{"id":2018,"date":"2023-01-23T15:13:34","date_gmt":"2023-01-23T15:13:34","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2018"},"modified":"2022-12-07T15:25:51","modified_gmt":"2022-12-07T15:25:51","slug":"29-eanair-2022-a-an-ceathru-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2018","title":{"rendered":"29 Ean\u00e1ir 2022 (A) An Ceathr\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">29 Ean\u00e1ir 2022 (A) An Ceathr\u00fa Domhnach Saor <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"margin-top: 0cm;\" start=\"1\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><b>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/b><i>Na Bi\u00e1ide agus \u00e1r nGairm chun na Beannaitheachta<\/i><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(S\u00f3fania 2:3; 3:12-13). <i>F\u00e1gfaidh m\u00e9 pobal bocht uir\u00edseal i do l\u00e1r. <\/i>D\u2019fh\u00f3gair an f\u00e1idh S\u00f3fania teachtaireacht D\u00e9 sa seacht\u00fa c\u00e9ad roimh Chr\u00edost i gcoinne naimhde Iosrael agus chomh maith sin in \u00e9adan urch\u00f3ideacht Iar\u00fasail\u00e9im. Ach chomh maith leis sin t\u00e1 f\u00eds aige faoi na n\u00e1isi\u00fain phag\u00e1nacha a bheith tiontaithe chun D\u00e9 agus cuireann s\u00e9 cr\u00edoch lena theachaireacht le duan \u00e1thais do Iar\u00fasail\u00e9im, a fheiceann s\u00e9 a gcuid peaca\u00ed a bheith maite d\u00edobh. Do phag\u00e1naigh agus don phobal Gi\u00fadach leagann s\u00e9 b\u00e9im ar shl\u00e1n\u00fa do phobal bocht agus uir\u00edseal. Is \u00e9 an popal tofa iad sin a dh\u00e9anann toil D\u00e9, a chomhl\u00edonann a reacht. Briathra tosaigh l\u00e9achta an lae inniu: \u201cLorgaig\u00ed an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uir\u00edsle na tire\u201d t\u00e1 siad d\u00edrithe ar naimhde pag\u00e1nacha Iosrael, f\u00f3s le tiont\u00fa chun D\u00e9. An mh\u00edr dheiridh \u201cF\u00e1gfaidh m\u00e9 pobal bocht uir\u00edseal in do l\u00e1r\u201d, t\u00e1 s\u00ed d\u00edrithe ar Iosrael id\u00e9alach den r\u00e9 le teacht, ach Iosrael a bheidh ann d\u00e1ir\u00edre. Seo \u00ed an aigne, na seintimint\u00ed, a l\u00e9irigh \u00cdosa sna Bi\u00e1ide a l\u00e9itear i Soisc\u00e9al an lae inniu, agus a bhfuil an l\u00e9acht seo roghnaithe chun dul leis.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 145[146]). <i>Is m\u00e9aner d\u00f3ibh seo at\u00e1 bocht \u00f3 spiorad, \u00f3ir is leo r\u00edocht na bhflaitheas.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Coraintigh 1:26-31). <i>Thogh Dia nithe laga an tsaoil. <\/i>A bhfuil le r\u00e1 ag P\u00f3l faoi l\u00e1rionad \u201cbhaois\u201d na croise agus an toradh f\u00f3nta a ghabhann le f\u00f3gairt na teachtaireachta seo, tuigtear n\u00edos fearr \u00e9 nuair a dh\u00e9antar \u00e9 a shu\u00edomh in eisp\u00e9aras Ph\u00f3il f\u00e9in agus an caidreamh a bh\u00ed aige le aos l\u00e9annta na hAithne agus chomh maith c\u00e9anna le eaglais Choraint, cosmhuintir, \u00edsealaicme, den chuid is m\u00f3 de. D\u00e9anfar seo a ch\u00edoradh sna n\u00f3tai ar 1 Corantaigh 2:1-5 i l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh seo chugainn. \u00d3 l\u00e1rionad l\u00e9inn chathair na hAithne ghluais P\u00f3l ar aghaidh go Coraint agus i dtosach b\u00e1ire n\u00ed raibh toradh f\u00f3nta ar a chuid misin\u00e9ireachta, Ach labhair an Tiarna leis in aisling o\u00edche fanacht ann, \u00e1 r\u00e1 leis: \u201cN\u00e1 b\u00edodh aon eagla ort. Lean ort ag seanm\u00f3ireacht agus n\u00e1 cuirtear t\u00fa i do thost mar t\u00e1imse leat \u2026 mar t\u00e1 pobal m\u00f3r agamsa sa chathair seo\u201d (Gn\u00edomhartha 18:9-11). Mar a luadh thuas sna n\u00f3ta\u00ed ar an dara l\u00e9acht don Dara Domhnach den bhliain seo, ba scl\u00e1bhaithe thart ar dh\u00e1 dtrian de phobal Choraint, agus is d\u00f3cha gur \u00f3n \u00edsealaicme sin an l\u00edon ba mh\u00f3 de phobal na heaglaise ansin, b\u00edodh go raibh daoine \u00e9irimi\u00fala agus de lucht an l\u00e9inn mar bhaill den phobal Cr\u00edosta\u00ed sin chomh maith. Cuireann P\u00f3l na f\u00edric\u00ed sin os comhair an phobail anseo chun bua na Croise, agus bua D\u00e9 tr\u00ed laige agus bhaois na croise a dh\u00e9anamh soil\u00e9ir, lena l\u00e9iri\u00fa go bhfuil an bua ag an Chr\u00edosta\u00edocht tr\u00edd an ghr\u00e1sta agus tr\u00ed chumhacht D\u00e9 amh\u00e1in. Tr\u00ed a chaithr\u00e9im ar an gcrois is \u00e9 \u00cdosa \u201c\u00e1r n-eagna, \u00e1r bhf\u00edr\u00e9antacht, \u00e1r naofacht agus \u00e1r bhfuascailt, \u00e1r saoirse\u201d, a thugannn c\u00fais mh\u00f3rtais d\u00fainn, ach m\u00f3rtas as an Tiarna amh\u00e1in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 5:1-12). <i>Is m\u00e9aner d\u00f3ibh seo at\u00e1 bocht \u00f3 spiorad. <\/i>An l\u00e9acht i Soisc\u00e9al an lae inniu leis na Bi\u00e1ide cuireann s\u00ed t\u00fas le Seanm\u00f3ir fada ar an Sliabh d e r\u00e9ir Mhatha (Matha 5:1-7:21), agus d\u00e9anfar m\u00edreanna de a l\u00e9amh san Aifreann go dt\u00ed an Nao\u00fa Domhnach Saor. Cuirtear \u00cdosa in\u00e1r l\u00e1thair ag f\u00e9achaint ar na sluaite. Is Dara Maois \u00e9, agus mar a oireann do mh\u00fainteoir t\u00e1 s\u00e9 ina shu\u00ed. Amharcann na Bi\u00e1ide agus an Seanm\u00f3ir siar agus chun tosaigh, siar ar na blianta fada a bh\u00ed ag Iosrael ag feitheamh le teacht na r\u00edochta agus ar aghaidh do r\u00e9 le teacht tr\u00edna a dheisceabail f\u00e9in agus a lucht lean\u00fana, salann agus solas don chine daonna, iad d\u00edlis do theagasc Chr\u00edost. Tugann s\u00e9 athmh\u00edni\u00fa ar an Dl\u00ed agus na F\u00e1ithe do r\u00e9 nua, ag cur b\u00e9ime ar an fhearg a mhaol\u00fa agus meas a bheith ar dhaoine eile, le tagairt\u00ed imeallacha do adhaltranas agus colscaradh. T\u00e9ann s\u00e9 thar an Dl\u00ed agus na F\u00e1ithe nuair a mh\u00faineann s\u00e9 gan aire a thabhairt don nath agus don mheon \u201cS\u00fail ar sh\u00fail agus fiacail ar fhiacail\u201d ach a mhalairt, gr\u00e1 a thaispe\u00e1int don namhaid. Tgugnn s\u00e9 m\u00edni\u00fa nua ar chleachtais chr\u00e1ifeacha na nGi\u00fadach maidir le d\u00e9irc. urna\u00ed (le sampla an \u00c1r nAthair) agus troscadh, agus ag cur b\u00e9ime ar ghlaine chro\u00ed, agus ag moladh bheith ag iarraidh dul isteach an geata c\u00fang sin ag deireadh aistir. Cuirtear clabhs\u00far leis an Seanm\u00f3ir le rabhadh i gcoinne f\u00e9inmhealladh, ach briathra Chr\u00edost a chluistin agus a dh\u00e9anamh, seachas iad a chluistin amh\u00e1in, agus mar sin do dhuine a bheatha spiorad\u00e1lta bhun\u00fa ar charraig seachas ar ghainneamh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 Le casadh uaidh sin go l\u00e9acht an lae inniu, na Bi\u00e1ide: ionann bi\u00e1id lena d\u00e9antar duine su\u00e1ilceach, sona, beannaithe agus bronntanas \u00f3 Dhia. Ar bheola \u00cdosa d\u2019oirfeadh na bi\u00e1ide don mhisean a bh\u00ed ag \u00cdosa an d\u00f3chas a bh\u00ed ag Iosrael tr\u00edd na haoiseanna a chomhl\u00edonadh. Ar ghr\u00fapa amh\u00e1in d\u00edobh sin a bh\u00ed ag feitheamh, tugadh \u201cna boicht\u201d, na boicht \u00f3 spiorad i leagan Mhatha, bocht ina gcro\u00ed istigh, agus mar sin le cro\u00ed ar leathadh do theacht r\u00edocht D\u00e9, n\u00f3 i leagan Mhatha \u201cr\u00edocht na bhflaitheas\u201d. An bhi\u00e1id f\u00fathu si\u00fa at\u00e1 ceansa, ionann \u00e9, a bheag n\u00f3 a mh\u00f3r, agus an ch\u00e9ad cheann. Ainmn\u00edonn s\u00e9 aicme soisialta seachas meon anama. An \u201ctalamh\u201d at\u00e1 le glacdh mar oidhreacht, sa chomhth\u00e9acs seo ionann \u00e9, a bheag n\u00f3 a mh\u00f3r, agus r\u00edocht na bhflaitheas. Beidh an teacht i seilbh air, cos\u00fail le r\u00edocht na bhflaitheas, anseo ar talamh agus sa ts\u00edora\u00edocht, ar neamh. Maidir le lucht an dubr\u00f3in de, sa t\u00e9acs seo, n\u00ed hiad sin at\u00e1 dubhach, gruama n\u00e1 \u00edobartaigh fhoir\u00e9igin iad ach ag teachtb le traidisi\u00fan an Bh\u00edobla iad sin at\u00e1 faoi bhr\u00f3n n\u00e1r th\u00e1inig comhl\u00f3nadh na ngealltanas go f\u00f3ill. An fh\u00edr\u00e9antacht ar a bhfuil ocras agus tart chuici ag na naoimh, n\u00ed f\u00edr\u00e9antacht anseo ar talamh at\u00e1 i gceist n\u00e1 c\u00faiteamh eascaiteola\u00edoch a gcearta ach an dea-iompar anseo ar talamh ar toil le Dia, \u201cocras agus tart ar son an chirt\u201d mar a chuireann aistri\u00fachan eile Gaeilege comhaimsire \u00e9. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed (Matha 18:33) leagfaith \u00cdosa f\u00e9in b\u00e9im ar c\u00e9 chomh t\u00e1bhachtach is at\u00e1 s\u00e9 bheith tr\u00f3caireach. N\u00ed f\u00e9idir le aoinne ar talamh Dia a fheice\u00e1il, ach is f\u00e9idir a bhraistint \u00e9 bheith i l\u00e1thair ina Mhac \u00cdosa agus sa d\u00falra. Feiceann na f\u00edr\u00e9in ar neamh a aghaidh. T\u00e1 dh\u00e1 bhi\u00e1id ann ar an ng\u00e9arlean\u00faint. Ceann ginear\u00e1lta an chead cheann d\u00edobh sin a imr\u00edotar g\u00e9arlean\u00faint orthu ar son an chirt (\u201cmar gheall ar an bhf\u00edr\u00e9antacht\u201d). Baineann an dara ceann i modh ginear\u00e1lta le deisceabail \u00cdosa (n\u00edor roghna\u00edodh an D\u00e1r\u00e9ag go f\u00f3ill). Feiceann \u00cdosa roimh r\u00e9 go nd\u00e9anfar g\u00e9arlean\u00faint, cl\u00famhilleadh agus aithis orthu. Iarrann \u00cdosa orthu \u00e1thas agus gairdeas a bheith orthu faoi seo, mar is m\u00f3r a dtuarastal ar neamh.Tugann g\u00e9arlean\u00faint an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed isteach i dtraidisi\u00fan Fhaithe an tSeantiomna.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><i>B.<\/i><b><span style=\"color: black;\">Macnamh agus An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/b><i><span style=\"color: black;\">Na Bi\u00e1ide agus \u00e1r nGairm chun na Beannaitheachta<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"margin-left: 21pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Measann <i>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed <\/i>go bhfuil na Bi\u00e1ide chomh t\u00e1bhachtach sin go dtiomna\u00edonn s\u00e9 roinn ioml\u00e1n (uimhreacha 1716-1720) d\u00f3ibh agus an bhaint at\u00e1 acu leis an teagasc Cr\u00edosta\u00ed agus leis an mbeatha Chr\u00edosta\u00ed. Scr\u00edobhtar ann: \u201cIs iad na bi\u00e1ide cro\u00edl\u00e1r do sheanm\u00f3ireacht \u00cdosa. \u00c1 bhf\u00f3gairt d\u00f3, d\u00e9anann siad athgabh\u00e1il ar na geall\u00faint\u00ed a rinneadh don phobal tofa \u00f3 Aimsir \u00c1brah\u00e1m i leith. D\u00e9anann siad comhl\u00edonadh orthu sa mh\u00e9id go dtreora\u00edonn siad iad, n\u00ed chuig seilbh tire agus tal\u00fan ach chun R\u00edocht na bhflaitheas\u201d. Tugtar t\u00e9acs na mBi\u00e1ide ansin agus ina dhiaidh leanann an cur s\u00edos ar aghaidh. \u201cDr\u00e9achtann na bi\u00e1ide \u00e9agasc (comhartha\u00ed s\u00f3irt) \u00cdosa Cr\u00edost d\u00fainn agus tugann tuairisc ar a charthanacht. Friotal at\u00e1 iontu ar ghairm na bhf\u00edr\u00e9an agus iad comhiata (p\u00e1irteach) le gl\u00f3ir a ph\u00e1ise agus a Ais\u00e9ir\u00ed. Tugann siad l\u00e9argas d\u00fainn ar na gn\u00edomhartha agus na mana\u00ed at\u00e1 ina sainair\u00edonna den bheatha chr\u00f3sta\u00ed. Geall\u00faint\u00ed paradocs\u00fala is ea iad a chuireann bun faoin d\u00f3chas in am na treabhlaide. F\u00f3gra\u00edonn siad na beannachta\u00ed agus an c\u00faiteamh at\u00e1 i nd\u00e1n do na deisceabail m\u00e1s go doil\u00e9ir f\u00e9in \u00e9. D\u00e9antar an ch\u00e9ad l\u00e9iri\u00fa orthu i saol na Maighdine Beannaithe agus na naomh go l\u00e9ir.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 21pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 T\u00e9ann an <i>Caitiosiosma<\/i> ar aghaidh le labhairt ar mhian an n\u00e1d\u00fair ionainn chun an tsonais agus faoi mar a fhreagra\u00edonn na bi\u00e1ide don d\u00fail sin. Is \u00f3 Dhia \u00ed. Is amhlaidh at\u00e1 glaoite ag Dia orainn chun na beannaitheachta at\u00e1 aige f\u00e9in. T\u00e1 s\u00e9 suite sa chro\u00ed daonna le daoine a tharraingt chuig an tAon T\u00e9 amh\u00e1in ar f\u00e9idir leis an mhian sin a sh\u00e1samh. Mar a mheabhra\u00edonn an <i>Citiciosma, <\/i>\u00fas\u00e1ideann an Tiomna Nua an iliomad leagan cainte chun cur s\u00edos ar an bheannachtacht a nglaonn Dia an duine chuici: teacht R\u00edocht D\u00e9, fis D\u00e9: \u201cIs meaner d\u00f3ibh seo at\u00e1 glan \u00f3 chro\u00ed, \u00f3ir feicfidh siad Dia\u201d; dul isteach in aoibhneas an Tiarna, agus a thuilleadh f\u00f3s.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>29 Ean\u00e1ir 2022 (A) An Ceathr\u00fa Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-2018","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2018","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=2018"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2018\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2032,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2018\/revisions\/2032"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=2018"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=2018"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=2018"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}