{"id":189,"date":"2014-04-25T07:47:32","date_gmt":"2014-04-25T07:47:32","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=189"},"modified":"2014-04-25T07:47:32","modified_gmt":"2014-04-25T07:47:32","slug":"aibrean-27-2014-dara-domhnach-den-chaisc-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=189","title":{"rendered":"Aibre\u00e1n 27 2014. Dara Domhnach den Ch\u00e1isc (A)"},"content":{"rendered":"<h2>Aibre\u00e1n 27 2014. Dara Domhnach den Ch\u00e1isc (A)<\/h2>\n<h3>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n<h3>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/h3>\n<h3>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<h3>C\u00e9ad L\u00e9acht (Gn\u00edomhartha na nAspal 2:42-47). Agus an m\u00e9id a chreid, bh\u00edd\u00eds i bhfochair a ch\u00e9ile, agus bh\u00edodh gach uile n\u00ed i gcomhar acu.<\/h3>\n<p>Is \u00e9 seo an ch\u00e9ad cheann de na tr\u00ed hachoimr\u00ed maidir le bheatha na luath-eaglaise in Iar\u00fasail\u00e9im. (Is iad na cinn eile n\u00e1 4:32-35, leis an t\u00e9ama gach rud i gcomhar acu, a l\u00e9itear inniu i mbliain 2, B den ch\u00farsa thr\u00ed bliain, agus 5:12-16, a bhfuil mar phr\u00edomh-th\u00e9ama ann na mior\u00failt\u00ed a rinneadh tr\u00ed l\u00e1mha na naspal, a l\u00e9itear inniu i mbliain 3, C den ch\u00farsa). T\u00e1 baint ag na tr\u00ed hachoimr\u00ed seo lena ch\u00e9ile. Chuir L\u00fac\u00e1s, \u00fadar an leabhair seo, isteach iad, is docha\u00ed, lena mheabhr\u00fa gn\u00e9ithe \u00e1irithe suntasacha den eaglais \u00f3g d\u00e1 l\u00e9itheoir\u00ed agus do na gl\u00fanta le teacht n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, agus le go mbeadh na hachoimr\u00ed sin mar eiseaml\u00e1ir acu. Agus is mar sin a bh\u00ed sa stair, san eaglais agus go m\u00f3r m\u00f3r sa bheatha rialta, idir fhir agus mhn\u00e1. Agus an l\u00e1 \u00e1irithe seo f\u00e9in d\u00e9anann an Eaglais an rud c\u00e9anna sa liot\u00fairge, ina d\u00e9antar ceann amh\u00e1in den tr\u00ed achoimre a l\u00e9amh gach bliain sa Dara Domhnach seo den Ch\u00e1isc. De na tr\u00ed achoimre is \u00e9 seo an ceann is cuimsith\u00ed d\u00edobh faoi bheatha na heaglaise \u00f3ige in Iar\u00fasail\u00e9im tar \u00e9is teacht an Spioraid Naoimh \u2013 lucht lean\u00fana Chr\u00edost seasmhach i dteagasc na nAspal, i \u201cgcumann bhriseadh an ar\u00e1in\u201d, is \u00e9 sin le r\u00e1 san Eocairist, agus in urnaithe. Urna\u00ed Cr\u00edosta\u00ed at\u00e1 i gceist anseo, b\u00edodh go mb\u00edodh na Cr\u00edosta\u00edthe ag freastal ar an dTeampall chomh maith. Tugann an l\u00e9acht sonrai faoi ghn\u00e9ithe de shaol na gCriosta\u00edthe sin, faoi \u00e1thas agus faoi shimpl\u00edocht chro\u00ed, ag briseadh ar\u00e1in (ag ceili\u00faradh na hEocairiste) \u00f3 theach go teach.<\/p>\n<h3>Salm le Freagra (Salm 117[118]). Tugaig\u00ed bu\u00edochas don Tiarna toisc gur maith \u00e9: \u00f3ir maireann a ghr\u00e1 de sh\u00edor.<\/h3>\n<h3>Dara L\u00e9acht (1 Peadar 1:3-9). D\u2019athghin s\u00e9 sinn tr\u00ed ais\u00e9ir\u00ed \u00cdosa Cr\u00edost \u00f3 mhairbh, ionas go mbeadh beomhuin\u00edn againn.<\/h3>\n<p>I rith tr\u00e9imhse na Casca i mbliana t\u00f3gtar an Dara L\u00e9acht as C\u00e9ad Litir Naomh Peadar. Sr\u00edobhadh an litir seo chuig \u201cdeoraithe na d\u00edbeartha\u201d i gc\u00faig phroibhinse san \u00c1ise Bheag (Tuirc an lae inniu). De ghn\u00e1th ba iad na deoraitrhe sa d\u00edbirt n\u00e1 na Gi\u00fadaigh i gc\u00e9in \u00f3na dt\u00edr dh\u00fachais. Ach n\u00ed d\u00f3cha gur Cr\u00edostaithe de bhunadh Gi\u00fadach at\u00e1 i gceist anseo, ach muintir de bhunadh pag\u00e1nach, agus is \u00e9 deoraithe \u00f3 neamh at\u00e1 i gceist. Dealra\u00edonn s\u00e9 go rabhadar bunaithe go maith sa chreideamh cheana f\u00e9in, le eolas maith ar an Seantiomna. Machnamh ar na f\u00edrinn\u00ed bun\u00fasacha agus spreagadh at\u00e1 sa litir, seachas bunteagasc an chreidimh. De r\u00e9ir dealraimh bh\u00ed m\u00e9ad\u00fa m\u00f3r tagaithe ar l\u00edon na gcreidmheach, agus \u00e9ad n\u00f3 naimhdeas \u00e1 gcoth\u00fa d\u00f3ibh i measc na bpag\u00e1nach. T\u00e1 tagairt\u00ed sa litir do thrialacha den uile chine\u00e1l, do gh\u00e9arlean\u00faint n\u00f3 baol g\u00e9arlean\u00fana. Is \u00e9 a dh\u00e9anann an t-\u00fadar n\u00e1 an bunphrionsabal a thabhairt conas a bheith r\u00e9idh d\u00e1 leith\u00e9id. Idir ruda\u00ed eile meabhraionn s\u00e9 d\u00f3ibh gan a bheith iata isteach i ndaingean iontu f\u00e9in, ach bheith r\u00e9idh le fianaise a thabhairt don chreideamh, don d\u00f3chas at\u00e1 iontu, go m\u00fainte m\u00e1nla. N\u00ed fios go beacht cathain sa ch\u00e9ad tosaigh a cumadh an litir seo. T\u00e1 s\u00ed againn faoi ainm Pheadair, agus seolta amach \u00f3n Bheabal\u00f3in, sin le r\u00e1 \u00f3n R\u00f3imh. Ach n\u00edl s\u00e9 deimhin an pearsa Pheadair f\u00e9in, n\u00f3 duine eile i spiorad agus phearsa Pheadair, at\u00e1 ag caint. Ach is cuma sin faoin dteagasc at\u00e1 sa litir.<\/p>\n<p>I sliocht an lae inniu tugann an t-\u00fadar na bunphrionsabail at\u00e1 riachtanach: an creideamh bunaithe ar ghr\u00e1sta agus thr\u00f3caire D\u00e9, ar ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost a thugann muin\u00edn bhuan d\u00fainn. C\u00fais l\u00fach\u00e1ire at\u00e1 ansin don chreidmheach. T\u00e1 a fhios ag Peadar go bhfuil creideamh beo acu. agus gr\u00e1 thar chuimse do Chr\u00edost, b\u00edodh n\u00e1r fhacadar riamh \u00e9, creideamh a thugann d\u00f3ibh l\u00fachair le h\u00e1thas gl\u00f3rmhar.<\/p>\n<h3>An Soisc\u00e9al (Eoin 20:19-31). Ocht l\u00e1 ina dhiaidh sin, th\u00e1inig \u00cdosa.<\/h3>\n<p>An ch\u00e9ad chuid den l\u00e9acht seo cuireann s\u00ed s\u00edos ar eachtra a tharla tr\u00e1thn\u00f3na Dhomhnach na C\u00e1sca. L\u00e9irigh an Sl\u00e1naitheoir ais\u00e9irithe \u00e9 f\u00e9in do na haspail, agus deimhn\u00edonn d\u00f3ibh go raibh s\u00e9 \u00e9irithe d\u00e1ir\u00edre ina dhaonnacht ag taispe\u00e1int d\u00f3ibh a l\u00e1mha agus a chosa gonta. D\u2019an\u00e1iligh s\u00e9 orthu agus thug d\u00f3ibh an Spiorad Naomh agus an chumhacht peaca\u00ed a mhaitheamh. N\u00ed raibh an t-aspal Tom\u00e1s i l\u00e1thair an Domhnach sin agus d\u00fairt s\u00e9 nach gcreidfeadh s\u00e9 gan fianaise gurb \u00e9 an t\u00cdosa a c\u00e9asadh a bh\u00ed i gceist. T\u00e1 an dara heachtra againn sa dara cuid den l\u00e9acht, eachtra a tharla an Domhnach tar \u00e9is na C\u00e1sca. Admha\u00edonn Tom\u00e1s creideamh n\u00ed hamh\u00e1in in \u00cdosa ais\u00e9irithe mar Thiarna, ach f\u00f3s mar Dhia: \u201cMo Thiarna agus mo Dhia\u201d. Seo \u00ed an dara h\u00e1it i Soisc\u00e9al seo Eoin ina admha\u00edotar creideamh in \u00cdosa mar Dhia, in ndiagacht Chr\u00edost. Is \u00e9 an ceann eile n\u00e1 sa bhrollach (Eoin 1:1): \u201cBh\u00ed an Briathar ann i dt\u00fas b\u00e1ire &#8230; agus ba Dhia an Briathar\u201d. C\u00fais mhisnigh do chreidmhigh i ngach aois freagra \u00cdosa ar Thom\u00e1s. N\u00ed measa as iad creidmhigh na m\u00edlte bliain n\u00edos d\u00e9ana\u00ed n\u00e1 mar a bh\u00ed Tom\u00e1s an Domhnach \u00fad: \u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo nach bhfaca agus a chreid\u201d.<\/p>\n<h3>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/h3>\n<h3>(1) \u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo nach bhfaca agus a chreid\u201d.<\/h3>\n<p>Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramad\u00f3ir in agallamh tr\u00e1th faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair s\u00e9 gur bhre\u00e1 leis d\u00e1 mbeadh buailte aige le h\u00cdosa. N\u00ed fios c\u00e9n cheist a bheadh curtha aige ar \u00cdosa n\u00e1 ar fhreagra \u00cdosa air. Cuireadh chun aithr\u00ed is d\u00f3cha! N\u00ed hionann an c\u00e1s sa mh\u00e9id a bhaineann le creidmhigh de. T\u00e9imis thar nais go dt\u00ed an seomra uachtarach sin, le h\u00cdosa agus Tom\u00e1s, a chreid i ndiagacht Chr\u00edost agus \u00e9 i l\u00e1thair. I mbriathra Chr\u00edost, is m\u00e9anar d\u00f3ibh si\u00fad a chreideann ann i ngach aois, i ngach \u00e1it, go deireadh an domhain. N\u00ed beannaithe Tom\u00e1s n\u00e1 iad. Tr\u00ed sh\u00faile an chreidimh t\u00e1 Cr\u00edost i l\u00e1thair faoi mar a bh\u00ed do Thom\u00e1s le s\u00faile aiceanta. T\u00e1 seo ag dul leis an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa ina achain\u00ed don Athair ag an Suip\u00e9ar Deiridh: \u201cN\u00ed ar a son-san amh\u00e1in [a lucht lean\u00fana an tr\u00e1th \u00fad] at\u00e1im ag gu\u00ed, ach, mar an gc\u00e9anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr\u00edna mbriathar\u201d (Eoin 17:20). Don luath-eaglais, agus don eaglais i ngach aois, t\u00e1 \u00cdosa i ngar \u2013 n\u00edos gaire n\u00e1 an doras \u2013 ag tabhairt sol\u00e1is, misnigh agus spreagtha. Meabhra\u00edonn an ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu linn faoi mar a mhair an eaglais \u00f3g in Iar\u00fasail\u00e9im faoi shimpl\u00edocht chro\u00ed, ag caitheamh a gcuid bia faoi \u00e1thas. Agus is mar seo a labhair Peadar faoi \u00cdosa ina litir do Chr\u00edosta\u00edthe a bh\u00ed ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCr\u00edost, mar a deirtear sa dara l\u00e9acht san Aifreann inniu: \u201cThug sibh gr\u00e1 d\u00f3san (do \u00cdosa) c\u00e9 nach bhfaca sibh \u00e9. N\u00ed fheiceann sibh anois f\u00e9in \u00e9, ach creideann sibh ann, agus is l\u00fach\u00e1ireach sibh le h\u00e1thas iontach dolabhartha\u201d (1 Peadar 1:8). Is cuid d\u00edlis den Tiomna Nua agus den Chr\u00edostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chr\u00edost. T\u00e1 sin go l\u00e9ir curtha go deas i nd\u00e1n Gaeilge faoin chomhairle don duine \u00f3g at\u00e1 tagaithe anuas chugainn sa bh\u00e9aloideas agus i scr\u00edbhinn: \u201cA dhuine at\u00e1 i dt\u00fais do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat &#8230; N\u00e1 santaigh r\u00e1ite baois\u2019 n\u00e1 an dream go mb\u00edd acu; sara dtiocfaidh iomad den aois, b\u00edodh aithne ar Chr\u00edost agat\u201d.<\/p>\n<h3>(2) Domhnach Th\u00f3caire D\u00e9<\/h3>\n<p>Inniu chomh maith Domhnach Thr\u00f3caire D\u00e9, f\u00e9ile a thionscain an P\u00e1pa Eoin P\u00f3l II sa bhliain 2000 (mar thoradh ar fh\u00eds a bh\u00ed ag an Si\u00far Ph\u00f3lannach Faustina Kowalska), P\u00e1pa at\u00e1 \u00e1 fh\u00f3gairt ina naomh, maraon leis an bP\u00e1pa Eoin XXIII, inniu f\u00e9in. In aitheasc don fh\u00e9ile seo sa bhliain 2001 (uimhir C den ciorcal thr\u00ed bliana, nuair a bi Apacailipsis Eoin \u00e1 l\u00e9amh mar dhara l\u00e9acht) d\u00fairt an P\u00e1pa: \u201c\u2018N\u00e1 b\u00edodh eagla oraibh. Is mise an T\u00fas agus an Deireadh, an Neach beo; is beo dom ar feadh na s\u00edora\u00edochta\u2019\u201d. Chualamar na briathra sol\u00e1sacha seo sa Dara L\u00e9acht t\u00f3gtha as Apacailipsis Eoin. Tugann siad cuireadh d\u00fainn \u00e1r n-amharc a thabhairt ar Chr\u00edost le bheith deimhin go bhfuil s\u00e9 in\u00e1r dteannta, ag tabhairt uchtaigh d\u00fainn. Do gach aoinne, is cuma c\u00e9 comh casta agus dr\u00e1mata an staid ina bhfuil s\u00e9, deireann Cr\u00edost Ais\u00e9irithe: \u2018N\u00e1 b\u00edodh eagla ort. Fuair m\u00e9 b\u00e1s ar an gCrois ach t\u00e1im anois beo go deo\u2019. &#8230; D\u00fairt \u00cdosa leis an tSi\u00far Faustina l\u00e1 amh\u00e1in: \u2018N\u00ed bheidh s\u00edoch\u00e1in ag an gcine daonna go deo go dt\u00ed go gcasfaidh siad chugamsa le muin\u00edn as mo thr\u00f3caire\u2019. Tr\u00f3caire D\u00e9! Seo \u00ed an bronntanas a fhaigheann an Eaglais \u00f3 Chr\u00edost ais\u00e9irithe agus a thairgeann s\u00ed don chine daonna ag breacadh seo na tr\u00ed\u00fa m\u00edlaoise\u201d.<\/p>\n<h3>(3) Agallamh le saol an lae inniu<\/h3>\n<p>Tr\u00f3caire D\u00e9! T\u00e1 an Seantiomna (go h\u00e1irithe Leabhar na Salm) agus an Tiomna Nua l\u00e1n de thagairt\u00ed d\u00ed. Ach t\u00e1 sciar \u00e1irithe gl\u00f3rach de shaol an lae inniu a mha\u00edonn gurb \u00e9 a mhalairt is f\u00edor \u2013 gur \u00e9adr\u00f3caireacht do shaoirse an chine dhaonna an creideamh i nDia, agus gur faoiseamh uaidh bheith r\u00e9idh lena leith\u00e9id de theagasc. Is cuid de seo den codarsnacht at\u00e1 ann idir theagasc Chr\u00edost agus na hEaglaise agus fheals\u00fanacht \u00e1irithe reatha. Mar an gc\u00e9anna maidir leis an dt\u00e9ama \u201csaoirse\u201d. Is fada siar an cur agus c\u00faiteamh faoi seo, go dt\u00ed feals\u00fanacht na Gr\u00e9ige, traidisi\u00fan Iosrael, agus an Tiomna Nua. Dar le h\u00cdosa ionann creideamh ann f\u00e9in agus saoirse cheart. T\u00e1 al\u00e1n inniu a aont\u00f3dh leis an bhfile a d\u00fairt: \u201cBuarach (r\u00f3pa ceangail) ar m\u2019aigne Eaglais D\u00e9\u201d. N\u00ed chun na ceisteanna seo a phl\u00e9 at\u00e1\u00edm anseo, ach iad a ard\u00fa. N\u00ed m\u00f3r aird a thabhairt orthu, agus agallamh a choth\u00fa idir l\u00e9achtai an Domhnaigh agus ceisteanna reatha.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Aibre\u00e1n 27 2014. Dara Domhnach den Ch\u00e1isc (A) Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-189","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/189","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=189"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/189\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=189"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=189"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=189"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}