna le bheith acu d\u00f3ibh si\u00fad a chuir agus n\u00e1r chuir f\u00e1ilte rompu: b\u2019sin: T\u00e1 r\u00edocht D\u00e9 in achmaireacht (achomaireacht), druidte libh, i ndiaidh teacht i bhfogas daoibh. Bh\u00ed r\u00edocht D\u00e9 ag feidhmi\u00fa cheana f\u00e9in in \u00cdosa agus a bhua ar na hainspioraid agus sa leigheas a rinne s\u00e9. Seo \u00ed an uair dheiridh a dh\u00e9anfaidh L\u00fac\u00e1s tagairt do r\u00edocht D\u00e9 a bheith in achmaireacht (achomaireacht) ina Shoisc\u00e9al. Bh\u00ed a fhios ag L\u00fac\u00e1s agus ag a l\u00e9itheoir\u00ed go raibh r\u00e9 nua tagaithe faoi r\u00edocht D\u00e9 le gl\u00f3iri\u00fa \u00cdosa agus teacht an Spioraid Naoimh ar an eaglais.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tagann an seacht\u00f3 d\u00f3 (n\u00f3 seacht\u00f3) thar nais agus tugann tuarasc\u00e1il d\u2019Iosa faoi mar ar \u00e9irigh leo, le bua ar an hainspioraid ina ainm. Nuair a deir \u00cdosa gur fhaca s\u00e9 S\u00e1tan ag titim \u00f3 na flaithis, n\u00ed f\u00eds faoi leith air sin at\u00e1 i gceist aige de r\u00e9ir dealraimh, ach gurb ionann bua na misin\u00e9ir\u00ed ar na hainspioraid agus bua ar Sh\u00e1tan. Ionann bua mar sin agus teacht r\u00edocht D\u00e9, cumhacht agus bua ar constaic\u00ed \u00e9ags\u00fala (curtha go meafarach mar nathracha nimhe agus scairpe) a leanfaidh ar&nbsp; aghaidh i saothar chraobhscaoileadh an tsoisc\u00e9il san eaglais. Cuid de th\u00e9arma\u00edocht de litr\u00edocht apacailipteach an Bh\u00edobla (Leabhar Dain\u00e9il, Apacailiptis Eoin) na h-ainmeacha a bheith scr\u00edofa sna &nbsp;flaithis.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>N\u00ed m\u00f3r f\u00eds, aisling gheal, leis an bheatha chr\u00edosta\u00ed a choth\u00fa.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Is m\u00f3r an chabhair agus an inspior\u00e1id chun gnimh do n\u00e1isi\u00fan n\u00f3 don duine aonar f\u00eds faoin r\u00e9 at\u00e1 thart n\u00f3 f\u00f3s le teacht. Chum impearachtai de aoiseanna i bhfad \u00f3 shoin, n\u00f3 n\u00edos gaire d\u00e1r linn f\u00e9in, sean-stair f\u00fathu f\u00e9in, gur ard-litr\u00edocht ar uairibh \u00e9, stair n\u00f3 f\u00edseanna a chabhraigh leo a gceart chun concais a bhr\u00fa ar dhaoine.&nbsp; Ach n\u00ed dul thar \u00e1r stair agus \u00e1r litr\u00edocht f\u00e9in le t\u00e1bhacht na f\u00edse n\u00f3 na haislinge a&nbsp; thuiscint.&nbsp; Thug an sp\u00e9irbhean uchtach do phobal faoi bhroid agus d\u00f3chas don r\u00e9 le teacht. Bhain f\u00edseanna agus aisling\u00ed den samhail seo le r\u00e9imse&nbsp; an tsaoil seo, agus tig linn casadh uaidh sin go stair an Bh\u00edobla agus stair an tsl\u00e1naithe mar a thugann f\u00eds \u00f3 Dhia na gl\u00f3ire uchtach don saol casta at\u00e1 linn agus d\u00f3chas faoi r\u00e9 nua le teacht. \u00d3n ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu is f\u00e9idir linn a fheiscint faoi mar ar thug f\u00eds dhiaga, \u00f3 Dhia f\u00e9in, ar r\u00e9 ghl\u00f3rmhar le teacht, uchtach do Iosrael i gcora crua an tsaoil. D\u2019fh\u00f3gair \u00cdosa, agus d\u00fairt s\u00e9 leis na misin\u00e9ir\u00ed a sheol s\u00e9 amach a fh\u00f3gairt, go raibh r\u00edocht D\u00e9 in achmaireacht, in aice linn. D\u00fairt \u00cdosa go raibh an r\u00edocht sin ann cheana f\u00e9in ina phearsa, cumhacht D\u00e9 ag feidhmiu tr\u00edd. T\u00e1 r\u00edocht D\u00e9 ann cheana i sl\u00ed i gCr\u00edost agus san Eaglais, le f\u00eds D\u00e9 i leith an chine dhaonna, agus leis an gr\u00e1sta, an chumhacht, an fh\u00eds sin a thabhairt i gcr\u00edch ach aird a bheith tugtha ar a deir \u00cdosa agus an eaglais. Is sacraimint, r\u00fandiamhair, \u00ed an eaglais. Ba ch\u00f3ir d\u00fainn inniu f\u00eds seo na hEaglaise a athmh\u00fascailt, agus gan r\u00f3-aird a thabhairt ar na guthanna iomad\u00fala nach bhfeiceann ach ar a laig\u00ed. Is sacraimint uil\u00ed an tsl\u00e1naithe \u00ed an eaglais, Ba choir go mbeadh l\u00e9argas ag an domhan &nbsp;tr\u00edthi ar Dhia agus ar Chr\u00edost ag f\u00f3gairt dea-sc\u00e9ala an tsl\u00e1naithe do shaol \u00e1r linne f\u00e9in.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1861","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1861","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1861"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1861\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1871,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1861\/revisions\/1871"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1861"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1861"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1861"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}