{"id":1912,"date":"2022-10-06T09:31:50","date_gmt":"2022-10-06T09:31:50","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1912"},"modified":"2022-10-06T09:52:29","modified_gmt":"2022-10-06T09:52:29","slug":"2-deireadh-fomhair-2022-c-seachtu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1912","title":{"rendered":"2 Deireadh Fomhair  2022 (C) Seacht\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Faoi sc\u00e1th D\u00e9 agus ar sc\u00e1th a ch\u00e9ile<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Habac\u00fac 1:2-3; 2:2-4).<em> Mairfidh an f\u00edr\u00e9an de bharr a dh\u00edlse<\/em>. T\u00e1 an l\u00e9acht seo thar a bheith sp\u00e9isi\u00fail agus t\u00e1bhachtach chomh maith \u00f3 thaobh caidrimh D\u00e9 leis an chine daonna, agus faoi thuiscint (n\u00f3 neamh-thuiscint) na h-aigne daonna ar shl\u00edte D\u00e9. Cuireann an f\u00e1idh Habac\u00fac an cheist d\u00edreach ar Dhia faoi c\u00e1 sheasann s\u00e9 agus slad agus \u00e9ag\u00f3ir \u00e1 nd\u00e9anamh: \u201cC\u00e9n f\u00e1th (a Thiarna) a mb\u00edonn t\u00fa f\u00e9in ag breathn\u00fa ar an ansmacht ar n\u00f3s cuma liom?\u201d Sean-cheist \u00ed sin a bh\u00ed ann roimh aimsir Habac\u00fac agus at\u00e1 linn i gc\u00f3na\u00ed. Is f\u00e9idir linn d\u00e1ta a chur le ceist seo Habac\u00fac agus an ch\u00fais taobh thiar di. Luaitear na Cald\u00e9igh ann (1:6) agus a bhf\u00edochmhaireacht. Iad sin an Impireacht nua-Bhaibeal\u00f3ineach, a bhuaigh ar Impireacht na h-Asa\u00edre \u00f3 626 roimh Chriost i leith agus a ghabh seal\u00fas na Pailist\u00edne \u00f3 609, faoi cheannaireacht an r\u00ed Nab\u00facadnazar, go m\u00f3r m\u00f3r thart ar an bhliain 600. Deir Habac\u00fac linn gur sheas s\u00e9 mar fh\u00e1idh ar a th\u00far faire, ar a fhaichill ansin f\u00e9achaint c\u00e9ard a dh\u00e9arfadh Dia leis. Tugann Dia freagra, agus d\u00faradh le Habac\u00fac \u00e9 a scriobh s\u00edos go soil\u00e9ir, agus go poibl\u00ed is d\u00f3cha, ionas go mbeadh s\u00e9 furasta le l\u00e9amh. S\u00f3rt comhartha b\u00f3thair a bheadh ann, d\u00f3ibh si\u00fad a bheadh ag gabh\u00e1il thart. N\u00ed deirtear go foscailte c\u00e9rb \u00ed \u00e9irim an fhreagra, ach toisc gur freagra \u00e9 ar cheist Habac\u00fac deimhni\u00fa a bheadh ann gur c\u00faram le Dia c\u00e1s na bhf\u00edr\u00e9an faoi leatrom, agus go mbeidh r\u00e9iteach ar a bhfadhb. A t-oracal seo, an freagra seo, a thug Dia, is s\u00f3rt f\u00f3rsa \u00e9 at\u00e1 ag br\u00fa ar aghaidh, ag tn\u00fath lena chomhl\u00edonadh f\u00e9in. Is le haghaidh an tr\u00e1th caoi (ion\u00fa) a chomhl\u00edonta an br\u00fa sin, agus is cinnte go gcomhl\u00edonfar \u00e9. Ach n\u00ed fol\u00e1ir feitheamh chuige sin le foighne. Creideamh sa ghealtannas agus foighne, buanseasmhacht, dh\u00e1 rud at\u00e1 riachtanach. Sa dr\u00e1ma seo gur caidreramh idir Dia agus an duine aonair \u00e9 maidir le f\u00edoradh na tairngreachta, beidh freagra\u00ed \u00e9ags\u00fala ann: an duine gan croi ionraic a chaillfear, agus an f\u00edr\u00e9an le d\u00edlseacht, le buanseasmhach, a mhairfidh. Bh\u00ed ar Habac\u00fac f\u00e9in foighne, agus creideamh, a bheith aige maidir le f\u00edor\u00fa phlean D\u00e9. L\u00e9ir\u00edonn an cr\u00edoch at\u00e1 ar an Caintic ag deireadh bhaili\u00fach\u00e1n a fh\u00e1istin\u00ed an meon a bh\u00ed aige: \u201cFi\u00fa nach dtiocfaidh an crann fig\u00ed i mbl\u00e1th; n\u00f3 nach mbeidh caor le f\u00e1il ar na fini\u00fana; n\u00f3 nach rachaidh de thoradh an crann ol\u00f3ige; n\u00f3 nach dtabharthaidh na goirt aon bhia; n\u00f3 nach bhf\u00e1gfar caora sa chr\u00f3; n\u00f3 b\u00f3 ar bith sa bhuaile \u2014 l\u00fach\u00e1irfidh mise sa Tiarna, d\u00e9anfaidh m\u00e9 gairdeas i nDia, mo Shl\u00e1naitheoir\u201d (Habac\u00fac 3:.17-18).<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 94[95]), <em>\u00c1, d\u00e1 n-\u00e9istfeadh sibh lena ghuth inniu: \u2018N\u00e1 calcaig\u00ed bhur gcro\u00ed\u2019<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (2 Tiom\u00f3id 1:6-8, 13-14). <em>N\u00e1 b\u00edodh aon n\u00e1ire ort faisn\u00e9is a thabhairt ar an Tiarna. <\/em>Mar a luadh cheana, f\u00e9achann scol\u00e1ir\u00ed \u00e1irithe ar a bhfuil sna Litreacha Tr\u00e9adacha mar Luath-Chaitliceachas, le gn\u00e9ithe de theagasc agus chleachtadh na hEaglaise comhchoiteann a bheadh ann sa dara c\u00e9ad agus n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, mar shampla comharbacht na nAspal agus an \u201ctaisce\u201d le caomhn\u00fa. Cuirtear Tiom\u00f3id in\u00e1r l\u00e1thair mar chomharba ar Ph\u00f3l Aspal, a leag a l\u00e1mha air go sacraiminti\u00fail, agus as ar th\u00e1inig bronntanas faoi leith \u00f3 Dhia chuig Tiom\u00f3id. Iarrtar anois air an grasta sin a athlasadh. B\u00edodh go bhfuil b\u00e9im sna litreacha seo ar dh\u00edlse don chreideamh agus don \u201ctaisce\u201d seachas buanna an Spioraid Naoimh, n\u00ed hionann sin agus a r\u00e1 go bhfuil an Eaglais seo \u00e9irithe \u201cinstiti\u00faidi\u00fail\u201d. N\u00edl s\u00ed faoi sti\u00fair spiorad na meatachta, ach faoi sti\u00fair Spiorad an ghr\u00e1 agus na stuaime, an stuaim le ruda\u00ed a mheas le d\u00edlseacht don traidisi\u00fan agus mar a oireanna do ch\u00fains\u00ed nua. Cuid de aon r\u00e9 san Eaglais n\u00e1 bheith r\u00e9idh le fulaingt ar son Cr\u00edost, i gc\u00e1s Thiom\u00f3id i gcomhphairt le P\u00f3l at\u00e1 ina chime ag feitheamh le pian an bh\u00e1is. Bronntanas \u00f3 Dhia bheith r\u00e9idh d\u00e1 leith\u00e9id. Go minic sna litreacha seo tugtar rabhadh bheith san airdeall ar theagasca \u00e9ags\u00fala nach bhfuil ag teacht le f\u00edrinne an tsoisc\u00e9il, an \u201cteagasc foll\u00e1in\u201d mar a thugtar air anseo. Ar theagasc chomhchoitean sin na hEaglaise tugtar anseo \u201ctaisce\u201d nach m\u00f3r a chosaint, a mh\u00edni\u00fa agus a sheachadah, ach n\u00ed le stuaim dhaonna ach le cabhair an Spioraid Naoimh at\u00e1 ina ch\u00f3nai sna creidmhigh agus san Eaglais.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 17:5-10) <em>D\u00e1 mbeadh creideamh agaibh! <\/em>Is fearr an l\u00e9acht seo a mheas ina chomhth\u00e9acs i Shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1s. T\u00e1imid sa chuid sin den soisc\u00e9al ar a dtugtar \u201cAn Turas go hIar\u00fasail\u00e9im\u201d. D\u00edreach roimh an caibideal seo bh\u00ed tr\u00e1cht ar agallaimh idir \u00cdosa agus gr\u00fapa\u00ed n\u00f3 daoine \u00e9ags\u00fala. T\u00e1 a bhfuil le r\u00e1 ag \u00cdosa anois d\u00edrithe ar na deisceabail at\u00e1 leis, agus a bheidh san eaglais n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. D\u00edreach roimh an sliocht seo t\u00e1 cur s\u00edos ar scannail agus maithi\u00fanas i measc na deisceabal san eaglais. Ionann scannal anseo agus ceap tuisle, rud, gn\u00edomh n\u00f3 r\u00e1iteas a bhaineann tuisle as duine. Is mairg don t\u00e9 a dheanann a leith\u00e9id do \u201cdhuine beag\u201d amh\u00e1in de lucht lean\u00fana Iosa. N\u00ed leana\u00ed at\u00e1 i gceist leis na \u201cdaoine beaga\u201d; n\u00ed raibh aon leana\u00ed i measc na ch\u00e9ad deisceabail. Deisceabail leochaileacha iad ar fuirist a mhealadh n\u00f3 a iompar \u00f3 chreideamh i gCr\u00edost n\u00f3 \u00f3na chleachtadh. Dara rud a luaitear n\u00e1 maithi\u00fanas ar\u00eds agus ar\u00eds eile i measc na ndeisceabal.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Leanann d\u00edreach ina dhiaidh sin sa l\u00e9acht seo iarratas na ndeisceabal a gcreideamh a mh\u00e9adu, creideamh in \u00cdosa agus sa soisc\u00e9al is d\u00f3cha. Is ar th\u00e1bhacht agus chumhacht an chreidimh freagra \u00cdosa, agus l\u00e9ir\u00edonn s\u00e9 le sampla crainn cu\u00edosach m\u00f3r a bhfuil fr\u00e9amhacha tr\u00e9ana aige. N\u00ed m\u00f3r do dheisceabal bheith san airdeal faoi scannal, tugtha do mhaithi\u00fanas agus le creideamh l\u00e1idir. Ach n\u00edl bun\u00fas do \u00e9ir\u00ed in airde d\u00f3 ansin. N\u00edl d\u00e9anta aige ach an m\u00e9id is g\u00e1 do aon duine de lucht lean\u00fana \u00cdosa. Sin is br\u00ed le parabal seo \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/strong>: <em>Faoi sc\u00e1th D\u00e9 agus ar sc\u00e1th a ch\u00e9ile<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu cuireadh d\u00fainn agallamh a dh\u00e9anamh leis an saol comhaimsire faoi thr\u00ed theideal, ceann do gach l\u00e9acht, agus baineann siad go l\u00e9ir le gn\u00e9ithe den chreideamh.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><em>D\u00edlseacht, buanseasmhacht le moille D\u00e9 agus na hEaglaise. <\/em>Mairimid i r\u00e9 ina mb\u00edonn an saol agus antsocha\u00ed ag athr\u00fa go tobann, agus ina mb\u00edonn freagra\u00ed tobanna ag teast\u00e1il, r\u00e9iteach ar fhadhbanna teoirici\u00fala agus m\u00f3r\u00e1ltachta. Is fada siar a th\u00e9ann na ceisteanna ar Dhia faoi riar an domhain agus ch\u00farsa\u00ed eile. Bh\u00ed leabhar fianaise curtha le cheile ag I\u00f3b le freagra\u00ed a fh\u00e1il \u00f3 Dhia. D\u2019fhreagair Dia I\u00f3b ach n\u00edor thug s\u00e9 freagra ar a cheisteanna. N\u00edor thug do Habac\u00fac ach an oiread. Inniu, mar a bh\u00ed i laethanta I\u00f3b agus Habac\u00fac, n\u00ed m\u00f3r do creidmhigh maireacht\u00e1il lena gcreideamh i nDia, p\u00e9 ar bith ceisteanna a bhionn acu. Is su\u00e1ilce dhiaga \u00e9 an creideamh a nascann le Dia. Tagann cinnteacht an chreidimh \u00f3 Dhia. N\u00ed chuireann ceisteanna n\u00e1 a bhaineann leo as don chinnteacht sin.<\/li><\/ol>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><em>An \u201ctaisce\u201d a chaomhn\u00fa. <\/em>Is m\u00f3r an cur agus an c\u00faiteamh san eaglais faoi l\u00e1thair, agus le tamall anuas, ar \u00e1bhair mar oirni\u00fa ban agus mor\u00e1ltacht maidir le c\u00farsa\u00ed gn\u00e9is, daoine \u00e1 ma\u00edomh gur c\u00f3ir don Eaglais teacht de r\u00e9ir meon na haoise agus athraithe cu\u00ed a dh\u00e9anamh. D\u00e9anann <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed <\/em>tr\u00e1cht ar an taisce (oidhreacht) seo in \u00e1iteanna \u00e9ags\u00fala, mar shampla &nbsp;uimhir 97: \u201cD\u00e9anann an Traidisi\u00fan Beannaithe agus an Scriopt\u00far Naofa le ch\u00e9ile taisce s\u00e1cr\u00e1ilte \u00e9agsamhalta (<em>singular<\/em>) de bhriathar D\u00e9 mar a bheadh sc\u00e1than a mbaineann an Eaglais abhus l\u00e1n a s\u00fal as Dia ann, an T\u00e9 is \u00fadar lena cuid saibhris ar fad\u201d (agus freisin in uimhir 84). T\u00e9ann an bh\u00e9im seo ar dh\u00edlseacht don \u201ctaisce\u201d siar go t\u00fas na hEaglaise, mar is l\u00e9ir \u00f3na Litreacha Tr\u00e9adacha (Tiom\u00f3id, T\u00edotas). Ceist a bheadh, agus at\u00e1, \u00e1 c\u00edoradh n\u00e1 an mbaineann pointe \u00e1irithe teagaisc le cro\u00edl\u00e1r an \u201ctaisce\u201d n\u00f3 an ann d\u00f3 de bharr coinn\u00edolacha staire. N\u00ed m\u00f3r an machnamh agus an pl\u00e9 ar \u00e1bhair seo r\u00fandiamhair an chreidimh a dh\u00e9anamh sa chomhth\u00e9acs a thuileann siad, faoi sti\u00fair an Spioraid.<\/li><\/ul>\n\n\n\n<p><em>3. An creideamh a dh\u00e9anann mior\u00failt\u00ed.<\/em> D\u2019iarr na hAspail ar \u00cdosa a gcreideamh a mh\u00e9ad\u00fa, creideamh in \u00cdosa mar theachtaire an Athar agus a leanann as sin, agus neart a bheith d\u00edlis d\u00f3. Is ar na h-\u00e9achta\u00ed a leanann as creideamh l\u00e1idir a bhi an freagra a thug \u00cdosa. Sin an creideamh a bh\u00ed ag na hAspail nuair a chuireadar f\u00fathu an domhan go l\u00e9ir a thabhairt isteach i gcr\u00f3 Chriost. T\u00e1 an neart c\u00e9anna le sonr\u00fa i gcreideamh na gn\u00e1thmhuintire a thuigeann gur treise cumhacht D\u00e9 ina gcro\u00edthe n\u00e1 deacracht d\u00e1 mh\u00e9id \u00ed.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1145,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1912","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1912","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1912"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1912\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1924,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1912\/revisions\/1924"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1145"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1912"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1912"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1912"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}