{"id":1893,"date":"2022-09-05T09:36:00","date_gmt":"2022-09-05T09:36:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1893"},"modified":"2022-10-06T09:52:58","modified_gmt":"2022-10-06T09:52:58","slug":"11-mean-fomhair-2022-c-ceathru-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1893","title":{"rendered":"11 Me\u00e1n  Fomhair 2022 (C) Ceathr\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Ar t\u00f3ir na caorach caillte agus an mhic drabhl\u00e1saigh inniu.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Exodus 32:7-11, 13-14). <em>Bhog an Tiarna agus n\u00edor thug s\u00e9 ar a phobal an droch\u00edde a bhagair s\u00e9.<\/em> Roghna\u00edodh an sliocht seo do liot\u00fairge an lae inniu le dul leis an l\u00e9acht \u00f3n soisc\u00e9al ina bhfuil na parabail faoi chuardach na caorach at\u00e1 caillte agus faoin mhac drabhl\u00e1sach. D\u00e9anann an sliocht cur s\u00edos ar ch\u00faram D\u00e9 gan a phobal a dh\u00edosc\u00fa fi\u00fa tar \u00e9is an \u00edoladhartha agus an t-s\u00e9anta creidimh ann a rinne siad. Is fi\u00fa an sliocht seo a shu\u00edomh ina chomhth\u00e9acs sa Bh\u00edobla. Tar \u00e9is teacht amach d\u00f3ibh \u00f3n \u00c9igipt rinne Dia conradh le Iosrael agus tr\u00ed Mhaois thug s\u00e9 d\u00f3ibh an Dl\u00ed agus na haitheanta. An ch\u00e9ad cheann d\u00edobh sin n\u00e1 cosc ioml\u00e1n ar aon \u00edomh\u00e1 ghreanta n\u00f3 cos\u00falacht d\u00e9 ar bith i gcaoi ar bith. Ansin chaith Maois dachad l\u00e1 agus dachad o\u00edche&nbsp; i bhfochair D\u00e9 ar Shliabh Si\u00f3n\u00e1\u00ed, mar aon le d\u00edorma beag tofa, a fhad agus a bh\u00ed pobal Iosrael ag feitheamh ag bun an &nbsp;t-sl\u00e9ibhe, maraon le \u00c1r\u00f3n, dearth\u00e1ir Mhaois. I dtr\u00e1th ar bith n\u00ed h\u00e9asca an creideamh \u00e9 aondiachas, monad\u00e9achas, adhradh D\u00e9 n\u00e1 feictear, agus sin gan \u00edomh\u00e1 ar bith de. Bh\u00ed sin i bhfad n\u00edos deacra i laethanta Mhaois, nuair ab ionann adhradh d\u00e9 ar bith agus ildiachas. D\u2019\u00e9irigh muintir Iosrael m\u00edfhoighneach de bharr Maois bheith as l\u00e1thair chomh fada sin agus d\u2019iarradar ar \u00c1r\u00f3n dia no d\u00e9ithe a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh a rachfadh os a gcomhair amach, is \u00e9 sin le r\u00e1 comhartha sofheichthe de l\u00e1ithreacht D\u00e9 ina measc, mar a bh\u00ed ag &nbsp;\u00edoladhradh na bpag\u00e1nach a raibh eolas agus taith\u00ed ag pobal Iosrael air. Rinne \u00c1r\u00f3n d\u00f3ibh lao le\u00e1ite \u00f3rga, n\u00f3 le bheith n\u00edos cruinne lao fireann, tarbh, \u00f3g. a bh\u00ed mar shamhailchomhartha, mar shiombail torth\u00falthachta i reiligi\u00fain an d\u00falra sa Neas-Oirthear \u00c1rsa. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa stair chuir R\u00edocht Ghi\u00fadach an Tuaiscirt dh\u00e1 dhealbh den Lao (n\u00f3 Tarbh) \u00d3rga suas mar shiombail de Dhia Iosrael i mBetel agus ag Dan (1 R\u00edthe 12:28). Bhagair Dia Iosrael a dhiosc\u00fa de bharr an pheaca sin, ach de dheasca urna\u00ed agus idirghu\u00ed Mhaois bhog s\u00e9 \u00f3n bhagairt sin.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 50[51]). <em>Cuirfidh m\u00e9 chun b\u00f3thair agus rachaidh m\u00e9 chun m\u2019athar.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (1 Tim\u00f3teas 1:12-17). <em>Th\u00e1inig \u00cdosa Cr\u00edost ar an saol chun peacaigh a shl\u00e1n\u00fa.<\/em> I rith na seacht nDomhnacha\u00ed seo romhainn t\u00f3gfar an dara l\u00e9acht as an Ch\u00e9ad agus an Dara Litir chuig Tim\u00f3teas. Tugtar na Litreacha Tr\u00e9adacha ar na litreacha seo mar aon leis an Litir chuig T\u00edteas de bhr\u00ed gur ch\u00farsa\u00ed tr\u00e9adacha sna heaglais\u00ed a bh\u00edonn faoi chaibideal iontu. Sa sl\u00ed seo, agus i sl\u00edte iomad\u00fala, eile t\u00e1 difr\u00edochta\u00ed eatorthu agus na litreacha eile a leagtar ar Ph\u00f3l. T\u00e1 difr\u00edochta\u00ed iontu \u00f3 thaobh focl\u00f3ra, st\u00edle, diagachta, agus \u00e1bhair a bhaineann le sti\u00faradh na heaglaise. T\u00e1 an dealramh orthu go mbaineann siad le gl\u00fain at\u00e1 n\u00edos d\u00e9ana\u00ed na r\u00e9 na nAspal. Baineann siad le oidhreacht Ph\u00f3il, le lean\u00fanachas spioraid Ph\u00f3il agus scr\u00edobhtar iad faoina ainm, amhail is d\u00e1 mbeadh P\u00f3l f\u00e9in ag caint iontu agus agus ag tabhairt a theachtaireacht don Eaglais i r\u00e9 agus staid nua. Sa v\u00e9arsa d\u00edreach roimh l\u00e9acht an lae inniu labhra\u00edonn P\u00f3l faoin \u201cdea-sc\u00e9al gl\u00f3rmhar \u00fad \u00f3n Dia beannaithe a f\u00e1gadh faoi mo ch\u00faramsa\u201d. Gabhann s\u00e9 bu\u00edochas le Dia faoi seo agus faoin neart, faoin gcumas, a tugadh d\u00f3 ina shaothar misin\u00e9arachta, agus faoin ghairm a fuair s\u00e9 mar aspal, b\u00edodh gur rinne s\u00e9 g\u00e9arlean\u00faint ar an eaglais n\u00edos luaithe. L\u00edon gr\u00e1sta D\u00e9 \u00e9 le creideamh agus le gr\u00e1 do Dhia agus don eaglais. Bheadh a fhios ar sin go l\u00e9ir ag Tim\u00f3teas agus an luath-eaglais. Ansin le b\u00e9im a chur ar phointe teagaisc baineann P\u00f3l \u00fas\u00e1id as r\u00e1iteas nach bhfuil le f\u00e1il ach i gceithre \u00e1iteanna eile sna Tr\u00e9adlitreacha (1 Tim\u00f3teas 3:1: 4:9; 2 Tim\u00f3teas 2:11; T\u00edoteas 3:8): \u201cIs bar\u00e1nt\u00fail agus is iontaofa an focal \u00e9\u201d, us\u00e1idte de ghn\u00e1th, ach n\u00ed i gc\u00f3na\u00ed, roimh r\u00e1iteas a bhaineann le teagasc Cr\u00edosta\u00ed. Sa ch\u00e1s \u00e1irithe seo is faoin fh\u00edrinne \u00e9 gur th\u00e1inig \u00cdosa Cr\u00edost ar an saol chun peacaigh a shl\u00e1n\u00fa. Cuireann P\u00f3l leis seo gurb \u00e9 f\u00e9in an duine is m\u00f3 de na peacaigh sin. Deir s\u00e9 gur f\u00e9idir glacadh leis f\u00e9in sna gl\u00fanta le teacht mar eiseaml\u00e1ir den pheacach ar thug Dia maithi\u00fanas d\u00f3,&nbsp; teist de fhoigne gan teora \u00cdosa Cr\u00edost. Cuireann P\u00f3l cr\u00edoch leis an machnamh seo le urna\u00ed de shaghas liot\u00fairgeach ag tabhairt molta agus gloire do Dhia.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 15:1-32). <em>Beidh \u00e1thas sna flaithis faoin aon pheacach amh\u00e1in a dh\u00e9anann aithr\u00ed. <\/em>Tugann v\u00e9arsa tosaigh na l\u00e9achta seo su\u00edomh agus c\u00falra an tr\u00ed pharabal sa sliocht seo d\u00fainn. Bhi iomr\u00e1 ar \u00cdosa toisc a chine\u00e1ltais d\u00f3ibh si\u00fad ar an imeall, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin th\u00e1inig bailitheoir\u00ed c\u00e1nach (n\u00f3 bailitheoir\u00ed c\u00e1nach tola, c\u00e1nach bealaigh; poibleac\u00e1naigh) agus \u201cpeacaigh\u201d chun \u00e9isteacht leis. Is d\u00f3cha gur Gi\u00fadaigh a thug c\u00fal le cleachtadh a gcreidimh, n\u00f3 ar bheag leo rialacha dochta an chreidimh sin, agus go m\u00f3r m\u00f3r tuiscint chaol na bhFairis\u00edneach agus scr\u00edobhaithe \u00e1irithe air, na \u201cpeacaigh\u201d sin. Bh\u00ed na bailitheoir\u00ed c\u00e1nach ar an imeall ar&nbsp; dh\u00e1 ch\u00fais: ainm na m\u00edmhac\u00e1ntachta orthu agus baili\u00fa c\u00e1nach do \u00fadar\u00e1s \u00f3n taobh amuigh. Ba fheasach go f\u00f3irleathan go mb\u00edodh \u00cdosa ag bord chun b\u00e9ile lena leith\u00e9id\u00ed.&nbsp; Sa chult\u00far sin b\u2019ionann b\u00e9ile a ghlacadh le duine agus bheith p\u00e1irteach ina mheon aigne, agus mar aon leis sin thug b\u00e9ile n\u00f3 f\u00e9asta chun cuimhne an f\u00e9asta meisiasach le teacht, ar&nbsp; r\u00e9amhbhlaiseadh d\u00f3 b\u00e9ile ar talamh. Bhain b\u00e9ile i sl\u00ed leis an chonradh le Dia, agus d\u2019fh\u00e9ach na Fairis\u00ednigh (agus roinnt de na scr\u00edobhaithe) orthu f\u00e9in mar choime\u00e1daithe, caomhn\u00f3ir\u00ed, an chonartha. Is sothuigthe, mar sin, n\u00e1r aonta\u00edodar le cleachtadh \u00cdosa, a bheadh ag cur, dar leo, luachanna an chonartha i mbaol. Ba \u00e9 sin a l\u00e9argas si\u00fad. N\u00edorb amhlaidh do l\u00e9argas an Athar ar neamh, n\u00e1 l\u00e9argus \u00cdosa a dh\u00e9anann soil\u00e9ir sna tr\u00ed pharabal seo go dt\u00e9ann gr\u00e1 ollmh\u00f3r agus tuiscint an Athar ar neamh i bhfad thar a l\u00e9argas teoranta si\u00fad. N\u00ed h\u00e9 gur ionann gr\u00e1 thar chuimse an Athar don duine caillte agus don mhac drabhl\u00e1sach agus \u201cD\u00e9an do rogha rud anois\u201d. Is \u00ed is aidhm d\u00f3 n\u00e1 iad sin at\u00e1 ar strae a thabhairt thar nais do mhuintearas leis f\u00e9in, san aithr\u00ed. Ionann bheith faighte, filleadh, iontu f\u00e9in agus aithr\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 tr\u00ed pharabal ann: an chead cheann, f\u00e1il caora amh\u00e1in as c\u00e9ad; an dara ceann, f\u00e1il drachma amh\u00e1in as deich; an tr\u00ed\u00fa ceann filleadh (f\u00e1il) duine amh\u00e1in as beirt. Den chuid is m\u00f3 de t\u00e1 na parabail intuigthe uathu f\u00e9in gan mini\u00fa. Ionann drachma agus denarius, luach saothair oibr\u00ed i gc\u00f3ir lae. Maidir le parabal an bheirt mhac, an ceann caillte (drabhl\u00e1sach) agus an duine eile urramach, \u00edomh\u00e1nna sc\u00e1th\u00e1nacha &nbsp;iad d\u00edobh si\u00fad ar a bhfuil an parabal d\u00edrithe, faoi seach na \u201cpeacaigh\u201d gur beag leo dl\u00ed na nGi\u00fadachh agus&nbsp; l\u00e9argas caol na bhFairis\u00edneach agus na scr\u00edobaithe, agus an mac urramach a bh\u00ed umhal i gc\u00f3na\u00ed d\u00e1 athair, sc\u00e1th\u00e1n de na Fairis\u00ednigh agus na scr\u00edobaithe ina n-urraim don Dl\u00ed. Gh\u00e9ill an t-athair tuisceanach d\u2019iarratas n\u00f3 \u00e9ileamh a mhic a chaith a sheal\u00fachas go drabhl\u00e1sach, agus b\u2019fh\u00e9idir ag tabhairt c\u00fal lena chreideamh, mar chr\u00edochnaigh s\u00e9 i dtalamh phag\u00e1nach ag aoireacht mhuc, ainmhithe nach raibh ceadaithe do Gh\u00ed\u00fadaigh. Is ansin a th\u00e1inig athr\u00fa intinne air, agus r\u00fan filleadh ar a oidhreacht. Cuirtear an bh\u00e9im ar faoi mar a ghlac an t-athair leis, gan bacadh le gn\u00e1sanna a bheadh oiri\u00fanach d\u2019\u00f3c\u00e1id\u00ed eile. Tuigimid do fhreagra an mhic ba shine. M\u00edn\u00edonn an t-athair na prionsabail at\u00e1 i gceist, ag l\u00e9iri\u00fa meon agus l\u00e9argas an Athar gr\u00e1mhair ar neamh.<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <em>Ar t\u00f3ir na caorach caillte agus an mhic drabhl\u00e1saigh inniu.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Uair d\u00e1 raibh bh\u00ed s\u00e9 \u00e9asca na \u201ccaoirigh cailllte\u201d a aithint agus frioth\u00e1il orthu. Ba iad Caitlicigh a thug c\u00fal le cleachtadh a gcreidimh. Ba gn\u00e1thach le baill \u00e1irithe de chumainn chr\u00e1ifeacha dul ar a dt\u00f3ir agus iarracht a dh\u00e9anamh iad a thabhairt thar nais do chleachtadh an chreidimh. D\u2019fh\u00e9adfadh misin\u00e9ir\u00ed le linn mhisean par\u00f3iste cuairt a thabhairt orthu. N\u00ed ionann an sc\u00e9al inniu. T\u00e1 roinnt Caitliceach \u00f3ga ann anois a thr\u00e9igeann cleachtadh an chreidimh luath go leor ina saol. N\u00ed dh\u00e9anann roinnt d\u00edobh ach an cleachtadh a threigean gan dul n\u00edos faide, ach a fhanann d\u00edlis don chreideamh a bheag n\u00f3 a mh\u00f3r. Ach mar aon leo si\u00fad t\u00e1 a thuilleadh ann, a bhfuil a l\u00edon ag dul i m\u00e9id, a sh\u00e9anann creideamh i nDia, agus a bhfuil claonadh ann le deireannas \u00e9 sin a fh\u00f3gairt go poibl\u00ed, amhail is go mba bac \u00e9 an creideamh&nbsp; ar bheatha agus saol ceart daonna. Agus leis seo t\u00e9ann s\u00e9anadh aon saoil eile, aon saoil le teacht, tar \u00e9is bh\u00e1is. An s\u00e9anadh follasach seo t\u00e1rla\u00edonn s\u00e9 n\u00edos minic\u00ed i measc an aos d\u00e1na agus an aos l\u00e9annta. N\u00ed rud nua ar fad \u00e9. Sa stair is gn\u00e1th amhras, d\u00edchreideamh agus sceipteachas dul le tr\u00e9imhs\u00ed ardl\u00e9inn sa litr\u00edocht, sa fisic agus i l\u00e9ann an d\u00falra. T\u00e1 sampla maith againn de i <em>Leabhar na hEagna<\/em> (2:2-3) an Bh\u00edobla, cumtha thart ar an bhliain 30 r. Chr. i gc\u00fains\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id, \u00e1it a chuirtear na briathra seo i mbeola daoine aindiaga: \u201c\u00d3ir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am at\u00e1 le teacht beimid amhail is nach rabhamar ann riamh. Puth deataigh is ea an an\u00e1il in\u00e1r bpoll\u00e1ir\u00ed agus n\u00edl in\u00e1r r\u00e9as\u00fan ach spr\u00e9ach a ghineann bualadh \u00e1r gcro\u00ed. Nuair a mh\u00fachfar \u00ed, deanfar luaith d\u00e1r gcorp agus scaipfear an\u00e1il na beatha ar n\u00f3s an aeir neamhsheasmhigh\u201d. Don t\u00e9 a chreideann, leanann an tAthair gr\u00e1mhar ar neamh ag f\u00f3gairt teachtaireacht na beatha \u2013 beatha abhus agus ar neamh d\u00f3ibh seo uile, agus is do lucht lean\u00fana Chr\u00edost an dea-sc\u00e9ala seo a chraobhscaoileadh, cosaint a dh\u00e9anamh ar fh\u00edrinn\u00ed an chreidimh agus freagra a thabhairt de r\u00e9ir mar a oireann do \u00f3c\u00e1id\u00ed ar leith. Maidir le di\u00falt\u00fa do chreideamh i measc na n-\u00f3g, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed go bhfuil c\u00faiseanna \u00e9ags\u00fala ag baint leis, cuid de m\u00edthuiscint ar phoint\u00ed teagaisc, amhail l\u00e1ithreacht Chr\u00edost san Eocairist, san habhlainn\u00ed.&nbsp; Is fi\u00fa s\u00fail a choime\u00e1d ar na suirbh\u00e9anna a dh\u00e9antar ar an chreideamh a measc na n-\u00f3g san \u00e1bhar seo. N\u00ed h\u00e9asca teachtaireacht \u00cdosa agus na hEaglaise faoi ghr\u00e1 D\u00e9 d\u00f3ibh si\u00fad a thr\u00e9igeann a&nbsp; fh\u00f3gairt inniu, ach n\u00edor ch\u00f3ir go mbeadh lagmhisneach ar dhuine. T\u00e1 Dia f\u00e9in agus \u00cdosa p\u00e1irteach san fheachtas.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1084,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1893","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1893","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1893"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1893\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1901,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1893\/revisions\/1901"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1084"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1893"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1893"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1893"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}