{"id":1971,"date":"2022-12-26T14:01:26","date_gmt":"2022-12-26T14:01:26","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1971"},"modified":"2022-12-07T14:59:02","modified_gmt":"2022-12-07T14:59:02","slug":"1-eanair-2022-a-solluntas-mhuire-beannaithe-mathair-de","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=1971","title":{"rendered":"1 Ean\u00e1ir 2022 (A). Soll\u00fantas Mhuire Beannaithe M\u00e1thair D\u00e9"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">1 Ean\u00e1ir 2022 (A). Soll\u00fantas Mhuire Beannaithe M\u00e1thair D\u00e9<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">L\u00e1 Domhanda don tS\u00edoch\u00e1in<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. <b><i>An B\u00edobla: Machnamh. <\/i><\/b><i>Maith and Bhean \u00ed Muire Mh\u00f3r<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><i><span style=\"color: black;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha Chr\u00edosta\u00ed (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Leabhar na nUimhreacha 6:22-27). <i>Gairmid\u00eds m\u2019ainm ar chlann Iosrael, agus cuirfidh m\u00e9 mo bheannacht orthu. <\/i>Tugtar \u201cAn Bheannacht Shagart\u00fail\u201d ar an dt\u00e9acs seo, an mh\u00edr den leabhar seo ar a bhfuil an t-eolas is m\u00f3 uirthi. Beannacht \u00ed a raibh na sagairt, clannmhac \u00c1r\u00f3n, le gairm ar phobal Iosrael. I Leabhar na nUimhreacha, d\u00e1ir\u00edre, t\u00e1 an mh\u00edr gan chomhth\u00e9acs, agus da bharr sin oireann s\u00ed do \u00f3c\u00e1id\u00ed iomad\u00fala. T\u00e1 an mh\u00edr cumtha go heala\u00edonta. Sa bhunt\u00e9acs Eabhraise t\u00e1 gach line, a bhfuil Dia mar ainmn\u00ed ann, n\u00edos faide n\u00e1 an line roimhe (le tr\u00ed, c\u00faig, seacht bhfocail Eabhraise). T\u00e1 beannachta\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id le f\u00e1il in \u00e1iteanna eile sa Bh\u00edobla, mar shampla Salm 66(67), an Salm le Freagra inniu, agus Salm 120(121):7-8. Is fianaise na s\u00e9 bhriathar san urna\u00ed do ghn\u00edomha\u00edocht chaoin D\u00e9 i leith a phobail, agus sin i modhanna \u00e9ags\u00fala. An t\u00e9arma \u201cBeannacht\u201d sa mh\u00edr seo agus in \u00e1iteanna eile sa Bh\u00edobla, t\u00e1 s\u00e9 trom le br\u00ed, go bun\u00fasach ag cur in i\u00fal saothar D\u00e9 mar Chruthaitheoir i leith a phobail agus taobh amuigh de, ag cur an bh\u00e9im ar choimirce D\u00e9 ar gach uile olc. T\u00e1 tagairt ann do ghn\u00fais D\u00e9, focal at\u00e1 com\u00f3nta sa tSeantiomna, go h\u00e1irthe sna Sailm. Ionann lonradh, nochtadh, taitneamh, gn\u00faise D\u00e9 agus Dia a bheith caoin, fabhrach; a mhalairt ar fad a ghn\u00fais a cheilt, a choimirce a tharraingt siar. T\u00e1 tagairt sa bh\u00fant\u00e9acs chomh maith ar \u201ca ghn\u00fais a th\u00f3gaint, a ard\u00fa\u201d (\u201ca nochtadh\u201d i roinnt mhaith aistri\u00fach\u00e1n ), ionann sin agus gabh\u00e1il fabhrach i leith duine, agus sa t\u00e9acs seo ag bronnadh s\u00edoch\u00e1na, leis an mbri shaibhir at\u00e1 ag an focal Eabhrach sin, <i>seal\u00f3m, <\/i>rath agus l\u00e1ine na beatha sa saol seo, agus sin de r\u00e9ir thoil D\u00e9. Ainm D\u00e9 at\u00e1 le gairm ar chlann Iosrael, ionann sin agus Dia f\u00e9in, tobar le gach beannacht agus rath.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 Oireann an l\u00e9acht seo do fh\u00e9ile an lae inniu go h\u00e1lainn. Chuir Dia a bheannacht ar a phobal, agus rinne a ghn\u00fais a lonradh orthu tr\u00edna Mhac \u00cdosa, agus i Muire Mathair D\u00e9. Oireanan s\u00e9 chomh maith do urna\u00ed do L\u00e1 Domhanda don s\u00edoch\u00e1in, ag t\u00fas seo na bliana, nuair is fada uathu an ts\u00edoch\u00e1in do a l\u00e1n \u00e1iteanna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black; text-transform: uppercase;\">A<\/span><\/i><i><span style=\"color: black;\">n Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Galataigh 4:4-7). <i>Sheol Dia ar an saol a Mhac a rugadh \u00f3 bhean. <\/i>Glactar leis ag scol\u00e1ir\u00ed an Bh\u00edobla go bhfuil againn sa t\u00e9acs seo ceann de na r\u00e1itis is saibhre \u00f3 Ph\u00f3l ar an tuiscint faoi Chr\u00edost. Seans gur m\u00edr r\u00e9amh-Phol\u00edneach \u00e9 a mh\u00fanlaigh P\u00f3l da aidhmeanna f\u00e9in. Sa litir seo chuig na Galataigh t\u00e1 roinnt ruda\u00ed di\u00faltacha r\u00e1ite ag P\u00f3l faoi Dhl\u00ed Mhaois. Saghas c\u00f3dfhocal a bh\u00ed sna t\u00e9arma\u00ed sin do ch\u00f3ras beatha agus dli Mhaois ar chuir Cr\u00edost agus teacht an Spioraid Naoimh cr\u00edoch leis. Bh\u00ed an c\u00f3ras sin i r\u00e9im go dt\u00ed \u201can uair a bh\u00ed ceaptha\u201d ag Dia, an t-am a raibh an comhl\u00edonadh le teacht de r\u00e9ir an phlean a bh\u00ed ceaptha ag Dia. Mar ullmh\u00fach\u00e1n d\u00f3 sin, bh\u00ed a chuid f\u00e1ithe seolta amach ag Dia ar a phobal Iosrael. Ag teacht leis an bplean sin, anois \u201cag an am caoi\u201d sheol s\u00e9 a Mhac f\u00e9in, in ioml\u00e1ine a dhaonnachta, a rugadh \u00f3 bhean, a rugadh faoi Dhl\u00ed Mhaois, a bh\u00ed f\u00f3s i r\u00e9im. Ag an mbuaicphointe seo i stair an tsl\u00e1naithe, i l\u00e1r baill t\u00e1 an bhean Muire, m\u00e1thair an tSl\u00e1naitheora, rud a l\u00e9ir\u00edonn an gradam at\u00e1 aici. Rugadh \u00cdosa faoin Dl\u00ed, agus ag teacht le for\u00e1lacha an Dl\u00ed timpeallghearradh \u00e9 ar an ocht\u00fa l\u00e1 tar \u00e9is a bhreithe, agus tugadh \u00cdosa mar ainm air. D\u00e9anann sin an l\u00e9acht seo oiri\u00fanach do fh\u00e9ile seo ocht\u00e1ibh na Nollag, ocht\u00e1ibh Bhreith Chr\u00edost. Tugann deireadh na l\u00e9achta le fios d\u00fainn an f\u00e1th ar rugadh \u00cdosa faoin Dl\u00ed mar Mhac, mar leanbh an Dl\u00ed. Is \u00ed an aidhm a bhi leis n\u00e1 dispeans\u00e1id, r\u00e9, nua a thabhairt isteach, chun an sl\u00e1n\u00fa a shol\u00e1thair d\u00f3ibh sin faoin Dl\u00ed (Gi\u00fadaigh) agus iad sin taobh amuigh, do chach leis an gradam a thabhairt doibh bheith ina gclann mhac agus clann in\u00edonacha D\u00e9. D\u00e9antar sin d\u00edobh, agus dinn gi l\u00e9ir, le bronntanas an Spioraid Naoimh ina gcro\u00edthe le hiad a dh\u00e9anamh feasach gur clann D\u00e9 iad agus d\u00e1 bharr sin glaoch ar Dhia mar athair d\u00edreach mar a rinne \u00cdosa f\u00e9in ar talamh d\u00f3, leis na briathra \u201cAbba a Athair\u201d, <i>Abba <\/i>an focal Aramaise ar athair, t\u00e9arma ar bhain \u00cdosa f\u00e9in \u00fas\u00e1id as. Agus mar chlann D\u00e9 is oidhr\u00ed tr\u00ed altramacht don bheatha sh\u00edora\u00ed chreidmhigh, comhoidhr\u00ed le Cr\u00edost.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Soisc\u00e9al<\/span> <\/i><span style=\"color: black;\">(L\u00fac\u00e1s :16-21). <i>Fuaireadar Muire agus I\u00f3saef agus an nao\u00edn\u00e1n \u2026 Nuair a bh\u00ed ocht l\u00e1 caite tugadh \u00cdosa mar ainm air.<\/i> Leis an l\u00e9acht seo t\u00e1imid f\u00f3s in atmasfaer na Nollag. T\u00e1 an teaghlach Naofa againn, a fhaigheann na haoir\u00ed, agus ionadh orthu, agus t\u00e9ann siad amach le bheith ina misin\u00e9ir\u00ed don Dea-sc\u00e9al do dhaoine eile, ar ch\u00fais mh\u00f3r-\u00e1thais d\u00f3ibh \u00e9. Cuirtear os \u00e1r gc\u00f3mhair Muire a thaisc ina a croi na nithe sin uile faoi r\u00fandiamhair bhreith a Mic, mar a dh\u00e9anfaidh s\u00ed ar\u00eds sa Teampall, nuair a theip uirthi f\u00e9in agus ar Iosaef briathra \u00cdosa a thuiscint gur ch\u00f3ir d\u00f3 a bheith ag tabhairt aire do ghn\u00f3 a Athar (L\u00fac\u00e1s 2:50-51). N\u00ed raibh Muire tagaithe go f\u00f3ill ar thuiscint ioml\u00e1n ar r\u00fandiamhair a Mic \u00cdosa agus ar lean as. Luigh a m\u00f3rgacht sa mh\u00e9id seo, gur ghlac s\u00ed go humhal leis an \u00e1it a bh\u00ed aici i bhfoilsi\u00fa na r\u00fandiamhaire a bh\u00ed ina Mac Iosa.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. <b><i>An B\u00edobla: <\/i><\/b><i>Machnamh<b>. Maith and Bhean \u00ed Muire Mh\u00f3r<\/b><\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">I rith tr\u00e1th na Nollag bh\u00ed an bh\u00e9im go l\u00e9ir in \u00cdosa, a bhreith agus l\u00fach\u00e1ir na h\u00f3c\u00e1ide sin a fh\u00f3gair na haingil. I soll\u00fantas an lae inniu, ocht\u00e1ibh na Nollag, d\u00edr\u00edonn an Eaglais \u00e1r n-aire ar Muire, m\u00e1thair \u00cdosa, Naomh-Mh\u00e1thair D\u00e9. Rinne Muire f\u00e9in a umhla\u00edocht a chur in i\u00fal. Mh\u00f3raigh s\u00ed an Tiarna a dhearc le fabhar ar \u00edsle a bhanoglaigh. Dhearbhaigh a bhean ghaoil Eiliosaibeit go raibh s\u00ed beannaithe thar mn\u00e1 toisc gur chreid s\u00ed. Agus labhair bean as l\u00e1r an tslua agus d\u00fairt faoi \u00cdosa agus a mh\u00e1thair: \u201cIs m\u00e9aner don bhroinn a rinne th\u00fa a iompar\u201d. Bh\u00ed Muire beannaithe ag teachtaireacht an aingil agus ag breith shl\u00e1naitheoir an chine dhaonna, a rugadh \u00f3 bhean, mar a d\u00fairt P\u00f3l. Thaisc s\u00ed ina croi na ruda\u00ed a d\u00faradh lei maidir lena Mac, agus na briathra a d\u00fairt a Mac lei n\u00e1r thuig s\u00ed i gceart. Mhair s\u00ed, d\u2019fhulaing s\u00ed agus bh\u00ed l\u00fach\u00e1ir uirthi toisc an dl\u00fathbhaint a bhi aici leis an r\u00fandiamhair arb \u00e9 a Mac f\u00e9in \u00ed. Is eiseaml\u00e1ir \u00ed den deisceabal d\u00edlis agus eisesaml\u00e1ir do gach creidhmheach.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>1 Ean\u00e1ir 2022 (A). Soll\u00fantas Mhuire Beannaithe M\u00e1thair D\u00e9 L\u00e1 Domhanda don tS\u00edoch\u00e1in Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1971","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1971","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=1971"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1971\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1987,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/1971\/revisions\/1987"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=1971"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=1971"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=1971"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}