{"id":199,"date":"2014-05-30T07:52:45","date_gmt":"2014-05-30T07:52:45","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=199"},"modified":"2014-05-30T07:52:45","modified_gmt":"2014-05-30T07:52:45","slug":"meitheamh-1-2014-a-deascabhail-ar-dtiarna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=199","title":{"rendered":"Meitheamh 1 2014 (A) Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna"},"content":{"rendered":"<p><b><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Meitheamh 1 2014 (A) Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna <\/span><\/b><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"margin-top: 0cm;\" start=\"1\">\n<li style=\"color: blue;\"><span>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"margin-top: 0cm;\" start=\"2\">\n<li style=\"color: blue;\"><b><i><span>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/span><\/i><\/b><span> <\/span><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna. T\u00e1 Dia l\u00e1idir. Agallamh faoi conas caint faoi Dhia.<\/span><\/i><span><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm;\"><i><span style=\"font-size: 11pt;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn\u00edomhartha na nAspal 1:1-11). <i>Agus iad ag faire, t\u00f3gadh suas \u00e9. <\/i>An leabhar seo, Gn\u00edomhthartha na nAspal, a meastar gurb \u00e9 L\u00fac\u00e1s a scr\u00edobh, t\u00e1 s\u00e9 tiomnaithe do Theofalas \u00e1irithe, nach fios c\u00e9 h\u00e9, ach a luaitear ar\u00eds ag L\u00fac\u00e1s 1:3, saothar eile at\u00e1 tiomnaithe d\u00f3. L\u00e9acht an lae inniu tugann s\u00ed achoimre ar shaothar \u00cdosa \u00f3na th\u00fas go dt\u00ed a dheascabh\u00e1il, mar a dh\u00e9anann L\u00fac\u00e1s ina shoisc\u00e9al f\u00e9in. Mheasfadh duine \u00f3n chur s\u00edos at\u00e1 ag L\u00fac\u00e1s air ina shoisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 24:1-49, 50-51) gur th\u00e1rla an deascabh\u00e1il ar Dhomhnach C\u00e1sca, l\u00e1 an ais\u00e9ir\u00ed f\u00e9in. Sa l\u00e9acht seo deir L\u00fac\u00e1s gur thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00e1 aspail ar feadh dachad l\u00e1 tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa leabhar (Gn\u00edomhartha 13:31), dar le L\u00fac\u00e1s, d\u00fairt P\u00f3l Aspal gur thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in tar \u00e9is a ais\u00e9ir\u00ed \u201car feadh m\u00f3r\u00e1n laethanta\u201d. Ag baint \u00fas\u00e1ide as traidisi\u00fan \u00e1rsa deir Naomh P\u00f3l (1 Coirintigh 15:3-8) gur thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in to C\u00e9afas (Peadar), don D\u00e1r\u00e9ag, do bhreis agus c\u00faig c\u00e9ad br\u00e1ithre (agus si\u00faracha) in \u00e9ineacht, do Sh\u00e9amas agus do na haspail go l\u00e9ir, gan aon achar ama a bheith luaite. Thar an dachad l\u00e1 sin, deir L\u00fac\u00e1s, bh\u00ed \u00cdosa ag tagairt do r\u00edocht D\u00e9, cro\u00edl\u00e1r gach a rinne agus ad\u00fairt s\u00e9 lena bheatha. Ach bh\u00ed smaointe eile seachas r\u00edocht D\u00e9 acu si\u00fad a bh\u00ed bailithe timpeall ar \u00cdosa, sin r\u00edocht Iosrael, r\u00edocht Dh\u00e1ibh\u00ed, a chur ar bun ar\u00eds. B\u2019shin an cheist dheiridh acu ar an saol seo do \u00cdosa. Ba \u00e9 freagra \u00cdosa n\u00e1 gurb faoi Dhia agus sti\u00fair an Spioraid Naoimh a bheadh an todhcha\u00ed, agus sa r\u00e9 nua n\u00ed bheadh r\u00edocht D\u00e9 teoranta do Iosrael. Go cr\u00edocha imig\u00e9ini\u00fala an domhain \u00e9. Tar \u00e9is deascabh\u00e1il do \u00cdosa d\u00fairt aingil leis na aspail gan bheith ag amharc suas ar neamh. Bheadh \u00cdosa leo i sl\u00ed nua, tr\u00edd an Spiorad Naomh. T\u00e1 cur s\u00edos i Ghn\u00edomhartha na nAspal ar fhor\u00e1s r\u00edocht D\u00e9 go go \u201ccr\u00edocha imig\u00e9ini\u00fala an domhain\u201d, ar dt\u00fas go cro\u00edl\u00e1r na hImpireachta sa R\u00f3imh f\u00e9in.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 46[47]). <i>Gabhann Dia in airde le g\u00e1rtha molta; gabhann s\u00e9 in airde le s\u00e9ideadh an stoic.<\/i><\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Eif\u00edsigh 1:17-23). <i>Chuir s\u00e9 ina shu\u00ed ar a dheis f\u00e9in sna flaithis \u00e9. <\/i>T\u00e1 dh\u00e1 thuiscint ar dheascab\u00e1il Chr\u00edost le f\u00e1il i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu. Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht t\u00e1 an \u201cdeascabh\u00e1il staire\u201d againn, deascabh\u00e1il mar eachtra den stair a fheictear le s\u00fala cinn. Is sa t\u00e9acs seo amh\u00e1in at\u00e1 an l\u00e9argas sin uirthi le f\u00e1il. Don chuid is m\u00f3 de feictear ar an deascabh\u00e1il mar r\u00fandiamhair, ionann i sl\u00ed agus an t-ais\u00e9ir\u00ed f\u00e9in, is \u00e9 sin le r\u00e1 gl\u00f3iri\u00fa \u00cdosa go deasl\u00e1mh D\u00e9. Is mar sin at\u00e1 sa dara l\u00e9acht inniu. D\u00edreach roimh th\u00fas na l\u00e9achta seo d\u00fairt P\u00f3l n\u00e1r stad s\u00e9 ach ag gabh\u00e1il bu\u00edochais le Dia ar son na heaglaise a scr\u00edobhann s\u00e9 chuici agus ag cuimhneamh orthu ina urnaithe. Leanann s\u00e9 leis an urn\u00e1i sa l\u00e9acht seo, imp\u00ed ar Dhia na gl\u00f3ire, ar Dhia \u00cdosa Cr\u00edost, urna\u00ed ar Dhia eagna agus tuiscint a bhronnadh orthu. N\u00ed leor an tuiscint aigne ann f\u00e9in. N\u00ed fol\u00e1ir eagna agus soilsi\u00fa \u00f3 Dhia le r\u00fandiamhair na deascabh\u00e1la a mheas agus a ghlacadh i gceart, agus meas ceart a bheith acu ar an oidhreacht shaibhir at\u00e1 acu, agus an d\u00f3chas agus meanma ba ch\u00f3ir a bheith acu d\u00e1 bharr sin. Ionann Cr\u00edost ar dheasl\u00e1mh an Athar agus na creidmhigh bheith ann in \u00e9ineacht leis.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\"><span><\/span>Tugann an t\u00e9acs gn\u00e9 eile den deascabh\u00e1il d\u00fainn; sin le r\u00e1 cumhacht D\u00e9 ag feidhmi\u00fa ann nuair a thug s\u00e9 \u00cdosa \u00f3 mhairbh agus ansin go neamh f\u00e9in sa deascabh\u00e1il. An chumhacht D\u00e9 sin t\u00e1 s\u00ed ag feidhmi\u00fa san Eaglais. Cr\u00edost ar dheis D\u00e9 is ardcheann na hEaglaise \u00e9. T\u00e1 ioml\u00e1ine, l\u00e1ine, ghl\u00f3ire agus cumhachta D\u00e9 i gCr\u00edost, agus \u00f3 Chr\u00edost san Eaglais. R\u00e1iteas deiridh na l\u00e9achta seo, an Eaglais mar \u201cl\u00e1ine an t\u00e9 \u00fad a l\u00edonann gach n\u00ed go hioml\u00e1n \u00ed\u201d, is doiligh br\u00ed bheacht a bhaint as, ach cuireann s\u00e9 s\u00edos ar r\u00f3l na hEaglaise le f\u00eds agus sl\u00e1n\u00fa D\u00e9 a l\u00e9iri\u00fa don domhan m\u00f3r, agus mar r\u00fandiamhair aontaithe le Cr\u00edost ina dheascabh\u00e1il ar dheis D\u00e9, n\u00ed hamh\u00e1in sin a l\u00e9iri\u00fa ach a chur i gcr\u00edch. Ach mar is eol d\u00fainn go maith, is fada idir fhis, r\u00fandiamhair agus \u00e1 cur i gcr\u00edch. N\u00ed m\u00f3r d\u00fainn lean\u00faint le urna\u00ed Ph\u00f3il go nd\u00e9anfaidh D\u00eda na gl\u00f3ire. Dia \u00c1r dTiarna \u00cdosa Cr\u00edost, amhlaidh.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 26:16-20). <i>T\u00e1 gach \u00fadar\u00e1s tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. <\/i>Seo \u00ed bliain Shoisc\u00e9al Mhatha i liot\u00fairge an Domhnaigh. N\u00edl aon chur s\u00edos ag Matha, faoi mar at\u00e1 ag L\u00fac\u00e1s, agus a i bfoirceann fada Marcas, ar dheascabh\u00e1il \u00cdosa. Ach sa sliocht seo as Matha is \u00e1 an Cr\u00edost ais\u00e9irithe, ar dheasl\u00e1mh an Athar, tar \u00e9is deascabh\u00e1il d\u00f3, at\u00e1 ag caint. T\u00e1 gach \u00fadar\u00e1s ar neamh agus ar talamh tugtha d\u00f3, d\u00edreach mar a l\u00e9itear sa litir chuig na hEifisigh sa dara l\u00e9acht inniu, a labhra\u00edon faoin chumhacht \u00e9achtach a chuir Dia ag obair i gCr\u00edost nuair a th\u00f3g s\u00e9 \u00f3 mhairbh \u00e9 agus chuir ina shu\u00ed ar a dheis f\u00e9in sna flaithis, go hard os cionn gach uile n\u00ed d\u00e1r f\u00e9idir a lua, n\u00ed hamh\u00e1in sa saol seo, ach f\u00f3s sa saol at\u00e1 le teacht. Chuir s\u00e9 gach n\u00ed faoina smacht. Le linn a bheatha ar talamh d\u00f3, bh\u00ed misean \u00cdosa teoranta do Iosrael. Ag seoladh an D\u00e1r\u00e9ag deisceabal amach leis a soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt d\u2019ordaigh s\u00e9 d\u00f3ibh gan dul chun na gintlithe n\u00e1 na Sam\u00e1ireach, ach faoi dh\u00e9in chaoirigh caillte theaghlach Iosrael (Matha 10:5-6). Le bean \u00f3 Chan\u00e1n a bh\u00ed ag lorg cabhrach du\u00edrt \u00cdosa n\u00e1r cuireadh \u00e9 ach amh\u00e1in go dt\u00ed caoirigh caillte theaghlach Iosrael (Matha 15:24). Bh\u00ed an r\u00e9 theoranta sin thart anois le b\u00e1s agus aiseir\u00ed \u00cdosa, agus a dheascabh\u00e1il go deasl\u00e1mh an Athar. Ag a ais\u00e9ir\u00ed d\u00fairt aingeal an Tiarna le M\u00e1ire Mhaighdil\u00e9ana agus an M\u00faire eile a r\u00e1 le deisceabail \u00cdosa dul go dt\u00ed an Ghail\u00edl, le buaileadh le h\u00cdosa ansin, agus d\u00fairt \u00cdosa f\u00e9in an rud c\u00e9anna leo. I l\u00e9acht an lae inniu t\u00e1 cur s\u00edos ar an teagmh\u00e1il sin le h\u00cdosa. Tharla s\u00e9 i sliabh a bh\u00ed mar ionad coinne, ach n\u00edl eolas beacht faoi c\u00e1 raibh s\u00e9 sa Ghail\u00edl. Mheabhraigh Matha d\u00fainn (1:23) go dtabharfa\u00ed Ime\u00e1nu\u00e9il ar mhac Mhuire, ainm a chialla\u00edonn \u201cT\u00e1 Dia linn\u201d. Briathra deiridh \u00cdosa d\u00e1 dheisceabail, \u00e1 seoladh amach leis an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt, n\u00e1 gur Ime\u00e1nu\u00e9il i gc\u00f3na\u00ed \u00e9. Beidh s\u00e9 lena chuid go deireadh an tsaoil.<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <\/span><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna. T\u00e1 Dia l\u00e1idir. Agallamh faoi conas caint faoi Dhia.<\/span><\/i><span style=\"color: blue;\"><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">T\u00e1 \u00e1bhar domhain machnaimh againn i bhF\u00e9ile seo Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna. Le P\u00f3l, iarramar ar Dhia eagna agus tuiscint a thabhairt d\u00fainn. \u00c9il\u00edonn tuiscint orainn greim a fh\u00e1il ar bhr\u00ed na f\u00e9ile seo agus na t\u00e9armai a ghabhann lei. Is dual do aigne mhac\u00e1nta an m\u00e9id sin. Tugann an eagna dhiaga orainn meas a bheith ar an Deascabh\u00e1il mar r\u00fandiamhair. I dtosach b\u00e1ire b\u00edodh agallamh againn len\u00e1r n-anam f\u00e9in, an teachtaireacht at\u00e1 ag an r\u00fandiamhair d\u00fainn, agus ina dhiaidh sin tig linn dul in agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> <i>1. T\u00e1 Dia l\u00e1idir.<\/i> An nath Gaeilge seo is l\u00e1r-phointe den dara l\u00e9acht as an litir chuig na hEif\u00edsigh \u00e9. Bh\u00ed cumhacht as cuimse D\u00e9 ag feidhmi\u00fa in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus ina dheascabh\u00e1il go deasl\u00e1mh an Athar agus t\u00e1 an chumhacht ch\u00e9anna sin ag obair f\u00f3s ionainn, creidmhigh. Ba ch\u00f3ir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma d\u00fainn agus meas ar an oidhreacht chreidmh ata againn. T\u00e1 \u00cdosa ar neamh ag idirghu\u00ed ar \u00e1r son, agus ar son na heaglaise go l\u00e9ir. Mar adeir t\u00e9acs eile den litir ch\u00e9anna (Eif\u00edsigh 4:8-13): Ag dul in airde (ina dheascabh\u00e1il) thug \u00cdosa tabhartais do daoine. Na tabhartais a luaitear n\u00e1 aspail, f\u00e1ithe, soisc\u00e9alaithe, aoir\u00ed agus m\u00fainteoir\u00ed. Bh\u00ed mar aidhm leis sin corp Chr\u00edost, an eaglais, a th\u00f3g\u00e1il le go mbeimid go l\u00e9ir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith in\u00e1r naoin\u00e1in feasta d\u00e1r luascadh imeasc na dtonn. Leantar leis an \u00e9ags\u00falacht tabhartas sin \u00f3 Dhia san Eaglais f\u00f3s.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">2. Tuiscint ar th\u00e9arma\u00ed. <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Cuireann cuid den t\u00e9arma\u00edocht a bhaintear \u00fas\u00e1id aisti ag cur sios ar an Fh\u00e9ile seo, agus i dt\u00e9acsanna gaolmhara, as do mh\u00f3r\u00e1n daoine: mar shampla \u2018t\u00f3gadh Iosa suas ar neamh\u2019, ina shu\u00ed ar dheasl\u00e1imh D\u00e9 agus a leith\u00e9id. Agus n\u00ed sa Bh\u00edobla, n\u00e1 sa diagacht, amh\u00e1in at\u00e1 sin le sonr\u00fa. Thugadh Gaeil \u2018An Fear at\u00e1 inairde\u2019 ar Dhia, agus f\u00f3s cloistear faoin \u2018the Man above\u2019. Bh\u00ed, agus f\u00f3s t\u00e1, sort ceannairce i gcoinne a leith\u00e9id de th\u00e9arma\u00edocht a th\u00e9ann ar uairibh thar cheist t\u00e9armaiochta go tuiscint mheitifisici\u00fail agus chreidimh. I gcuid den chur s\u00edos ar an bhfadhb f\u00e9in iarrtar orainn a leith\u00e9id de th\u00e9arma\u00edocht agus tuiscint agus \u2018Dia thuas ansin\u2019, \u2018God up there\u2019 a chaitheamh uainn, agus coinceapanna nua amhail Dia mar \u2018bunchloch, d\u00fashraith, \u00e1r mbeith ann\u2019, \u2018the Ground of our Being\u2019 a thabhairt isteach, n\u00f3 fi\u00fa diagacht shaolta, secular theology, agus \u2018eitic oc\u00e1ide\u2019, situation ethics. N\u00ed h\u00ed seo an \u00e1it na ceisteanna seo a phl\u00e9, ach is fi\u00fa iad a ard\u00fa, agus machnamh a dh\u00e9anamh orthu i gcomhth\u00e9acs na F\u00e9ile seo. Is ionmholta iarracht a dh\u00e9anamh ar l\u00e9argais nua agus tuiscint\u00ed \u00fara ar an diagacht agus c\u00farsa\u00ed creidimh a thabhairt isteach. ach m\u00e1 t\u00e1thar le clo\u00ed le ceartchreideamh n\u00ed m\u00f3r aird a thabhairt ar bhunphrionsabail na Cr\u00edosta\u00edochta, agus an aondiachais, an monodiachais, \u00f3na th\u00fas sa Ghi\u00fadachas anall. Dia pearsanta at\u00e1 i gceist, n\u00ed neach teib\u00ed amhail d\u00fashraith. Neach spiorad\u00e1lta Dia, nach mbaineann \u00e1it ar bith, thuas, inairde, n\u00f3 eile leis. N\u00ed h\u00e9asca d\u00e1r gc\u00e9adfa\u00ed labhairt faoi, n\u00e1 faoi aon rud seachas ruda\u00ed tadhail. Ach le beocht a chur lena dheirimid n\u00ed m\u00f3r d\u00fainn \u00fas\u00e1id a bhaint as t\u00e9arma\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id, b\u00edodh go dtuigimid an laige at\u00e1 ag roinnt leo. <span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>Le urna\u00ed amh\u00e1in a thuigtear go bhfuil an Dia pearsanta seo, d\u00fashraith \u00e1r mbeith ann, l\u00e1mh linn. Eisean a thugann an eagna agus an tuiscint ar ruda\u00ed diaga agus saolta.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Meitheamh 1 2014 (A) Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-199","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/199","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=199"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/199\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=199"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=199"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=199"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}