{"id":1923,"date":"2022-10-17T09:27:00","date_gmt":"2022-10-17T09:27:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1923"},"modified":"2022-10-06T09:52:24","modified_gmt":"2022-10-06T09:52:24","slug":"23-deireadh-fomhair-2022-c-triochadu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1923","title":{"rendered":"23 Deireadh F\u00f3mhair 2022 (C) Tr\u00edochad\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. <em>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>\u201cN\u00e1<\/em><strong><em> b\u00edg\u00ed ardn\u00f3sach ach d\u00e9anaig\u00ed caidreamh leis na daoine \u00edsle\u201d<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (S\u00edrach 35:12-14, 16-19). <em>T\u00e9ann gu\u00ed an duine uir\u00edsil suas tr\u00ed na n\u00e9alta. <\/em>&nbsp;Baineann leabhar \u00cdosa Ben S\u00edra (Ecclesiasticus)&nbsp; le litr\u00edocht eagna an tSeantiomna. D\u2019eascair luath-litr\u00edocht an traidisi\u00fain seo as an taith\u00ed dhaonna ar an saol, gan tagairt don chonradh le Dia. T\u00e1 roinnt mhaith de seo i leabhar Ben Sira chomh maith, saoi a raibh scoil den l\u00e9ann seo aige in Iar\u00fasail\u00e9im. Scr\u00edobh s\u00e9 an leabhar seo thart ar an mbliain 180 roimh Chr\u00edost, ach nasc s\u00e9 an conradh, an deabh\u00f3id agus Dl\u00ed Mhaois leis an eagna. Sa sliocht seo labhra\u00edonn s\u00e9 \u00f3n taith\u00ed dhaonna agus \u00f3na oidhreacht chreidimh. T\u00e1 an comhth\u00e9acs lena mbaineann an sliocht ag cur s\u00edos ar Dhia mar bhreitheamh c\u00f3ir, nach nd\u00e9anann faill\u00ed ar an duine dear\u00f3il.&nbsp; Baineann achain\u00ed an duine dheabh\u00f3idigh agus an duine uir\u00edsil na n\u00e9alta amach agus&nbsp; t\u00e9ann tr\u00ed na n\u00e9alta go Dia f\u00e9in ar neamh. Leagann an sliocht b\u00e9im ar an umhla\u00edocht agus an uir\u00edsle i l\u00e1thair D\u00e9, agus mar sin t\u00e9ann s\u00e9 le Soisc\u00e9al an lae inniu. Mar aon le sin tugann s\u00e9 le fios go seasann Dia ceart don duine mac\u00e1nta agus go dtugann s\u00e9 freagra gan mhoill.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 33[34]). <em>Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna \u00e9.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (2 Tiom\u00f3id 4:6-8, 16-18). <em>T\u00e1 craobh na f\u00edr\u00e9antachta r\u00e9idh i mo chomhair feasta. <\/em>Tiomna \u00e1lainn Ph\u00f3il at\u00e1 anseo. N\u00ed d\u00f3cha gur \u00f3 pheann Ph\u00f3il f\u00e9in na Litreacha Tr\u00e9adacha, ach \u00f3 ghl\u00fain tar \u00e9is a bh\u00e1is, a fh\u00e9achann siar ar shaol agus shaothar an aspail agus an oidhreacht a fh\u00e1g s\u00e9 ina dhiaidh. Cuirtear a fheartlaoi f\u00e9in anois i mbeola Ph\u00f3il. Deir s\u00e9 le Tiom\u00f3id &nbsp;go bhfuil a r\u00e1s rite, a bh\u00e1s geall le bheith buailte leis. Baineann s\u00e9 \u00fasaid as dh\u00e1 \u00edomh\u00e1 chuige sin. An ch\u00e9ad cheann n\u00e1 a bh\u00e1s mar \u00edobairt, \u00edomh\u00e1 ar bhain s\u00e9 \u00fas\u00e1id cheana aisti ag scriobh chuig na Filipigh d\u00f3 (Filipigh 2:17), tr\u00e1th, b\u2019fh\u00e9idir a raibh s\u00e9 i mbaol b\u00e1is: \u201cFiu amh\u00e1in m\u00e1 t\u00e1 mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofr\u00e1la ar an iobairt a dh\u00e9anann sibh chun D\u00e9 le bh\u00far gcreideamh, t\u00e1 \u00e1thas orm faoi\u201d. Amhail mar a dhoirt\u00edodh mar dheoch ofr\u00e1la de fh\u00edon, de uisce n\u00f3 d\u2019ola ar \u00edobairt\u00ed, mar sin a dhoirtfear fuil Ph\u00f3il ar a \u00edobairt mar mhairt\u00edreach.&nbsp; An dara \u00edomh\u00e1 at\u00e1 aige faoina bh\u00e1s n\u00e1 imeacht: beidh s\u00e9 ag scaoileadh seoil. Tugann s\u00e9 dh\u00e1 \u00edomh\u00e1 eile faoina bheatha: comhrac agus r\u00e1s. Thuigfeadh Tim\u00f3teas agus Cr\u00edostaithe eile go maith an comhrac m\u00f3r a throid s\u00e9 \u00f3n ch\u00e9ad l\u00e1 ar glaoigh Cr\u00edost air ar an mbealach go dti an Damaisc le creideamh i gCriost agus an sl\u00e1n\u00fa tr\u00ed chreideamh amh\u00e1in a thabhairt do na pag\u00e1naigh, gan laincis\u00ed an Ghi\u00fadacais. T\u00e1 a chuid litreacha chuig na hEaglais\u00ed l\u00e1n d\u2019fhianaise air sin. T\u00e1 a r\u00e1s rite anois agus an creideamh come\u00e1dta sl\u00e1n aige. Ag scr\u00edobh chuig na Coirintigh d\u00f3 labhair P\u00f3l faoin chraobh dh\u00edomuan a bheadh le buachaint ag luathchleasaithe (1 Coirintigh 9:24-25) agus an chraobh thar barr a bheadh le baint amach ag lucht lean\u00fana d\u00edlse Chr\u00edost. Anois bh\u00ed craobh na f\u00edr\u00e9antachta ag feithamh leis f\u00e9in agus ag gach duine a bheadh ag tn\u00fath le teacht Chr\u00edost. Sa dara mir de l\u00e9acht an lae inniu cuireann P\u00f3l s\u00edos ar faoi mar ar thr\u00e9ig gach aoinne \u00e9 in am an gh\u00e1tair ina ch\u00e9ad ch\u00fais ch\u00fairte. N\u00ed fios d\u00fainn na c\u00fains\u00ed a bhain leis sin; i ng\u00e9arlean\u00faint faoin Impire Ner\u00f3n sa R\u00f3imh, b\u2019fh\u00e9idir. N\u00ed fios d\u00fainn ach an oiread c\u00e9rb iad na pag\u00e1naigh a \u00e9ist leis an Dea-Sc\u00e9al \u00f3 Ph\u00f3l; iad sin a raibh baint acu lena bhraighdeanas b\u2019fh\u00e9idir. Seo comhrac deiridh Ph\u00f3il agus \u00e9 ag feitheamh le bheith t\u00f3gtha sl\u00e1n chun r\u00edocht D\u00e9 ar neamh. Is iontach na briathra deiridh seo uaidh ina Thiomna, agus \u00e9 ag f\u00e1gaint a oidhreachta linn: \u201cMoladh go deo le Dia. Amen\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 18:9-14) <em>Chuaigh an poibleac\u00e1nach s\u00edos abhaile f\u00edr\u00e9anaithe, n\u00ed ionann is an Fairis\u00edneach. <\/em>Ag t\u00fas an t\u00e9acs deirtear linn go bhfuil an parabal seo d\u00edrithe ar dhaoine a bh\u00ed cinnte go rabhadar f\u00e9in f\u00edr\u00e9anta, i gcaidreamh c\u00f3ir le Dia, agus d\u00edmheas acu ar ch\u00e1ch eile. Le ceacht a thabhairt faoi seo roghna\u00edtear duine mar eiseaml\u00e1ir do gach gr\u00fapa d\u00edobh faoi leith \u2013 Fairis\u00edneach agus poibleac\u00e1nach, sin le r\u00e1 bailitheoir c\u00e1nach. Bh\u00ed iomr\u00e1 ar na Fairis\u00ednigh mar ghr\u00fapa a bh\u00ed tugtha do chomhl\u00edonadh beacht dl\u00edthe an Bh\u00edobla agus a sain-dl\u00edthe f\u00e9in \u2013 ina sl\u00ed f\u00e9in daoine naofa. Bh\u00ed droch-theist ar na bailitheoir\u00ed c\u00e1nach, de bhr\u00ed go ndeachadar thar an ch\u00e1in a bh\u00ed dlite le airgead d\u00f3ibh f\u00e9in a bhaili\u00fa, agus f\u00f3s go rabhadar f\u00e1bharach do ch\u00e1nacha do impireacht na R\u00f3imhe. N\u00ed h\u00e9 go raibh \u00cdosa naimhdeach do na Fairis\u00ednigh mar ghr\u00fapa, ar a laghad de r\u00e9ir L\u00fac\u00e1s. Bh\u00edodh b\u00e9il\u00ed aige leo. Sa pharabal seo seasann gach duine den bheirt sin don ghr\u00fapa de r\u00e9ir an \u00edomh\u00e1 a bh\u00ed ann d\u00edobh. Bh\u00ed a leith\u00e9id\u00ed le f\u00e1il i bPailist\u00edn in aimsir \u00cdosa, ach bh\u00ed a macasamhail le f\u00e1il i m\u00f3r\u00e1n creideamh i rith na staire, agus t\u00e1 siad linn i gc\u00f3na\u00ed.&nbsp; Mheas an Fairis\u00edneach gur leor a ghn\u00edomhartha deabh\u00f3ide (troscadh dh\u00e1 uair sa tseachtain; deach\u00fana a \u00edoc) le bheith f\u00edr\u00e9anta i l\u00e1thair D\u00e9. Bh\u00ed s\u00e9 ag cur in i\u00fal do Dhia c\u00e9 chomh maith agus a bh\u00ed s\u00e9. N\u00ed raibh aon cheist faoi maith\u00edunas a iarraidh. A mhalairt ar fad leis an bhailitheoir c\u00e1nach. Mheas an Fairis\u00edneach go raibh caidreamh ceart le Dia gn\u00f3thaithe aige de bharr a \u201cdhea\u201d-oibreacha; go raibh fir\u00e9antacht gn\u00f3thaithe aige d\u00e1&nbsp; mbarr. Brontannas \u00f3 Dhia an fh\u00edr\u00e9antacht, a bronnadh ar an bhailiteoir c\u00e1nach, a chuaigh abhaile f\u00edr\u00e9anaithe. An ceacht \u00f3n bparabal n\u00e1 umhla\u00edocht agus uir\u00edsle i l\u00e1thair D\u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>\u201cN\u00e1<strong> b\u00edg\u00ed ardn\u00f3sach ach d\u00e9anaig\u00ed caidreamh leis na daoine \u00edsle\u201d<\/strong><\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed \u00cdosa an-dian ar an mb\u00e9alchraifeacht, ar dhaoine a bh\u00ed ag iarraidh aire a tharraingt orthu f\u00e9in tr\u00ed na cleachta\u00ed creidimh traidisi\u00fanta, amhail urna\u00ed, troscadh agus d\u00e9irc. Ch\u00e1in s\u00e9 chomh maith Fairis\u00ednigh agus scr\u00edobhaithe den traidisi\u00fan c\u00e9anna de bharr a mb\u00e9ime i ghlaine sheachtrach maidir le soithigh, agus ag d\u00e9anamh neamaird ar ghlaine inmhe\u00e1nach. Ruda\u00ed a bhain le c\u00farsa\u00ed Gi\u00fadacha iad sin. Sa pharabal inniu, b\u00edodh gur Gi\u00fadaigh at\u00e1 i gceist, baineann tr\u00e9ithe an Fhairisinigh agus c\u00e1s an bhailitheoir c\u00e1nach le gl\u00fain ar bith tr\u00edd an stair agus len\u00e1r laethanta f\u00e9in. Is dual don, agus dlite den, duine daonna bheith umhail agus uir\u00edseal i l\u00e1thair D\u00e9 agus a laige agus peac\u00faileacht an n\u00e1d\u00fair dhaonna a aithint, chomh maith le uile-naofacht agus tuiscint D\u00e9 do ch\u00e1s gach aoinne, peacach agus eile. Is \u00e9asca do dhuine sa chomhluadar daonna beag is fi\u00fa a dh\u00e9anamh de dhuine n\u00f3 de ghr\u00fapa eile. D\u00edr\u00edonn parabal an lae inniu \u00e1r n-aird ar sin.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ag scr\u00edobh chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh cuireann P\u00f3l \u00e9irim an pharabail i mbeag\u00e1n focal: \u201cB\u00edg\u00ed b\u00e1\u00fail le c\u00e1ch agus in ionad a bheith ardn\u00f3sach deanaigi caidreamh leis na daoine \u00edsle\u201d (R\u00f3mh\u00e1naigh 12:16). T\u00e1 an teagasc c\u00e9anna sin tugtha go han-mhinic ag P\u00f3l agus i scr\u00edbhinn\u00ed an Tiomna Nua. Th\u00f3gfadh s\u00e9 tr\u00e1chtas ioml\u00e1n leis an fhianaise go l\u00e9ir a thabhairt; gr\u00e1 an chomharsa; leas an duine eile seachas do leas f\u00e9in a chuardach. L\u00e1r-fh\u00edrinne den teagasc sin n\u00e1 gur ar sc\u00e1th a ch\u00e9ile a mhaireann na daoine. Sa mh\u00e9id seo t\u00e1 teagasc an Tiomna Nua an-soisialach. Is fi\u00fa d\u00fainn eolas n\u00edos fearr a chur ar an dteagasc saibhir sin.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1081,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1923","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1923","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1923"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1923\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1936,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1923\/revisions\/1936"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1081"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1923"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1923"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1923"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}