{"id":2002,"date":"2023-01-09T15:02:00","date_gmt":"2023-01-09T15:02:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2002"},"modified":"2022-12-07T15:25:52","modified_gmt":"2022-12-07T15:25:52","slug":"15-eanair-2022-a-an-dara-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2002","title":{"rendered":"15 Eanair 2022 (A) An Dara Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra\ndon Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis\nan Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\n     Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n\n\n\n<li>An B\u00edobla in Agallamh le\n     Ceisteanna an Lae<\/li>\n\n\n\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\nThreoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 49:3 5-6). <em>Ceapfaidh m\u00e9 th\u00fa i do sholas do na cin\u00edocha,\nchun go dt\u00e9 mo shl\u00e1n\u00fa go cr\u00edocha na tal\u00fan. <\/em>Seo \u00e9 an dara ceann de cheithre amhr\u00e1in \u201cGhiolla\nan Tiarna\u201d.(Is iad na cinn eile n\u00e1 42:1-4, 6-7; 50:4-9, n\u00f3 4-11; 52:13-53:12.)\nRinneadh an ch\u00e9ad cheann d\u00edobh a l\u00e9amh mar ch\u00e9ad l\u00e9acht san Aifreann an\nDomhnach seo caite, agus is fi\u00fa an m\u00e9id a scr\u00edobhadh ann a thabhairt anseo ar\u00eds\nde bhr\u00ed go bhfuil baint ag an d\u00e1 l\u00e9acht le ch\u00e9ile.&nbsp; Labhra\u00edonn&nbsp;\nt\u00e9acs an Domhnaigh seo caite faoi mar ar roghnaigh Dia go speisialta an\nf\u00e1idh searbh\u00f3nta (giolla), giolla ar ion\u00fain le Dia. Faoi mar a oireann do\ncheannaire b\u00edobalta t\u00e1 cumhacht Spiorad D\u00e9 faighte aige. Labhra\u00edonn an t\u00e9acs\nfaoi n\u00e1d\u00far an ghiolla. T\u00e1 s\u00e9 s\u00e9imh, ach d\u00edlis don misean at\u00e1 faighte aige go\ndt\u00ed go mbeidh toradh air. Taca\u00edonn Dia leis leis an misean at\u00e1 aige a thabhairt\nchun cr\u00edche. Cheap Dia \u00e9 mar chonradh an phobail, conradh phobal Iosrael lena\nmhisean a mheabhr\u00fa d\u00f3ibh. Ach beidh s\u00e9 mar sholas do na cin\u00edocha taobh amuigh\nde Iosrael chomh maith. D\u00e9anfaidh s\u00e9 na cim\u00ed&nbsp;\na scaoileadh, na deoraithe sa Bhaibeal\u00f3in at\u00e1 amhail is a bheith sa\ndorchadas. <\/p>\n\n\n\n<p>Ceist a\neascra\u00edonn go h\u00e9asca as seo n\u00e1 c\u00e9rb \u00e9 an searbh\u00f3nta, an giolla, in aigne an\nfh\u00e1idh a chum an t\u00e9acs \u00e1lainn seo a ch\u00e9aduair. T\u00e1 \u00e9ags\u00falacht tuairm\u00ed ann maidir\nleis seo: Iosrael na staire, Iosrael id\u00e9alach, duine \u00e9igin den Seantiomna ann\nroimh n\u00f3 i ndiaidh aimsir fh\u00e1idh\/\u00fadar an t\u00e9acs seo, n\u00f3 fi\u00fa f\u00e1idh\/\u00fadar an t\u00e9acs\n\u00e9 f\u00e9in. F\u00e1gtar an giolla, an searbh\u00f3nta, gan ainm, le haithne a chur air \u00f3n\nphearsantacht faoi leith at\u00e1 aige, \u00f3na mhisean, \u00f3 faoi mar a roghnaigh Dia go\nspeisialta \u00e9, \u00f3n ghaol faoi leith at\u00e1 aige le Dia. D\u2019fh\u00e9adfadh an giolla, a\nphearsa agus an misean at\u00e1 aige seasamh mar eiseaml\u00e1ir do Iosrael, pobal tofa\nD\u00e9 le misean domhanda, n\u00f3 seasamh do dhuine tofa aonair a bhfuil an misean sin\naige. Ar aon chuma comhl\u00edonfar an fh\u00e1istine, an duan, seo faoi mar ba thoil le\nDia sin a dh\u00e9anamh, agus rinneadh sin tr\u00ed Mhac D\u00e9, \u00cdosa Cr\u00edost, mar is l\u00e9ir \u00f3\nBhaisteadh \u00cdosa nuair a ungadh \u00e9 leis an Spiorad, agus nuair a th\u00e1inig an guth\n\u00f3na flaithis le t\u00e9acs \u00cdse\u00e1ia (ach ag labhairt ar \u201cMhac\u201d seachas \u201cghiolla\u201d) ag\nf\u00f3gairt go raibh f\u00e1istine \u00cdse\u00e1ia comhl\u00edonta in \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<p>Ag teacht go l\u00e9acht an lae inniu braithimid an teannas idir an\nch\u00e9ad chuid agus an dara cuid. Sa ch\u00e9ad chuid t\u00e1 Dia ag labhairt lena\nshearbh\u00f3nta, giolla an Tiarna, agus deirtear gurb \u00e9 Iosrael an searbh\u00f3nta sin,\nach sa dara cuid t\u00e1 misean ag an searbh\u00f3nta do Iosrael, amhail is gur duine\naonair \u00e9. An Iosrael at\u00e1 i gceist sa ch\u00e9ad chuid is Iosrael id\u00e9alach \u00e9, an\npobal tofa le misean \u00f3 Dhia bheith mar \u00e1bhar gl\u00f3ire d\u00f3. I v\u00e9arsa (vearsa 4) at\u00e1\nf\u00e1gtha ar l\u00e1r i l\u00e9acht an lae inniu cuireann an searbh\u00f3nta (duine aonair) in\ni\u00fal go raibh amhras air faoi \u00e9ifeacht a chuid oibre: \u201cAgus bh\u00ed mise \u00e1 r\u00e1 liom\nf\u00e9in: \u2018T\u00e1 mo shaothar in aisce agam, t\u00e1 mo neart caite agam gan \u00e9ifeacht\u2019\u201d. Ach\ntuigeann s\u00e9 go bhfuil taca\u00edocht \u00f3 Dhia aige. T\u00e1 maise air i s\u00faile an Tiarna.\nLabhra\u00edonn an Tiarna go soll\u00fanta leis: T\u00e1 s\u00e9 tofa \u00f3n bhroinn ag Dia do mhisean,\nn\u00ed hamh\u00e1in do Iosrael lena shaoradh, ach do mhisean i bhfad n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 sin: ina\nsholas do na cin\u00edocha (pag\u00e1nacha), le sl\u00e1n\u00fa D\u00e9 a thabhairt go cr\u00edocha an\ndomhain.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le\nFreagra <\/em>(39[40]).\n<em>F\u00e9ach, t\u00e1im ag teacht, a Thiarna, chun do\nthoil a dh\u00e9anamh.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara\nL\u00e9acht <\/em>(1\nCorantaigh 1:1-30). <em>Gr\u00e1sta chugaibh agus\ns\u00edoch\u00e1in \u00f3 Dhia \u00e1r nAthair agus \u00f3n Tiarna \u00cdosa Cr\u00edost.<\/em> Leis an l\u00e9acht seo\ncuirtear t\u00fas le l\u00e9itheoireacht ch\u00e9ad litir Ph\u00f3il go dt\u00ed an eaglais \u00f3g sa Coraint,\nagus leanfar leis (go caibideal 4) go dt\u00ed an t-ocht\u00fa Domhnach Saor, agus as\ncodanna eile de n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Litir \u00ed a thugann al\u00e1n eolais d\u00fainn faoi bheatha\ninmhe\u00e1nach eaglaise \u00f3ige, na fadhbanna a bhain leis agus c\u00faram an aspail P\u00f3l\nd\u00f3ibh. Scr\u00edobh Pol an litir seo sa bhliain 56 iar-Chr\u00edost, n\u00f3 gar di, do\neaglais a bhunaigh s\u00e9 f\u00e9in c\u00faig bhliain roimhe sin, sa bhlian 51 iar-Chr\u00edost. Cathair mh\u00f3r calaphoirt a bh\u00ed\nsa Coraint, le measc\u00e1n cin\u00edocha, religi\u00fan, feals\u00fanachta agus eile. Chaith P\u00f3l bliain go\nleith ann agus bhi s\u00e9 i gcaidreamh leo \u00f3 Eifeasas, trasna Mhuir Adriad. Ba scl\u00e1bhaithe\nthart ar dh\u00e1 dtrian de mhuintir Choraint, agus is d\u00f3cha\u00ed gur scl\u00e1bhaithe, n\u00f3\nden mhion-aicme, an chuid ba mh\u00f3 de lucht na heaglaise chomh maith, b\u00edodh go\nraibh daoine \u00e9irimi\u00fala ann chomh leis. Ach is l\u00e9ir \u00f3 litreacha Ph\u00f3il chucu gurb\nbheo aib\u00ed a n-intinn, ag machnamh faoi conas maireacht\u00e1il de r\u00e9ir a gcreidimh i\ngCriost i dtimpeallacht phag\u00e1nach. Ach chomh maith leis sin bh\u00edodar tugtha don\ndiosp\u00f3ireacht&nbsp; eatorthu f\u00e9in, agus ag\ntabhairt meas r\u00f3-mh\u00f3r do daoine faoi leith.&nbsp;\nSa litir seo beidh P\u00f3l ag pl\u00e9 le ceisteanna agus fadhbanna iomad\u00fala. Ach\nbeidh seo \u00e1 dh\u00e9anamh aige mar chreidmheach, agus ag t\u00fas na litreach a le\u00edtear\ninniu leagann s\u00e9 b\u00e9im ar na f\u00edrinn\u00ed bun\u00fasacha: eaglais Choraint mar phobal\nnaofa, tofa ag Dia, coisrichte ag \u00cdosa Cr\u00edost. Mar is dual, mar sin, gu\u00edonn s\u00e9\ngr\u00e1sta agus s\u00edoch\u00e1in \u00f3 Dhia orthu.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 1:29-34). <em>Seo \u00e9 Uan D\u00e9 a th\u00f3gann peaca an domhain.<\/em>\nIs \u00e9 seo an dara Domhnach Saor i gc\u00farsa liot\u00fairgeach na bliana, bliain 1 (A)\nden ch\u00farsa ina mbeidh Soisc\u00e9al Mhatha<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;\u00e1 l\u00e9amh. Ach n\u00ed thosn\u00f3idh sin go dt\u00ed an Domhnach\nseo chugainn. Inniu t\u00e1imid f\u00f3s faoi thionchar an phrionsabail go bhfuil tr\u00ed\nfhoilsi\u00fa \u00e1 gcom\u00f3radh sa tr\u00e9imhse seo na hEipeaf\u00e1ine: foilsi\u00fa, nochtadh, Chr\u00edost\ndo na saoithe (6 Ean\u00e1ir), foilsi\u00fa \u00cdosa ag an Athair sa Bhaisteadh agus (Dara\nDoimhnach Saor) foilsi\u00fa a ghl\u00f3ire ag \u00cdosa i Cana na Gail\u00edle (Bliain C), n\u00f3 tar\n\u00e9is Bhaisteadh \u00f3 Eoin (inniu). Inniu t\u00e1imid ag an Iord\u00e1in le Eoin Baiste.\nFianaise Eoin Bhaiste faoi \u00cdosa at\u00e1 i gceist.&nbsp;\nN\u00edl aon cur s\u00edos ar Bhaisteadh \u00cdosa ag Eoin i Soisc\u00e9al Eoin faoi mar at\u00e1\nsna tr\u00ed shoisc\u00e9al eile, ach t\u00e1 cur s\u00edos anseo ar a tharla ann. N\u00ed deirtear linn\nc\u00e9 hiad lena bhfuil Eoin Baiste ag tabhairt na fianaise seo, ach is don eaglais\ngo l\u00e9ir \u00e9. Tugann s\u00e9 Uan D\u00e9 a th\u00f3gann peaca an domhain ar \u00cdosa: mar an tUan a\ntugadh chun a bh\u00e1is in \u00cdse\u00e1ia (53:7) agus mar Uan na C\u00e1sca a ofr\u00e1ileadh gach\nC\u00e1isc. Lena bh\u00e1s th\u00f3gfadh s\u00e9 air f\u00e9in peaca an\ndomhain, amhail is go mba peaca m\u00f3r amh\u00e1in a bh\u00ed ann. Nocht, d\u2019fhoilsigh, Eoin\n\u00cdosa don domhan, agus tr\u00e9ithe bhaisteadh \u00cdosa chomh maith: an Spiorad&nbsp; ag tuirlingt air mar cholm agus ag fanacht\nair go buan. Leagann Eoin Baiste b\u00e9im air seo, \u00e1 insint faoi dh\u00f3, faoi mar at\u00e1\nb\u00e9im air sna soisc\u00e9il eile agus i Gn\u00edomthartha na nAspal. Beidh an Spiorad\nNaomh c\u00e9anna san Eaglais mar bhronntanas \u00f3 \u00cdosa. Seo fianaise Eoin ag foilsi\u00fa,\nag nochtadh, \u00cdosa don saol d\u00f3.<\/p>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\">\n<li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>&nbsp;Eipeaf\u00e1ine,\n\u00e9ac\u00faim\u00e9ineachas, an Spiorad Naomh, peaca an domhain.<\/em><\/li>\n<\/ul>\n\n\n\n<p>An\nDomhnach seo sa Liot\u00fairge t\u00e1imid i spiorad na Eipeaf\u00e1ine go f\u00f3ill, agus an \u00e9ac\u00faim\u00e9ineachais\nchomh maith, ag druidim le F\u00e9ile iomp\u00fa Ph\u00f3il (25 Ean\u00e1ir) agus&nbsp; an N\u00f3ibh\u00e9ine do Aontacht na hEaglaise a\nghabhann leis. Ionadaithe do phobal neamh-Ghi\u00fadach a bh\u00ed sna saoithe a th\u00e1inig\nle hom\u00f3s a thabhairt don Leanbh \u00cdosa, a rugadh mar R\u00ed na nGi\u00fadach, pobal a bh\u00ed\nag feitheamh, n\u00f3 ag tn\u00fath le sl\u00e1n\u00fa \u00f3 Dhia. Tugadh freagra \u00f3 Dhia d\u00f3ibh tar \u00e9is\nais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. T\u00e1 eaglais\u00ed easaontaithe \u00e1r linne ag iarraidh teacht chun n\u00edos\nm\u00f3 aontachta. Mheas an Eaglais Chaitliceach i dtosach gur s\u00f3rt leathmheasarthachta\ni dtaobh f\u00edrinne chreidimh a bh\u00ed anseo agus d\u2019fhan glan amach uaidh, gur\nl\u00e9ir\u00edodh di gurb faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh \u00e9, agus t\u00e1 s\u00ed anois l\u00e1n-ghafa\nann. Tr\u00edd an Spiorad t\u00e1 \u00cdosa \u00e1 fhoilsi\u00fa, \u00e1 nochtadh, f\u00e9in n\u00edos m\u00f3 i gc\u00f3na\u00ed. T\u00e1\ndiosc\u00farsa br\u00edomhar ann idir an saol tuata agus an eaglais, agus an Eaglais \u00e1\nc\u00e1ineadh nach mbaineann s\u00ed le mianta n\u00f3 le meon an tsaoil at\u00e1 ann. Rud nach\nluaitear, agus m\u00e1 luaitear is ar \u00e9igin, \u00f3n taobh tuata de n\u00e1 peaca. D\u00e9antar\nc\u00e1ineadh ar ghn\u00e1sanna agus ar chleachta\u00ed na hEaglaise, agus tagairt\u00ed iomad\u00fala\ndo Chr\u00edost, ag f\u00e1gaint ar l\u00e1r an bhaint inmhe\u00e1nach idir Chr\u00edost agus an peaca,\nan tUan a nochtann agus a th\u00f3gann peaca agus peaca\u00ed an domhain. San agallamh\nidir an Eaglais agus ceisteanna comhaimsire n\u00ed m\u00f3r teachtaireachta\u00ed uile na hEipeaf\u00e1ine\nagus Bhaisteadh \u00cdosa a choime\u00e1d san \u00e1ireamh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC C\u00e9ad L\u00e9acht (\u00cdse\u00e1ia 49:3 5-6). Ceapfaidh m\u00e9 th\u00fa i do sholas do na cin\u00edocha, chun go dt\u00e9 &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-2002","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2002","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=2002"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2002\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2009,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2002\/revisions\/2009"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=2002"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=2002"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=2002"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}